Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Painéal speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne

‘Tagann an tuarascáil seo agus áiméar ar leith againn. Chualamar ó thuismitheoirí, ó oideoirí, ó shaineolaithe agus ó dhaoine óga. Chualamar faoi thaithí ár gcomhpháirtithe agus ár mBallstát. Gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach atá de dhíth orainn anois.’ 

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Tuarascáil ón bpainéal speisialta

Mar a fógraíodh san aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh 2025, chuir an tUachtarán von der Leyen painéal speisialta saineolaithe ar bun le cur chuige Eorpach láidir praiticiúil a fhorbairt chun leanaí a choinneáil sábháilte ar líne. 

Chuir comhchathaoirligh an phainéil a dtuarascáil chríochnaitheach i láthair i mí Iúil 2026. Leagtar béim sa tuarascáil ar na mórdhúshláin a bhíonn le sárú ag leanaí agus iad ar líne, agus cuirtear idir mholtaí agus smaointe spreagúla in iúl i dtaobh leanaí a chosaint ar bhealach níos fearr, i dtaobh iad a chumhachtú ar bhealach níos fearr, agus i dtaobh na meáin shóisialta agus seirbhísí digiteacha eile a úsáid ar bhealach aoisoiriúnach. 

D’ullmhaigh an painéal sraith leideanna freisin do thuismitheoirí agus do dhaoine óga chun cuidiú leo a mbealach a dhéanamh sa saol digiteach go sábháilte agus go muiníneach. 

Moltaí a fhíorú

Agus é ag cur le hobair an phainéil, mhol an Coimisiún Gníomh an Aontais um Leas an Linbh ar líne (EU KIDS ACT) le cabhrú chun idirlíon níos sábháilte a fhorbairt do leanaí.

Léigh an togra
Gníomh an Aontais um Leas an Linbh ar Líne (EU KIDS ACT) curtha i láthair ag Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, agus an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Henna Virkkunen

Cúlra

Cúlra

An méid ar oibrigh an painéal air

  • Sábháilteacht leanaí ar líne
    • an cur chuige uile-Aontais is fearr chun leanaí a choinneáil sábháilte ar líne
    • teorainn aoise choiteann an Aontais i dtaca leis na meáin shóisialta, lena ngabhann cosaintí atá in oiriúint d’aois agus do riosca
    • oideachas chun úsáid shábháilte fhreagrach na meán sóisialta a spreagadh 
  • An úsáid a bhaineann leanaí as ardáin ar líne
    • na rioscaí agus na tairbhí i dtaca leis an úsáid a bhaineann leanaí as na meáin shóisialta, cluichíocht, aipeanna teachtaireachtaí agus uirlisí intleachta saorga
    • na héifeachtaí ar a sláinte agus ar a bhfolláine ag aoiseanna éagsúla 
  • Freagracht na n-ardán ar líne
    • freagracht cuideachtaí teicneolaíochta i dtaca le leanaí a chosaint
    • bealaí chun na bearta sábháilteachta atá ann cheana a neartú

Comhaltaí an phainéil 

Comhchathaoirligh

Portrait of Dr Maria Melchior
An Dr Maria Melchior

Stiúrthóir ag Institiúid Náisiúnta na Fraince um Thaighde Sláinte agus Leighis

Portrait of Dr. Jörg M. Fegert
An tOll. Dr Jörg M. Fegert

Stiúrthóir na Roinne Síciatrachta, Síceasómaitice agus Síciteiripe Leanaí agus Ógánach ag Ionad Leighis Ollscoil Ulm

Rannpháirtithe sa chéad chruinniú
  • Kimmo Alho, Emeritus na síceolaíochta in Ollscoil Heilsincí, ag a bhfuil speisialtóireacht sa néareolaíocht chognaíoch, meicníochtaí inchinne airde agus feidhm i spásanna digiteacha   

  • Leanda Barrington-Leach, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Fondúireacht 5Rights 

  • Gabriele Battimelli, Ambasadóir BIK+, an Iodáil   

  • Elena Bozzola, péidiatraí agus Rúnaí agus Comhairleoir Náisiúnta Chumann Péidiatraiceach na hIodáile (rannpháirtíocht ar líne) 

  • Matthias Brand, Ceann Roinn na Síceolaíochta, Ollscoil Duisburg   

  • Jutta Croll, Cathaoirleach Bhord Stiftung Digitale Chancen 

  • Sigge Eriksson, Comhairle Náisiúnta Eagraíochtaí Leanaí agus Óige na Sualainne, an tSualainn   

  • Jeff Hancock, Stiúrthóir Bunaidh, Saotharlann Meán Sóisialta Stanford (rannpháirtíocht ar líne) 

  • Pavel Kordik, Ollamh Comhlach, Dámh na Teicneolaíochta Faisnéise CTU i bPrág (rannpháirtíocht ar líne) 

  • Marta Lamarosa Gonçalves, Ambasadóir na Portaingéile um Idirlíon Níos Fearr do Leanaí+   

  • Sonia Livingstone, OBE, Ollamh le Síceolaíocht Shóisialta, Stiúrthóir an Ionaid um Thodhchaí Dhigiteach do Leanaí, Scoil Eacnamaíochta Londan 

  • Elvira Mentzelioti, Comhairle Náisiúnta Heilléanach na nÓg, an Ghréig   

  • Servane Mouton, Dochtúir leighis, néareolaí agus néarshíceolaí   

  • James O’Higgins Norman, Ollamh le hOideachas agus leis an tSochaí, Stiúrthóir an Ionaid Frithbhulaíochta, Cathaoirleach UNESCO ar an mBulaíocht agus ar an gCibearbhulaíocht   

  • Maja Olszewska, Ambasadóir BIK+, an Pholainn   

  • Brian O’Neil, Ollamh Emeritus ag Ollscoil Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath   

  • Leo Pekkala, Saineolaí litearthachta digití, Leas-Stiúrthóir KAVI   

  • Soledad Pera, Ollamh Comhlach, Grúpa Córas Faisnéise Gréasáin Dhámh na hInnealtóireachta Leictrí, na Matamaitice agus na hEolaíochta Ríomhaireachta, Ollscoil Teicneolaíochta Delft   

  • Hanne-Mari Schiøtz Thorud, fiseolaí agus Ollamh ag an Lárionad Náisiúnta um Optaic, Radharc agus Cúram Súl in Ollscoil Oirdheisceart na hIorua   

  • Lore Sleeckx, Comhairle Óige Fhlóndras   

  • Piotr Toczyski, Taighdeoir ag SWPS, Ollscoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus na nDaonnachtaí   

  • Antonia Torrens, Uachtarán, COFACE – Families Europe   

  • Rareș Voicu, Bainisteoir sinsearach beartais agus abhcóideachta, Fóram Eorpach na nÓg 

  • Alexandra Weilenmann, Ollamh le Dearadh Idirghníomhaíochta, Ceann an Aonaid Idirghníomhaíochta Daonna-Ríomhaire ag an Roinn Teicneolaíochta Faisnéise Feidhmí in Ollscoil Göteborg 

 

Rannpháirtithe sa dara cruinniú
  • Mehdi Arfaoui, Socheolaí, Commission nationale de l'informatique et des libertés (CNIL) & École des hautes études en sciences sociales (EHESS)

  • Leanda Barrington-Leach, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Fondúireacht 5Rights 

  • Tobiáš Bruno Galia, Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin, Comhairle Leanaí agus Óige na Seicia

  • Urs Buscke, Oifigeach Dlí Sinsearach, Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC)

  • Alex Cooney, POF agus Comhbhunaitheoir, CyberSafeKids

  • María del Mar España Martí, Stiúrthóir Plataforma Control Z, Iar-Stiúrthóir Ghníomhaireacht na Spáinne um Chosaint Sonraí (DPA)

  • Marina Fernández, Uachtarán, Adolescencia lliure de movils

  • Louise Flynn, Ollamh Cúnta san Oiliúint Múinteoirí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath – Scoil an Oideachais

  • Catalina Goanta, Ollamh Comhlach sa Dlí Príobháideach agus sa Teicneolaíocht, Ollscoil Utrecht (NL) 

  • Rasmus Kjedahl, Stiúrthóir, Børns Vilkår

  • Petra Kogelnig, Ardrúnaí, Comhlachas Tuismitheoirí na hEorpa  

  • Marta Lamarosa Gonçalves, Ambasadóir Óige um Idirlíon Níos Fearr do Leanaí+

  • Giovanna Mascheroni, Ollamh, an Roinn Cumarsáide, Ollscoil Chaitliceach Milano 

  • Helen Mason, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Child Helpline International  

  • Servane Mouton, Dochtúir Leighis, Néareolaí agus Néarshíceolaí

  • María Soledad Pera, Ollamh Comhlach, Grúpa Córas Faisnéise Gréasáin Dhámh na hInnealtóireachta Leictrí, na Matamaitice agus na hEolaíochta Ríomhaireachta, Ollscoil Teicneolaíochta Delft

  • Tanja Petelin, Léachtóir, Damh an Dlí, Université de Poitiers

  • Jessica Piotrowski, Ollamh, Scoil Cumarsáide Amstardam, Ollscoil Amstardam

  • Declan Qualter, Maoirseoir ar Shocraíocht Chleachtais agus iarrthóir PhD, Scoil an Oideachais, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

  • Judith Simon, Ollamh le hEitic i dTeicneolaíochtaí Faisnéise, Ollscoil Hamburg 

  • Petr Slovak, Ollamh Comhlach in Idirghníomhú Daonna Ríomhaire, Coláiste an Rí, Londain 

  • Elisabeth Staksrud, Roinn na Meán agus na Cumarsáide, Ollscoil Osló

  • Sophie Stalla-Bourdillon, Ceannaire Taighde, an Grúpa Taighde um an Dlí, Eolaíocht, Teicneolaíocht agus an tSochaí, VUB

  • Argyris Stringaris, Ollamh, Síciatracht Leanaí agus Ógánach, Coláiste na hOllscoile Londan 

  • Lisa Thorell, Ollamh, Roinn na Néareolaíochta Cliniciúla, Karolinska Institutet 

  • Martina Tóthová, Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin; Comhairle na nÓg, an tSlóvaic

  • Mieke Visser-Schuurman, Stiúrthóir um Chearta Leanaí agus um Fhothú Acmhainneachta, Eurochild 

  • Niels Zagema, Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin; Nationale Jeugdraad 

Rannpháirtithe sa tríú cruinniú
  • Louise Heeran Flynn, Ollamh Cúnta san Oiliúint Múinteoirí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath – Scoil an Oideachais
  • Lies Craeynest, Bunaitheoir, KidsUnplugged
  • Jutta Croll, Cathaoirleach Bhord Stiftung Digitale Chancen
  • Alberto Monge Roffarello, Ollamh Cúnta, Politecnico di Torino
  • Kai Rannenberg, Cathaoirleach ar Ghnó Soghluaiste agus Slándáil Iltaobhach, Ollscoil Goethe Frankfurt
  • Christoph Pieh, Ceann Roinne, an Ollscoil um Oideachas Leanúnach in Krems
  • Urs Buscke, Oifigeach Dlí Sinsearach, Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC)
  • Théo Mouhoud, Síciatraí Leanaí, Hopitaux de Paris
  • Eva Möhler, Cathaoirleach agus Dochtúir Cliniciúil na Síciatrachta Leanaí agus Ógánach
  • Kerstin Paschke, Speisialtóir Leighis maidir le Síciatracht agus Síciteiripe Leanaí agus Déagóirí
  • Petra Kogelnig, Ardrúnaí, Comhlachas Tuismitheoirí na hEorpa
  • Laura Vandenbosch, Ollamh Comhlach agus Stiúrthóir Shaotharlann Síceolaíochta na Meán, KU Leuven
  • Sørine Vesth Rasmussen, Comhairleoir maidir le cearta leanaí agus beartas teicneolaíochta, Børns Vilkår
  • Marta Lamarosa Gonçalves, Ambasadóir Óige um Idirlíon Níos Fearr do Leanaí+
  • Dimitris Tsalavos, Ambasadóir Óige BIK
  • Anna Schwabegger, Cathaoirleach Chomhairle Náisiúnta Óige na hOstaire
  • Aisling Maloney, PYAB agus Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann
  • Maya Katkovska,Ceann Ionad na Laitvia um Idirlíon Níos Sábháilte
  • Konstantinos Karachalios, Comhairleoir don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, IEEE agus Comhalta Boird, Fondúireacht 5Rights
  • Mie Oehlenschlager, Taigheoir neamhspleách agus comhairleoir (DK)
  • Ana Caballero, Cathaoirleach, An Grúpa Saineolaithe chun feabhas a chur ar chosaint mionaoiseach sa réimse digiteach
  • Lisa Thorell, Ollamh, Roinn na Néareolaíochta Cliniciúla, Karolinska Institutet
  • Servane Mouton, Dochtúir leighis, néareolaí agus néarshíceolaí   
  • Owen Bennett, Saineolaí neamhspleách ar rialáil teicneolaíochtaí digiteacha (an Ríocht Aontaithe)
  • Lucas Borges, Maoirseoir Rialacháin, Gníomhaireacht na Brasaíle um Chosaint Sonraí
  • Giovanna Mascheroni, Ollamh, an Roinn Cumarsáide, Ollscoil Chaitliceach Milano
  • Beckett LeClair, Ceann na Teicneolaíochta, Fondúireacht 5Rights
  • Ayata, ionadaí 15 bliana d’aois ó Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais
  • Zuzanna, ionadaí 17 mbliana d’aois ó Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais

Doiciméid

Tuarascáil ón bpainéal speisialta: ‘Sábháilteacht leanaí ar líne: Mionaoisigh a chosaint agus a chumhachtú i saol digiteach’
  • Foilseacháin Ghinearálta
  • 13 Iúil 2026
Sábháilteach leanaí ar line: mionaoisigh a chosaint agus a chumasú I saol digiteach
  • Foilseacháin Ghinearálta
  • 13 Iúil 2026
A guide for kids and teens on the report on child safety online: Protecting and empowering minors in a digital world
  • Foilseacháin Ghinearálta
  • 16 Meán Fómhair 2026

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 13 Iúil 2026