Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

I dteannta a chéile ar son na hinacmhainneachta

Ár n-iarrachtaí a chomhthiomsú chun an costas maireachtála a laghdú

Deiseanna a chruthú don saol laethúil

Tá ár n-iarrachtaí chun an costas maireachtála a laghdú bunaithe ar thrí phríomhthionscnamh, mar atá:

Teach a bhfuil sé d’acmhainn agat íoc as

Is bunchloch na sochaí é baile, ach i gcás i bhfad an iomarca Eorpach sa lá atá inniu ann is ábhar imní é. D’fhéadfadh leibhéil arda fiachais a ghlacadh nó dul i ngleic le héiginnteacht faoin todhchaí a bheith i gceist leis.

  • 60%
    is é sin an méadú ar phraghsanna tithe ó 2013 i leith
  • 22%
    is é sin an laghdú ar cheadanna tógála ó 2020 i leith
  • níos mó ná 20%
    is é sin an méadú ar mheánchostas cíosanna ó 2013 i leith

Sin an fáil a bhfuil an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne curtha chun cinn againn chun tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne, níos inbhuanaithe agus ar cháilíocht níos fearr.

Leis an bplean, féachtar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an soláthar tithíochta a mhéadú agus an nuálaíocht a spreagadh, cuir i gcás, trí nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú agus a dhigitiú
  • tacú le limistéir atá thíos le ganntanais tithíochta trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail cíosanna gearrthéarmacha tríd an ngníomh um thithíocht inacmhainne
  • cabhrú leo siúd is mó atá thíos leis an ngéarchéim trí scéim ráthaíochta a phíolótú chun an gá atá le taisce ráthaíochta a laghdú nó fáil réidh leis
  • dlús a chur faoi phróisis cheadúcháin agus athchóirithe
  • borradh a chur faoin infheistíocht i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne trí ardán uile-Eorpach nua maidir le hinfheistíocht i dtithíocht agus trí rialacha maidir le Státchabhair a shimpliú

Do bhealach a dhéanamh ó áit go háit

  • 30%
    is é sin an méadú ar chostais iompair ó 2015 i leith

I gcás go leor teaghlach, is costas mór é an t-iompar. Ar an meán, caitheann teaghlaigh san Aontas thart ar euro amháin as gach ocht euro dá mbuiséad air. Chun aghaidh a thabhairt air sin. táimid á dhéanamh níos éasca agus níos inacmhainne do dhaoine a mbealach a dhéanamh thart tríd an iompar poiblí a fheabhsú, trí thacú le roghanna soghluaisteachta comhroinnte agus trí rothaíocht agus siúl a spreagadh.

Tá €86.7 billiún á chur ar fáil ag an gCiste Aeráide Sóisialta idir 2026 agus 2032 chun tacú le teaghlaigh, le gnólachtaí beaga agus le pobail atá ag streachailt le costais arda iompair agus fuinnimh. Ina theannta sin, leagtar amach sa phlean gníomhaíochta um leictriúchán uirlisí éagsúla, mar atá scéimeanna léasaithe shóisialta a úsáid chun feithiclí leictreacha a dhéanamh níos inacmhainne do theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam.

Táimiag ag obair leis an tionscal ar thionscnamh nua um ghluaisteáin bheaga inacmhainne ionas go bhforbróidh an Eoraip a gluaisteán leictreach glan éifeachtúil éadrom féin a mbeidh sé d’acmhainn ag daoine a cheannach. Cuideoidh sé sin freisin le tionscal láidir gluaisteán na hEorpa a choinneáil ar bun, tionscal lena bhfostaítear 13 mhilliún duine agus lena dtacaítear leis na milliúin slite beatha.

Ba cheart go mbeadh gach duine in ann an láthair oibre, an scoil agus seirbhísí cúraim sláinte a bhaint amach go hiontaofa agus ar phraghas réasúnta. Sin é an fáth a bhfuilimid ag infheistiú i seirbhísí iompair níos fearr, go háirithe i gceantair thuaithe agus i gceantair nach bhfuil chomh nasctha céanna, agus ag cabhrú le húdaráis áitiúla aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht iompair. 

Déanaimid infheistíocht in iompar níos fearr agus níos inbhuanaithe trí chláir ar nós na gceann seo a leanas:

  • an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena dtacaítear le bonneagar iompair inbhuanaithe a fhorbairt ar fud an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair
  • an Creat don tSoghluaisteacht Uirbeach, lena gcuidítear le cathracha córais soghluaisteachta níos glaine agus níos cuimsithí a chruthú
  • an Mol um Bochtaineacht Iompair, lena gcuirtear ar chumas cathracha agus réigiún na limistéir is mó a ndéanann dúshláin iompair difear dóibh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu

Billí fuinnimh níos inacmhainne

Spreag teannais gheopholaitiúla inár gcomharsanacht géarchéim fuinnimh san Eoraip le blianta beaga anuas. Cé gur éirigh linn praghsanna fuinnimh a chobhsú agus soláthairtí a dhaingniú, tá praghsanna fuinnimh fós níos airde ná mar atá in áiteanna eile ar domhan. Agus is cúis imní iad billí fuinnimh do go leor Eorpach. Tá roinnt céimeanna glactha againn cheana féin chun praghsanna fuinnimh a laghdú.

Coigilteas measta do thomhaltóirí agus don tionscal

  • €45 bhilliún
    in 2025
  • suas le €130 billiún
    in aghaidh na bliana faoi 2030

Is é an sprioc atá ag pacáiste fuinnimh nua na saoránach billí fuinnimh a laghdú agus cabhrú le tomhaltóirí leochaileacha trí dhaoine a chumhachtú chun a bhfuinneamh glan féin a tháirgeadh agus bochtaineacht fuinnimh a chomhrac. Seo atá i gceist leis an méid sin do theaghlaigh:

  • Suas le €150 in aghaidh na bliana a shábháil trí aistriú chuig soláthróirí fuinnimh níos saoire.
  • €200 in aghaidh na bliana a shábháil ar theaghlaigh trí chánacha agus tobhaigh ar a mbillí leictreachais a laghdú.
  • Cinntí níos eolasaí a dhéanamh trí eolas trédhearcach a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le billí agus conarthaí fuinnimh.

Chuir an Coimisiún i láthair bearta chun praghsanna fuinnimh a laghdú trí fhuinneamh glan dúchasach a leathnú agus tríd an mbonneagar a neartú. Is éard atá i gceist leis sin foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur i bhfeidhm níos tapa, agus bonneagar agus idirnascairí a nuachóiriú agus infheistíocht a dhéanamh iontu ag an am céanna.

Poist agus slite beatha níos fearr

Le post ardcháilíochta, ba cheart go mbeadh an deis ag gach duine todhchaí shlán a thógáil.

Chun feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil agus chun iomaíochas na hEorpa a neartú, tá an Coimisiún ag gníomhú i dtrí réimse eile:

  • Ar an gcéad dul síos, leis an gcompás iomaíochais, táimid ag cabhrú le gnólachtaí fás agus poist ardcháilíochta níos fearr a chruthú.
  • Ar an dara dul síos, leis an treochlár maidir le poist ar ardchaighdeán agus leis an ngníomh um phoist ar ardchaighdeán a bheidh ann amach anseo, táimid ag cinntiú go mbeidh poist bord ar bhord le geilleagar nua-aimseartha.
  • Ar an tríú dul síos, le straitéis nua an Aontais in aghaidh na bochtaineachta, is mian linn deireadh a chur leis an mbochtaineacht faoi 2050, trí dhíriú ar phoist ardcháilíochta, ar rochtain ar sheirbhísí agus ar thacaíocht ioncaim, sin agus gníomhaíocht níos comhordaithe a dhéanamh lena dtabharfar aghaidh ar an easpa dídine agus ar bhunchúiseanna na bochtaineachta.

Táimid tiomanta freisin rochtain ar bhia inacmhainne ar ardchaighdeán a chinntiú. Tá ról ríthábhachtach ag feirmeoirí agus iascairí na hEorpa i dtaca leis an slándáil bia, an bhithéagsúlacht agus le cosaint an chomhshaoil. Tacaímid leo, ionas gur féidir leo leanúint de bhia maith inacmhainne a tháirgeadh do chách.

Ag féachaint romhainn

Ach oibriú le chéile ar fud an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, cuirfimid dlús leis an infheistíocht, simpleoimid rialacha agus cuirfimid réitigh nithiúla ar fáil maidir le poist, tithíocht, fuinneamh, iompar agus bia. Cuspóir simplí atá againn: a chinntiú go leanfaidh an Eoraip de bheith ina háit ar féidir le daoine maireachtáil agus oibriú le muinín, le slándáil agus le cáilíocht mhaith saoil.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 15 Meán Fómhair 2026