Sracfhéachaint ar REPowerEU
Mar fhreagairt ar an gcruatan agus ar an suaitheadh sa mhargadh domhanda fuinnimh i ngeall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá an Coimisiún Eorpach ag cur a Phlean REPowerEU chun feidhme ar mhaithe le deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha breoslaí iontaise na Rúise.
Seoladh REPowerEU i mí na Bealtaine 2022, agus tá sé ag cuidiú leis an Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:
- fuinneamh a choigilt
- éagsúlú a dhéanamh ar sholáthairtí fuinnimh
- fuinneamh glan a ghiniúint
A bhuí le REPowerEU, chosnaíomar saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais ar ghanntanais fuinnimh, thacaíomar leis an Úcráin trí chiste cogaidh na Rúise a lagú, chuireamar dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus chobhsaíomar praghsanna.
Tá teipthe ar iarracht Putin an Eoraip a dheighilt trí sholáthairtí fuinnimh a úsáid mar arm. Táimid ag leanúint dár n-iarrachtaí comhpháirteacha agus tá an Eoraip níos ullmhaithe agus níos aontaithe feasta ná riamh roimhe.
Iompórtálacha fuinnimh ón Rúis
- Cuireadh toirmeasc le smachtbhannaí de chuid an Aontais ar gach iompórtáil ghuail ón Rúis.
- Tá dul chun cinn déanta ag na Ballstáit atá fós ag úsáid imoibreoirí uisce bhrúchóirithe atá deartha ag an Rúis breosla núicléach ó tháirgeoirí eile a chur in ionad breosla núicléach ón Rúis.
Treochlár chun deireadh iomlán a chur le spleáchas ar fhuinneamh na Rúise
Cuireadh tuilleadh céimeanna i dtreo deireadh iomlán a chur leis an spleáchas i láthair i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2025, tar éis teacht aniar in iompórtálacha gáis in 2024. Leis na céimeanna sin, cuirfear deireadh de réir a chéile le hola, gás agus fuinneamh núicléach na Rúise i margadh an Aontais ar bhealach comhordaithe slán agus de réir mar a dhéantar dul chun cinn i dtaca le haistriú an Aontais chuig fuinneamh glan.
Tá sé beartaithe ag an Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Gás – stop a chur le hiompórtálacha uile phíblíne agus gáis nádúrtha leachtaithe na Rúise faoi mhí na Samhna 2027.
- Ola – gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ‘scáthfhlít’ na Rúise (soithí atá in úsáid ag an Rúis chun smachtbhannaí a sheachaint) lena n-iompraítear ola agus stop a chur le hiompórtálacha ola na Rúise faoi dheireadh 2027.
- Núicléach – srian a chur le húráiniam, úráiniam saibhrithe agus ábhair núicléacha eile a iompórtáil a thagann ón Rúis.
Ceanglaíodh ar Bhallstáit den Aontas a bpleananna náisiúnta éagsúlaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2026 ina mbeidh bearta agus clocha míle mionsonraithe chun deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha díreacha agus indíreacha gáis agus ola ón Rúis. An tráth céanna, leanfar de na hiarrachtaí chun dlús a chur le haistriú fuinnimh an Aontais agus lena chuid iarrachtaí chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú ar mhaithe le deireadh a chur leis na rioscaí do shlándáil an tsoláthair agus do chobhsaíocht an mhargaidh.
Fuinneamh inacmhainne a chinntiú
Tá laghdú suntasach tagtha ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip i gcomparáid le 2022, a bhuí leis an bhfreagairt chomhordaithe Eorpach agus le Plean REPowerEU. Tá infheistíocht á déanamh ag an Eoraip chun fuinneamh glan inacmhainne a ghiniúint agus chun a neamhspleáchas fuinnimh a chinntiú.
I mí Feabhra 2025 chuir an Coimisiún an plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne a ceapadh chun billí leictreachais a laghdú, neamhchosaint ar shuaitheadh praghsanna a laghdú agus tomhaltóirí a chosaint. A bhuí leis an bplean, tugadh faoiseamh gearrthéarmach do thomhaltóirí agus cur i gcrích an Aontais Fuinnimh á chur chun cinn ag an am céanna trí dhlús a chur leis na tairbhí a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite, coigilteas fuinnimh agus comhtháthú margaidh níos doimhne.
I mí Aibreáin 2026 thug an Coimisiún isteach AccelerateEU, ar pacáiste nua beart é chun aghaidh a thabhairt ar chostais fuinnimh atá ag dul i méid agus chun leanúint den spleáchas ar ola agus ar ghás a laghdú, go háirithe agus an teannas ag dul in olcas sa Mheánoirthear. Leis an bplean, méadófar an comhordú idir Ballstáit den Aontas, cuirfear dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan slán inacmhainne, agus cuirfear borradh faoi infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha.
An t-éileamh ar ghás a chomhthiomsú
Tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, mhol an tAontas Eorpach soláthar coiteann gáis chun a chinntiú go mbeadh fáil ag muintir na hEorpa ar fhuinneamh inacmhainne agus chun aon suaitheadh ar sholáthar an fhuinnimh a sheachaint. Leis an gcóras sin, bhíomar in ann sciar dár riachtanais gháis a cheannach le chéile, mar Eorpaigh, seachas a bheith in iomaíocht le chéile chun soláthairtí ganna a fháil.
In mí Aibreáin 2022 sheoladh an Coimisiún Ardán an Aontais um Fhuinnimh agus bhí ról ríthábhachtach aige maidir lenár soláthairtí fuinnimh a éagsúlú. Ba é an aidhm a bhí ag an Ardán infheistíochtaí bonneagair agus an chaibidlíocht le soláthróirí gáis seachtracha a chomhordú sa chaoi nach mbeidh tíortha an Aontais ag ceantáil ar a chéile. In 2025 leathnaigh an Coimisiún an sásra sin isteach in Ardán an Aontais um Fhuinnimh agus Amhábhair chun cuideachtaí an Aontais a chumhachtú i dtaca le táirgí fuinnimh agus amhábhair a fhoinsiú. Tá sraith sásraí ar an ardán lena gcumhdaítear hidrigin, amhábhair, bithmheatán, gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus gás nádúrtha.
I mí Aibreáin 2023 thug an Coimisiún isteach ‘AggregateEU’, córas lena ndearnadh an t-éileamh ar ghás agus an ceannach comhpháirteach gáis a chomhcheangal. Leis an tionscnamh sin, comhthiomsaíodh an t-éileamh ar ghás ó chuideachtaí an Aontais agus an Chomhphobail Fuinnimh agus rinneadh an t-éileamh sin a mheaitseáil le tairiscintí soláthair iomaíocha ón margadh domhanda. Tar éis glao ar bhabhtaí meaitseála, bhí cuideachtaí in ann conarthaí ceannaigh a thabhairt i gcrích go deonach le soláthróirí gáis, ina n-aonar nó i gcomhpháirt.
A bhuí le AggregateEU, cumhdaíodh éileamh na hEorpa le beagnach 100 billiún méadar ciúbach de ghás ar an bpraghas is iomaíche. Chuaigh AggregateEU ina fhormáid bhunaidh in éag i mí an Mhárta 2025.
Fuinneamh glan a ghiniúint
Tá fuinneamh in-athnuaite go maith
- don aeráid
- do neamhspleáchas fuinnimh an Aontais
- do shlándáil an tsoláthair
- do chruthú post glas
Tá plean REPowerEU ag cur dlús leis an aistriú glas agus ag spreagadh infheistíocht ollmhór san fhuinneamh in-athnuaite.
Ó 2022 i leith, d’éirigh linn ár nginiúint agus ár n-acmhainneacht a mhéadú:
- suiteáladh 406 GW d’acmhainneacht nua fuinnimh gréine, an méid is mó riamh
- cuireadh 234 GW leis an acmhainneacht gaoithe
- rinneadh deimhin de gur ó fhoinsí in-athnuaite a thiocfadh beagán níos mó ná 47% dár leictreachas feasta
Dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan
I mí na Samhna 2023, leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite, tugadh isteach spriocanna chun an sciar fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana san Aontas a mhéadú faoi dhó, nach mór. Is í an aidhm atá ann sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i dtomhaltas fuinnimh foriomlán an Aontais a mhéadú, an sprioc cheangailteach do 2030 a ardú go 42.5%, agus an uaillmhian ann 45% a bhaint amach.
Chun tacú leis an aistriú glan, ní mór dúinn feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanaimid ár dtionscal féin a chothú. Chun an méid sin a bhaint amach, mholamar Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais in 2023. Leis an bPlean, cuirfear ar chumas thionscal monaraíochta an Aontais méadú a dhéanamh ar tháirgeadh na dteicneolaíochtaí glan-nialasacha agus na dtáirgí glan-nialasacha atá ag teastáil chun spriocanna uaillmhianacha aeráide na hEorpa a bhaint amach.
Dhá chuid thábhachtacha den Phlean ná an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla agus an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta. Cruthóidh an dá cheann timpeallacht rialála intuartha agus shimplithe, rud a spreagfaidh infheistíochtaí agus forbairt tionscadal atá ríthábhachtach do gheilleagar na hEorpa.
In 2023 chuir an Coimisiún plean gníomhaíochta i láthair freisin chun dlús a chur le leathadh amach na n-eangach leictreachais. Agus margaí an Aontais lán-chomhtháite, le gréasán nuachóirithe bonneagair, cinntítear go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann leas a bhaint as fuinneamh níos saoire agus níos glaine.
Rinneamar athbhreithniú freisin ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh in éineacht le rialacha eile fuinnimh agus aeráide. Leis na rialacha nua, bunaítear ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’, rud a chiallaíonn sa chleachtas nach mór do Bhallstáit den Aontas éifeachtúlacht fuinnimh a mheas i ngach cinneadh ábhartha beartais agus infheistíochta a dhéantar in earnáil an fhuinnimh agus in earnálacha neamhfhuinnimh. Dírítear leis na rialacha freisin ar a chinntiú go gcomhlíonfaimid ár n-uaillmhian aeráide astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le 1990.
I mí Iúil 2024, tháinig an t-athchóiriú ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais i bhfeidhm. Cuidíonn sé sin le margadh fuinnimh an Aontais a dhéanamh níos athléimní agus téann sé chun tairbhe do shaoránaigh agus do chuideachtaí trína mbillí fuinnimh a dhéanamh níos neamhspleáiche ar phraghas gearrthéarmach an mhargaidh leictreachais. Cuidíonn an t-athchóiriú freisin le dlús a chur le níos mó foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras fuinnimh agus le feabhas a chur ar an gcosaint ar chúbláil margaidh.
Cuireadh chun cinn go luath in 2025 plean gnó mórscála chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’iomaíochas agus d’athléimneacht thionscal an Aontais, is é sin an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Leis an gComhaontú, cuirfear dlús leis an dícharbónú agus, ag an am céanna, cuirfear borradh faoi mhonarú an Aontais trí phraghsanna fuinnimh a laghdú, trí phoist ar ardchaighdeán a chruthú agus trí na dálaí cearta a chruthú chun go mbeidh rath ar chuideachtaí.
Conas a mhaoinítear REPowerEU?
Tá beagnach €300 billiún slógtha ag an gCoimisiún chun Plean REPowerEU a mhaoiniú. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcroílár an mhaoinithe sin.
A bhuí le Rialachán leasaithe RRF, leithdháileadh deontais bhreise REPowerEU €20 billiún ar na Ballstáit tríd an gCiste don Nuálaíocht agus trí liúntais an Chórais Trádála Astaíochtaí (CTA) a dhíol.
Chun a bpleananna REPowerEU a mhaoiniú, is féidir leis na Ballstáit aistrithe ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a iarraidh freisin. Is é €5.4 billiún an méid iomlán atá ar fáil ón gcúlchiste.
Foinsí eile maoinithe atá ag REPowerEU
- Cistí an Bheartais Comhtháthaithe
- An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
- An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
- an Banc Eorpach Infheistíochta
- Maoiniú náisiúnta agus maoiniú ón Aontas chun tacú le cuspóirí REPowerEU
- Bearta náisiúnta fioscacha
- Infheistíocht phríobháideach
Na chéad chéimeanna eile
D’éirigh leis an Aontas formhór na spriocanna uaillmhianacha a leagadh amach i bPlean REPowerEU a bhaint amach agus tá sé ar an mbóthar ceart anois chun deireadh iomlán a chur le breoslaí iontaise na Rúise agus leanúint den aistriú glas a shaothrú agus tacaíocht a thabhairt don Úcráin ag an am céanna.
Táimid dírithe i gcónaí ar chur i ngníomh leanúnach plean REPowerEU, mar atá:
- iompórtálacha gáis ón Rúis a laghdú tuilleadh
- borradh a chur faoin dícharbónú tionsclaíoch
- foinsí in-athnuaite fuinnimh a leathadh amach níos tapúla
- infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar fuinnimh agus in idirnaisc
- éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú;
Amlíne
- 18 Márta 2026
Thug an Coimisiún an Treoraíocht i ndáil le Rialachán REPowerEU maidir le Gás cothrom le dáta
- 9 Feabhra 2026
Ghlac an Coimisiún Eorpach cinneadh cur chun feidhme lenar bunaíodh liosta de thríú tíortha atá díolmhaithe ó réamhúdarú le haghaidh iompórtálacha gáis isteach san Aontas
- 3 Feabhra 2026
Tháinig rialachán REPowerEU i bhfeidhm chun deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtáil breosla iontaise ón Rúis
- 2 Nollaig 2025
Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil chun deireadh a chur le gás na Rúise agus deireadh a chur de réir a chéile le hola na Rúise
- 17 Meitheamh 2025
Mhol an Coimisiún rialachán REPowerEU chun deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha breoslaí iontaise na Rúise
- 6 Bealtaine 2025
Chuir an Coimisiún i láthair treochlár chun deireadh iomlán a chur le spleáchas an Aontais ar fhuinneamh na Rúise
- 22 Aibreán 2024
Sheol an Coimisiún an Chomhghuaillíocht Eorpach um Maoiniú Éifeachtúlachta Fuinnimh chun dlús a chur le hinfheistíocht phríobháideach san éifeachtúlacht fuinnimh
- 25 Márta 2024
Ghlac an Chomhairle moladh lena spreagtar na Ballstáit leanúint dá dtomhaltas gáis a laghdú go dtí an 31 Márta 2025
- 15 Feabhra 2024
Seoladh an chéad bhabhta meaitseála meántéarma le haghaidh ceannacháin chomhpháirteacha gáis, nuair a bheidh ceannaitheoirí in ann a n-éileamh ar ghás a chur isteach ar feadh tréimhsí iomadúla 6 mhí ó mhí Aibreáin 2024 go mí Dheireadh Fómhair 2029
- 10 Bealtaine 2023
Seoladh an chéad tairiscint le haghaidh ceannach comhpháirteach gáis faoi Ardán Fuinnimh an Aontais
- 25 Aibreán 2023
Sheol an Coimisiún an chéad ghlao ar chuideachtaí chun gás a cheannach go comhpháirteach
- 30 Márta 2023
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i dtaca leis an treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite
- 14 Nollaig 2022
Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le REPowerEU a mhaoiniú agus na Ballstáit a chumasú chun caibidlí REPowerEU a thabhairt isteach ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta
- 9 Nollaig 2022
Seoladh comhghuaillíocht thionsclaíoch nua chun borradh a chur faoi ghrianchumhacht agus faoi shlándáil fuinnimh an Aontais
- 9 Samhain 2022
Chuir an Coimisiún borradh faoin aistriú glas ó ghás na Rúise trí dhlús a chur le foinsí in-athnuaite fuinnimh a cheadú
- 26 Iúil 2022
Bunaithe ar an togra ón gCoimisiún, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú chun laghdú ordúil agus comhordaithe ar thomhaltas gáis ar fud an Aontais a chinntiú chun ullmhú don gheimhreadh a bhí le teacht.
- 20 Iúil 2022
Coigil Gás i gcomhair Geimhreadh Sábháilte: Mhol an Coimisiún Plean um laghdú ar an éileamh gáis chun an tAontas a ullmhú do chiorruithe soláthair ón Rúis
- 18 Iúil 2022
Shínigh an tAontas agus an Asarbaiseáin Meabhrán Tuisceana nua maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach i Réimse an Fhuinnimh, lena leagtar síos an bhunchloch le haghaidh comhpháirtíocht fhadtéarmach maidir leis an bhfuinneamhéifeachtúlacht agus fuinneamh glan. A bhuí leis sin, déanfar acmhainneacht Chonair Gáis an Deiscirt a dhúbailt chun 20 billiún méadar ciúbach ar a laghad a sheachadadh chuig an Aontas gach bliain faoi 2027.
- 15 Iúil 2022
D’fhormheas an Coimisiún ‘IPCEI Hy2Tech’, an chéad Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne in earnáil na hidrigine. Is é is aidhm don tionscadal teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt don slabhra luacha hidrigine chun próisis thionsclaíocha agus soghluaisteacht a dhícharbónú. Tá 35 ghnólacht agus 41 thionscadal ó 15 Bhallstát páirteach ann.
- 27 Meitheamh 2022
Glacadh rialacha nua maidir le stóráil gáis. Leis na rialacha sin, neartófar slándáil sholáthar gáis an Aontais i bhfianaise na ngeimhreadh atá le teacht. Leis na rialacha nua, ceanglófar ar Bhallstáit an Aontais na saoráidí stórála a líonadh go dtí 80% dá dtoilleadh faoi mhí na Samhna – agus go dtí 90% sna blianta amach romhainn.
- 23 Meitheamh 2022
Chomhaontaigh an tAontas agus an Iorua cur lena gcomhpháirtíocht chun soláthairtí gáis gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a mhéadú, aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh, agus an comhar maidir le fuinneamh glan a neartú, an comhar maidir le hidrigin san áireamh.
- 15 Meitheamh 2022
Shínigh an tAontas Eorpach, an Éigipt agus Iosrael Meabhrán Tuisceana tríthaobhach chun gás nádúrtha a easpórtáil chun na hEorpa. Déanfar gás nádúrtha ó Iosrael, ón Éigipt agus ó fhoinsí eile i réigiún na Meánmhara Thoir a sheoladh chun na hEorpa trí bhíthin bhonneagar onnmhairiúcháin gáis nádúrtha leachtaithe na hÉigipte.
- 25 Bealtaine 2022
Bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa Ardán Fuinnimh an Aontais Eorpaigh chun soláthairtí malartacha a aimsiú.
- 18 Bealtaine 2022
Chuir an Coimisiún REPowerEU i láthair, plean chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú go tapa agus chun dlús a chur leis an aistriú glas.
- 25 Márta 2022
Bhunaigh an Coimisiún agus na Stáit Aontaithe Tascfhórsa maidir le Slándáil Fuinnimh na hEorpa agus geallann na Stáit Aontaithe easpórtálacha GNL chuig an Aontas a mhéadú
- 10-11 Márta 2022
Ghlac ceannairí na hEorpa Dearbhú Versailles agus d’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach Plean REPowerEU mionsonraithe a chur i láthair
- 8 Márta 2022
Chuir an Coimisiún an chéad togra i láthair chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise na Rúise trí Phlean REPowerEU
Naisc ghaolmhara
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 31 Bealtaine 2026
