Bhunaigh an tUachtarán Ursula von der Leyen foireann um an bhfreagairt ar an gcoróinvíreas, foireann lena dtógtar le chéile snáitheanna gníomhaíochta éagsúla uile agus ina bhfuil trí phríomhcholún. Baineann an chéad cholún le réimse an leighis, réimse a bhíonn ag obair ar an ngalar a chosc, ar sholáthar, ar bhearta faoisimh agus ar fhadbhreathnaitheacht. Cumhdaíonn an dara colún an tsoghluaisteacht, ó iompar go comhairle taistil, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le Schengen. Cumhdaíonn an tríú colún an geilleagar agus ag féachaint go mion ar earnálacha gnó éagsúla, earnálacha cosúil le turasóireacht nó iompar, agus trádáil, chomh maith le slabhraí luacha agus an macraigheilleagar.
Tuilleadh eolais faoi Ghníomhaíocht an Aontais mar fhreagairt ar ghéarchéim an choróinvíris

An tUachtarán Ursula von der Leyen

Is é an Coimisinéir Janez Lenarčič atá i gceannas ar an mbainistiú géarchéime

Is í an Coimisinéir Stella Kyriakides atá i gceannas ar gach saincheist sláinte

Is í an Coimisinéir Ylva Johansson atá i gceannas ar na saincheisteanna teorann

Is í an Coimisinéir Adina Vălean atá i gceannas ar an tsoghluaisteacht

Is é an Coimisinéir Paolo Gentiloni atá i gceannas ar na gnéithe maicreacnamaíocha