“Leis na míonna beaga anuas, d’aimsíomar an athuair an luach atá againn i gcoitinne. Léiríomar an méid is féidir a dhéanamh nuair atá muinín againn as a chéile agus nuair atá muinín againn as ár n-institiúidí Eorpacha. Agus leis an méid sin go léir, is é an rogha atá déanta againn deisiú agus téarnamh a dhéanamh anseo agus anois, agus ní hamháin sin ach slí mhaireachtála níos fearr a mhúnlú do shaol an lae amárach.” Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Page contents Page contents Ó thosaigh paindéim an choróinvíris, tá an Coimisiún Eorpach ag obair i ngach réimse chun leathadh an víris a shrianadh. Rinneadh bearta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun tacú le córais sláinte agus chun tionchar socheacnamaíoch na paindéime a chomhrac. Vacsaíní sábháilte éifeachtacha a chinntiú don Eoraip agus don domhan Forbairt agus dáileadh vacsaín éifeachtach shábháilte in aghaidh an choróinvíris, is ionann é agus réiteach buanseasmhach ar an bpaindéim agus is bunchloch fhreagairt an Choimisiúin ar an gcoróinvíreas é freisin. An méid a rinne an Coimisiún (ó mhí Feabhra 2021 leith) chuir sé i bhfeidhm Straitéis Eorpach um Vacsaíní chun dlús a chur le vacsaíní i gcoinne COVID-19 a fhorbairt, a mhonarú agus a chur ar fáil.d’údaraigh sé 6 chonradh le haghaidh 2.3 billiún dáileog de vacsaíní amach anseo, agus tá sé i mbun cainteanna le 2 fhorbróir féideartha le haghaidh 260 milliún dáileog breisebhronn sé 3 údarú margaíochta choinníollacha do BioNtech agus Pfizer, Moderna agus AstraZeneca 27 Nollaig 2020Nuair a cuireadh tús le vacsaíniú in aghaidh COVID-19 san Aontas, ba léiriú dlúthpháirtíochta é Príomhghníomhaíochtaí eile a rinneadh: Ó bhí mí Eanáir 2020 ann tá breis agus €660 milliún slógtha ag an gCoimisiún faoin gclár taighde agus nuálaíochta Fís 2020 le vacsaíní, córacha leighis nua, tástálacha diagnóiseacha agus córais leighis a fhorbairt chun leathadh an choróinvíris a chosc agus chun beatha daoine a shábháil. Le maratón gealltanas na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas, bailíodh airgead chun rochtain uilíoch a chur ar fáil ar chóireálacha, ar thástálacha agus ar vacsaíní le haghaidh an choróinvíris. Cuireadh tús leis i mí na Bealtaine agus cuireadh críoch leis le Comhdháil Gealltanas Dhomhanda agus le ceolchoirm i mí an Mheithimh 2020. Thug deontóirí ó gach cearn den domhan €16 bhilliún de ghealltanais. I dteannta na mBallstát, faoi mhí Feabhra 2021, leithdháil Team Europe breis agus €850 milliún ar COVAX, rud a fhágann gurb é an tAontas Eorpach an deontóir is mó atá ag COVAX. Leis sin, beifear in ann rochtain chothrom a chinntiú ar vacsaíní, beag beann ar ioncam, do na milliúin duine ar fud na hAfraice, na hÁise, Mhuir Chairib, an Aigéin Chiúin, agus i gcomharsanacht thoir agus theas na hEorpa. Tacú le geilleagar na hEorpa ar bhealach an téarnaimh Mhol an Coimisiún Eorpach plean mór téarnamh lena ndéanfar an méid seo a leanas:cuidiú chun an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a rinne an phaindéim a dheisiúborradh a chur faoi théarnamh na hEorpapoist a chosaint agus a chruthúComhcheanglaíonn an pacáiste téarnaimh €1.8 trilliún buiséad an Aontais do 2021-27 agus NextGenerationEU. Na bearta a ghlac an Coimisiún (ó 2020 i leith) buiséad an Aontais agus an Banc Eorpach Infheistíochta a shlógadh chun poist a shábháil agus chun tacú le comhlachtaí atá thíos leis an ngéarchéimSURE a sheoladh lenar féidir leis suas le €100 billiún d’iasachtaí a sholáthar do na Ballstáit chun an fhostaíocht a chaomhnúglacadh rialacha státchabhrach sealadacha ionas gur féidir le rialtais leachtacht a chur ar fáil don gheilleagar chun tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh agus chun poist a shábháil, 1440 beart650 cinneadh maidir le státchabhair ina measc Príomhghníomhaíochtaí eile a rinne an Coimisiún in 2020: chuir sé i ngníomh an ‘clásal éalaithe’, clásal lena gcuirtear an oiread solúbthachta agus is féidir ar fáil i ndáil le rialacha buiséadacha rinne sé scagadh ar an infheistíocht dhíreach choigríche. D’eisigh an Coimisiún treoirlínte chun cuidiú leis na Ballstáit sócmhainní agus teicneolaíochtaí ríthábhachtacha na hEorpa a chosaint le linn na géarchéime reatha chuir sé i láthair tionscnamh infheistíochta chun leachtacht láithreach a chur ar fáil do na Ballstáit leithdháil sé breis agus €10 billiún ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun cabhrú leo leanúint de bheith gníomhach le linn na paindéime, agus €3 bhilliún ar oibrithe agus ar ghrúpaí leochaileacha An tsláinte phoiblí a chosaint An 11 Samhain 2020 leag an Coimisiún síos an dúshraith d’Aontas Sláinte na hEorpa ina n-ullmhaíonn gach Ballstát le haghaidh géarchéimeanna sláinte agus ina bhfreagraíonn siad orthu le chéile. Chinnteofaí leis sin go mbeadh soláthairtí leighis inacmhainne agus ar fáil, agus go n-oibreodh tíortha le chéile chun cosc agus cóireáil galar a fheabhsú. Na bearta a rinneadh le linn na paindéime cuidíodh leis na Ballstáit teacht le chéile chun an chumhacht ceannaigh a uasmhéadú agus na soláthairtí leighis a raibh gá leo a fháil a chinntiú, a luaithe agus arbh fhéidirrinneadh infheistíocht i dtaighde den scoth lenar tugadh na heolaithe is fearr san Eoraip le chéilebunaíodh painéal de sheachtar eipidéimeolaithe agus víreolaithe neamhspleácha chun treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le bearta freagartha D’eisigh an Coimisiún an méid seo a leanas freisin: moltaí maidir le bearta poiblí, scaradh sóisialta mar shampla treoirlínte chun soláthar agus infhaighteacht cógas a bharrfheabhsú treoirlínte maidir le modheolaíochtaí tástála chun tacú le húsáid éifeachtúil na bhfearas tástála ag na Ballstáit Soghluaisteacht shaoránaigh an Aontais a chosaint B’éigean roinnt rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú le linn na paindéime. D’oibrigh an Coimisiún leis na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:srian a chur leis an tionchar ar an margadh inmheánachsláinte na saoránach a chosaintcinnte a dhéanamh de gur caitheadh go cothrom le daoine ar gá dóibh taistealdeimhin a dhéanamh de gur lean earraí riachtanacha de bheith ag gluaiseacht ar fud an Aontais An méid a bhain an Coimisiún amach thug sé abhaile breis agus 90,000 Eorpach a bhí sáinnithe ar fud an domhain a bhuí le sásra an Aontais um chosaint shibhialtad’eisigh sé treoirlínte maidir le ‘lánaí glasa’ chuig na Ballstáit chun sreabhadh tapa gan bhriseadh earraí ar fud an Aontais a chinntiúsheol sé ‘Re-open EU’, ardán gréasáin ar a bhfuil eolas riachtanach maidir le bearta sláinte agus taistil ar fud an Aontais Áirítear an méid seo a leanas i measc na ngníomhaíochtaí eile: creat coiteann a leagan amach lenar cuireadh critéir ar fáil chun gníomhaíochtaí turasóireachta a athbhunú go sábháilte agus de réir a chéile Chomhaontaigh na Ballstáit treoirlínte chun idir-inoibritheacht trasteorann a chinntiú idir aipeanna rianaithe ionas gurbh fhéidir rabhadh a thabhairt do shaoránaigh maidir le hionfhabhtú féideartha freisin nuair a bhí siad ag taisteal san Aontas mhol sé tuilleadh soiléireachta agus intuarthachta maidir le bearta ar bith a cuireadh srian ar an tsaorghluaiseacht Naisc ghaolmhara An fhreagairt ar an gcoróinvíreasAmlíne mionsonraithe de ghníomhaíochtaí an Aontais Plean téarnaimh don Eoraip
“Leis na míonna beaga anuas, d’aimsíomar an athuair an luach atá againn i gcoitinne. Léiríomar an méid is féidir a dhéanamh nuair atá muinín againn as a chéile agus nuair atá muinín againn as ár n-institiúidí Eorpacha. Agus leis an méid sin go léir, is é an rogha atá déanta againn deisiú agus téarnamh a dhéanamh anseo agus anois, agus ní hamháin sin ach slí mhaireachtála níos fearr a mhúnlú do shaol an lae amárach.” Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh