Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An bhréagaisnéis a chomhrac

Ábhar a cuireadh sa chartlann

Níl na leathanaigh ghréasáin sa rannán seo á nuashonrú a thuilleadh. D’fhéadfadh an t-ábhar a bheith as dáta agus níor cheart é a úsáid ach amháin chun tagairt don ábhar mar a bhí sé tráth a fhoilsithe.

Vacsaíní: an fhírinne a scagadh ón mbréag

An bhfuil amhras ort faoi chuid de na scéalta atá léite agat? Seo a leanas na fíricí:

Syiringe

Mar gheall ar phráinn na géarchéime seo faoi láthair, tá an tAontas ag glacadh na gcéimeanna is gá lena chinntiú go gcloífidh vacsaíní in aghaidh COVID-19 le caighdeáin arda an Aontais maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht agus go gcuirfear ar fáil iad a thúisce is féidir dóibh siúd ar fad a bhfuil gá acu leo.

Tá vacsaíní ar cheann de na héachtaí móra atá déanta i réimse na sláinte poiblí. Sábhálann siad beatha 2-3 mhilliún duine ar a laghad gach bliain ar fud an domhain, agus go leor eile ón tinneas tromchúiseach agus ón tinneas fadtéarmach. Féachann an tAontas lena chinntiú nach gcuirfear ar fáil don phobal ach vacsaíní in aghaidh COVID-19 a chomhlíonann na caighdeáin arda sábháilteachta agus éifeachtúlachta atá ag an Aontas. Tháinig an Coimisiún ar roinnt Comhaontuithe Réamhcheannaigh le forbróirí vacsaíní agus chinntigh sé dóthain dáileoga vacsaíní chun saoránaigh uile an Aontais a vacsaíniú. Na vacsaíní go léir a fhaigheann údarú ón gCoimisiún tar éis meastóireacht ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, beidh siad le feiceáil ar an leathanach gréasáin Vacsaíní Sábháilte in aghaidh COVID-19 do mhuintir na hEorpa, áit a bhfeicfear freisin na vacsaíní ar a bhfuil meastóireacht á déanamh ag an EMA nó atá á bhforbairt faoi láthair.

Cabhraíonn vacsaíní chun daoine a chosaint ar ghalair dhíobhálacha. Le linn phaindéim an choróinvíris tá maíomhanna neamheolaíocha á scaipeadh ag daoine áirithe i gcoinne vacsaíní. Baineann sin leas as an eagla atá ar dhaoine, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte an phobail. Eolas míthreorach, teoiricí nach bhfuil bunús eolaíoch leo agus maíomhanna gan chruthú a deir go modhnaíonn vacsaíní DNA nó go nimhíonn siad na daoine a fhaigheann iad, cothaíonn sin drogall i measc an phobail agus cuireann sé daoine ón vacsaín a fháil.

Slógadh earnáil na heolaíochta ar dhóigh nach bhfacthas riamh roimhe agus tá cuma na maitheasa ar na torthaí. Tá an coróinvíreas an-chontúirteach agus téann sé i bhfeidhm ar ár modhanna maireachtála. Dá bhrí sin, dhírigh pobal taighde leighis an domhain ar vacsaíní sábháilte éifeachtacha a fhorbairt agus bhí sé in ann iad a chur ar fáil níos tapúla ná riamh. In ainneoin na práinne sin, is gá don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar na vacsaíní féideartha chun a chinntiú go bhfuil siad éifeachtach, sábháilte agus ar ardchaighdeán sula gcuirfear ar fáil don phobal iad. A bhuí le slógadh ollmhór acmhainní agus saineolais ag gach céim, cuireadh dlús leis na próisis forbartha, mheastóireachta agus údaraithe.

    plane

    Tá Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ag cur ar a gcumas do mhuintir uile na hEorpa taisteal go sábháilte san Aontas agus thar lear, le haghaidh na hoibre nó ar laethanta saoire.

    Chuir an Coimisiún Eorpach togra reachtach i láthair maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, ar deimhniú é a chuireann cruthúnas ar fáil go bhfuil duine vacsaínithe in aghaidh COVID-19, go bhfuair sé toradh diúltach tástála nó go bhfuil sé tagtha chuige féin ó COVID-19. Is é is aidhm don deimhniú saorghluaiseacht shábháilte na saoránach a éascú ar fud Bhallstáit an Aontais. Níl ann ach tacar íosta faisnéise chun stádas vacsaínithe, tástála nó téarnaimh an tsealbhóra a dhearbhú. Tá an deimhniú saor in aisce agus is mar chód QR, i bhfoirm dhigiteach nó ar pháipéar, a chuirtear ar fáil é.

    Tá síniú digiteach sa chód QR chun an deimhniú a chosaint ar fhalsú. Nuair a sheiceáiltear an deimhniú, déantar an cód QR a scanadh agus an síniú a fhíorú. Tá tairseach lena chinntiú gur féidir sínithe na ndeimhnithe uile a fhíorú ar fud an Aontais forbartha ag an gCoimisiún Eorpach. Ní chuirfear sonraí pearsanta shealbhóir an deimhnithe tríd an tairseach.

    Is iomaí míthuiscint atá ann i dtaca le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, ó theoiricí comhcheilge agus mífhaisnéis go dtí ábhair imní agus ceisteanna dlisteanacha eile. Tá sé á mhaíomh go n-úsáidfear an deimhniú chun srian taistil a chur ar dhaoine nach bhfuil vacsaínithe, ach níl sé sin fíor. Tá an neamh-idirdhealú ar cheann de chroíphrionsabail Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais: aon Bhallstát a cheanglaíonn ar dhuine cruthúnas vacsaínithe a chur ar fáil, ceanglaítear ar an mBallstát sin glacadh le toradh tástála diúltach nó le deimhniú téarnaimh ó COVID-19 faoi na coinníollacha céanna freisin. Ní chuireann an deimhniú srianta breise i bhfeidhm i dtaca le cúrsaí taistil agus ní chuireann sé cosc air; ina ionad sin déanann sé an taisteal laistigh den Aontas Eorpach níos éasca.

    Níos tábhachtaí arís, is beart sealadach é Deimhniú Digiteach COVID an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún an beart sin ar fionraí a luaithe a bheidh sé dearbhaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil paindéim COVID-19 thart.

    Syiringe

    Má bhíonn ann d’fho-iarmhairtí vacsaíní, is minic nach mbíonn siad ródhona agus ní mhaireann siad ar feadh i bhfad.

    Ní ó vacsaíní amháin a thagann fo-iarmhairtí. Tá a fhios againn go mbíonn fo-iarmhairtí ann ó chógais eile, agus go mbíonn cuid acu níos tromchúisí ná cinn eile. An chuid is mó den am áfach, ní bhaineann fo-iarmhairtí leo. I gcásanna eisceachtúla a mbíonn fo-iarmhairtí ann, is mion-fho-iarmhairtí iad den chuid is mó agus ní mhaireann siad ar feadh i bhfad. Is amhlaidh atá i gcás vacsaíní in aghaidh COVID-19 freisin. I measc na bhfo-iarmhairtí coiteanna a bhaineann le vacsaín ar bith, tá pian éadrom shealadach nó at san áit a bhfuarthas an t-instealladh, tuirse, fuacht, samhnas, caitheamh aníos agus fiabhras. Níos lú ná duine amháin as gach deichniúr, d’fhéadfadh gríos craicinn, aodh thochais nó deirge teacht orthu timpeall ar an áit a bhfuair siad an t-instealladh. Is annaimhe arís tochas san áit a bhfuarthas an t-instealladh – ní tharlaíonn sé sin ach i nduine amháin as gach céad. Liosta iomlán de na fo-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, tá an liosta sin ar fáil i gcás na vacsaíní a d’fhorbair BioNTech-Pfizer, Moderna, AstraZeneca, agus Janssen, agus is féidir leat dul i dteagmháil le do dhochtúir freisin le haghaidh tuilleadh eolais.

    Is cinnte gur cheart caitheamh go dáiríre le gach cás a bhfuil amhras ina leith maidir le fo-iarmhairtí tromchúiseacha mar fhreagairt ar vacsaín in aghaidh COVID-19, ach mar sin féin níor cheart duit breith thobann a thabhairt ar chúrsaí. Fiú má bhíonn siomptóm éigin ort go gairid tar éis duit an vacsaín a fháil, ní hionann sin is a rá gurb é an vacsaín féin is cúis leis; an-seans nach bhfuil baint ar bith ag an vacsaín leis agus nach bhfuil ann ach comhtharlú mí-ámharach. Is é an t-aon chaoi le bheith cinnte de gur fo-iarmhairt vacsaíne is cúis leis ná fanacht go dtí go bhfuil grinnscrúdú déanta ag gairmithe cúraim sláinte ar gach duine is faighteoir den vacsaín sin iad, agus ansin na fíorchásanna fo-iarmhairtí a scagadh ó na cásanna nach bhfuil aon bhaint ag an vacsaín leo.

    Má cheapann tú go bhfuil fo-iarmhairtí díobhálacha á bhfulaingt agat tar éis duit vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil, déan é sin a thuairisciú le do dhochtúir.

    Icon with three people holding hands under the globe

    Na hothair atá ag glacadh páirt sna trialacha cliniciúla ar vacsaíní in aghaidh COVID-19, déanann siad ionadaíocht do na daoine a bhainfidh úsáid as na vacsaíní má fhaigheann siad údarú.

    I ngeall ar ardchaighdeáin sábháilteachta agus éifeachtúlachta an Aontais i dtaca le haon vacsaín nua, vacsaíní in aghaidh COVID-19 san áireamh, ní mór go n-éireoidh leo i ndiantrialacha cliniciúla. Ní mór don mhonaróir ansin na sonraí ó na trialacha cliniciúla sin a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí. Ansin, déanann an EMA athbhreithniú ar na sonraí sula ndéanann sí cinneadh ar cheart an vacsaín a mholadh don Choimisiún Eorpach lena húsáid. Ceann de na rudaí ar a ndéanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach scrúdú ná an grúpa othar ar a ndearnadh tástáil le linn na dtrialacha cliniciúla. Chun go mbeidh trialacha cliniciúla in ann a fhíorú go bhfuil vacsaín in aghaidh COVID-19 sábháilte éifeachtach, ní mór go ndéanfaidh rannpháirtithe na dtrialacha ionadaíocht don ghrúpa daoine a gheobhaidh an vacsaín má dhéantar í a fhormheas. Dá bhrí sin, ghlac grúpa an-éagsúil rannpháirtithe páirt i dtrialacha cliniciúla (daoine a bhí éagsúil ó thaobh eitneachta, aoise agus inscne de). Rinne rannpháirtithe na dtrialacha cliniciúla ionadaíocht freisin don ghrúpa ardriosca agus léirigh na torthaí gur coinníodh ardleibhéil sábháilteachta agus éifeachtúlachta i measc na ngrúpaí go léir.

    Tá go leor mífhaisnéise ann i dtaca le fo-iarmhairtí amhrasta na vacsaíne i gcás mná atá ag iompar clainne. Is fíor go bhfuil na sonraí maidir le húsáid vacsaíní in aghaidh COVID-19 le linn toirchis an-teoranta ach is amhlaidh atá i ngeall nach nglacann mná atá ag iompar clainne páirt i staidéir ó tharla go mbíonn tionchar ag toircheas ar chóras imdhíonachta na mban sin. Mar sin féin, léirigh staidéir a rinneadh ar ainmhithe nach raibh aon iarmhairtí díobhálacha ann le linn toirchis agus ní mheasann na saineolaithe go mbeidh ann dóibh i gcás na mban. D’ainneoin sin, is ceart an cinneadh a dhéanamh maidir le vacsaín a thabhairt do bhean atá ag iompar clainne a dhéanamh tar éis dianphlé le gairmí cúraim sláinte lena ndéantar na buntáistí agus na rioscaí a mheas. Leanfaidh monaróirí vacsaíní ar aghaidh de mhonatóireacht ghéar a dhéanamh ar fhaighteoirí vacsaíní chun a chinntiú go bhfuil siad éifeachtach sábháilte go fadtéarmach.

    icon virus

    Is sealadach an imdhíonacht nádúrtha ó COVID-19 tar éis a ionfhabhtaithe agus ba cheart do dhaoine a bhí ionfhabhtaithe roimhe an vacsaín a fháil go fóill i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle lena ndochtúir.

    An fhianaise eolaíoch atá ann maidir le himdhíonacht nádúrtha ó COVID-19 tar éis a ionfhabhtaithe, is éard a thugann sé le fios nach maireann an imdhíonacht nádúrtha sin ar feadh i bhfad – léiríonn an chuid is mó de na meastacháin go mbíonn imdhíonacht nádúrtha ag duine a raibh COVID-19 air agus a tháinig slán uaidh ar feadh tréimhse idir sé go hocht mí. Bí ar an airdeall nuair a léann tú maíomhanna neamhfhíoraithe maidir le himdhíonacht nádúrtha ó COVID-19 tar éis an t-ionfhabhtú a fháil agus lean ort de bheith ag cloí leis na bearta cuí chun tú féin a chosaint ó ath-ionfhabhtú féideartha: coinnigh an spás cuí idir tú féin agus daoine eile, caith masc agus nigh do lámha go rialta. I gcás inar tháinig tú slán ó COVID-19 le déanaí, ba cheart duit dul i dteagmháil le do dhochtúir nó oifigigh áitiúla cúraim sláinte le fáil amach cén uair a gheobhaidh tú an vacsaín.

    Shield

    Tá vacsaíní á ndáileadh ar an luas céanna agus is féidir iad a tháirgeadh ar fud an domhain.

    Braitheann rátaí vacsaínithe sna Ballstáit ar an iliomad rudaí, agus ceann acu sin is ea táirgeadh na vacsaíní agus iad a dháileadh ó na monaróirí ar na Ballstáit. Bhí an Coimisiún airdeallach air sin agus, an-luath sa phaindéim, chuir sé tacaíocht airgeadais ar fáil d’fhorbróirí vacsaíní chun cuidiú leo a n-acmhainneacht táirgeachta a mhéadú mar mhalairt ar ghealltanas uathu na billiúin dáileog den vacsaín a sholáthar. Tá conarthaí údaraithe ag an gCoimisiún le roinnt monaróirí éagsúla vacsaíní, agus tá ordú curtha isteach aige le haghaidh 2.3 billiún dáileog de vacsaíní amach anseo chun gur mó an seans atá aige an vacsaín nó na vacsaíní is fearr a fháil. Cheannaigh an tAontas dáileoga de vacsaíní a luaithe a chuir na monaróirí an fhéidearthacht sin ar fáil dó.

    Seoladh na chéad dáileoga den vacsaín chuig na Ballstáit roimh na Laethanta Eorpacha Vacsaínithe an 27-29 Nollaig 2020, ach braitheann dáileadh na vacsaíní ón uair sin i leith ar eagraíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha agus ar ullmhacht na n-eagraíochtaí sin freisin. 

    icons_eu-12_small.png

    Is iad na Ballstáit atá freagrach as beartais sláinte. Déanann an Coimisiún saincheisteanna trasteorann a chomhordú agus cuireann sé tacaíocht ar fáil.

    Tugann an Coimisiún Eorpach tacaíocht do thíortha na hEorpa agus cuidíonn sé chun iarrachtaí a chomhordú le linn géarchéimeanna. Tríd an gcomhordú a mhéadú idir tíortha na hEorpa, ár ngníomhaireachtaí leighis agus eolaíochta a neartú agus tionscnaimh a sheoladh ar nós na Straitéise Cógaisíochta don Eoraip, tá an Coimisiún ag ullmhú do ghéarchéimeanna trasteorann sláinte a bheidh ann amach anseo. I réimse na sláinte, is ag na Ballstáit a bheidh an phríomhinniúlacht i gcónaí agus is iad atá freagrach as a mbeartais féin.

    icons_eu_disinformation-16_small_0.png

    Déantar diantástáil agus athbhreithniú piaraí roinnt uaireanta ar vacsaíní in aghaidh COVID-19 sula ndéantar iad a fhormheas.

    Tá an próiseas formheasta vacsaíní mionchúiseach agus trédhearcach araon. Is gá vacsaíní in aghaidh COVID-19 a chur faoi thrí chéim de thrialacha cliniciúla agus is gá dóibh ardchaighdeáin a chomhlíonadh sula dtabharfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) moladh eolaíoch dearfach ina leith agus go n-údaróidh an Coimisiún Eorpach iad lena n-úsáid ag an bpobal, faoi mar a dhéantar le gach vacsaín eile. Déanann na cuideachtaí cógaisíochta na trialacha cliniciúla sin de réir caighdeáin atá leagtha síos ag EMA chun fíorú a dhéanamh ar éifeachtaí na gcógas atá á dtástáil agus chun leas na ndaoine is ábhar do na trialacha a chosaint. Ina theannta sin, cláraítear gach triail chliniciúil sa bhunachar sonraí Trialacha Cliniciúla an Aontais (EudraCT), áit a gcuirtear faisnéis faoi thrialacha cliniciúla ar fáil go poiblí. Is próiseas trédhearcach é toisc gur féidir le duine ar bith rochtain a fháil ar na sonraí.

    Rinneadh an próiseas forbartha vacsaíní i bhfad níos éifeachtúla (gan caighdeáin éifeachtúlachta ná sláinte a chur i mbaol) trí thrialacha cliniciúla a reáchtáil ag an am céanna, le níos mó daoine deonacha ná mar a bhíonn ann de ghnáth, agus trí níos mó acmhainní a leithdháileadh ar thaighdeoirí. Rinneadh an próiseas níos éifeachtúla freisin trína chur ar a gcumas d’fhorbróirí vacsaíní torthaí a dtrialacha a sheoladh isteach chuig EMA ar bhonn rollach le linn chéim an taighde agus na forbartha. Go hiondúil níor seoladh sonraí na dtrialacha cliniciúla isteach lena n-athbhreithniú go dtí go raibh céim an taighde agus na forbartha curtha i gcrích. Dá thoradh sin glacann sé níos lú ama ar EMA tuairim a thabhairt maidir leis an vacsaín tar éis don fhorbróir cur isteach ar an údarú margaíochta, ós rud é go bhfuil formhór na meastóireachta déanta cheana féin. Ní ghéilltear an cháilíocht ar mhaithe leis an tseiftiúlacht.

    icon virus

    Dála gach cineáil eile vacsaíne, insíonn vacsaíní in aghaidh COVID-19 do do chóras imdhíonachta conas do chorp a chosaint ar an víreas a bhfuil tú ag vacsaíniú ina aghaidh.

    Oibríonn vacsaíní trí chuid bheag den víreas díobhálach, ach é marbh, a chur isteach i do chorp ionas gur féidir leat imdhíonacht a chothú gan ionfhabhtú a fháil. Leis sin cosnaítear muid ar ionfhabhtuithe den víreas beo féin a d’fhéadfaimis a fháil amach anseo.

    Is féidir leis na cealla inár gcorp an cód géiniteach, is é sin an DNA, a léamh agus cruthaítear treoracha géiniteacha sealadacha i bhfoirm RNA dá réir, lena n-insítear don chorp conas próitéiní a fhás atá ag teastáil ó na cealla chun fás a dhéanamh agus chun iad féin a dheisiú. A luaithe a chruthaítear na próitéiní, déantar an RNA a dhíghrádú. I gcás na vacsaíní a rinne Pfizer-BioNTech agus Moderna, aithníodh an phróitéin shonrach (an ‘spícephróitéin’) lena mbíonn an coróinvíreas in ann cealla sláintiúla daoine a ionfhabhtú. Is é a dhéanann na vacsaíní sin RNA modhnaithe – mRNA – a thabhairt do na cealla a insíonn dóibh an spícephróitéin sin a chruthú, gan an chuid eile den víreas. Mar thoradh air sin bíonn freagairt imdhíonachta ag an gcorp don spícephróitéin ach d’fhéadfadh sé go dtógfadh sin roinnt mhaith ama an chéad uair a thugtar don chorp é. Tríd an bpróiseas sin foghlaimíonn ár gcorp conas an phróitéin sin a aithint tar éis an vacsaínithe agus féadfaidh sé na hantasubstaintí a thabhairt ar ais agus a tháirgeadh a theastaíonn uaidh chun an phróitéin a ruaigeadh níos tapúla sa chás ina mbeadh fíor-ionfhabhtú ann sa todhchaí.

    Níl aon fhianaise ann go bhféadfadh an próiseas sin dochar a dhéanamh dár gcealla féin.

    Syiringe

    Má bhíonn fo-iarmhairtí ag dul le vacsaíní a ceannaíodh faoi Straitéis an Aontais um Vacsaíní, is iad na cuideachtaí cógaisíochta atá faoi dhliteanas ina leith

    Is leis an gcuideachta ag a bhfuil an t-údarú margaíochta a bhaineann an dliteanas táirge i gcónaí. Is iad na cuideachtaí atá freagrach as sábháilteacht a dtáirgí, agus tá oibleagáidí sonracha orthu, cuir i gcás an oibleagáid chun plean faireacháin riosca iomlán a chur i bhfeidhm, an oibleagáid chun aon éifeachtaí díobhálacha atá ag an táirge a thuairisciú agus an oibleagáid chun na bearta leantacha is gá a dhéanamh. Is fíor gur choigeartaigh an tAontas cuid de na rialacha a bhaineann le vacsaíní ionas go mbeadh sé in ann vacsaín shábháilte éifeachtach a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama níos giorra. Mar sin féin, tá na rialacha maidir le caighdeáin sábháilteachta chomh dian céanna agus a bhí siad riamh agus tá feidhm ag an Treoir um Dhliteanas Táirgí go fóill. Lena rá ar bhealach eile, aon mhaíomhanna a deir nach mbeadh na monaróirí vacsaíní faoi dhliteanas i leith fo-iarmhairtí de réir na gconarthaí a rinne an Coimisiún a chaibidliú leo, is maíomhanna bréagacha iad amach is amach.

    Is le córas monatóireachta cógas an Aontais Eorpaigh atá seanbhunaithe a dhéanfar monatóireacht ghrinn ar shábháilteacht agus éifeachtacht na vacsaíní atá údaraithe lena n-úsáid in aghaidh COVID-19. Is gá fanacht sula mbeifear in ann a dheimhniú a mhéid a éiríonn leis an vacsaín éifeachtaí fadtéarmacha a spreagadh. Is minic a thagann riocht sláinte gan choinne ar dhuine ag an am céanna a fhaigheann sé vacsaín, rud a fhágann go nglactar leis gurb í an vacsaín ba chúis leis an riocht sláinte gan choinne. Na vacsaíní nua a fhormheastar in aghaidh COVID-19, déanfar monatóireacht leanúnach orthu lena fháil amach an í an vacsaín féin is cúis leis na fo-iarmhairtí amhrasta nó an é nach bhfuil baint eatarthu, agus lena n-éifeachtúlacht fhadtéarmach a mheas. Leanfaidh na monaróirí vacsaíní de bheith faoi dhliteanas agus beifear ag súil leis go ndéanfaidh siad faireachán ar éifeachtaí fadtéarmacha a gcuid vacsaíní go ceann i bhfad tar éis iad a thabhairt do dhaoine.

    Shield

    Má tá go leor fianaise iontaofa ann lena thaispeáint go gcomhlíonann vacsaín in aghaidh COVID-19 ardchaighdeáin an Aontais ó thaobh sábháilteachta agus éifeachtachta de, molfaidh an tAontas í a úsáid, beag beann ar cé a mhonaraigh í.

    Tá sé á mhaíomh i mbréagaisnéis atá fabhrach don Chreimil go bhfuil an tAontas ag baint d’iarrachtaí tíortha eile. Ardchaighdeáin Eorpacha maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht atá leagtha síos ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, is gá cloí leo sin chun vacsaíní a chur ar an Margadh Inmheánach. Faoi láthair, tá vacsaín Sputnik V na Rúise in aghaidh COVID-19 faoi athbhreithniú rollach ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, a gcinnfidh a moladh cé acu a údaróidh nó nach n-údaróidh an Coimisiún Eorpach an vacsaín lena húsáid san Aontas.

    Chomh maith leis sin, le fada an lá tá feachtais bhréagaisnéise a bhfuil tacaíocht na Creimile acu ar siúl san Eoraip agus thar lear, rud a bhfuil go leor fianaise tugtha ag EUvsDisinfo mar gheall air. Mar shampla, fuarthas amach go raibh an vacsaín Sputnik V á cur chun cinn i Meiriceá Laidineach ag gníomhaithe atá fabhrach don Chreimil agus go raibh siad ag iarraidh an bonn a bhaint de vacsaíní eile ag an am céanna.

    Ag deireadh an lae, bheadh an tAontas Eorpach toilteanach vacsaín a úsáid as áit ar bith ar domhan ach bheadh uirthi cloí leis na hardchaighdeáin Eorpacha maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht atá leagtha síos ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

      COVID-19: an fhírinne a scagadh ón mbréag

      An bhfuil amhras ort faoi chuid de na scéalta atá léite agat? Seo a leanas na fíricí:

      Syiringe

      Tá an chuid is mó den lucht eolaíochta agus de lucht déanta beartas ar aon intinn le chéile go sábhálann an dianghlasáil beatha daoine, ach nach bhfuil sé indéanta é a úsáid go fadtéarmach chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim.

      Is do shláinte agus do shlite beatha daoine a thabharfaidh an tAontas agus a chuid Ballstát uile tús áite i gcónaí. Le linn na paindéime go léir, b’éigean d’fhormhór na dtíortha ar fud na hEorpa bearta dianghlasála sealadacha a chur i bhfeidhm chun líon ard na gcásanna nua a bhainistiú. Is le leas gach duine na tréimhsí dianghlasála a choinneáil chomh gearr agus is féidir nuair a chuirtear i bhfeidhm iad, ach ní bheifear in ann sin a dhéanamh ach amháin má dhéanann siad an beart, is é sin: líon na n-ionfhabhtuithe nua a laghdú go suntasach. Stop a chur le leathadh an choróinvíris, bíonn sin ag brath freisin ar cé chomh dlúth is a leanann daoine na treoirlínte faoin víreas, cuir i gcás masc a chaitheamh i measc an phobail agus an scaradh sóisialta a chleachtadh.

      Is eol do lucht déanta beartas agus don lucht eolaíochta go bhfuil an dianghlasáil costasach agus nach rogha fhadtéarmach í ó tharla go mbíonn tionchar díréireach aici ar dhaoine bochta, ar theaghlaigh a bhfuil páistí óga acu agus ar oibrithe nach féidir leo a bheith ag obair sa bhaile. Is troime an t-ualach ar an ngeilleagar de thoradh na dianghlasála agus déantar dochar do mheabhairshláinte agus d’fholláine daoine dá barr freisin. Is gá bearta dianghlasála sealadacha a dhéanamh i gcásanna áirithe chun go leor ama a thabhairt do na seirbhísí cúraim sláinte le smacht a fháil ar chúrsaí agus an cás is measa a sheachaint.

      Scaiptear an coróinvíreas trí theagmháil le braoiníní leachtacha agus trí tharchur níos faide i bhfoirm aerasól, go háirithe nuair atá drochaeráil ann. Dá bhrí sin, is é srian a chur leis an teagmháil idir daoine an bealach is fearr chun na slabhraí ionfhabhtaithe a bhriseadh. Dá ligfí don choróinvíreas scaipeadh gan smacht, ní bheadh na seirbhísí cúraim sláinte in ann freastal ar an éileamh, rud a bhféadfadh rátaí básmhaireachta níos airde a bheith mar thoradh air.

        icon medical

        Bí ar an airdeall ar aon duine ar líne a mhaíonn go bhfuil ‘leigheas míorúilteach’ faighte aige

        Má leantar comhairle leighis ó fhoinsí nach bhfuil iontaofa nó nach bhfuil cur amach agat orthu, d’fhéadfaí do shláinte a chur i mbaol. Na vacsaíní a fhaigheann údarú ón gCoimisiún Eorpach lena n-úsáid, ná déan dearmad go mbeidh siad le feiceáil ar an leathanach gréasáin tiomnaithe le haghaidh Vacsaíní sábháilte in aghaidh COVID-19. Na vacsaíní ar fad a liostáiltear ansin, tugadh údarú dóibh tar éis don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach meastóireacht chúramach a dhéanamh orthu agus faoi láthair tá athbhreithniú á dhéanamh aici freisin ar vacsaíní atá forbartha ag cuideachtaí cógaisíochta eile. Is ceart duit a bheith amhrasach faoi aon duine a mhaíonn go bhfuil cóireáil acu le haghaidh an choróinvíris nár fhormheas an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach nó nár mhol d’údaráis sláinte náisiúnta duit. Mura mbeadh muinín agat as de ghnáth, ná cuir muinín ann anois!

        Cuimhnigh ort féin go maith sula roinneann tú eolas a fheiceann tú ar na meáin shóisialta faoi leigheas agus cóireáil, agus déan gach eolas faoi fhorbairtí nua a cheadú le foinsí iontaofa. Mar shampla de sin, tá an cur agus cúiteamh faoi hiodrocsa-chlóracuín, druga a úsáidtear chun maláire a chosc agus a leigheas, druga a bhfuil iomrá mór air in ainneoin fianaise ó staidéir rialaithe a léiríonn go dtí seo gur druga gan éifeacht atá ann in aghaidh an choróinvíris. Ná húsáid an druga sin ná aon ‘leigheas míorúilteach’ eile. An t-eolas is déanaí faoi gach cóireáil agus cógas leighis a d’fhéadfadh a bheith ann in aghaidh COVID-19, tá sé le fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.

        mobile phone icon

        Ní ar líonraí fón póca a scaipeann an coróinvíreas, ach ó dhuine go duine sna braoiníní a bhíonn ann nuair a ligtear sraoth nó casacht nó anáil thar béal.

        Is bréag forleathan ar líne gurb é cur i bhfeidhm na líonraí 5G is cúis le paindéim an choróinvíris. Ní fíor sin. Is dhá cheist 5G agus an coróinvíreas atá nua go leor, iad dofheicthe araon, rud a thapaíonn na teoiricí comhcheilge atá ann, rud a chothaíonn an nasc bréige atá á shamhlú eatarthu is dócha. Níl i dteicneolaíocht 5G ach an chéad ghlúin eile de líonraí móibíleacha agus, ach oiread leis na líonraí 4G atá ann faoi láthair, ní féidir léi idirghníomhú le víreas. Úsáideann 5G tonnta raidió chun gléasanna éagsúla a nascadh le chéile agus ní veicteoir de chuid an choróinvíris é. Is i mbraoiníní leachtacha, agus iontu sin amháin, a mhaireann an coróinvíreas. Seo fianaise is críochnúla ná sin in éadan mhiotas seo leathadh an choróinvíris ar fud an domhain: tá líonraí 5G gan tógáil go forleathan fós. Tíortha go leor nach bhfuil líonra 5G acu, tá ráigeanna móra den choróinvíreas tarlaithe i measc an phobail iontu. Níl gaol ná ceangal idir an coróinvíreas agus líonraí 5G, agus sin í fírinne an scéil i mbeagán focal.

        Daoine a chosaint, sin í príomhthosaíocht an Aontais Eorpaigh, agus sin é an fáth a leanann an tAontas an cur chuige “is fearr glas ná amhras” i dtaca lena theorainneacha nochta 5G. Déanta na fírinne, tá teorainneacha nochta an Aontais le haghaidh an phobail mhóir, teorainneacha nochta 5G san áireamh, 50 uair níos ísle ná na leibhéil nochta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shláinte daoine (de réir na fianaise eolaíche atá ar fáil). Is gá do gach suiteáil 5G na caighdeáin an-ard sin a bhaint amach sula gceadófar dóibh oibriú. Mura bhféadfaí dul i muinín 5G gan sláinte agus folláine mhuintir na hEorpa a chur i mbaol, ní mholfadh an tAontas é a úsáid, agus chuirfeadh na Ballstáit cosc air.

        Icon with three people holding hands under the globe

        Tá plean comhordaithe ag an Aontas Eorpach le gur féidir leis an Eoraip téarnamh, trí thacú le daoine agus le gnólachtaí agus trí leanúint d’aghaidh a thabhairt ar ábhar imní sláinte san am céanna.

        Tá an tAontas ag díriú a dhíchill ar athmhúscailt an gheilleagair agus ar bhreis cothroime, breis glaise agus breis digitithe san Eoraip. Tá Plean Téarnaimh dar luach €1.8 trilliún ag an Eoraip a thabharfaidh slán ón ngéarchéim í, plean a thacóidh leis an iliomad earnálacha Eorpacha agus iad ag éirí amach arís tar éis na dianghlasála. Mar chuid den Phlean tá cláir mhóra ar nós NextGenerationEU a chinnteoidh go mbeidh an téarnamh inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus cothrom do chách – daoine a chónaíonn i gceantair thuaithe agus daoine ar bhuail an ghéarchéim go dona iad san áireamh. Bhí lámh ag gach Ballstát i gcruthú na hionstraime NextGenerationEU, agus méadóidh sí an ghníomhaíocht eacnamaíoch ar fud an Aontais. Chun cistí a fháil ní mór athchóirithe eacnamaíocha a achtú gan bearta déine a chur i bhfeidhm.

        Is mian leis an Aontas fós deimhin a dhéanamh de go bhféadfaidh na saoránaigh leanúint orthu ag taisteal san Eoraip gan iad féin a chur i mbaol a n-ionfhabhtaithe ón víreas. Seoladh an t-ardán gréasáin Re-open EU ar dtús chun cabhrú le muintir na hEorpa taisteal le linn phaindéim an choróinvíris ach tá suíomh ilfhreastail déanta de ó shin ar ar féidir teacht ar eolas faoi bhearta sláinte, srianta agus deiseanna taistil ar fud an Aontais. Tá an tAontas agus na Ballstáit ag tabhairt tús áite do shábháilteacht agus d’fholláine na ndaoine.

        Syiringe

        Níl aon chomhcheilg ar chúl na hiarrachta domhanda chun an phaindéim a chosc – tá eolaithe ag iarraidh teacht ar vacsaíní do gach duine

        Má chloiseann tú teoiric a chuireann an milleán go lag leatromach ar dhream faoi leith as na fadhbanna ar fad atá ann, ná cuir muinín sa teoiric sin gan do mhachnamh féin a dhéanamh ar dtús. Is rud an-tarraingteach an teoiric chomhcheilge mar tugann sí freagra róshimplí agus ródhíreach ar cheisteanna casta. Bíonn múnla seanchaite orthu mar theoiricí, agus is ar an ‘namhaid’ so-aitheanta a bhíonn siad dírithe. Bíonn treoirphleananna foirmleacha intuartha faoina mbonn agus úsáidtear na treoirphleananna céanna sin le haghaidh cásanna éagsúla – ní athraítear ach na gníomhairí. Ná lig do na réitigh róshimplí bhréagacha sin ar an ngéarchéim chasta sláinte seo an dallamullóg a chur ort.

        Tá teoiric amháin ann, teoiric nach bhfuil fianaise dá laghad ag dul léi, teoiric a mhaíonn gurb é Bill Gates a chruthaigh an coróinvíreas mar chuid de scéim urchóideach éigin. Ní fíor sin ar ndóigh. Le fada an lá tá Fondúireacht Bill agus Melinda Gates ag troid chun galair chontúirteacha a dhíothú ar fud an domhain, póilió mar shampla. Ionas go bhféadfar an coróinvíreas a chloí, tá $125 mhilliún bronnta ag an bhFondúireacht chun cabhrú leis an gcomhghuaillíocht neamhspleách idirnáisiúnta le diagnóisic, teiripí agus vacsaíní a fhorbairt agus a chur ar fáil le déileáil leis an gcoróinvíreas. Ina theannta sin, cuireadh agus tacaíodh go gníomhach tríd an bhfondúireacht le maratón gealltanas na Freagartha Domhanda ar an gCoróinvíreas a sheol an Coimisiún Eorpach an 4 Bealtaine, beart inar cláraíodh €15.9 billiún i ngealltanais as deontóirí. Ba é an aidhm a bhí leis sin cistí a thiomsú chun diagnóisic, córacha leighis agus vacsaíní a fhorbairt agus a chur ar fáil go hidirnáisiúnta le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. Ar ndóigh, is gá trialacha cliniciúla cuimsitheacha a dhéanamh ar aon vacsaín in aghaidh an choróinvíris sula ndéanfar í a fhormheas.

          icon data protection

          Is ag an Aontas atá cuid de na rialacha is láidre ar domhan maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas. Is fíor sin fós ainneoin an choróinvíris.

          Fágann teicneolaíochtaí digiteacha go mbíonn beatha na ndaoine á gcosaint agus á sábháil. Mar shampla, úsáid dheonach aipeanna rianaithe agus rabhaidh le haghaidh an choróinvíris, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith aige sin i ngach céim den ghéarchéim agus d’fhéadfadh sé cur leis na bearta eile ar nós tástáil bhreise, go háirithe nuair a bhíonn borradh faoi líon na gcásanna arís. D’fhéadfadh aipeanna den sórt sin cabhrú chun cosc a chur le leathadh an víris trí shlabhraí ionfhabhtuithe a bhriseadh agus trí fholáireamh a thabhairt d’úsáideoirí atá tar éis a bheith an-chóngarach do dhuine ionfhabhtaithe. Gach aip rianaithe dá bhfuil ann le haghaidh an choróinvíris, is gá go mbainfear úsáid astu go deonach, go mbeidh siad trédhearcach sábháilte, go bhfeidhmeoidh siad thar theorainneacha agus go ngéillfidh siad go hiomlán do phríobháideachas an duine.

          Chun éascaíocht a dhéanamh ar fheidhmiú ceart na n-aipeanna rianaithe teagmhálaithe, tá geata idir-inoibritheachta á óstáil ag an gCoimisiún: an t-infreastruchtúr digiteach is gá le cinntiú gur féidir le freastalaithe aipeanna náisiúnta faisnéis a chur ó fhreastalaí go chéile. Sin réiteach a chlúdaíonn formhór na n-aipeanna rianaithe a seoladh san Aontas, réiteach a thabharfaidh tacaíocht do thaistealaithe gnó agus do thurasóirí araon taisteal tríd an Eoraip an dá lá a bheidh an phaindéim gan cheansú.

            disinfo

            Coinníonn maisc aghaidhe folláin thú, tá siad iomlán sábháilte agus ba cheart an leas cuí a bhaint astu agus iad a dhiúscairt go ciallmhar tar éis a n-úsáide.

            Is mian linn go léir sinn féin a chosaint ar an gcoróinvíreas, agus cuideoidh maisc aghaidhe linn sin a dhéanamh le linn na paindéime seo ach iad a úsáid i gceart. Is féidir leo srian mór a chur le scaipeadh an choróinvíris, go háirithe i spásanna iata. Má bhíonn ionfhabhtú ort tá seans ann nach mbeidh aon siomptóm ort, agus ar an dóigh sin d’fhéadfadh masc aghaidhe daoine eile a chosaint.

            Is comhlánú atá sa mhasc ar mhodhanna coisctheacha eile, níochán na lámh agus an scaradh sóisialta cuir i gcás, ach ní leor iad iontu féin le cosaint iomlán a chinntiú. Ní mór an masc a choinneáil ort i gceart agus é a bhaint díot go cúramach. Ní eascraíonn riochtaí ar nós hiopocsa (díth ocsaigine) nó hipearcaipnia (nimhiú dé-ocsaíde carbóin) as úsáid chuí masc aghaidhe. Déanann an tAontas Eorpach cinnte de go bhfuil na maisc a dháiltear trí shásraí tacaíochta an Aontais ar chaighdeán leordhóthanach trí thástáil a dhéanamh orthu roimh an seachadadh.

            icon magnified virus

            D’fhéadfadh sé go mbuailfeadh ionfhabhtú an choróinvíris duine ar bith agus go rachadh cúrsaí in aimhréidh ar dhaoine lena mbaineann riosca íseal go fiú.

            Bhí dúshlán mór dá cuid féin le sárú ag gach glúin san Eoraip riamh, agus is é an coróinvíreas dúshlán na glúine dar di sinn féin. Is bagairt mhór atá sa choróinvíreas de bharr a thógálaí agus atá sé. Níl duine ar bith nach bhféadfaí a ionfhabhtú leis, fiú daoine óga sláintiúla, rud a chuireann míle deacracht sa scéal.

            Tosaíocht do chosaint na beatha agus cosaint do shlite beatha na ndaoine, ag sin freagairt an Aontais agus é ag obair i gcomhar leis na Ballstáit chun eolas a chomhordú agus a roinnt, agus chun gach uirlis dá bhfuil ar fáil dó a úsáid chun an leathadh a mhoilliú agus chun teacht ar réitigh. Ní fios fós céard is cor don phaindéim le himeacht aimsire, ach ní mór dúinne a bheith ullamh pé cor é féin.

            Tá an t-aos óg agus daoine scothaosta araon i mbaol nuair nach bhfuil aird á tabhairt ar an gcomhairle oifigiúil. Rud eile, ní heol dúinn fós cén sliocht a bheidh ar an víreas go fadtéarmach. Tá lucht eolaíochta i mbun taighde fós, ach táthar dall ar ghnéithe go leor den víreas, agus dá bhrí sin an dochar a leanfaidh é is rud é nach féidir a mheas. Rud is fios áfach: d’fhéadfadh duine ar bith an víreas a tholgadh.

            Tá a chion féin le déanamh ag gach duine leis an víreas a chomhrac. Do dhá láimh a ní go maith, gan méar ná bos a chuimilt de d’éadan, an scaradh sóisialta a chleachtadh in áiteanna poiblí, maille le leithlisiú a dhéanamh má bhíonn siomptóim ort.

            icon data protection

            Na bearta imshrianta atá i bhfeidhm ar fud na hEorpa, is bearta sealadacha iad agus níl le tuiscint uathu go bhfuil deireadh á bheartú don daonlathas ná do luachanna na hEorpa.

            Tríd an scaradh sóisialta a chleachtadh agus na treoirlínte faoi COVID-19 a leanúint, is féidir beatha daoine a shábháil agus cosc a chur le leathadh an choróinvíris. Is ar an bhfianaise eolaíochta is déanaí agus ar na sonraí is déanaí atá ar fáil ag lucht cinnteoireachta na mBallstát atá na bearta sin bunaithe. Tá na rialtais náisiúnta agus an Coimisiún ar an eolas freisin faoin dóigh a bhfuil an dianghlasáil ag luí go trom ar dhaoine, ó thaobh na meabhairshláinte agus an gheilleagair de, agus tá siad tiomanta an víreas a chur faoi smacht agus an tAontas a athoscailt chomh luath agus is féidir.

            Is cuid lárnach de shamhail agus de dhóigh bheatha an Aontais iad bunluachanna Eorpacha amhail an tsaoirse ghluaiseachta agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh, agus tá na réimsí sin níos tábhachtaí ná riamh anois le linn na géarchéime seo. Ní chiallaíonn na bearta dianghlasála go bhfuiltear ag géilleadh i dtaca leis na luachanna sin ná go bhfuil deireadh ag teacht leo. Is bearta riachtanacha iad chun déileáil leis an méadú tapa atá ag teacht ar líon na gcásanna nua de COVID-19 le linn na paindéime. Gach uair a thagann laghdú ar líon na gcásanna nua agus a mbíonn siad ag leibhéal inghlactha, cuirtear deireadh leis na srianta sealadacha agus bíonn muintir na hEorpa in ann gluaiseacht gan bhac arís. Ní chuireann na Ballstáit na srianta sin i bhfeidhm ach amháin mar fhreagairt ar ghéarchéim. Is de thiomantas an Aontais Eorpaigh a chinntiú go bhfuil urraim á tabhairt do na luachanna sin ar fud an Aontais le linn na tréimhse anróití seo agus ina diaidh arís.

            robot

            Tá gá le tuilleadh fiosruithe chun bunús phaindéim COVID-19 a dhearbhú

            Tá sé níos tábhachtaí ná riamh a bheith ag obair i ndlúthpháirtíocht le tíortha eile ar fud an domhain leis an gcoróinvíreas a chomhrac. An bhréagaisnéis agus líomhaintí gan bhunús faoi fhoinse an choróinvíris, is furasta a dhéanfadh an dá rud sin dochar do na líonraí tacaíochta idirnáisiúnta, líonraí ríthábhachtacha, agus d’fhéadfaidís daoine go leor a chur i mbaol báis. Tacaíonn an tAontas Eorpach leis na hiarrachtaí domhanda chun bunús na paindéime a shainaithint, cuir i gcás Staidéar Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Bunús an Choróinvíris.

            Is de bhunús tréithchineáil coróinvíris (ar cineál víris ann féin é) é an galar COVID-19, tréithchineál ar a dtugtar Sars-CoV-2, agus tuairiscíodh don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte é an 31 Nollaig 2019 i Wuhan na Síne. Cúisíonn coróinvíris galair riospráide agus is féidir go dtarchuirtear iad ó ainmhithe go daoine. Ní fios go cinnte cad as a dtáinig an víreas. Mar sin féin, deirtear i Staidéar Domhanda EDS maidir le Bunús an Choróinvíris go bhfuil an fhéidearthacht ann nó gurb é is dóichí gur tras-seoladh zónóise díreach ba chúis leis. Ar an lámh eile, agus bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, ní dócha in aon chor gurb é timpiste saotharlainne ag Institiúid Víreolaíochta Wuhan ba chúis leis. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh fiosruithe chun bunús phaindéim COVID-19 a dhearbhú, gan aon fhéidearthacht a chur as an áireamh.

            Ní mór ceisteanna tábhachtacha riachtanacha a chur maidir le tuairisciú agus láimhseáil na ráige, ach an milleán a chur ar dhaoine eile mar gheall ar an ngalar gan údar, ní cuidiú ar bith é sin. Is i gcomhar le chéile agus ní ar aon bhealach eile is féidir leis an Eoraip, agus an domhan uile, paindéim an choróinvíris a shárú. Is freagracht chomhchoiteann an uile dhuine an tsláinte dhomhanda. Faisnéis ar bith a fhágtar ar lár, nó faisnéis sláinte poiblí nach gcomhroinntear in am, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an dá rud sin ar an domhan i gcoitinne.

            Small icon showing a radio signal inside a speech bubble

            Bíonn an tAontas ag obair i gcomhar agus i gcónaidhm leis na comharsana, agus má bhíonn faisnéis bhréige ann agus baol dochair dá réir, nochtfaimid daoibh foinsí na faisnéise sin.

            Má bhíonn faisnéis bhréige ann, bainfidh sé den chumas atá ionainn cinneadh a dhéanamh go stuama ciallmhar, mar plúchfaidh sé sinn le faisnéis atá ag dul in aghaidh a chéile, cuirfidh sé mearbhall orainn agus éiginnteacht. Is tromchúiseach an iarmhairt a bhíonn ar a leithéid sin, go deimhin tharlódh bagairt ann do shábháilteacht na ndaoine, tharlódh dochar ann don mhuinín atá á cur sna rialtais agus sna meáin, agus don ról domhanda atá againn féin. Bímid níos leochailí i dtaca leis an mbréagaisnéis nuair a bhímid faoi strus – agus tá daoine ann atá ag baint leas as paindéim an choróinvíris chun teacht i dtír orainn agus muid leochaileach.

            Tá sé faighte amach ag lucht anailíse in EUvsDisinfo go bhfuil eolas agus maíomhanna bréagacha á scaipeadh go gníomhach ar fud an domhain chun mearbhall agus mímhuinín a spreagadh i ndáil le freagairt na hEorpa ar an gcoróinvíreas. Tá roinnt gníomhaithe san iasacht, tríú tíortha ina measc, an Rúis agus an tSín go háirithe, ag díriú feachtais tionchair ar spriocanna faoi leith, agus feachtais faisnéise bréige faoin gcoróinvíreas san Aontas Eorpach, sa limistéar máguaird, agus ar fud an domhain, ós é is mian leo an díospóireacht dhaonlathach a chur ó mhaith, an deighilt shóisialta a chothú, agus dea-cháil a tharraingt orthu féin le linn an choróinvíris. Is í an fhreagairt is fearr na hiarrachtaí a nochtadh, na daoine atá freagrach astu a shainaithint agus an fhírinne a insint chomh luath agus chomh minic agus is féidir. Bíonn an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ag obair chun scaipeadh na bréagaisnéise faoin víreas a bhrath agus é a chur ar a súile do dhaoine.

            icon worldwide

            Níl aon bheann ag an víreas ar an tír is dúchas do dhuine. Níl ná beann ar an dath craicinn atá ar dhuine ná an pas atá ina phóca.

            I gcodanna éagsúla den domhan tá daoine ag iarraidh an milleán a chur ar ghrúpaí difriúla faoin gcoróinvíreas – tugann siad an víreas Eorpach, an víreas Síneach, an víreas Briotanach, an víreas Meiriceánach air. Is é fírinne an scéil gur sna braoiníní a bhíonn ann nuair a ligeann duine sraoth nó casacht nó anáil thar béal a scaipeann an víreas, is é sin duine a bhfuil ionfhabhtú air, agus ní rud é a bhaineann le daonra ná le grúpa ar leith. Má léann tú go bhfuil an víreas á scaipeadh d’aon ghnó ag imircigh nó ag grúpaí eitneacha ar leith, is féidir a bheith cinnte de nach bhfuil aon bhonn eolaíoch leis an maíomh sin. Déanta na fírinne, tá an coróinvíreas ina ghéarchéim dhomhanda a dteastaíonn dlúthpháirtíocht dhomhanda le dul i ngleic leis.

            Shield

            Tacaíonn an tAontas le hinfheistíochtaí na mBallstát sa tsláinte phoiblí

            Tacaíonn an tAontas le hinfheistíocht iontaofa sa tsláinte phoiblí agus ní raibh gá le ciorruithe sa réimse sin riamh i ngeall ar rialacha airgeadais an Aontais. San Eoraip, is iad daoine agus a sláinte a chuirtear i dtosaíocht, agus tá an caiteachas poiblí ar chúram sláinte méadaithe sa chuid is mó de na Ballstáit le deich mbliana anuas. Is beartas é sin a thugann suntasacht don Aontas Eorpach ar fud an domhain. Le déanaí, sheol an tAontas plean chun tacú leis na Ballstáit le linn na géarchéime, agus rinneadh athrú ar rialacha áirithe ionas go bhféadfadh na tíortha tuilleadh airgid a chaitheamh ar sheirbhísí éigeandála agus díriú ar an ní is tábhachtaí – daoine a chosaint.

            Ní rud nua é sin ach oiread – ó tharla an cliseadh airgeadais in 2008, tá tionscnaimh airgeadais éagsúla á gcur i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach chun tacú leis na Ballstáit go léir – go háirithe na cinn is mó a bhí thíos leis an ngéarchéim, cuir i gcás an Ghréig, an Spáinn agus an Iodáil. I dtíortha ar nós na Gréige, ní dhearnadh dochar do na córais cúraim sláinte leis na hathchóirithe sin – a mhalairt ar fad, chabhraigh clár coigeartaithe eacnamaíoch an Aontais chun clúdach sláinte uilíoch agus córas cuimsitheach cúraim sláinte a threisiú. Chomh maith le tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí beaga, do thaighde agus nuálaíocht agus do thionscadail a bhaineann leis an aeráid, chuidigh an Plean Infheistíochta chun líon mór tionscadal in earnáil na sláinte a mhaoiniú, cuir i gcás córacha ailse nua a fhorbairt agus ospidéil a leathnú agus a nuachóiriú. Chuir an Coimisiún an clár EU4Health i láthair freisin chun neartú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Aontais i gcoinne paindéimí. Meastar go mbeidh buiséad €5.1 billiún ag an gclár, a chuirfidh maoiniú ar fáil do thíortha an Aontais, d’eagraíochtaí sláinte agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha.

            law icon

            Tá an tAontas ag déanamh cúraim dá chuid freagrachtaí ionas gur féidir leis na rialtais díriú ar a gcuid tosaíochtaí féin.

            An chumhacht chun dlíthe náisiúnta a rith agus cinntí a dhéanamh d’fhonn an coróinvíreas a chomhrac, is leis na Ballstáit an chumhacht sin ina hiomláine, agus le réigiúin laistigh de chuid de na Ballstáit. Níl sé de cheart ag an gCoimisiún Eorpach cur isteach ar an reachtaíocht náisiúnta ná ar chinntí náisiúnta i dtaobh ceisteanna sláinte ná a leithéid eile. Ar an taobh eile den scéal, féadfaidh an tAontas Eorpach beartais Eorpacha a chur le chéile agus tionscnaimh uile-Eorpacha a chomhordú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim i gcomhar leis na Ballstáit. Is léiriú ar an socrú sin gur ar an leibhéal náisiúnta a dhéantar an cinneadh dianghlasáil a chur i bhfeidhm agus teorainneacha tíre a dhúnadh, ach nuair a slógadh breis agus €100 milliún ó chistí an Aontais chun vacsaín, cóireálacha nua agus tástálacha diagnóiseacha a aimsiú, rinneadh an cinneadh sin ar leibhéal an Aontais ó chlár taighde agus nuálaíochta an Aontais, Fís 2020. Tá an méid sin sa bhreis ar ghealltanas reatha €15.9 billiún an Aontais don tionscnamh um Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas, a sheol an tUachtarán von der Leyen an 4 Bealtaine.

            Ná lig do na botaí dallamullóg a chur ort

            Bréagaisnéis agus mífhaisnéis a thuairisciú d’ardáin

            Faisnéis bhréagach agus mhíthreorach ar líne maidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19, bagraíonn siad ar ár gcumas téarnamh ón bpaindéim. Bréagaisnéis agus mífhaisnéis maidir le vacsaíní, bíonn tionchar acu ar a mhuiníneach atá daoine as an eolaíocht leighis agus as gairmithe cúraim sláinte. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanann gach duine a dhícheall chun na fíricí cearta a bheith aige.

            Is féidir leat cuidiú chun leathadh na bréagaisnéise a chomhrac trí ábhar ar líne a thuairisciú má cheapann tú go bhfuil sé bréagach nó míthreorach. Tá leathanach gréasáin cruthaithe ag an EDS chun cuidiú leat sin a dhéanamh. Taispeántar duit ar an leathanach conas ábhar bréagach nó míthreorach a thuairisciú ar ardáin na meán sóisialta.

            Bréagaisnéis agus mífhaisnéis a thuairisciú

            Teoiricí comhcheilge a aithint

            Ráig seo an choróinvíris, is gearr go raibh rabharta mór teoiricí comhcheilge á lua léi, agus is ar líne is mó a leath na teoiricí céanna. Tugtar leis na teoiricí sin mínithe díobhálacha áibhéalacha faoin áit as ar tháinig an víreas agus faoi cé air a bhfuil an locht faoi scaipeadh an víris. Mar chuid d'fheachtas cuimsitheach chun an dochar a bhaint as an tionchar diúltach a bhíonn ag teoiricí comhcheilge orainn, tá an Coimisiún Eorpach i bpáirt le UNESCO le sraith grafaicí faisnéise oideachais a fhoilsiú, grafaicí sothuigthe arb éard is aidhm dóibh cuidiú leis an saoránach in aithint agus i mbréagnú na dteoiricí comhcheilge.

            Foghlaim tuilleadh

            Seachain camscéimeanna ar líne

            Bí ar an airdeall i dtaca le camscéimeanna ar líne a bhaineann le táirgí a mhaítear a dhéanann ionfhabhtuithe COVID-19 a leigheas nó a chosc. D’fhéadfadh táirgí ar nós maisc chosanta agus díghalráin lámh a bheith á bhfógairt agus á ndíol ag trádálaithe bradacha, táirgí a mhaítear a chuireann cosc ar ionfhabhtú nó a leigheasann é, ach d’fhéadfadh na táirgí sin a bheith bréagach agus camscéim a bheith i gceist. Tá eolas le fáil anseo a chuideoidh leat camscéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint agus a sheachaint.

            An 2 Márta 2021 d’fhoilsigh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil ar an gcóras Safety Gate, córas mear-rabhaidh an Aontais le haghaidh táirgí tomhaltóirí contúirteacha lena gcuidítear chun táirgí contúirteacha neamhbhia a bhaint den mhargadh.

            Doiciméid Chóras Safety Gate

            Acmhainní agus uirlisí ar líne

            Faigh amach faoi na hacmhainní agus na huirlisí ar líne atá ann le haghaidh foghlaimeoirí, múinteoirí agus oideoirí le linn na ráige de COVID-19.

            Léigh ár bpostáil ar Medium faoi na 5 rud úsáideacha arbh fhiú a bheith ar an eolas fúthu maidir leis an gcoróinvíreas