Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Rialacha nua fuinnimh an Aontais: fuinneamh níos glaine, níos sláine, agus cosaint níos láidre do thomhaltóirí

  • Alt nuachta
  • 24 Iúil 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
A woman is lying in front of a fan while listening to music

 

Tá rialacha nua maidir leis an margadh leictreachais agus gáis ag teacht i bhfeidhm ar fud an Aontais. Is é is aidhm dóibh córas fuinnimh na hEorpa a dhéanamh níos glaine, níos sláine, agus níos athléimní. Cosnaíonn siad saoránaigh ar arduithe tobanna ar phraghsanna fuinnimh, agus tugann siad cearta agus smacht níos láidre dóibh ó thaobh a gcuid roghanna fuinnimh de.

Rialacha athbhreithnithe maidir leis an margadh leictreachais: raon roghanna níos leithne, cosaint níos láidre

In aimsir ghéarchéim fuinnimh 2022, bhí tomhaltóirí agus gnólachtaí thíos le luaineacht ollmhór ó thaobh praghsanna de. Bhí praghsanna gáis ní b’airde ná mar a bhí riamh roimhe sin, agus chuaigh billí leictreachais san ainmhéid. Tá sé d’aidhm ag an athchóiriú ar na rialacha maidir le margadh leictreachais an Aontais an margadh fuinnimh a dhéanamh níos athléimní, borradh a chur faoi fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, cosaint níos láidre a thabhairt do thomhaltóirí, agus cur le hiomaíochas na hEorpa.

Ó thaobh na dtomhaltóirí de, is éard atá i gceist leis sin

  • raon roghanna níos leithne idir conarthaí praghais sheasta agus conarthaí praghais dhinimiciúil, rud a fhágfaidh go mbeidh seasmhacht agus intuarthacht ann ó thaobh praghsanna de thar mar atá faoi láthair
  • coimircí níos láidre an tráth a bheidh soláthróirí fuinnimh á roghnú nó á n-athrú, agus eolas níos soiléire sula síneofar conradh, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca tairiscintí a chur i gcomparáid le chéile agus roghanna eolasacha a dhéanamh
  • deiseanna nua ar fhuinneamh in-athnuaite a ghiniúint agus a chomhroinnt le comharsana agus le pobail eile, rud a fhágfaidh go mbeidh fáil ag tuilleadh daoine ar leictreachas glan a táirgeadh go háitiúil, agus ar na buntáistí a bhaineann leis
  • cosaint níos láidre do na custaiméirí is leochailí, cosaint ar an díscor san áireamh. In aimsir éigeandála, is féidir le tíortha an Aontais praghsanna a shocrú faoi bhun an chostais ar feadh seala maidir leis an oiread seo tomhailt leictreachais, chun cuidiú ó thaobh praghas an leictreachais a choimeád ar leibhéal réasúnta
  • cosaint trí sholáthróir rogha deiridh, sa chás go dteipfeadh ar sholáthróir leictreachais

Margadh gáis Eorpach níos glaine, níos sláine

Na rialacha nua maidir leis an margadh gáis, is tacaíocht iad ó thaobh gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin, hidrigin go háirithe, a chur in áit gás iontaise de réir a chéile. 

Leis na rialacha sin

  • cruthófar margadh gáis Eorpach níos sláine, níos comhtháite, margadh nach mbeidh a oiread céanna spleáchais ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte i gceist leis agus atá leis an gceann reatha
  • neartófar cearta agus cosaintí na dtomhaltóirí , ina measc sin saor-rogha soláthróra, eolas níos fearr faoi thairiscintí, agus cosaint i gcás díospóid le soláthróir fuinnimh
  • tomhaltóirí leochaileacha agus iad siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, cinnteofar go dtabharfar cosaint ar leith dóibh ar dhíscor an tsoláthair gáis, le linn an aistrithe fuinnimh ach oiread le haon uair eile
  • tacófar le spriocanna aeráide an Aontais

Tá na rialacha nua maidir leis an margadh leictreachais i bhfeidhm ó bhí an 17 Iúil 2026 ann, agus is ón 5 Lúnasa 2026 ar aghaidh a bheidh na rialacha maidir leis an margadh gáis i bhfeidhm.

Tuilleadh eolais

Margaí agus tomhaltóirí

Fuinneamh

Pointí teagmhála náisiúnta

Dáta foilsithe
24 Iúil 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide