Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Ionstraim Tacaíochta Éigeandála

Ábhar a cuireadh sa chartlann

Níl na leathanaigh ghréasáin sa rannán seo á nuashonrú a thuilleadh. D’fhéadfadh an t-ábhar a bheith as dáta agus níor cheart é a úsáid ach amháin chun tagairt don ábhar mar a bhí sé tráth a fhoilsithe.

Gníomhachtaíodh an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála in 2020, nuair a bhí géarchéim COVID-19 ina tús. Bhí sé d’aidhm ag an Ionstraim cabhrú leis na Ballstáit freagairt ar phaindéim an choróinvíris trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais ar bhealach straitéiseach comhordaithe ar an leibhéal Eorpach agus bhí sé i bhfeidhm go dtí mí Eanáir 2022.  

Earraí riachtanacha, foirne leighis agus othair a iompar

Leithdháileadh cuid de chistiú iomlán na hIonstraime Tacaíochta Éigeandála ar an bPacáiste Soghluaisteachta, lenar tacaíodh leis an méid seo a leanas: 

Emergency kit

Earraí leighis a iompar mar lastas chuig na háiteanna ba mó a raibh gá leo, trí iompar lasta earraí cúnaimh agus fóirithinte chuig na Ballstáit, agus idir na Ballstáit, a mhaoiniú. 

Protective equipment

Othair a aistriú idir Ballstáit an Aontais nó ó na Ballstáit go dtí tíortha comharsanachta. D’fhág sé sin gurbh fhéidir an acmhainn bhreise a bhí in áit amháin a úsáid chun cabhrú le háiteanna a raibh an baol ann nach mbeadh na seirbhísí sláinte in ann freastal ar an éileamh a bhí orthu. Chinntigh sé freisin gur cuireadh cóireáil ar a oiread othar agus ab fhéidir. 

Advisory group

Pearsanra leighis agus foirne leighis soghluaiste a iompar idir na Ballstáit agus chuig an Aontas ó thíortha comharsanachta chun cabhrú le daoine sna háiteanna ba mhó a raibh gá le cúnamh leighis. 

 

Bhí an deis nua sin ar mhaoiniú sa bhreis ar an tacaíocht a bhí á cur ar fáil cheana féin trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus ar an trealamh cosanta a seachadadh trí rescEU

Le linn ghníomhachtú na hIonstraime Tacaíochta Éigeandála, leithdháil an Coimisiún níos mó ná €164 mhilliún ar lastais earraí leighis, ar threalamh a bhain le vacsaíniú agus ar chógais, chomh maith le €9 milliún ar mhaithe le foirne leighis a iompar agus othair a aistriú.  

Ar an iomlán, thacaigh an cúnamh sin le breis agus 2,000 oibríocht san aer, ar tír agus ar muir. Leis na hoibríochtaí sin iompraíodh trealamh cosanta pearsanta tarrthála agus trealamh leighis chuig an Eoraip, chomh maith le 515 oibrí sláinte agus 135 othar. 

Róbait dífhabhtúcháin UV le haghaidh ospidéil ar fud na hEorpa

Chuir an Coimisiún €12 mhilliún ar fáil faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun 305 róbat dífhabhtúcháin UV a dheonú d’ospidéil sna 27 mBallstát.  Díghalraíonn na róbait sin seomra othair atá ar mhéid caighdeánach go tapa agus go sábháilte. Tríd an méid sin a dhéanamh, cuidíonn siad chun an brú ar fhoirne na n-ospidéal a mhaolú agus, ag an am céanna, tugann siad cosaint níos fearr d’othair i gcoinne ionfhabhtú ó phataiginí.   

Gairmithe cúraim sláinte a oiliúint i scileanna dianchúraim

Chuir an Coimisiún Eorpach €2.5 milliún ar fáil faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun oiliúint a chur ar bhuíon ildisciplíneach gairmithe cúraim sláinte d’fhonn tacaíocht agus cabhair a thabhairt d’Aonaid Dianchúraim. Mhair an clár 8 mí agus cuireadh oiliúint ar 17,000 dochtúir agus altra i 700 ospidéal ar fud an Aontais. Thug an clár scileanna leighis dianchúraim do ghairmithe cúraim sláinte nach gnách leo a bheith ag obair in Aonaid Dianchúraim. Chabhraigh sin chun infhaighteacht na mball foirne a mhéadú, baill foirne a d’fhéadfaí a imlonnú nuair is gá méadú tapa sealadach suntasach a dhéanamh ar acmhainn na nAonad Dianchúraim.  

Deimhniú Digiteach COVID an Aontais Eorpaigh

Tugadh an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais isteach an 1 Iúil 2021. An 17 Márta 2021, chuir an Coimisiún togra i láthair cheana féin maidir le Deimhniú Digiteach COVID de chuid an Aontais a chruthú chun saorghluaiseacht shábháilte na saoránach a éascú laistigh den Aontas le linn na paindéime. An 27 Meán Fómhair 2021 bhronn an Coimisiúin deontais dar luach €95 mhilliún ar 20 Ballstát chun tástálacha diagnóiseacha COVID-19 a cheannach chun cuidiú leis na Ballstáit sin Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a chur ar fáil.  

Idir-inoibritheacht a chinntiú 

Shlóg an Coimisiún tuairim agus €16 mhilliún faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun an bonneagar a bhunú lena bhfuil gá chun deimhnithe idir-inoibritheachta a eisiúint agus a fhíorú maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, tástáil agus téarnamh. 

D’fhorbair an Coimisiún tairseach an Aontais bunaithe ar an taithí a fuarthas ó bhunú Sheirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí (EFGS) maidir le malartú trasteorann sonraí idir aipeanna móibíleacha rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh náisiúnta. Ba é sin bunús an bhonneagair dhigitigh shláin atá ann anois a nascann na córais náisiúnta agus a chinntíonn fíorú iontaofa deimhnithe idir-inoibritheacha ar fud an Aontais. Tar éis céim phíolótach rathúil, chuaigh tairseach an Aontais beo an 1 Meitheamh 2021, rud a d’fhág go rabhthas in ann na deimhnithe a fhíorú thar theorainneacha. 

Deimhniú Digiteach COVID an Aontais Eorpaigh 

 

Aipeanna móibíleacha rianaithe teagmhálaithe a nascadh thar theorainneacha

Chuir 22 thír de chuid an Aontais/LEE aipeanna móibíleacha rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh náisiúnta ar fáil chun slabhra ionfhabhtuithe an choróinvíris a bhriseadh agus chun beatha daoine a shábháil. D’oibrigh na tíortha sin agus an Coimisiún chun a chinntiú go raibh na haipeanna sin idir-inoibritheach thar theorainneacha. Bhí 19 gcinn den 22 thír nasctha le Seirbhís Tairsí na Cónaidhme Eorpaí (EFGS), agus dá bhrí sin bhí siad nasctha lena chéile. 

Cuireadh thart ar €10 milliún ar fáil faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun tacú le hidir-inoibritheacht na n-aipeanna móibíleacha rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh. As sin, baineadh úsáid as €7 milliún chun EFGS a fhorbairt agus a chur in úsáid – is é sin an tairseach uile-Aontais lenar cumasaíodh idir-inoibritheacht trasteorann den sórt sin – agus cuireadh €3 mhilliún ar fáil chun tacú leis na Ballstáit a n-aipeanna agus a gcórais náisiúnta a oiriúnú d’fhonn nascadh le seirbhís na tairsí idir-inoibritheachta.  

Aipeanna móibíleacha rianaithe teagmhálaithe sna Ballstáit

Naisc úsáideacha

Séanadh. Nuashonraíodh an leathanach seo go deireanach i mí Mheán Fómhair 2023.