Page contents Page contents Cur chuige comhchoiteann i leith bearta taistil: príomhréimsí An 25 Eanáir 2022 ghlac an Chomhairle moladh athbhreithnithe chun an tsaorghluaiseacht shábháilte a éascú san Aontas le linn phaindéim COVID-19. Tagann an comhaontú sin sna sála ar thogra ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021. Faoin moladh athbhreithnithe, ba cheart bearta COVID-19 a chur i bhfeidhm bunaithe ar staid an duine aonair agus ní ar réigiún a thionscnaimh, ach amháin i gcás réigiúin ina bhfuil an víreas i gcúrsaíocht ar leibhéil an-ard. Is éard is brí leis sin gur cheart stádas vacsaínithe, tástála nó téarnaimh COVID-19 an taistealaí a bheith mar phríomhchinntitheach, stádas is féidir a chruthú le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais bailí. Is freagairt é an moladh sin ar an méadú suntasach ar ghlacadh vacsaínithe agus ar rolladh amach tapa Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais. Tagann an moladh sin in ionad an mholta a bhí i bhfeidhm roimhe. I gcomhréir leis na rialacha nua, ní mór do na Ballstáit deimhnithe vacsaínithe a ghlacadh ar feadh tréimhse 270 lá (9 mí) ón uair a críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil: I gcás vacsaín dhá dháileog, is éard is brí leis sin 270 lá ón dara dáileog nó, i gcomhréir leis an straitéis náisiúnta vacsaínithe, ón gcéad agus an t-aon dáileog amháin tar éis do dhuine téarnamh ó COVID-19. I gcás vacsaín aon dáileoige, is éard is brí leis sin 270 lá ón gcéad agus an t-aon dáileog amháin sin. Níor cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhse bhailíochta éagsúil chun críoch taistil laistigh den Aontas Eorpach. Ní bhaineann an tréimhse bhailíochta chaighdeánach le deimhnithe do theanndáileoga. Amhail ón 1 Feabhra 2022 cuireadh rialacha nua i bhfeidhm maidir le teanndáileoga a ionchódú sa Dearbhú. Faoi mar a soiléiríodh i mí na Nollag, déanfar teanndáileoga a thaifeadadh mar seo a leanas: 3/3 do theanndáileog tar éis sraith vacsaínithe phríomhúil dhá dháileog 2/1 do theanndáileog tar éis vacsaín aon dáileoige nó aon dáileog de vacsaín dhá dháileog a tugadh do dhuine atá tagtha chuige féin. Deimhnithe a eisíodh ar bhealach éagsúil roimh an soiléiriú sin, ní mór na deimhnithe sin a cheartú agus a eisiúint an athuair chun a chinntiú gur féidir teanndáileoga a shainaithint ó stádas an vacsaínithe iomláin. Tháinig an moladh seo i bhfeidhm an 1 Feabhra 2022. An 3 Feabhra 2022 mhol an Coimisiún Eorpach síneadh bliana, go dtí an 30 Meitheamh 2023, a chur le córas Dheimhnithe Digiteacha COVID an Aontais. Faigh tuilleadh eolais sa bhileog eolais seo Cur chuige bunaithe ar an duine Taistealaithe ag a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID an Aontais bailí, níor cheart srianta breise ar an tsaorghluaiseacht a chur orthu sa chuid is mó de chásanna. Cuimsítear na rudaí seo a leanas mar chuid de Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais bailí: Deimhniú vacsaínithe do vacsaín atá údaraithe ar leibhéal na hEorpa má tá 14 lá ar a laghad ach ní níos mó ná 270 lá imithe tharainn ón uair a fuarthas an dáileog deiridh den tsraith vacsaínithe phríomhúil. Deimhnithe vacsaínithe do theanndáileoga, tá siad bailí ar an toirt agus san am i láthair ní bhaineann tréimhse bhailíochta uasta leo. D’fhéadfadh na Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe le haghaidh vacsaíní atá údaraithe ag na húdaráis náisiúnta nó ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte freisin. Toradh diúltach ó thástáil PCR atá faighte laistigh de 72 uair an chloig roimh thaisteal, sin nó toradh diúltach ó mhearthástáil antaiginí atá faighte laistigh de 24 uair an chloig roimh thaisteal. Deimhniú téarnaimh lena léirítear nach bhfuil níos mó ná 180 imithe tharainn ón uair a fuair an duine an chéad toradh dearfach ar thástáil. Daoine nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID an Aontais acu, ba cheart a cheangal orthu tástáil a dhéanamh sula dtaistealaíonn siad nó tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ón uair a shroicheann siad a gceann scríbe. Taistealaithe a bhfuil feidhm ríthábhachtach nó riachtanas ríthábhachtach acu, comaitéirí trasteorann agus páistí faoi 12 bhliain d’aois, níor cheart a chur de cheangal orthu Deimhniú Digiteach COVID an Aontais bailí a bheith acu. Léarscáil réigiúin an Aontais Leanfaidh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú de léarscáil réigiúin na mBallstát a fhoilsiú de réir córas soilse tráchta (glas, oráiste, dearg, dúdhearg). Bunófar an léarscáil ar ráta fógartha cásanna le haghaidh tréimhse 14 lá, ar ghlacadh vacsaínithe agus ar an ráta tástála. Uirlis faisnéise atá i léarscáil na soilse tráchta go príomha, ach is ann di freisin chun bearta a chomhordú i limistéir ina bhfuil an víreas i gcúrsaíocht ar leibhéal an-ard. Bunaithe ar an léarscáil sin, ba cheart do na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an taisteal chuig agus ó limistéir dhúdhearga, áiteanna ina bhfuil an víreas i gcúrsaíocht ar leibhéal an-ard. Ba cheart dóibh cur in aghaidh an taistil neamhriachtanaigh agus a cheangal ar dhaoine a thagann ó na limistéir sin nach bhfuil dearbhú vacsaínithe ná téarnaimh acu tástáil a dhéanamh sula dtaistealaíonn siad agus coraintín a dhéanamh nuair a thagann siad i dtír. Ba cheart díolúintí áirithe i dtaca leis na bearta sin a bheith i bhfeidhm le haghaidh taistealaithe a bhfuil feidhm ríthábhachtach nó riachtanas ríthábhachtach acu, comaitéirí trasteorann agus páistí faoi 12 bhliain d’aois. Coscán éigeandála Nuair a chuireann Ballstát srianta i bhfeidhm mar fhreagairt ar theacht chun cinn athraitheach nua, ba cheart don Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an staid i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rianú. Bunaithe ar mheasúnú rialta ar fhianaise nua i dtaca le hathraithigh, d’fhéadfadh an Coimisiún plé leis an gComhairle a mholadh chomh maith. Tá an fhéidearthacht ann bearta comhchosúla a chur i bhfeidhm má théann an staid eipidéimeolaíoch chun donais go tapa i mBallstát nó i limistéar laistigh de Bhallstát. Le linn an phlé, d’fhéadfadh an Coimisiún a mholadh go gcomhaontódh an Chomhairle ar chur chuige comhordaithe maidir leis an taisteal ó na limistéir lena mbaineann. Aon staid arb é glacadh beart mar thoradh uirthi, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh uirthi go rialta. Foirm choiteann aimsithe paisinéirí agus cosaint sonraí Tá ról lárnach ag foirmeacha aimsithe paisinéirí chun rianú teagmhálaithe taistealaithe a chinntiú. D’fhéadfadh tábhacht nach beag a bheith ag baint le malartuithe sonraí idir údaráis rianaithe teagmhálaithe na mBallstát nuair a thrasnaíonn paisinéirí teorainneacha agus iad i ngiorracht dá chéile, cuir i gcás ar eitleáin nó ar thraenacha. Chun go mbeidh na Ballstáit in ann sonraí ábhartha paisinéirí a mhalartú lena chéile thar theorainneacha, i mí Bealtaine agus mí Iúil 2021 ghlac an Coimisiún dhá ghníomh cur chun feidhme lena gcuirtear ar fáil na dálaí dlíthiúla is gá chun na sonraí pearsanta sin a phróiseáil agus lena mbunaítear ardán malartaithe foirmeacha aimsithe paisinéirí. Chun tacú le digitiú agus le comhchuibhiú foirmeacha aimsithe paisinéirí, d’fhorbair Gníomhaíocht Chomhpháirteach ‘EU Healthy Gateways’ feidhmchlár gréasáin le haghaidh Foirm Dhigiteach Aimsithe Paisinéirí an Aontais. A bhuí le foirmeacha digiteacha aimsithe paisinéirí in éineacht le hardán malartaithe foirmeacha aimsithe paisinéirí, is éasca agus is tapa sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt idir na Ballstáit, arb é an toradh atá air córas rianaithe teagmhálaithe atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Doiciméid 25 SAMHAIN 2021Council Recommendation on a coordinated approach to facilitate safe free movement during the COVID-19 pandemic and repealing Recommendation (EU) 2020/1475 25 SAMHAIN 2021Annex to the Proposal for a Council Recommendation on a coordinated approach to facilitate safe free movement during the COVID-19 pandemic and replacing Recommendation (EU) 2020/1475 23 SAMHAIN 2021Factsheet - Coronavirus pandemic: New Commission proposal to ensure coordination on safe travel in the EU