Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Gníomhaíochtaí an Aontais chun an daonlathas a chosaint

An Sciath Eorpach don Daonlathas

Cuireadh an Sciath Eorpach don Daonlathas i láthair i mí na Samhna 2025, agus is straitéis uileghabhálach an Choimisiúin í chun ár ndaonlathais a chosaint agus a chumhachtú.

Leis an Sciath, cuirtear bearta nua i láthair i dtrí réimse tosaíochta

  • An spás eolais a chosaint
    feasacht staide an Aontais agus a chumas freagairt ar an mbréagaisnéis agus ar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a threisiú
  • Institiúidí daonlathacha agus na meáin shaora a neartú
    cothroime agus sláine na bpróiseas toghcháin san Aontas a threisiú, agus tacú leis na meáin shaora agus neamhspleácha
  • Borradh a chur faoi athléimneacht na sochaí agus faoi rannpháirtíocht na saoránach
    litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach a chinntiú do gach aois, agus tacú le saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta páirt ghníomhach shábháilte a ghlacadh sa saol daonlathach

Tuilleadh eolais faoin Sciath Eorpach don Daonlathas

An Lárionad Eorpach um an Athléimneacht Dhaonlathach

Is cuid lárnach den Sciath Eorpach don Daonlathas é an Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach agus is mol nua le haghaidh malartú é arb é is aidhm dó cur le cumas an Aontais bagairtí ar ár ndaonlathais a bhrath agus freagairt orthu.

Leis an Lárionad, tugtar le chéile saineolas agus acmhainní institiúidí rannpháirteacha an Aontais, na mBallstát, na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, le ranníocaíochtaí breise ón tsochaí shibhialta agus ón saol acadúil.

Faigh tuilleadh eolais faoin Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach

Iarracht leanúnach

Tá an Sciath Eorpach don Daonlathas mar chuid de chur chuige níos leithne agus athraitheach de chuid an Aontais i leith chosaint an daonlathais. Le tionscnaimh a bhí ann roimhe seo, leagadh síos bunchlocha tábhachtacha do chreat an lae inniu.  

Leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, bunaíodh creat cuimsitheach chun saorthoghcháin chóra a chur chun cinn, saoirse na meán a neartú, cur i gcoinne na bréagaisnéise agus rannpháirtíocht na saoránach a spreagadh. Rinneadh tuilleadh forbartha ar an obair sin trí bhearta ina dhiaidh sin lenar tugadh isteach caighdeáin nua trédhearcachta agus chuntasachta le haghaidh brústocaireacht tríú tír, mar aon le moltaí maidir le hathléimneacht toghcháin agus rannpháirtíocht shibhialta.

Gníomhaíochtaí an Aontais de réir téama

Saorthoghcháin chóra a chosaint

Is iad saorthoghcháin chóra bunchloch an rialachais dhaonlathaigh. Tá roinnt príomhghníomhaíochtaí tugtha isteach ag an Aontas chun tacú le sláine na dtoghchán:

Saoirse na meán agus iolrachas

Tá tírdhreach meán atá saor agus iolraíoch ríthábhachtach do dhaonlathas sláintiúil. Tá tacar suntasach beart curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun tacú leis an méid sin:

  • Leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, atá infheidhme ón 8 Lúnasa 2025, cosnaítear neamhspleáchas eagarthóireachta, cuirtear toirmeasc ar úsáid earraí spiaireachta i gcoinne iriseoirí, agus cinntítear trédhearcacht in úinéireacht na meán.
  • Leis an Treoir Frith-SLAPP, atá infheidhme ón 7 Bealtaine 2026, cosnaítear iriseoirí, gníomhaithe agus cosantóirí chearta an duine ar chásanna dlí mí-úsáideacha atá ceaptha chun iad a chur ina dtost, rud a chuireann ar chumas na gcúirteanna cásanna gan bhunús a chaitheamh amach go tapa agus cúiteamh a sholáthar dóibh siúd ar díríodh orthu.

An bhréagaisnéis agus cur isteach eachtrach a chomhrac

Is bagairt dhíreach iad an bhréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis ar dhíospóireacht dhaonlathach agus ar shláine toghcháin. Cuimsítear an méid seo a leanas mar chuid de fhreagairt an Aontais:

  • Ardáin ar líne a dhéanamh cuntasach - ceanglaítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha ar ardáin mhóra measúnú a dhéanamh ar rioscaí bréagaisnéise agus iad a mhaolú. Leis an gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis, cuirtear de cheangal ar shínitheoirí bearta a thabhairt isteach chun scaipeadh na bréagaisnéise ar a n-ardáin a laghdú. Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, soláthraítear coimircí breise i gcoinne ionramháil arna giniúint ag an intleacht shaorga.
  • Cur isteach eachtrach a bhrath agus a nochtadh - le tionscadal EUvsDisinfo agus an Córas Mear-Rabhaidh, déantar monatóireacht ar fheachtais bhréagaisnéise agus iad a nochtadh, agus béim ar leith á leagan ar ghníomhaithe stáit eachtracha. Ghlac an tAontas smachtbhannaí freisin i gcoinne eagraíochtaí meán na Creimile a dhíríonn ar dhaonlathais Eorpacha tar éis chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
  • Athléimneacht na sochaí a fhorbairt - cuireann an Coimisiún litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin chun cinn trí acmhainní d’oideoirí agus do shaoránaigh de gach aois, treoirlínte do mhúinteoirí agus sraitheanna straitéisí do mheánscoileanna san áireamh.
  • Tacú le seiceáil fíricí - faoin Sciath Eorpach don Daonlathas, cuirfidh Líonra Eorpach neartaithe Seiceálaithe Fíricí seiceáil neamhspleách fíricí ar fáil i dteangacha uile an Aontais. Leis an bhFaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha, tugtar le chéile seiceálaithe fíricí, taighdeoirí agus saineolaithe litearthachta sna meáin ar fud an Aontais.

Tuilleadh eolais faoi ionramháil ar fhaisnéis a chomhrac

Rannpháirtíocht saoránach

Le rannpháirtíocht fhóinteach saoránach, saibhrítear an díospóireacht dhaonlathach agus treisítear an daonlathas ionadaíoch. Le Moladh 2023 ón gCoimisiún maidir le rannpháirtíocht shibhialta, cuireadh chun cinn rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta i gceapadh beartas poiblí ar gach leibhéal rialtais.

Cuireann an tAontas réimse deiseanna ar fáil do shaoránaigh chun páirt dhíreach a ghlacadh i gceapadh beartas:

tugtar le chéile iontu saoránaigh a roghnaítear go randamach chun plé a dhéanamh ar cheisteanna sonracha beartais agus moltaí nithiúla a chur go díreach isteach i dtograí ón gCoimisiún

cuireann sé ar chumas na saoránach a iarraidh go díreach ar an gCoimisiún reachtaíocht nua a mholadh, agus bailíodh breis agus 20 milliún síniú mar chuid de bhreis agus 120 tionscnamh ó 2011 i leith

cuireann sé ar chumas na saoránach a dtuairimí a roinnt maidir le tionscnaimh an Choimisiúin agus rannchuidiú leis an bpróiseas cinnteoireachta

Maoiniú

Slógann an Coimisiún maoiniú tiomnaithe ar fud roinnt clár de chuid an Aontais chun tacú lena chuid oibre maidir leis an daonlathas a chosaint.

Cuidíonn cláir an Aontais le bearta a mhaoiniú, lena n-áirítear 

  • sláine toghcháin a chur chun cinn, borradh a chur faoi rannpháirtíocht na saoránach, faoi rannpháirtíocht shibhialta agus faoi mhuinín sa daonlathas
  • maoiniú a neartú d’eagraíochtaí meán nuachta laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin
  • litearthacht sna meáin a chur chun cinn agus cabhrú le saoránaigh bréagaisnéis a shainaithint.

I measc na bpríomhchlár mhaoiniúcháin tá:

 

Ag féachaint chun cinn, mhol an Coimisiún clár AgoraEU faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais, atá á chaibidliú faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Nuair a ghlacfar é, cuirfidh sé go mór leis an tacaíocht airgeadais don rannpháirtíocht dhaonlathach, do shaoirse na meán agus don tsochaí shibhialta.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 29 Meitheamh 2026