Lá na hEorpa 2026
Chuir an Coimisiún Eorpach fáilte roimh 18,000 cuairteoir chuig a cheanncheathrú sa Bhruiséil, lá ar oscail sé na doirse d’fhoirgneamh íocónach an Berlaymont le haghaidh lá fionnachtana.
Bhí deis ag cuairteoirí féachaint laistiar de na doirse, roinnt de na spásanna is iomráití sa Choimisiún a fheiceáil lena súile cinn, na stiúideonna teilifíse agus seomra cruinnithe Schuman ina measc, agus páirt a ghlacadh i raon leathan gníomhaíochtaí.


Open Doors Day at the European Institutions 2026General view of visitors touring the exterior stands 

Open Doors Day at the European Institutions 2026General view of visitors at a stand 

Open Doors Day at the European Institutions 2026Thomas de Bethune, 3rd, and Tesera Ribera, 4th (from left to right), cutting the ribbon 

Open Doors Day at the European Institutions 2026General view of visitors in the studios of the European Commission 

Open Doors Day at the European Institutions 2026Europa, the official mascot of the EU 

Open Doors Day at the European Institutions 2026View of dancers performing 

Open Doors Day at the European Institutions 2026View of a chess game featuring an AI-powered robot 

Open Doors Day at the European Institutions 2026View of participants holding flags
Ar chaill tú an t-imeacht? I rith na bliana ar fad, is féidir leat cuairt a thabhairt ar thaispeántas idirghníomhach Experience Europe, agus spléachadh praiticiúil a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an Coimisiún.
Lá na hEorpa a cheiliúradh tríd an spórt
Ó shacar go rothaíocht, ó mhótarspórt go heitpheil, agus ó chispheil go leadóg bhoird, rinne lúthchleasaithe ar fud na hEorpa Lá na hEorpa a cheiliúradh trí dhathanna an Aontais a chaitheamh agus bratach na hEorpa a thabhairt chun na páirce go bródúil.
Gabhaimid buíochas leis na lúthchleasaithe, na clubanna agus an lucht leanúna a dhéanann ceiliúradh ar an Eoraip tríd an spórt, ní hamháin ar Lá na hEorpa, ach gach lá.
Eolas faoi Lá na hEorpa
Téann bunús Lá na hEorpa siar go dtí an 9 Bealtaine 1950, nuair a thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, óráid inar mhol sé cineál nua comhair san Eoraip.
Tugtar Dearbhú Schuman air, réitigh sé an bealach do ré nua síochána, lánpháirtíochta agus comhair ar fud na mór-roinne. Glactar leis go forleathan anois gurb é sin a chuir tús leis an Aontas Eorpach.
I saol athraitheach an lae inniu, ní mór don Aontas a bheith réidh chun an fód a sheasamh. Is deis é Lá na hEorpa chun é sin a aithint agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a seasann an tAontas seo againne dó. Is deis é an lá speisialta seo freisin chun teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh, fáilte a chur roimh chuairteoirí chuig institiúidí an Aontais, agus obair agus tosaíochtaí an Aontais a chur os comhair an tsaoil.
