Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tionscadail a fuair maoiniú i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na bréagaisnéise

Tionscadail atá ann cheana

Slógadh líon suntasach acmhainní faoi Fís 2020, an clár reatha taighde agus nuálaíochta, chun aghaidh a thabhairt ar fhírinneacht an eolais ar na meáin shóisialta agus sna meáin. An Fhaireachlann Shóisialta um Anailís ar Bhréagaisnéis agus na Meáin Shóisialta (SOMA) agus tionscadail eile atá maoinithe ag an Aontas (PROVENANCE, SocialTruth, EUNOMIA, WeVerify), tugann siad deis do dhaoine in earnáil na meán sóisialta stiúradh a dhéanamh ar an gcomhrá faoin tuiscint atá ag an bpobal ar dhinimic na hearnála, sin agus stiúradh a dhéanamh ar an caidreamh idir na meáin shóisialta agus earnálacha eile.

Líon mór acmhainní agus anailísí faoi ‘phaindéim faisnéise’ an choróinvíris agus faoin eolas a bhaineann leis an mbréagaisnéis, tá sin bailithe le chéile ag an bhfaireachlann cheana féin. Tá cineálacha éagsúla tionscadal i gceist leis na réitigh atá á moladh, cuir i gcás: ardán chun inneachar a fhíorú; uirlisí seiceála fíricí; modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar thionchar socheacnamaíoch na bréagaisnéise; straitéisí agus gníomhaíochtaí chun litearthacht sna meáin a mhéadú, anailís a dhéanamh ar bhaic dhlí agus ar ghnéithe féinrialála pobalbhunaithe; stór eolais a bhaineann leis an mbréagaisnéis.

An tionscadal HERoS, mar shampla, feabhsaíonn sé éifeachtúlacht na freagartha ar ráig an víris. Is é is aidhm dó cabhrú le freagróirí ar éigeandálaí sláinte poiblí cinntí eolasacha a dhéanamh. Chuige sin, tá modh nua á fhorbairt ag an tionscadal chun eolas ó na meáin shóisialta a chatagóiriú agus a scagadh ionas gur fearr is féidir cur in aghaidh ráflaí agus mífhaisnéis faoin gcoróinvíreas.

Cuid de na tionscadail eile atá ar siúl faoi Fís 2020 (Dúshlán Sochaíoch 6 agus ‘An eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí’), tá a gcuid gníomhaíochtaí socraithe acu chun an coróinvíreas a chur faoina raon feidhme. Cuir i gcás an tionscadal Co-Inform, atá ag obair chun uirlisí a fhorbairt a chothóidh an smaointeoireacht chriticiúil agus an litearthacht dhigiteach ar mhaithe le sochaí níos eolasaí, tá ábhar maidir le Mífhaisnéis agus COVID-19 foilsithe aige cheana féin. Mar is dual do thionscadal a phléann le cáilíocht agus éifeachtacht san eolaíocht agus sa teicneolaíocht chumarsáide, tá QUEST ag díriú ar ghnéithe éagsúla den chumarsáid eolaíochta ardcháilíochta a bhaineann le géarchéim an choróinvíris. Díríonn obair an tionscadail TRESCA ar an iontaoibh san eolaíocht agus sa nuálaíocht a chothú trí chleachtais nuálacha chumarsáide a fhorbairt idir taighdeoirí eolaíochta, iriseoirí agus lucht déanta beartas, agus tá anailís déanta aige ar chleachtais bhunúsacha sa tsláintíocht dhigiteach chun an mhífhaisnéis a stopadh.

Is é is aidhm don tionscadal FANDANGO, atá maoinithe ag Fís 2020, comhiomlánú agus fíorú a dhéanamh ar thíopeolaíochtaí éagsúla sonraí nuachta, foinsí meán, meán sóisialta agus sonraí oscailte, chun bréagnuacht a bhrath agus chun cumarsáid níos éifeachtúla agus níos fíoraithe a chur ar fáil do shaoránaigh uile na hEorpa. Dá réir sin, tá sé mar aidhm ag an tionscadal FANDANGO deireadh a chur le bacainní idir-inoibritheachta sonraí trí theicnící aontaithe agus ardán comhtháite mórshonraí a chur ar fáil chun tacú le tionscail thraidisiúnta na meán aghaidh ar an ngeilleagar nua nuachta ‘sonraí’ le níos mó trédhearcachta faoin bprionsabal ‘Freagracht, Taighde agus Nuálaíocht’.

Tacaíonn an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) le himscrúduithe teoiriciúla, ar nós an imscrúdaithe a d’fhorbair Phil Howard, stiúrthóir an Oxford Internet Institute agus duine a fuair Deontas Comhdhlúthúcháin de chuid ERC le haghaidh an tionscadail COMPROP i dtaca le ‘Bolscaireacht Ríomhaireachtúil: Imscrúdú a dhéanamh ar Thionchar Algartam agus Botaí ar an Dioscúrsa Polaitiúil san Eoraip”. Baineann an tionscadal sin leas as na modhanna is fearr atá ar fáil san eolaíocht shóisialta agus ríomhaireachta chun teacht ar réitigh fhéideartha. Tá taighde Phil Howard foilsithe cheana féin ar shuíomh gréasáin ERC agus sa tsraith ERCTalks. Tá seisiúin eolais sheachtainiúla maidir leis an mífhaisnéis faoin gcoróinvíreas á reáchtáil aige féin agus ag a fhoireann agus cuireadh agallamh air le déanaí faoin mbréagaisnéis le linn phaindéim an choróinvíris. An obair a d’fhorbair Jason Reifler, ollamh in Ollscoil Exeter a fuair Deontas Comhdhlúthúcháin le haghaidh DEBUNKER, tionscadal i dtaca le ‘Míthuiscintí sa Pholaitíocht, sa tSláinte agus san Eolaíocht: Cúiseanna, Iarmhairtí agus an Cuardach ar Réitigh”, cuireadh an obair sin i láthair san alt seo le déanaí

Tugann an tionscadal FARE aghaidh ar scaipeadh na bréagnuachta trí chreat teoiriciúil a sholáthar chun tuartha a dhéanamh is féidir a thástáil. Forbrófar taighde ildisciplíneach leis an tionscadal a chuirfidh leis an tuiscint atá againn ar an bpróiseas cinnteoireachta agus ar na botúin atá déanta againn i dtaca leis an mbréagnuacht, trí úsáid a bhaint as teicnící turgnamhacha agus ríomhaireachta (mórshonraí agus córais chastachta).

Tacaíonn an Chomhairle Eorpach um Thaighde le tionscadail a bhaineann le cruthúnas an choincheapa freisin, cuir i gcás GoodNews a chuireann teicneolaíochtaí domhainfhoghlama i bhfeidhm chun an bhréagnuacht a bhrath. Féachann sé le cumas teicneolaíoch a fhorbairt chun an bhréagnuacht sna meáin shóisialta a bhrath trí leas a bhaint as paraidím algartamach nua. In ionad an cur chuige traidisiúnta a leanúint maidir le hanailís a dhéanamh ar ábhar na nuachta, déanfaidh sé anailís ar na patrúin scaipthe nuachta sna líonraí sóisialta. Cineál nua algartam geoiméadrach domhainfhoghlama a forbraíodh leis an tionscadal LEMAN (Learning on Manifolds and Graphs), is air sin atá cór algartamach an tionscadail bunaithe.

Tá stiúradh déanta ag an gComhairle Nuálaíochta Eorpach ar an Haiceatón #EUvsVirus, a eagraíodh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, chun an tsochaí shibhialta, nuálaithe, comhpháirtithe agus infheisteoirí ar fud na hEorpa a thabhairt le chéile d’fhonn réitigh nuálacha a fhorbairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcoróinvíreas. Réitigh a bhaineann leis na dúshláin maidir le ‘Scaipeadh na bréagnuachta a mhaolú’, iarradh orthu páirt a ghlacadh sa ‘Matchathon’ a d’eagraigh an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach an 22-25 Bealtaine ionas go mbeadh siad in ann maoiniú a shlógadh. Roimhe sin, trí ghníomhaíochtaí ar nós Truthcheck agus Newtral, thacaigh an Chomhairle Eorpach um Thaighde le cuideachtaí córais braite bréagnuachta leath-uathoibríocha a fhorbairt.

Sa dara glao ar léiriú spéise a seoladh mar fhreagairt ar phaindéim an choróinvíris faoi Fís 2020, bhain sé le ‘Tionchair iompraíochta, shóisialta agus eacnamaíocha na freagartha ar an ráig’. I measc na 5 thionscadal a roghnaíodh, tugann COVINFORM aghaidh ar an mbréagaisnéis/mífhaisnéis a bhaineann le COVID-19. Déanfaidh an tionscadal bearta a shainaithint agus a mheas chun an mhífhaisnéis, an bhréagaisnéis, an fhaisnéis mhailíseach, an bhréagnuacht agus teoiricí comhcheilge a chosc, sin agus moltaí a cheapadh chun dul i ngleic leo. Déanfaidh sé anailís freisin ar thionchar na mífhaisnéise agus na cumarsáide digití ar mheabhairshláinte agus ar fholláine grúpaí éagsúla, agus cuideoidh sé chun an tionchar sin a thuiscint.

Faoi ghlaonna deireanacha Fís 2020, thosaigh 3 thionscadal maidir le claochlú thírdhreach na meán Eorpach a gcuid gníomhaíochtaí ag tús 2021. Faoi raon feidhme an dúshláin a bhí molta, a sainíodh sular thit paindéim an choróinvíris amach, b’éigean do na tionscadail scrúdú a dhéanamh ar ról na meán, lena n-áirítear na meáin shóisialta, teanga, giniúint nuachta agus feiniméin nua ar nós na bréagnuachta. Dá bhrí sin, cé nach mbaineann siad go díreach leis an bpaindéim, cuideoidh na tionscadail leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise, trí anailís a dhéanamh ar ról ríthábhachtach soch-chultúrtha agus polaitiúil na meán agus ar an tionchar atá aige ar fhorbairt spáis pholaitiúil agus chultúrtha san Eoraip.

Uirlisí eile atá ann cheana

Is comhoibriú é an tArdán um Fhaisnéis faoi Eipidéimí ó Fhoinsí Oscailte (EIOS) idir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) a ceapadh chun bagairtí sláinte poiblí a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint go tapa, trí úsáid a bhaint as eolas ó thuairiscí sna meáin. Chabhraigh sé le EDS chun na chéad chomharthaí de ráig an choróinvíris a bhrath in Wuhan ag deireadh mhí na Nollag seo caite, agus tá sé á úsáid ó shin chun leathadh an ghalair a rianú ar fud an domhain. Tá sé bunaithe ar Chóras Faisnéise Leighis an Europe Media Monitor (MEDISYS) de chuid JRC, uirlis a chomhthiomsaíonn suas le 120,000 alt a bhaineann le paindéim an choróinvíris in aghaidh an lae.

An chuid is mó den bhréagnuacht, scríobhtar í le focail agus teanga a roghnaítear d’aon ghnó chun eagla agus imní a spreagadh agus a chothú. Tá clár meaisínfhoghlama darb ainm Misinfo Classifier forbartha ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde chun patrúin sa teanga a aithint, go háirithe ‘géire’ na teanga, agus chun a mheas cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh bréagnuacht a bheith i gceist. Tá an uirlis á húsáid faoi láthair ag an gCoimisiún agus ag Parlaimint na hEorpa agus cuirfear ar fáil í d’eagraíochtaí creidiúnacha seiceála fíricí.

Social Rumour, is bogearra eile é sin atá á úsáid ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gCoimisiún Eorpach. Aithníonn sé cuntais ar Twitter a phostálann naisc chuig foinsí ar eol dúinn iad a bheith amhrasach. Déanann sé faireachán ansin ar naisc eile a phostálann na cuntais sin chun scéalta nua atá ag teacht chun cinn ar na meáin shóisialta a rianú. Cuirfear ar fáil í freisin d’eagraíochtaí creidiúnacha seiceála fíricí.

Is tionscadal í an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) a thacaíonn leis an bpobal neamhspleách atá ag obair chun an bhréagaisnéis a chomhrac. Leis sin, beifear in ann pobal trasteorann ildisciplíneach a chruthú de sheiceálaithe neamhspleácha fíricí agus taighdeoirí acadúla, a oibreoidh i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha chun bagairtí féideartha bréagaisnéise a bhrath, a anailísiú agus a nochtadh. Bunóidh EDMO, i gcomhar le hardáin ar líne, creat slán a chomhlíonann ceanglais phríobháideachais agus a chuirfidh ar chumas taighdeoirí acadúla rochtain a fháil ar shonraí ardán ar líne.  Thairis sin, cuirfidh EDMO tacaíocht agus comhairle theicniúil ar fáil do ERGA chun faireachán a dhéanamh ar bheartais an n-ardán ar líne faoin gCód Cleachtais maidir le bréagaisnéis agus/nó faoi chreataí rialála a bheidh amach anseo. EDMO (ag feidhmiú ón 1 Meitheamh 2020) Is í an Institiúid Ollscoile Eorpach (IOE) atá i gceannas ar an gcuibhreannas ar conradh.

D’fhógair an Coimisiún le déanaí toradh an ghlao ar thogra chun deontais dar luach €11 mhilliún san iomlán a chur ar fáil chun 8 mol réigiúnacha EDMO a bhunú i mBallstáit éagsúla, agus chun a chinntiú go mbeidh siad nasctha leis an mbonneagar lárnach. Cuirfear tús leis na moil sin faoi shamhradh 2021 agus clúdóidh siad Éire, an Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Pholainn, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, chomh maith leis an Iorua mar chuid de LEE.

Glaonna agus tionscadail atá ar na bacáin

In Fís Eorpach, an chéad chreatchlár taighde agus nuálaíochta eile, slógfaidh na chéad chláir oibre thart ar €60 milliún le haghaidh taighde ar an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise i gcoitinne, agus beidh roinnt gnéithe sonracha ann maidir leis an mbréagaisnéis a bhaineann leis an bpaindéim. I mBraisle 2, ‘An cultúr, an chruthaitheacht agus an tsochaí chuimsitheach’, beidh ábhair ábhartha ann le haghaidh taighde ar an mbréagaisnéis, ar an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le timpeallacht meán atá láidir neamhspleách, agus ar an gcomhrac i gcoinne na bréagnuachta tar éis phaindéim an choróinvíris. D’fhéadfaí taighde ar na nithe seo a leanas go háirithe a bheith san áireamh sna hábhair a bheidh beartaithe do 2021-2022:

  • ról polaitiúil na meán traidisiúnta agus na meán nua araon, agus iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh chun caighdeáin iriseoireachta a chaomhnú agus chun tacú leis an daonlathas trí mheáin ardchaighdeáin
  • tionchar na líonraí sóisialta ar líne agus na meán nua ar iompraíocht, ar chreidimh agus ar luachanna an duine aonair agus an phobail
  • bréagaisnéis a bhaineann leis an bpaindéim agus sásraí chun déileáil léi, i gcomhthéacs na polaitíochta agus an rialachais sa domhan tar éis Covid.

Ina theannta sin, le Braisle 3, ‘An tslándáil shibhialta don tsochaí’, agus le Braisle 4, ‘Cúrsaí digiteacha, an tionscal agus an spás’, maoineofar taighde maidir leis an mbréagaisnéis agus an bhréagnuacht a chomhrac agus maidir le muinín a mhéadú sa saol digiteach, agus maidir le húsáid na hIntleachta Saorga chun an bhréagaisnéis a chomhrac.