Bealach chun guth láidir a thabhairt do dhaoine óga ó thaobh cheapadh beartas an Aontais de
Mar a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina cuid treoirlínte polaitiúla, tá an Bord Óige um Chomhairliú an Uachtaráin curtha ar bun ag an gCoimisiún.
Cuireann an Bord comhairle ar an Uachtarán maidir leis na saincheisteanna is mó is cás le daoine óga, cuireann sé in iúl na tuairimí atá ag daoine óga maidir le beartais arna bhforbairt ag an gCoimisiún, agus cuireann sé daoine óga i gcroílár cheapadh beartas an Aontais.
An 22 Iúil 2026, ionadaithe óga ó gach cearn den Aontas, chomh maith le breathnóirí ó thíortha is iarrthóirí agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, bhuail siad leis an Uachtarán chun labhairt faoi na tosaíochtaí beartais óige a bheidh ann i ndiaidh 2027.
Reáchtáladh an cruinniú sin i ndiaidh don Phainéal Speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne a thuarascáil a eisiúint, tuarascáil ar ghlac comhaltaí an Bhoird Óige um Chomhairliú an Uachtaráin páirt san obair a bhain léi, agus ar chuir siad a gcuid moltaí léi.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?
Tá breis agus 30 ionadaí óg ar an mBord Óige um Chomhairliú an Uachtaráin. Tá ionadaí amháin ó Chomhairle Náisiúnta Óige gach Ballstáit air, chomh maith le hionadaí amháin ó Fhóram Eorpach na nÓg, breathnóirí ó thíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas, agus breathnóirí ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha air sin.
Buaileann siad leis an Uachtarán chun tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna a imríonn tionchar mór ar dhaoine óga.
Ba ar an 3 Nollaig 2025 a tionóladh an chéad chruinniú den Bhord Óige um Chomhairliú an Uachtaráin, agus ba ar an tsábháilteacht agus an fholláine ar líne a bhí an cruinniú sin dírithe. Phléigh na rannpháirtithe an úsáid a bhaineann daoine óga as na meáin shóisialta, agus na deiseanna agus na contúirtí a bhaineann leis na meáin sin, impleachtaí meabhairshláinte san áireamh. Phléigh siad freisin treochtaí atá ag teacht chun cinn, agus ceist na lán-aoise digití.
Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?
Gné rílárnach d’obair an Choimisiúin is ea a bheith ag tacú le daoine óga. Is mian linn iad a chumhachtú trí thuilleadh saoirse, tuilleadh deiseanna, agus tuilleadh freagrachtaí a bhronnadh orthu sna pobail seo againn. Caithfear éisteacht leo, sa chaoi go bhféadfar ár gcuid oibre a mhúnlú de réir a gcuid taithí agus a gcuid tuairimí.
A bhuí leis an mBord Óige um Chomhairliú, tá idirphlé díreach ann feasta idir daoine óga agus Uachtarán an Choimisiúin. Fágann sé sin go bhfuil daoine óga neadaithe i gcroílár ár ndaonlathais, agus cinntíonn sé go bhfuil beartais an Aontais ag teacht lena gcuid mianta agus leis na hábhair imní atá acu.
Cén chaoi a gcuirimid guth na n-óg ós ard?
Cuireann an Bord Óige um Chomhairliú an Uachtaráin leis an obair a rinneadh roimhe seo trí thionscnaimh a bhí dírithe ar pháirt ghníomhach i gceapadh beartas an Aontais a thabhairt do dhaoine óga.
Reáchtálann gach Coimisinéir Idirphlé Beartais leis an Aos Óg uair sa bhliain. Le linn na n-idirphléití sin, buaileann na Coimisinéirí le daoine óga i ngach cearn den Aontas chun labhairt faoi réimse leathan ábhar, réimse a chuimsíonn an tithíocht, an aeráid, scileanna, an tsláinte, agus rudaí nach iad. Tugann na hidirphléití céanna deis do dhaoine óga labhairt go díreach le lucht déanta cinntí agus a chinntiú go gcuirfear a nguth féin san áireamh agus beartais á gceapadh.
Tá ‘seiceáil óige’ tugtha isteach ag an gCoimisiún. Is éard atá i gceist léi sin go ndéanfar measúnú ar thionchar bheartais an Aontais ar dhaoine óga, agus gur le linn chéim an deartha den phróiseas ceaptha beartas a dhéanfar an measúnú sin. Ar an gcaoi sin, cinnteofar go mbeidh riachtanais agus tuairimí na hóige san áireamh ón tús.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 24 Iúil 2026
