Cad é CTA AE?
Is margadh domhanda carbóin é Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA). Is é príomhuirlis an Aontais é chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
Faoin gcóras, ní mór do chuideachtaí íoc as a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus spreagtar iad le truailliú a laghdú ar an dóigh is costéifeachtaí. Cuidíonn an t-airgead a thiomsaítear chun an aistriú chuig fuinneamh agus teicneolaíochtaí níos glaine a mhaoiniú.
Le CTA AE, baintear lántairbhe as an infheistíocht ghlan, tugtar luach saothair do cheannródaithe, agus tacaítear leis an gclaochlú eacnamaíoch, rud a chuireann dá réir sin le hiomaíochas agus neamhspleáchas an Aontais.
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Aontas anois ar a chóras trádála astaíochtaí chun a chinntiú go gcuirfear in oiriúint é do riachtanais athraitheacha na hEorpa. An tráth céanna, leathnóidh CTA2 praghsáil carbóin thar CTA AE atá ann cheana chun foirgnimh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise eile a chur san áireamh.
Cén dóigh a n-oibríonn CTA AE?
Cén chaoi a n-oibríonn sé?
Is ar an bprionsabal ‘teorannú agus trádáil’ a oibríonn sé:
Tá feidhm ag CTA AE maidir le giniúint leictreachais agus tionscail a úsáideann go leor fuinnimh ó bhí 2005 ann. Leathnaíodh é chun an eitlíocht a chumhdach in 2012 agus chun an muiriompar a chumhdach in 2024. Feidhmíonn sé i dtíortha uile an Aontais, chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Ó 2020 i leith, tá sé nasctha freisin le Córas Trádála Astaíochtaí na hEilvéise.
Tairbhí CTA AE
Tá fíorthorthaí bainte amach ag CTA AE. Ó 2005 i leith, tá laghdú níos mó ná 50% tagtha ar astaíochtaí ó earnálacha cumhdaithe.
Foinse: an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil
Ó bhí 2013 ann, tá ioncam níos mó ná €270 billiún ginte ag CTA AE, ar leithdháileadh thart ar thrí cheathrú de sin ar na Ballstáit. Ina theannta sin tá lamháltais saor in aisce dar luach thart ar €255 bhilliún leithdháilte ag an Aontas chun tacú leis an aistriú.
- Tríd an gCiste don Nuálaíocht, infheistíodhos cionn €15.00billiúni dteicneolaíochtaí glana agus i dtionscadail nuálacha ó bhí 2020 ann
- Ghin CTA AE€270.00billiúnin ioncam ceantála ó bhí 2013 ann
- D’eisíoc an Ciste don Nuachóiriúos cionn €23.00billiúnó bhí 2021 ann
- Leithdháil an tAontas Eorpach€255.00billiúni lamháltais saor in aisce idir 2013 agus 2025
Cén chaoi a bhfuil CTA AE á nuachóiriú?
De réir mar a thagann athrú ar gheilleagar na hEorpa agus ar dhúshláin dhomhanda, ní mór CTA AE a fhorbairt freisin. Mar gheall ar riachtanais thionsclaíocha nua an Aontais agus ar an gcomhthéacs geopholaitiúil dúshlánach, tá gá le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras.
Leis an athchóiriú, neartófar an tacaíocht don infheistíocht ghlan agus cuirfear bealach soiléir intuartha ar fáil chun cabhrú le gnólachtaí na hastaíochtaí a laghdú agus leanúint de bheith iomaíoch an tráth céanna.
Cén t-athrú a thiocfaidh ar CTA AE?
Leis an athbhreithniú, beidh CTA AE níos tacúla do thionscal na hEorpa agus, ag an am céanna, coinneofar ina phríomhuirlis é chun spriocanna aeráide na hEorpa a bhaint amach.
CTA2 – margadh carbóin nua an Aontais le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha eile nach iad
Is é CTA2 margadh carbóin nua an Aontais a ceapadh chun cuidiú i dtaobh laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí ó earnálacha nach raibh cumhdaithe le CTA AE atá ann cheana, go príomha earnáil an iompair de bhóthar, earnáil na bhfoirgneamh agus roinnt tionscail bheaga eile nach iad. Beidh sé i bhfeidhm go hiomlán in 2028 agus ní dhéanfaidh na tograí athchóiriúcháin difear dó.
Dála an chéad CTA, feidhmeoidh sé trí chóras ‘teorannaithe agus trádála’, ach rialóidh sé astaíochtaí réamhtheachtacha: ciallaíonn sé sin go mbeidh feidhm aige maidir le soláthróirí breosla, ní maidir le teaghlaigh ná le tomhaltóirí aonair go díreach.
Úsáidfear sciar den ioncam a ghinfear chun tacú le teaghlaigh leochaileacha agus le micrifhiontair tríd an gCiste Aeráide Sóisialta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cuidiú i dtaobh foirgnimh a athchóiriú chun insliú agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú
- roghanna níos glaine a chur isteach in ionad córais téimh, córais fuaraithe agus córais chócaireachta atá as dáta
- foinsí in-athnuaite fuinnimh a shuiteáil, mar shampla grianphainéil
- rochtain a fheabhsú ar iompar astaíochtaí nialasacha, mar shampla iompar poiblí leictreach, agus rochtain a fheabhsú ar shoghluaisteacht chomhroinnte
- cuidiú airgeadais díreach sealadach a chur ar fáil dóibh siúd is mó a bhfuil sé de dhíth orthu
Ceisteanna coitianta
Cén fáth a bhfuil CTA AE á athrú ag an gCoimisiún?
Ní mór an córas a fhorbairt chun geilleagar athraitheach na hEorpa agus dúshláin dhomhanda a léiriú. Tríd an laghdú bliantúil ar an uasteorainn astaíochtaí a choigeartú, beidh an t-aistriú níos céimsí agus níos intuartha, rud a thabharfaidh níos mó ama do ghnólachtaí pleanáil, infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glana agus leanúint de bheith iomaíoch agus astaíochtaí á laghdú ag an am céanna.
Cén dóigh a dtacaíonn ioncam ó phraghsáil carbóin le poist san Aontas?
Faoi 2030 d’fhéadfadh ioncam ó phraghsáil carbóin cuidiú i dtaobh níos mó ná 1 mhilliún post nua a chruthú ar fud na dtionscal glan, na héifeachtúlachta fuinnimh, agus an iompair ghlais. Tacófar leis an gcruthú post sin trí athchúrsáil ioncaim, scéimeanna athoiliúna, agus infheistíocht réigiúnach faoi CTA AE.
Cén dóigh a bhfuil an phraghsáil carbóin ag cur le timpeallacht níos sláintiúla?
Cuireann praghsáil carbóin le haer níos glaine. Díspreagann sí úsáid breoslaí iontaise, rud a laghdaíonn truailleáin dhíobhálacha amhail ocsaídí sulfair (SOx), ocsaídí nítrigine (NOx) agus mínábhar cáithníneach (PM2.5).
Trí thruailliú aeir a laghdú, is féidir le praghsáil carbóin laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hasma, galar riospráide, galar cardashoithíoch agus básanna anabaí. Má tá aer níos glaine ann, sábháiltear costais cúraim sláinte agus feabhsaítear an caighdeán saoil, go háirithe i gceantair uirbeacha.
Cé na tairbhí don tsochaí a bhaineann le CTA AE?
Téann ioncam carbóin chun tairbhe go díreach don tsochaí, don gheilleagar agus do shaol laethúil na saoránach. Ghin CTA AE ioncam thart ar €270 billiún do thíortha an Aontais ó seoladh ceantanna in 2013. Rinneadh na cistí sin a athinfheistiú go díreach in iompar poiblí glan, i dtithíocht fhuinneamhéifeachtúil, agus i mbonneagar nua-aimseartha a fheabhsaíonn an saol laethúil do na milliúin daoine.
Thacaigh an t-ioncam sin le tionscadail amhail busanna nua glasa san Ungáir, bainistiú riosca tuilte san Eastóin, agus clár dearbhán soghluaisteachta san Iodáil. Faoin athbhreithniú, déanfar sciar níos mó den ioncam sin a athinfheistiú i dtionscail a chumhdaítear le CTA AE chun dlús a chur leis an dícharbónú tionsclaíoch.
An é an tAontas Eorpach an t-aon réigiún amháin ar domhan ina bhfuil praghsáil carbóin?
Cur chuige cruthaithe is ea praghsáil carbóin, rud a úsáidtear i líon méadaitheach tíortha ar fud an domhain. Tá sé i bhfeidhm cheana féin i dtíortha amhail an tSín, an Chóiré Theas, an Nua-Shéalainn, Ceanada, agus i roinnt stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá córais nua á bhforbairt sa Bhrasaíl, sa Tuirc, sa tSeapáin agus san India, gan ach cúpla ceann a lua.
Go deimhin, idir 2016 agus 2026, tháinig méadú níos mó ná faoi dhó ar an líon cánacha carbóin agus CTAnna a cuireadh i bhfeidhm, mar aon leis an sciar d’astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda a chumhdaítear leo. Cumhdaíonn scéimeanna praghsála carbóin beagnach 30% d’astaíochtaí an domhain anois.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 24 Meán Fómhair 2026