Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Bréagaisnéis faoin gcoróinvíreas a chomhrac

An t-eolas cruinn a fháil

Le linn phaindéim an choróinvíris, scaipeadh rabharta ollmhór d’fhaisnéis bhréagach agus mhíthreorach mar chuid d’iarracht a rinne gníomhaithe eachtracha tionchar a imirt ar dhíospóireachtaí inmheánacha an Aontais, trí leas a bhaint as an imní a bhí ar dhaoine agus as an sruth nuachta a bhí ag athrú go tapa. Faisnéis mhíthreorach faoi chúram sláinte, foláirimh bhréige ina ndéantar maíomh bréagach, teoiricí comhcheilge agus calaois tomhaltóirí, cuireann siad sláinte an phobail i mbaol.

Tá rún daingean ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit cur i gcoinne na n-iarrachtaí a dhéanann gníomhaithe atá ag iarraidh teacht i dtír ar an ngéarchéim agus saol na saoránach a chur i mbaol, nó gníomhaithe a scaipeann bolscaireacht nó fuath. Tá gníomhaíocht níos comhordaithe de dhíth, i gcomhréir lenár luachanna daonlathacha, chun é sin a dhéanamh, agus tógfar ar phlean gníomhaíochta 2018 i gcoinne na bréagaisnéise.

I dTeachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ón Ardionadaí, moltar gníomhaíochtaí nithiúla chun Aontas níos láidre agus níos athléimní a fhorbairt. Cuirfidh siad leis an obair a dhéanfaidh an tAontas amach anseo ar an mbréagaisnéis, go háirithe an plean gníomhaíochta Eorpach maidir le daonlathas, agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

Is cás samplach í an ghéarchéim a léiríonn an dóigh a dtéann an tAontas agus a shochaithe daonlathacha i ngleic le dúshlán na bréagaisnéise. Tá gnéithe áirithe ríthábhachtach le go mbeidh Aontas níos láidre agus níos athléimní ann.

Tuiscint

icon

Féadfaidh eolas bréagach nó míthreorach faoin gcoróinvíreas dochar a dhéanamh do chomhtháthú na sochaí ach, thar aon ní eile, is bagairt ar shláinte an phobail í.

Scaiptear scéalta bréagacha nó míthreoracha i bhfoirmeacha éagsúla agus ní mór freagairtí éagsúla a thabhairt orthu.

  • ábhar nach bhfuil neamhdhleathach, d’fhéadfadh sé a bheith díobhálach go fóill
  • d’fhéadfadh bréagaisnéis (a shainmhínítear mar ghníomh a dhéantar d’aon ghnó) agus mífhaisnéis a bheith i gceist
  • d’fhéadfadh eolas míthreorach faoi chúram sláinte a bheith i gceist, sin agus calaois tomhaltóirí, cibearchoireacht, fuathchaint neamhdhleathach agus oibríochtaí tionchair spriocdhírithe a bhíonn á reáchtáil ag gníomhaithe eachtracha.
  • d’fhéadfadh gnóthachan eacnamaíoch (camscéimeanna ar líne) a dhéanann dochar don phobal a bheith mar chúis leis, sin nó críocha polaitiúla
  • tá gníomhaithe eachtracha agus tríú tíortha áirithe, an Rúis agus an tSín go háirithe, tar éis tabhairt faoi oibríochtaí tionchair spriocdhírithe agus feachtais bhréagaisnéise san Aontas Eorpach, ina chomharsanacht, agus ar fud an domhain.

Leanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) de mhonatóireacht a dhéanamh ar scéalta bréagacha nó míthreoracha agus ar oibríochtaí tionchair gníomhaithe eachtracha.

Samplaí den bhréagaisnéis

hazardous stubstances icon

Maíomh bréagach, cuir i gcás ‘is féidir ionfhabhtuithe an choróinvíris a leigheas ach tuarthóir nó fíoralcól a ól’: a mhalairt ar fad atá fíor – d’fhéadfaí dochar mór a dhéanamh trí thuarthóir nó fíoralcól a ól. Tá méadú 15% tagtha ar líon na dteagmhas a bhaineann le tuarthóir atá taifeadta ag Lárionad Rialaithe Nimhe na Beilge.

virus lab icon

Teoiricí comhcheilge, cuir i gcás an maíomh gur ‘ionfhabhtú é an coróinvíreas atá cruthaithe ag scothaicmí an domhain chun fás an daonra a laghdú’. Tá fianaise eolaíoch shoiléir againn: is ó ghrúpa víreas de thionscnamh ainmhithe, ina bhfuil víris eile amhail SARS agus MERS, a thagann an coróinvíreas.

icon antenna

Maíomh go bhféadfadh ‘suiteálacha 5G a bheith ag leathadh an víris’. Ní raibh aon bhunús sonrach leis na teoiricí sin agus rinneadh ionsaithe ar chrainn chumarsáide dá mbarr.

Cumarsáid

megaphone

Ní mór rochtain a bheith ag muintir na hEorpa ar eolas sláinte údarásach infhíoraithe.
Comhroinneann an tAontas Eorpach eolas ó fhoinsí oifigiúla agus ó fhoinsí infhíoraithe eile le saoránaigh agus oibríonn sé i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí tuilleadh infheistíochta ina gcumais cumarsáide straitéisí.

suíomh gréasáin atá tiomnaithe don fhreagairt ar an gcoróinvíreas seolta ag an gCoimisiún, ar a dtugtar eolas fíor-ama faoin víreas agus faoi fhreagairt an Aontais air. Tá rannán tiomnaithe ar an suíomh a dhíríonn ar bhréagaisnéis faoin gcoróinvíreas agus foilsítear frisnéis air go rialta i ngach teanga den Aontas maidir leis na míthuairimí is suntasaí faoin gcoróinvíreas.

Cuireann an Coimisiún chun cinn ábhar ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ó na húdaráis náisiúnta sláinte agus ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

In éineacht leis an gCoimisiún, bhain SEGS leas as cumarsáid straitéiseach agus taidhleoireacht phoiblí i ngarchomharsanacht an Aontais agus ar fud an domhain, agus déanfaidh sé an chumarsáid agus an taidhleoireacht sin a neartú a thuilleadh.

Leanfaidh Ionadaíochtaí an Choimisiúin sna Ballstáit d’fhaisnéis a chur chun cinn atá bunaithe ar fhíricí agus atá oiriúnaithe don chás áitiúil.

Comhar

icon antenna

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair lena chomhpháirtithe ar fud an domhain agus laistigh den Aontas

Tá sin á dhéanamh aige trí úsáid a bhaint as bealaí seanbhunaithe, an Córas Mear-Rabhaidh, mar shampla. Cruthófar rannán ar leith chun comhroinnt ábhar cumarsáide a bhaineann leis an gcoróinvíreas a éascú idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún an comhar le Parlaimint na hEorpa a dhoimhniú a thuilleadh.

Feabhas a chur ar an gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Sásra Mearfhreagartha G7 agus ECAT san áireamh.

Ina theannta sin, méadóidh an tAontas an tacaíocht agus an cúnamh a thugtar do ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus do na meáin neamhspleácha i dtríú tíortha, iad sin sa chomharsanacht san áireamh.

Comhar le hardáin agus leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí trí scagadh a dhéanamh ar tháirgí a bhfuil praghas ró-ard orthu, atá neamhéifeachtach nó a d‘fhéadfadh a bheith contúirteach, agus iad a bhaint den mhargadh.

An toradh ar an obair a rinneadh leis na hardáin

lens
An Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis

Tá dlúthmhonatóireacht déanta ag an gCoimisiún ar ghníomhaíochtaí ardáin ar líne faoin gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis – an gealltanas féinrialála atá tugtha ag na hardáin ar líne, na líonraí sóisialta ceannródaíocha, na fógróirí agus an tionscal fógraíochta aghaidh a thabhairt ar scaipeadh na bréagaisnéise agus na bréagnuachta ar líne.

An 16 Meitheamh 2022, neartaíodh an Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis. Leagtar amach sa Chód nua gealltanais chuimsitheacha bheachta atá déanta ag ardáin agus earnáil na tionsclaíochta chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus is céim thábhachtach eile é chun timpeallacht ar líne atá níos trédhearcaí, níos sábháilte agus níos iontaofa a chruthú. Is é is aidhm don Chód go n-aithneofaí é mar Chód Iompair faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.

I measc na 34 shínitheoir tá mórardáin ar líne, go háirithe Meta, Google, Twitter, TikTok, agus Microsoft, chomh maith le comhpháirtithe éagsúla eile ar nós ardáin níos lú nó ardáin speisialaithe, tionscadal na fógraíochta ar líne, gnólachtaí na teicneolaíochta fógraíochta, seiceálaithe fíricí, an tsochaí shibhialta nó comhpháirtithe a chuireann saineolas agus réitigh ar leith ar fáil chun an bhréagaisnéis a chomhrac.

Neartú a dhéanamh ar Chód Cleachtais an Aontais maidir le Bréagaisnéis

Moltar do shínitheoirí an chóid sin tuairisc a chur ar fáil ar bhonn míosúil ar a ngníomhartha i leith bréagaisnéis a bhaineann leis an gcoróinvíreas a chomhrac. Léigh na tuarascálacha is déanaí.

Na príomhphointí:

  • I mí an Mhárta agus i mí Aibreáin, chuir Twitter 527 gcuntas ar fionraí de shárú ar a Bheartas um Fhaisnéis Mhíthreorach i ndáil le COVID-19.
  • Thuairiscigh TikTok go bhfuil an treocht a chonacthas cheana féin i mí Feabhra fós le feiceáil sna sonraí ó mhí an Mhárta agus mí Aibreáin, eadhon laghdú feadh na meadarachtaí maidir le deireadh a chur leis na srianta in go leor tíortha san Aontas.
  • An 4 Bealtaine, d’fhoilsigh Google an ‘Ads Safety Report 2021’ [Tuarascáil 2021 maidir le Sábháilteacht Fógraí], an tuarascáil bhliantúil ar na hiarrachtaí chun cosc a chur ar úsáid mhailíseach ardáin fógraíochta Google, agus a bhfuil uimhreacha domhanda san áireamh maidir le fógraí a bhain le COVID-19 a baineadh anuas. Maidir le mí an Mhárta agus mí Aibreáin, tuairiscítear gur cuireadh bac ar 33,882,679 (+267,048) bhfógra a bhaineann leis an gcoróinvíreas.
  • Tuairiscíonn Meta gur thug 3.1 milliún duine cuairt ar an Ionad Faisnéise maidir le COVID-19 ar Facebook i mí an Mhárta, agus níos mó ná 2 mhilliún i mí Aibreáin, rud a chiallaíonn gur laghdú 21.8 milliún duine atá ann i gcomparáid le mí Eanáir agus mí Feabhra.
  • Tuairiscíonn Microsoft laghdú suntasach ar líon na gcuairteoirí ar eispéireas COVID-19 Bing, is é sin 1,795,676 chuairt, rud a chiallaíonn go raibh 1,220,020 níos lú ann i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Tá Microsoft Advertising ag leanúint de bheartais a chur i bhfeidhm, rud a chuireann cosc ar 9,022,800 (+8,200,933) aighneacht ó fhógróirí atá dírithe ar mhargaí na hEorpa, ábhar a bhaineann le vacsaíní san áireamh.

Seiceáil fíricí

Tá dlús curtha ag an Aontas Eorpach lena iarrachtaí tacú le lucht seiceála fíricí agus taighdeoirí bréagaisnéise na hEorpa. Cabhróidh an Fhaireachlann nua Eorpach um na Meáin Dhigiteacha chun tuiscint níos doimhne a fháil ar na gníomhaithe, veicteoirí, uirlisí, modhanna agus spriocanna tosaíochta a bhaineann leis an mbréagaisnéis, sin agus ar an dinimic scaipthe agus ar an tionchar atá ag an mbréagaisnéis ar an tsochaí. Tá sé d’aidhm ag an bhFaireachlann a bheith ina mol Eorpach i dtaobh an bhréagaisnéis ar líne a chomhrac. Ar na tionscadail eile a fhaigheann maoiniú ón Aontas Eorpach agus a thugann aghaidh ar an mbréagaisnéis tá PROVENANCESocialTruthEUNOMIA agus WeVerify.

Dul i ngleic le camscéimeanna tomhaltóirí ar líne

Tá an Coimisiún ag obair le hardáin ar líne atá rannpháirteach san idirphlé struchtúrtha maidir le dul i ngleic le camscéimeanna tomhaltóirí ar líne a bhaineann le paindéim an choróinvíris, agus tá sin á dhéanamh aige i gcomhar le húdaráis cosanta tomhaltóirí. Bíonn an Coimisiún agus an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí i dteagmháil rialta leis an 11 phríomhardán ar líne: Allegro, Amazon, Alibaba/AliExpress, CDiscount, Ebay, Facebook, Google, Microsoft/Bing, Rakuten, Verizon Media/Yahoo agus Wish chun plé a dhéanamh ar threochtaí agus ar chleachtais ghnó nua a bhaineann leis an bpaindéim. Dá thoradh sin, tá sé tuairiscithe ag na hardáin ar líne gur baineadh na céadta milliún iarratas agus fógraí neamhdhleathacha anuas agus tá sé dearbhaithe acu go bhfuil laghdú leanúnach ag teacht ar na liostuithe nua a bhaineann leis an gcoróinvíreas.

An 2 Márta 2021 d’fhoilsigh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil ar an gcóras Safety Gate, córas mear-rabhaidh an Aontais le haghaidh táirgí tomhaltóirí contúirteacha lena gcuidítear chun táirgí contúirteacha neamhbhia a bhaint den mhargadh. Léirítear i dtorthaí na tuarascála go ndearna na húdaráis 5,377 ngníomhaíocht in 2020 (4,477 in 2019), an líon is mó go dtí seo. Baineann 9% de thorthaí uile 2020 le táirgí COVID-19, cuir i gcás maisc aghaidhe neamhéifeachtúla, dífhabhtáin thocsaineacha agus lampaí UV a úsáid mar dhíghalráin.

Saoirse tuairimí a nochtadh agus díospóireacht dhaonlathach iolraíoch a chinntiú

Tá cur chuige an Aontais i leith an chomhraic i gcoinne na bréagaisnéise bunaithe ar urraim ar chearta bunúsacha. Ní féidir an coróinvíreas a úsáid mar chúis chun an bonn a bhaint den tsaoirse tuairimí a nochtadh, chun cuntasacht na n-údarás poiblí a laghdú, ná chun teorainn mhíchuí a chur leis an rochtain ar eolas agus leis an trédhearcacht. Léirigh an ghéarchéim an ról ríthábhachtach atá ag iriseoirí a chuireann eolas iontaofa deimhnithe ar fáil do shaoránaigh, rud a chuidíonn chun beatha daoine a shábháil.

Tá an Coimisiún tar éis monatóireacht dhlúth a dhéanamh ar thionchar na mbeart éigeandála a rinne na Ballstáit ar dhlí agus ar luachanna an Aontais, agus leanfaidh sé den mhonatóireacht sin go dtí go mbeidh deireadh leis na bearta uile.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun a chinntiú go mbíonn iriseoirí in ann oibriú go sábháilte, faoi na dálaí cearta, agus an leas is mó is féidir a bhaint as pacáiste an Aontais um an bhfreagairt eacnamaíoch ar an gcoróinvíreas agus um an téarnamh chun tacú leis na meáin agus a neamhspleáchas a urramú san am céanna.

Cuirfidh an tAontas tuilleadh feabhais ar an tacaíocht a thugtar don tsochaí shibhialta, do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí ar fud an domhain agus cuirfidh sé dlús le gníomhaíochtaí chun cosaint a thabhairt don tsaoirse tuairimí a nochtadh agus chun timpeallacht na meán a dhéanamh níos sábháilte.

Saoránaigh a chumhachtú, feasacht na saoránach a mhúscailt agus athléimneacht na sochaí a mhéadú

Ní mór don Aontas saoránaigh a chumhachtú, feasacht a mhúscailt agus athléimneacht na sochaí a mhéadú.

Roinnfidh an tAontas Eorpach dea-chleachtais i dtaca le bearta chun athléimneacht a chothú i gcomhthéacs an choróinvíris.

Tacóidh an Coimisiún le tionscadail a bhaineann le litearthacht sna meáin, scileanna smaointeoireachta criticiúla agus scileanna digiteacha, agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus cuirfidh sé chun cinn iad. Neartóidh sé an comhordú idir institiúidí, líonraí agus na Ballstáit chun dea-chleachtais agus ábhar a spreagann feasachta a chomhroinnt. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar ghrúpaí leochaileacha, go háirithe páistí agus daoine óga, a bhfuil baol níos airde ann go gcuirfear amú iad.

Doiciméid

10 MEITHEAMH 2020
Joint Communication – Tackling COVID-19 disinformation: getting the facts right
10 MEITHEAMH 2020
Factsheet: fighting coronavirus disinformation
26 BEALTAINE 2021
European Commission Guidance on Strengthening the Code of Practice on Disinformation