Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Forléargas ar fhreagairt an Choimisiúin

Eolas

Tá an Coimisiún Eorpach i mbun oibre i ngach réimse chun srian a choinneáil ar leathadh an choróinvíris, tacaíocht a thabhairt do na córais sláinte náisiúnta, agus cur i gcoinne thionchair shocheacnamaíocha na paindéime. Is trí bhearta nach bhfacthas riamh cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais atá an obair sin á déanamh aige.

Foireann an Choimisiúin Eorpaigh um an bhfreagairt ar an gcoróinvíreas

Seo roinnt samplaí den chaoi ar chuidigh an Coimisiún chun dul i ngleic leis an ngéarchéim:

Graphic of the commission's response

Amlíne ghníomhaíocht an Aontais

Vacsaíní sábháilte éifeachtacha a chinntiú don Eoraip agus don domhan

  • Manufacturing icon

    cuidiú le gnólachtaí borradh a chur faoi scála agus luas a n-inniúlachtaí monaraíochta

  • Contract icon

    deimhin a dhéanamh de dhóthain soláthairtí a fháil do na Ballstáit trí Chomhaontuithe Réamhcheannaigh a dhéanamh le táirgeoirí vacsaíní

  • Medical suitcase icon

    úsáid a bhaint as solúbthacht ár rialacha chun dlús a chur le forbairt, le húdarú agus le hinfhaighteacht vacsaíní

Dáileoga vacsaíní a chinntiú agus tacú le vacsaíniú i mBallstáit an Aontais

Tá punann éagsúlaithe vacsaíní curtha le chéile ag an gCoimisiún le haghaidh saoránaigh an Aontais ar phraghsanna réasúnta. Tá conarthaí curtha i gcrích le 8 bhforbróir vacsaíne a bhfuil gealladh fúthu, conarthaí lenar daingníodh punann suas le 4.2 billiún dáileog:

Ó mhí na Nollag 2020 cheadaigh an Coimisiún sé údarú margaíochta choinníollacha do vacsaíní COVID-19: do BioNTech and Pfizer (an 21 Nollaig 2020), Moderna (an 6 Eanáir 2021), Astra Zeneca (an 29 Eanáir 2021), Johnson & Johnson (an 11 Márta 2021), Novavax (an 24 Meitheamh 2022) agus Valneva (an 24 Meitheamh 2022). 

Tá méadú seasta ag teacht ar sheachadadh dháileoga na vacsaíní chuig na Ballstáit ó bhí Nollaig 2020 ann. Cuireadh dlús faoin vacsaíniú ar fud an Aontais agus faoi lár 2022, bhí 86% de dhaoine fásta uile na hEorpa vacsaínithe go hiomlán. 

De réir mar a tháinig athraithigh nua den choróinvíreas chun cinn, chuir an Coimisiún cistí ar fáil le haghaidh taighde práinneach agus lean sé leis na comhaontuithe réamhcheannaigh a thabhairt i gcrích le haghaidh teanndáileog agus oiriúnú na vacsaíní d’athraithigh nua.

Sheol an Coimisiún soláthar comhpháirteach nua freisin maidir le trealamh leighis le haghaidh vacsaíniú. Ina theannta sin, mhol an Coimisiún nár cheart gur gá d’ospidéil ná do chleachtóirí leighis CBL a íoc ar vacsaíní agus ar fhearais tástála.

Tuar a dhéanamh faoi na bagairtí a bhaineann le hathraithigh nua

Tá an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandálaí Sláinte (HERA) seolta ag an gCoimisiún, ar údarás é a bhfuil sé d’aidhm aige éigeandálaí sláinte a chosc, a bhrath, agus freagairt go pras orthu. 
 
Is acmhainn chomhroinnte é HERA agus feidhmíonn sé mar lárionad rialaithe misean do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais chun an tAontas a ullmhú ar bhealach níos fearr le haghaidh bagairtí sláinte trasteorann. 

  • A doctor inspects a vaccine dose

    Ar thaobh amháin, déanfaidh HERA bagairtí agus géarchéimeanna sláinte féideartha a thuar, trí fhaisnéis a bhailiú agus na cumais freagartha riachtanacha a fhorbairt. Ar an taobh eile, nuair a tharlaíonn éigeandáil, cinnteoidh HERA go bhforbrófar, go dtáirgfear agus go ndáilfear cógais leighis, vacsaíní agus frithbhearta leighis eile – lámhainní agus maisc, cuir i gcás – a bhí go minic in easnamh le linn an chéad chéim den fhreagairt ar an gcoróinvíreas.

Dá bhrí sin, is príomhcholún d’Aontas Sláinte na hEorpa é HERA agus cuimsíonn sé misean nua ullmhachta agus athléimneachta sláinte don Aontas ar fad, mar a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais 2021. Líonfaidh sé bearna atá ann idir freagairt agus ullmhacht an Aontais i dtaca le héigeandálaí sláinte.

Maidir leis an misean nua ullmhachta agus athléimneachta sláinte don Aontas ar fad, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen gur cheart do Team Europe €50 billiún a chur ar fáil.

Borradh a chur faoi mhonaraíocht

An 4 Feabhra 2021 chuir an Coimisiún Eorpach Tascfhórsa ar bun chun tacú le dlús a chur le hacmhainneacht táirgeachta na vacsaíní in aghaidh COVID-19 san Aontas – é ag feidhmiú mar ionad ilfhreastail le haghaidh monaróirí a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu – agus baic i slabhraí táirgeachta agus i slabhraí soláthair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu.

I measc na nithe is tábhachtaí atá bainte amach ag an Tascfhórsa, rinne sé scrogaill táirgthe vacsaíní san Aontas a shainaithint agus chuidigh sé chun iad a bhaint, rinne sé mapáil ar acmhainneachtaí táirgthe vacsaíní an Aontais ar fud an tslabhra soláthair, agus d’éascaigh sé comhpháirtíochtaí trí imeachtaí meaitseála a eagrú le haghaidh táirgeadh vacsaíní agus teiripí. Tá sé d’aidhm aige freisin acmhainneacht mhonaraíochta atá fadtéarmach leordhóthanach a chinntiú san Eoraip agus tacú le hiarrachtaí domhanda maidir le rochtain ar vacsaíní agus comhroinnt vacsaíní.

Taighde a mhaoiniú

Ó bhí mí Eanáir 2020 ann tá breis agus €660 milliún slógtha ag an gCoimisiún faoi Fís 2020 le vacsaíní, córacha leighis nua, tástálacha diagnóiseacha agus córais leighis a fhorbairt chun leathadh an choróinvíris a chosc agus chun beatha daoine a shábháil.

Tá tacaíocht airgeadais curtha ar fáil ag an gCoimisiún do CureVac, forbróir vacsaíní Eorpach atá an-nuálach, trí thacú le hiasacht €75 mhilliún ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

Ina theannta sin shínigh an Banc Eorpach Infheistíochta comhaontú maoiniúcháin dar luach €100 milliún leis an gcuideachta imdhíon-teiripe BioNTech SE chun clár vacsaíne a fhorbairt. Tá Fís 2020 agus an Plean Infheistíochta don Eoraip araon mar thaca ag an maoiniú sin de chuid BEI.

Freagairt dhomhanda a chinntiú

Éilíonn paindéim dhomhanda réiteach domhanda. Is é sin an fáth a bhfuil an Coimisiún tiomanta rochtain ar vacsaíní in aghaidh COVID-19 a chinntiú do chách, tíortha ísealioncaim agus meánioncaim ina measc.

Le maratón gealltanas na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas in 2020, tiomsaíodh airgead chun rochtain uilíoch a chur ar fáil ar chóireálacha, ar thástálacha agus ar vacsaíní le haghaidh an choróinvíris. Cuireadh tús leis i mí na Bealtaine agus cuireadh críoch leis le Comhdháil Gealltanas Dhomhanda agus le ceolchoirm i mí an Mheithimh 2020.

Tá gealltanais €16 bhilliún tugtha ag deontóirí ó gach cearn den domhan

Mar chuid den mhéid sin tá gealltanas €1.4 billiún ón gCoimisiún

Tacaíonn an Coimisiún Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta go láidir le COVAX, saoráid an domhain le haghaidh rochtain chothrom uilíoch ar vacsaíní in aghaidh COVID-19.
    
I dteannta na mBallstát, go dtí seo tá breis agus €3 bhilliún geallta ag Team Europe do COVAX, rud a fhágann go bhfuil an tAontas Eorpach ar cheann de na deontóirí is mó atá ag COVAX.

Bearta eacnamaíocha

pacáiste téarnaimh €2.018 trilliún (i bpraghsanna reatha) aontaithe ag ceannairí an Aontais, pacáiste ina bhfuil buiséad an Aontais do 2021-27 agus NextGenerationEU. Faoin gcomhaontú beidh an Coimisiún in ann suas le tuairim agus €800 billiún (i bpraghsanna reatha) a fháil ar iasacht ar na margaí.

An 15 Meitheamh 2021 sa chéad idirbheart de chuid NextGenerationEU, thiomsaigh an Coimisiún €20 billiún trí bhanna 10 mbliana atá le híoc an 4 Iúil 2031 chun maoiniú a chur ar fáil do théarnamh na hEorpa ó ghéarchéim an choróinvíris agus óna hiarmhairtí. Agus idirbhearta eile san áireamh a rinneadh i mí an Mheithimh agus mí Iúil, tá €45 bhilliún tiomsaithe ag an gCoimisiún go dtí seo faoi NextGenerationEU. Úsáidfear na cistí anois le haghaidh na chéad íocaíochtaí faoi NextGenerationEU, faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoi chláir bhuiséid éagsúla de chuid an Aontais. Rinneadh an chéad eisíocaíocht faoi NextGenerationEU ag deireadh mhí an Mheithimh, faoin gclár REACT-EU. 

Faoi dheireadh mhí Lúnasa, bhí measúnú déanta agus faomhadh tugtha ag an gCoimisiún maidir le 19 gcinn de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a tíolacadh. Tá na chéad eisíocaíochtaí, dar luach níos mó ná €49 mbilliún, seolta cheana féin chuig an mBeilg, an Chipir, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg agus an Phortaingéil, amhail an 21 Meán Fómhair.

Le linn 2020 ghlac an Coimisiún bearta tacaíochta éagsúla, cuir i gcás:

  • paper with a list

    bearta eacnamaíocha a dhéanann comhlánaú ar an gClár Ceannaigh le haghaidh Éigeandáil na Paindéime, ar clár €1,850 billiún de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh é, sa bhreis ar an gclár €120 billiún a cinneadh cheana

  • icon aid rules

    rialacha státchabhrach sealadacha ionas gur féidir le rialtais leachtacht a chur ar fáil don gheilleagar chun tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh agus chun poist a shábháil san Aontas

  • hand and building

    an ‘clásal éalaithe’ a chur i ngníomh, clásal lena gcuirtear an oiread solúbthachta agus is féidir ar fáil i ndáil le rialacha buiséadacha. Leis sin, cuideofar leis na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do na córais cúraim sláinte agus do ghnólachtaí, chomh maith le poist a dhaingniú le linn na géarchéime

  • Folder with papers

    scagadh a dhéanamh ar an infheistíocht dhíreach choigríche. D’eisigh an Coimisiún treoirlínte chun cuidiú leis na Ballstáit sócmhainní agus teicneolaíochtaí ríthábhachtacha na hEorpa a chosaint le linn na géarchéime reatha

  • A clipboard with a checklist on it
    Treoir eacnamaíoch a thabhairt do na Ballstáit

    Sa Phacáiste Earraigh de chuid an tSeimeastair Eorpaigh, tugadh treoir do na Ballstáit uile maidir le beartas eacnamaíoch i gcomhthéacs na paindéime. Díríonn na moltaí ar mhaolú a dhéanamh ar thionchar na géarchéime sa ghearrthéarma agus ar chur leis an bhfás san fhadtéarma, i gcomhréir lenár spriocanna glasa agus digiteacha.

  • Social Europe - The European Pillar of Social Rights
    Buiséad an Aontais agus an Banc Eorpach Infheistíochta a shlógadh chun poist a shábháil agus chun tacú le comhlachtaí atá thíos leis an ngéarchéim

    Cuireadh Tacaíocht Shealadach chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú (SURE) an Choimisiúin ar bun chun cabhrú le daoine a bpoist a choinneáil le linn na géarchéime. Is mar bhannaí sóisialta a chuirtear tacaíocht SURE ar fáil, chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh tionchar sóisialta soiléir ag gach euro a chaithfear. Tá tacaíocht dar luach os cionn €94 bhilliún faighte ag 19 dtír faoin ionstraim sin.

    Chomh maith leis sin, chuir an Coimisiún treoirlínte i láthair chun cosaint oibrithe séasúracha san Aontas a chinntiú le linn na paindéime. Tugann siad treoir d’údaráis náisiúnta, do chigireachtaí saothair agus do chomhpháirtithe sóisialta chun cearta, sláinte agus sábháilteacht oibrithe séasúracha a ráthú, agus chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil oibrithe séasúracha ar an eolas faoina gcearta.

  • Office space
    Tacaíocht airgeadais bhreise le haghaidh gnólachtaí beaga agus meánmhéide atá buailte go dona
    • Tá €20 billiún breise á infheistiú ag Grúpa BEI i ngnólachtaí beaga agus meánmhéide.
    • Tá €8 mbilliún á slógadh ag an gCoimisiún i gcomhar le Grúpa BEI, chun cabhrú le 100,000 cuideachta ar a laghad.
  • Coronavirus - Delivery of medical equipment from RescEU Reserve in Italy
    An Tionscnamh Infheistíochta um an bhFreagairt ar an gCoróinvíreas

    Chuir an Coimisiún tionscnamh infheistíochta i láthair chun leachtacht láithreach a chur ar fáil do na Ballstáit. Cuimsíonn sé cistí beartais chomhtháthaithe nár caitheadh agus clúdaítear na nithe seo a leanas ann freisin:

    • modhanna nua chun cuidiú leis na daoine is leochailí faoin gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, ar nós seachadtaí baile agus dearbháin leictreonacha a úsáid chun an baol a laghdú i dtaca le leathadh an víris
    • tacaíocht d’iascairí agus d’fheirmeoirí
  • Support to agriculture
    Chun tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí agus d’earnáil na talmhaíochta, tá an Coimisiún tar éis an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • bearta eisceachtúla a sheoladh chun tacaíocht a thabhairt do na margaí talmhaíochta agus chun iad a chobhsú
    • pacáiste breise de bhearta eisceachtúla a ghlacadh chun tacú le hearnáil an fhíona. An 4 Bealtaine 2020 ghlac an Coimisiún pacáiste eile beart chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na hearnálacha talmhaíochta agus bia is mó atá buailte ag géarchéim an choróinvíris.

Sláinte phoiblí

Céim i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa

An 11 Samhain 2020 chuir an Coimisiún na chéad bhunchlocha faoi Aontas Sláinte na hEorpa, a bheidh bunaithe ar dhá cholún:

  • Creat um shlándáil sláinte níos láidre, a mbeidh na rudaí seo a leanas mar chuid de:
    • Pleananna ullmhachta agus freagartha a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Dhéanfadh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais tástáil struis agus iniúchadh ar na pleananna sin ar bhonn rialta.

    • Córas éigeandála an Aontais. Spreagfadh an córas comhar níos fearr agus gníomhaíochtaí tapúla chun forbairt a dhéanamh ar an trealamh a bhfuil gá leis chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim, agus chun an trealamh sin a charnadh agus a fháil.

  • Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá níos láidre:
    • Déanfaidh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú monatóireacht ar an staid eipidéimeolaíoch bunaithe ar shonraí coiteanna.

    • Clúdóidh sainordú na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí sábháilteacht cógas agus feistí leighis, an baol maidir le ganntanais agus trialacha cliniciúla ar chógais.

    • Cuirfear Údarás nua um an bhFreagairt ar an Éigeandáil Sláinte (HERA) ar bun.

Treoir leighis le haghaidh na mBallstát 

Cuireann painéal an Choimisiún, ar a bhfuil seachtar saineolaithe neamhspleácha ó réimsí na heipidéimeolaíochta agus na víreolaíochta, treoirlínte ar fáil atá bunaithe ar an eolaíocht agus cuireann siad comhairle ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

  • bearta freagartha le haghaidh na mBallstát go léir
  • bearnaí sa bhainistíocht chliniciúil
  • tús áite a thabhairt don chúram sláinte, don chosaint shibhialta agus d’acmhainní eile
  • bearta beartais maidir le hiarmhairtí fadtéarmacha an choróinvíris

Ar bhonn comhairle eolaíoch ón bpainéal sin, chomh maith le comhairle ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), rinne an Coimisiún na bearta seo a leanas

  1. 19 Márta 2020

    Moltaí maidir le bearta poiblí, scaradh sóisialta mar shampla

  2. 8 Aibreán 2020

    D’eisigh an Coimisiún treoirlínte chun soláthar agus infhaighteacht cógas a fheabhsú, sin agus treoir in aghaidh trustaí maidir le comhar teoranta a cheadú i measc gnólachtaí, go háirithe i gcás cógais ríthábhachtacha ospidéil. Bhunaigh sé ‘Teach Imréitigh le haghaidh trealamh leighis’ freisin a chuidíonn chun soláthairtí atá ar fáil a aimsiú, fearais tástála ina measc, agus a chuireann dlús lena gcur ar fáil chun freastal ar na héilimh náisiúnta.

  3. 15 Aibreán 2020

    Treoirlínte maidir le modheolaíochtaí tástála chun tacú leis na Ballstáit úsáid éifeachtúil a bhaint as na fearais tástála, go háirithe nuair a chuirfear deireadh leis na bearta gaibhniúcháin.

  4. 16 Aibreán 2020

    Treoir maidir leis an dóigh chun aipeanna móibíleacha rianaithe a fhorbairt, aipeanna lena n-urramófaí go hiomlán rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí, i gcomhthéacs deireadh a chur leis na bearta imshrianta de réir a chéile.

  5. 16 Meitheamh 2020

    Tháinig na Ballstáit, le tacaíocht an Choimisiúin, ar chomhaontú maidir le treoirlínte teicniúla chun a chinntiú go ndéanfar faisnéis a mhalartú go sábháilte idir aipeanna rianaithe teagmhálaithe agus idir-inoibritheacht.

  6. 3 Iúil 2020

    Dheonaigh an Coimisiún údarú margaíochta coinníollach le haghaidh an chógais Remdesivir, rud a d’fhág gurb é an chéad chógas é a údaraíodh ar leibhéal an Aontais mar chóir leighis i gcoinne an choróinvíris.

  7. 29 Iúil 2020

    Shínigh an Coimisiún conradh €63 mhilliún leis an gcuideachta chógaisíochta Gilead chun dáileoga cóireála Veklury, ainm branda Remdesivir, a fháil. Cuireadh baisceanna de Veklury ar fáil do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe, le comhordú agus tacaíocht ón gCoimisiún.

  8. 19 Deireadh Fómhair 2020

    Seoladh Seirbhís Tairsí Eorpach chun aipeanna rianaithe teagmhála a nascadh le chéile. Faoi lár mhí na Nollag, ba cheart go mbeadh 13 aip nasctha leis an tseirbhís.

  9. 2 Nollaig 2020

    Straitéis chun sábháilteacht daoine a chinntiú i dtaca le COVID-19 le linn an gheimhridh, lena moltar airdeall agus aire leanúnach in 2021 nuair a chuirfear tús le vacsaíní sábháilte éifeachtúla a sholáthar.

Leithdháil an Coimisiún €3 bhilliún ó bhuiséad an Aontais, agus fuarthas €3 bhilliún eile ó na Ballstáit, chun an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála agus stoc-charn coiteann trealaimh RescEU a mhaoiniú.

Trealamh cosanta pearsanta (TCP)

Chun cuidiú le trealamh cosanta pearsanta (TCP) a tháirgeadh agus a chur ar fáil, tá an méid seo a leanas ar bun ag an gCoimisiún:

  • obair go dlúth leis na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar an stoc TCP atá ar fáil san Aontas, an acmhainneacht táirgeachta agus na riachtanais ionchasacha
  • measúnú comhréireachta agus faireachas margaidh a chinntiú chun an stoc TCP a mhéadú gan na caighdeáin sláinte agus sábháilteachta a chur i mbaol
  • cainteanna leis an earnáil tionsclaíochta maidir le conas línte táirgeachta a thiontú chun tuilleadh TCP a chur ar fáil agus treoir a chur ar fáil do mhonaróirí chun táirgeadh TCP, díghalráin agus dífhabhtáin lámh a mhéadú

Tástálacha

  • COVID-19 testing centre of the Belgian Red Cross in Etterbeek

    D’eisigh an Coimisiún moladh chuig na Ballstáit maidir le straitéisí tástála, úsáid tástálacha meara antaiginí san áireamh.

    Rinneadh €100 milliún ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála a infheistiú chun na tástálacha sin a cheannach agus a sheachadadh sna Ballstáit. Ag an am céanna, tá soláthar comhpháirteach seolta ag an gCoimisiún chun cabhrú leis na Ballstáit tuilleadh tástálacha a fháil.

    Sa bhreis air sin, tá €35.5 milliún tugtha ag an gCoimisiún ón Ionstraim Tacaíochta Éigeandála do Chónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge chun inniúlacht tástála COVID-19 a mhéadú san Aontas, oiliúint a chur ar oibrithe deonacha agus na daoine is leochailí a chosaint.

Teorainneacha agus soghluaisteacht

Le linn na paindéime, d’eisigh an Coimisiún moltaí chun a chinntiú go ngníomhaíonn na Ballstáit ar bhealach comhordaithe chun srian a choinneáil ar leathadh an víris, chun saorghluaiseacht daoine agus earraí a choinneáil ar bun agus chun ár ngeilleagair a choinneáil ag obair.

Mhol an Coimisiún Deimhnithe Digiteacha chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú laistigh den Aontas le linn na paindéime.

Tháinig an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais i bhfeidhm an 1 Iúil 2021. Tá saoránaigh agus cónaitheoirí an Aontais anois in ann a nDeimhnithe Digiteacha COVID a fháil eisithe agus fíoraithe ar fud an Aontais. Tá na deimhnithe digiteacha nó na deimhnithe ar pháipéar saor in aisce, agus is féidir iad a úsáid mar chruthúnas vacsaínithe, tástála nó téarnaimh.

Le linn 2020, d’eisigh an Coimisiún:

  • treoirlínte maidir le bearta bainistithe teorann chun an tsláinte a chosaint agus chun a chinntiú go bhfuil earraí agus seirbhísí riachtanacha ar fáil
  • treoir chun saorghluaiseacht oibrithe a chinntiú, go háirithe sna hearnálacha cúraim sláinte agus bia
  • treoir maidir le socruithe sláinte, aisdúichithe agus taistil le haghaidh paisinéirí long cúrsála agus foirne soithí lastais
  • Tograí chun deimhin a dhéanamh de go ndéanfar comhordú ar leibhéal an Aontais ar aon bhearta a dhéanann na Ballstáit lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht i ngeall ar an bpaindéim, agus go gcuirfear in iúl go soiléir iad ar leibhéal an Aontais, trí úsáid a bhaint as tacar amháin dathanna a léiríonn na rioscaí agus sraith amháin rialacha is gá a leanúint. Ina theannta sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit i dtaca le cur chuige coiteann i leith cleachtais choraintín
  • treoir maidir leis na taistealaithe is ceart a dhíolmhú ó na srianta taistil sealadacha
  • tá prótacal tástála le haghaidh na heitlíochta agus Foirm Aimsithe Paisinéirí de chuid an Aontais ar na bacáin, chun taisteal sábháilte a éascú
  • reopen eu visual

    Le Re-open EU, cuirtear eolas ríthábhachtach ar fáil maidir leis an tsaorghluaiseacht agus an turasóireacht a chur ar obair go sábháilte arís ar fud na hEorpa. Seoladh aip Re-open EU i mí na Nollag 2020. Is féidir leat teacht ar eolas fíor-ama i dtaca leis na nithe seo a leanas:

    • teorainneacha
    • na modhanna iompair atá ar fáil
    • srianta taistil
    • bearta sláinte agus sábháilteachta poiblí
    • léarscáil ag a bhfuil cód dathanna soiléir

An bhréagaisnéis a chomhrac

Tá an Coimisiún i ndlúth-theagmháil le hardáin na meán sóisialta maidir le bearta chun ábhar údarásach a chur chun cinn agus chun feasacht úsáideoirí a fheabhsú chomh maith le srian a chur le bréagaisnéis faoin gcoróinvíreas agus an fhógraíocht a bhaineann leis.

Go dtí seo, tá níos mó ná 700 scéal bréagaisnéise faoin gcoróinvíreas nochta, foilsithe agus nuashonraithe ar www.EUvsDisinfo.eu. Tá leathanach gréasáin ag an gCoimisiún maidir le bréagaisnéis a bhaineann leis an gcoróinvíreas a chomhrac agus cuirtear ábhair ar fáil air freisin chun bréaga a nochtadh agus chun fíricí a sheiceáil.

Tá an Coimisiún ag baint leas as na huirlisí go léir atá ar fáil aige agus tá taighde á mhaoiniú aige chun cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne mífhaisnéis agus bréagaisnéis a bhaineann leis an gcoróinvíreas.

Tá an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ag obair i ndlúthchomhar le hinstitiúidí eile an Aontais agus leis na Ballstáit, lena n-áirítear trína gCóras Mear-Rabhaidh a bunaíodh i mí an Mhárta 2019, agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta in G7 agus ECAT.

  • A woman wearing a mask uses her phone

    An 10 Meitheamh 2020 chuir an Coimisiún i láthair sraith gníomhaíochtaí chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise a bhaineann le paindéim an choróinvíris, cuir i gcás an chumarsáid straitéiseach agus an taidhleoireacht phoiblí a neartú i ngarchomharsanacht an Aontais agus timpeall an domhain, sin agus cur leis an tacaíocht a thugann sé do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí neamhspleácha.

Tá na gníomhaíochtaí sin ag cur le hobair bhreise an Aontais ar an mbréagaisnéis agus mhol an Coimisiún dhá théacs nua i mí na Nollag 2020. An chéad cheann de na téacsanna sin, is Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach é lena dtreisítear obair an Aontais chun an mbréagaisnéis a chomhrac agus chun dul in oiriúint do bhagairtí agus do chúblálacha atá ag teacht chun cinn, mar aon le tacú leis na meáin shaora agus neamhspleácha. Is é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an dara ceann, lena leagtar amach rialacha chun deimhin a dhéanamh de chuntasacht níos fearr maidir leis an gcaoi a ndéanann ardáin modhnóireacht ar ábhar, maidir le fógraíocht agus maidir le próisis algartamacha.

An clár monatóireachta míosúil a bunaíodh i gcomhpháirt le sínitheoirí ár gCóid Cleachtais i gcoinne na bréagaisnéise ar líne, cuireann sé eolas ar fáil anois freisin maidir le gníomhaíochtaí in aghaidh mífhaisnéis agus bréagaisnéis a bhaineann le vacsaíní. I mí an Mhárta 2021, mhol an Coimisiún an Cód a atreisiú i roinnt réimsí chun é a dhéanamh láidir, cobhsaí agus solúbtha.

Doiciméid

  • 15 MEITHEAMH 2021
The EU response to the coronavirus crisis

  • 28 DEIREADH FÓMHAIR 2020
Factsheet - EU Coronavirus Response

  • 19 MEITHEAMH 2020
Factsheet - EU medical and health support