Réamhrá

Sin agat NextGenerationEU. Tá níos mó ag baint leis ná plean téarnaimh. Deis aon uaire is ea é chun teacht amach as an bpaindéim agus sinn níos láidre, ár ngeilleagair a chlaochlú, agus deiseanna agus poist a chruthú don Eoraip inar mian linn cónaí. Gach ní a theastaíonn chun é sin a bhaint amach, tá sé againn.
Tá an fhís againn, tá an plean againn agus chomhaontaíomar infheistíocht €806.9 billiún* a dhéanamh i dteannta a chéile.
Seo é anois an t-am le dul i mbun oibre chun go mbeidh an Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní.
*Tá an figiúr sin i bpraghsanna reatha. €750 billiún atá ann i bpraghsanna 2018.
An pacáiste spreagtha is mó riamh
I dteannta a chéile, is iad buiséad fadtéarmach an Aontais in éineacht le NextGenerationEU (NGEU), an ionstraim shealadach a dearadh chun dlús a chur leis an téarnamh, an pacáiste spreagtha is mó dá maoiníodh riamh san Eoraip. Tá €2.018 trilliún san iomlán i bpraghsanna reatha* ag cuidiú chun an Eoraip a atógáil tar éis COVID-19. Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní a bheidh ann.
Tá na cistí á n-úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is tábhachtaí atá roimh an Eoraip agus chun tacú leo siúd atá i ngátar. I ndiaidh ionsaí na Rúise ar an Úcráin, rinneadh buiséad an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh éigeandála agus tacaíocht a sholáthar san Úcráin agus i dtíortha an Aontais Eorpaigh, sin agus chun iarmhairtí daonnúla an chogaidh a laghdú.
€1.8 trilliún i bpraghsanna 2018
Fíorais agus figiúirí ó CAI 2021-2027 agus NextGenerationEU
Príomhghnéithe an phacáiste
Tá breis agus 50% den bhuiséad fadtéarmach agus NextGenerationEU ag tacú leis an nuachóiriú, mar shampla tríd an méid seo a leanas:
taighde agus nuálaíocht trí Fís Eorpach
aistrithe córa aeráide agus digiteacha, tríd an gCiste um Aistriú Cóir agus an Clár don Eoraip Dhigiteach
ullmhacht, téarnamh agus athléimneacht tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, rescEU agus clár sláinte nua, EU4Health
nuachóiriú a dhéanamh ar bheartais thraidisiúnta, cuir i gcás an comhtháthú agus an comhbheartas talmhaíochta, chun an leas is mó a bhaint as an méid a chuireann siad le tosaíochtaí an Aontais
an t-athrú aeráide a chomhrac le 30% de chistí an Aontais, an sciar is mó riamh de bhuiséad an Aontais
cosaint na bithéagsúlachta agus comhionannas inscne
Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus leithdháiltí iomlána NextGenerationEU in aghaidh an cheannteidil
Ceannteideal | CAI | NextGenerationEU |
---|---|---|
1. An margadh aonair, an nuálaíocht agus an réimse digiteach | €149.5 billiún | €11.5 billiún |
2. Cuimsiú, athléimneacht agus luachanna | €426.7 billiún | €776.5 billiún |
3. Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol | €401 bhilliún | €18.9 billiún |
4. An imirce agus bainistiú teorainneacha | €25.7 billiún | - |
5. An tslándáil agus an chosaint | €14.9 billiún | - |
6. An chomharsanacht agus an domhan | €110.6 billiún | - |
7. Riarachán poiblí na hEorpa | €82.5 billiún | - |
CAI IOMLÁN | €1,210.9 billiún | €806.9 billiún |
Tá ná méideanna sin ar fad i €, i bpraghsanna reatha. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Ionstraim théarnaimh shealadach dar luach níos mó ná €800 billiún is ea NextGenerationEU, a chuideoidh chun leigheas a chur ar an dochar eacnamaíoch agus sóisialta láithreach atá le sonrú anois de dheasca phaindéim an choróinvíris. Tar éis COVID-19 beidh an Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní, agus is fearr a bheidh sí in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha agus orthu sin atá le teacht.
Is é an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) atá i gcroílár NextGenerationEU – an ionstraim lena gcuirtear deontais agus iasachtaí ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí i mBallstáit an Aontais ar luach iomlán €723.8 billiún. Chun cistí a fháil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ní mór do na Ballstáit Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a ullmhú ina leagfar amach an chaoi a ndéanfaidh siad na cistí a infheistiú. Thairis sin, ní mór dóibh na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a chomhlíonadh, agus sula bhféadfar aon eisíocaíochtaí faoin RRF a leithdháileadh, déanann an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh sásúil gach garsprice agus gach sprice.
Chun féachaint ar phleananna Bhallstáit éagsúla an Aontais agus na heisíocaíochtaí a rinneadh go dtí seo a rianú, féach an Scórchlár idirghníomhach Téarnaimh agus Athléimneachta.
Tá an chuid eile de na cistí ó NextGenerationEU á n-eisíoc le Ballstáit an Aontais trí roinnt clár de chuid an Aontais: Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU), Fís Eorpach, InvestEU, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe nó an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC).
Tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin, d’fhéadfadh Ballstáit an Aontais cuid de na cistí sin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndídeanaithe a thagann chuig a gcríocha.
Miondealú NextGenerationEU
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) | €723.8 billiún |
---|---|
an méid de ar iasachtaí é | €385.8 billiún |
an méid de ar deontais é | €338 mbilliún |
Clár | |
---|---|
ReactEU | €50.6 billiún |
Fís Eorpach | €5.4 billiún |
InvestEU | €6.1 billiún |
Forbairt Tuaithe | €8.1 billiún |
An Ciste um Aistriú Cóir (JTF) | €10.9 billiún |
RescEU | €2 bhilliún |
IOMLÁN | €806.9 billiún |
Tá ná méideanna sin ar fad i €, i bpraghsanna reatha. Foinse: an Coimisiún Eorpach
Leithdháiltí náisiúnta
Ní bhaineann buiséad an Aontais le tíortha a bheith ag ligean chucu agus uathu, agus níor bhain riamh. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith mar chuid den mhargadh aonair, iad ag tabhairt aghaidh le chéile ar na dúshláin choiteanna. Cistí an Aontais, mar shampla faoi na cistí comhtháthaithe nó Fís Eorpach, téann siad chuig gach cearn den Aontas.
Fuair na Ballstáit méideanna réamhshannta i roinnt réimsí beartais. Féadfaidh tú féachaint orthu anseo.
Buiséad fadtéarmach an Aontais agus NextGenerationEU a mhaoiniú

Leanfar de bhuiséad fadtéarmach an Aontais a mhaoiniú ó fhoinsí aitheanta ioncaim bhuiséad an Aontais:
- dleachtanna custaim
- ranníocaíochtaí ó na Ballstáit arna mbunú ar cháin bhreisluacha (CBL)
- ranníocaíochtaí arna mbunú ar ollioncam náisiúnta (OIN)
Ina theannta sin, an 1 Eanáir 2021, tabharfar isteach ranníocaíocht náisiúnta nua bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte mar fhoinse ioncaim eile de chuid bhuiséad an Aontais.
Iasachtaí a fháil chun an téarnamh a mhaoiniú
Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, tá an Coimisiún Eorpach, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ag fáil iasachtaí ar na margaí ar rátaí níos fabhraí ná mar a gheobhadh an chuid is mó de Ballstát agus déanann sé an t-airgead sin a athdháileadh.
Sula raibh ann do NextGenerationEU, d’eisigh an Coimisiún Eorpach bannaí cheana féin, mar shampla chun iasachtaí le Ballstáit an Aontais agus le tríú tíortha a mhaoiniú, suas le €100 billiún do chlár SURE san áireamh chun tacú le poist agus chun daoine a choimeád ina bpost le linn phaindéim COVID-19.
Déanfaidh an tAontas Eorpach suas le thart ar €800 billiún i bpraghsanna reatha a thiomsú go dtí 2026 le haghaidh NextGenerationEU trí straitéis maoinithe éagsúlaithe.
Treochlár soiléir i dtreo foinsí nua ioncaim le cabhrú chun iasachtaí a aisíoc
Sa chomhaontú idirinstitiúideach ó mhí na Nollag 2021, chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún oibriú i dtreo acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach chun aisíocaíochtaí NextGenerationEU a chumhdach.
Ar an gcaoi sin, i mí na Nollag 2021 mhol an Coimisiún trí fhoinse nua ioncaim do bhuiséad an Aontais, ar foinsí iad a chuideoidh chun an chuid deontas de NextGenerationEU a aisíoc. Rannchuideodh an togra sin freisin leis an gCiste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú, arb é is aidhm dó a chinntiú nach bhfágfaí aon duine ar lár san aistriú chuig geilleagar dícharbónaithe.
Acmhainn dhílis an Chórais Trádála Astaíochtaí
Acmhainn dhílis an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha
Acmhainn dhílis bunaithe ar bhrabús ath-leithdháilte cuideachtaí ilnáisiúnta atá an-mhór (bunaithe ar an obair ar leibhéal ECFE agus G20)
Tá an Coimisiún ag obair i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit sa Chomhairle chun na foinsí nua ioncaim a fhormheas go pras.
Molfaidh an Coimisiún an dara pacáiste d’acmhainní dílse nua roimh dheireadh 2023.
Na tairbhithe
Féadfaidh duine ar bith tairbhiú de bhuiséad an Aontais. Glaonna ar thairiscintí atá oscailte nó a bheidh ann amach anseo, eolas cúlra faoi phróisis agus cláir mhaoiniúcháin, agus iarratas a dhéanamh ar líne.
Eolas faoin bpróiseas tairisceana agus faoi dheiseanna ar ghnó a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach.
Cúlra
Chuir an Coimisiún i láthair a thogra don chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais an 2 Bealtaine 2018.
An 27 Bealtaine 2020 mar fhreagairt ar ghéarchéim an choróinvíris a bhí ar scála nach bhfacthas riamh roimhe, mhol an Coimisiún Eorpach an ionstraim shealadach théarnaimh, NextGenerationEU, chomh maith le hatreisithe spriocdhírithe ar bhuiséad fadtéarmach 2021-2027 an Aontais.
An 21 Iúil 2020 agus níos lú ná dhá mhí ina dhiaidh sin, tháinig ceannairí Bhallstáit an Aontais ar chomhaontú stairiúil maidir leis an bpacáiste.
Ghlac an Chomhairle go críochnaitheach é an 17 Nollaig 2020.
Doiciméid
- Íoslódáilбългарски(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilespañol(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilčeština(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáildansk(5.95 KB - HTML)
- ÍoslódáilDeutsch(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáileesti(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilελληνικά(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilhrvatski(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilitaliano(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáillatviešu(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáillietuvių(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilmagyar(5.95 KB - HTML)
- ÍoslódáilMalti(5.95 KB - HTML)
- ÍoslódáilNederlands(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilpolski(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilromână(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenčina(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenščina(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilsuomi(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilsvenska(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilбългарски(130.13 KB - HTML)
- Íoslódáilespañol(198.88 KB - HTML)
- Íoslódáilčeština(193.71 KB - HTML)
- Íoslódáildansk(192.25 KB - HTML)
- ÍoslódáilDeutsch(202.37 KB - HTML)
- Íoslódáileesti(187.53 KB - HTML)
- Íoslódáilελληνικά(251.55 KB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(203.22 KB - HTML)
- Íoslódáilhrvatski(187.76 KB - HTML)
- Íoslódáilitaliano(196.7 KB - HTML)
- Íoslódáillatviešu(193.32 KB - HTML)
- Íoslódáillietuvių(193.19 KB - HTML)
- Íoslódáilmagyar(202.4 KB - HTML)
- ÍoslódáilMalti(194.68 KB - HTML)
- ÍoslódáilNederlands(195.79 KB - HTML)
- Íoslódáilpolski(199.4 KB - HTML)
- Íoslódáilportuguês(197.76 KB - HTML)
- Íoslódáilromână(200.08 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenčina(195.02 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenščina(188.28 KB - HTML)
- Íoslódáilsuomi(194.34 KB - HTML)
- Íoslódáilsvenska(192.6 KB - HTML)
- Íoslódáilбългарски(352.85 KB - HTML)
- Íoslódáilespañol(271.43 KB - HTML)
- Íoslódáilčeština(264.71 KB - HTML)
- Íoslódáildansk(264.63 KB - HTML)
- ÍoslódáilDeutsch(274.84 KB - HTML)
- Íoslódáileesti(259.17 KB - HTML)
- Íoslódáilελληνικά(359.9 KB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(278.35 KB - HTML)
- Íoslódáilhrvatski(261.24 KB - HTML)
- Íoslódáilitaliano(268.16 KB - HTML)
- Íoslódáillatviešu(269.8 KB - HTML)
- Íoslódáillietuvių(266.32 KB - HTML)
- Íoslódáilmagyar(283.57 KB - HTML)
- ÍoslódáilMalti(267.54 KB - HTML)
- ÍoslódáilNederlands(271.63 KB - HTML)
- Íoslódáilpolski(271.56 KB - HTML)
- Íoslódáilportuguês(274.84 KB - HTML)
- Íoslódáilromână(278.69 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenčina(267.79 KB - HTML)
- Íoslódáilslovenščina(256.31 KB - HTML)
- Íoslódáilsuomi(269.34 KB - HTML)
- Íoslódáilsvenska(262.73 KB - HTML)