Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Comhairliúchán spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara

Cumarsáid agus caibidlí na dtíortha

I dTuarascáil 2026 maidir leis an Smacht Reachta, déantar scrúdú ar fhorbairtí ar fud na mBallstát uile, bíodh siad dearfach nó diúltach, i gceithre phríomhréimse i dtaca leis an smacht reachta: an córas ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas na meán agus saoirse na meán agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin. Sa Tuarascáil tá caibidlí tíre do gach ceann de na 27 mBallstát agus do cheithre thír an mhéadaithe (an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia), agus tá na caibidlí sin bunaithe ar mheasúnú cáilíochtúil a rinne an Coimisiún go neamhspleách agus ionchorpraítear iontu measúnú ar fhorbairtí ón eagrán roimhe seo, chomh maith le hobair leantach ar na dúshláin agus ar na forbairtí a sainaithníodh i dTuarascáil 2025. Tá eolas comhthéacsúil breise faoi gach tír le fáil ar líne freisin ar an leathanach a bhfuil nasc chuige thíos.  

Cuimsítear sa Tuarascáil moltaí nithiúla do na Ballstáit uile, chomh maith le measúnuithe cáilíochtúla ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo chur i bhfeidhm na moltaí a eisíodh san eagrán roimhe seo. Dá réir sin, cuireann moltaí 2026 le moltaí na bliana seo caite, ag brath ar an dul chun cinn atá déanta, sin nó tugann siad aghaidh ar dhúshláin nua. Is é is cuspóir do na moltaí tuilleadh cúnaimh a thabhairt do na Ballstáit chun a gcuid iarrachtaí athchóirithe leanúnacha a thabhairt chun cinn agus cabhrú leo na réimsí a bhfuil gá le feabhsuithe a shainaithint.  

D’ullmhaigh an Coimisiún an Tuarascáil seo bunaithe ar idirphlé leanúnach leis na húdaráis náisiúnta agus i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar fud an Aontais, agus an fhreagracht pholaitiúil as a mheasúnú agus na moltaí a eisíodh á caomhnú aige an tráth céanna. Déanfar obair leantach sa chéad eagrán eile ar na forbairtí a sainaithníodh anseo agus leanfar de mheasúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí atá ann.

Le Tuarascáil 2026 maidir leis an Smacht Reachta, leantar den mheasúnú ar fhorbairtí maidir le gné an Mhargaidh Aonair a tionscnaíodh i dTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta, agus leas breise á bhaint as an ionchur ó pháirtithe leasmhara gnó agus deimhneacht dhlíthiúil agus timpeallacht intuartha á gcinntiú inar féidir le gnólachtaí fás eacnamaíoch an Aontais a spreagadh. 

Léirítear ról ríthábhachtach na Tuarascála maidir le hathchóirithe a chur chun cinn, tacú leis an dea-rialachas agus a chinntiú go dtabharfar aghaidh ar dhúshláin an smachta reachta ar bhealach réamhghabhálach freisin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile.

Tuarascáil 2026 maidir leis an Smacht Reachta – Cumarsáid agus caibidlí na dtíortha

Modheolaíocht

Ullmhaíodh an measúnú atá i gcaibidlí na dtíortha i gcomhréir leis an modheolaíocht a tugadh cothrom le dáta go deireanach in 2022, tar éis plé a dhéanamh leis na Ballstáit, d’fhonn na moltaí a cuireadh san áireamh sa Tuarascáil a léiriú freisin. Níl sé i gceist le caibidlí na dtíortha cuntas uilechuimsitheach a thabhart na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an smacht reatha i ngach tír aonair, ach is é atá i gceist forbairtí suntasacha a chur i láthair ó bhí an eagrán roimhe ann, is é sin an t-eagrán a foilsíodh i mí Iúil 2025. Tagraíonn an measúnú do cheanglais dhlí an Aontais, agus na ceanglais sin a tháinig ó chásdlí CBAE san áireamh. Sa bhreis air sin, is úsáideach an creat tagartha iad na moltaí agus na tuairimí ó Chomhairle na hEorpa, sin creat tagartha do chaighdeáin ábhartha agus do na cleachtais is fearr.  

Is toradh í an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta ar dhlúthchomhar agus ar idirphlé leis na húdaráis náisiúnta agus braitheann sí ar ionchur ó fhoinsí éagsúla, chomh maith le bailiú sonraí an Choimisiúin féin. Iarradh ar na Ballstáit agus ar thíortha an mhéadaithe uile rannchuidiú leis an bpróiseas, ionchur i scríbhinn a chur ar fáil agus páirt a ghlacadh i gcuairteanna tíre tiomnaithe a tionóladh idir mí Eanáir agus mí an Mhárta 2026. I gcás na gcuairteanna tíre sin, d’eagraigh an Coimisiún níos mó ná 600 cruinniú le húdaráis náisiúnta, comhlachtaí neamhspleácha agus páirtithe leasmhara, eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina measc (tá sceideal mionsonraithe na gcuairteanna tíre le fáil i roinn na nDoiciméad thíos). Ina theannta sin, phléigh an Coimisiún an Tuarascáil ar an leibhéal polaitiúil le húdaráis náisiúnta agus le rialtais, chomh maith le hionadaithe sna Parlaimintí náisiúnta. Sular glacadh an Tuarascáil seo, tugadh deis do na Ballstáit faisnéis fhíorasach nua cothrom le dáta a sholáthar le haghaidh a gcaibidle tíre. Fónann an tuarascáil a glacadh mar bhonn do phléití a dhéanfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin le rialtais náisiúnta agus leis na parlaimintí náisiúnta. 

An líonra de phointí teagmhála náisiúnta maidir leis an smacht reachta a bunaíodh in 2020 chun cuidiú le Timthriall an Smachta Reachta a bhunú, lean sé de bheith ag feidhmiú mar bhealach cumarsáide leanúnach leis na Ballstáit chun an Tuarascáil a ullmhú agus chun dea-chleachtais a mhalartú. Ó 2024 i leith, bíonn ceithre thír an mhéadaithe rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an líonra sin freisin.   

Tuarascáil 2026 maidir leis an Smacht Reachta – Modheolaíocht

Ionchur ó na Ballstáit agus ó thíortha an mhéadaithe

Iarradh ar gach Ballstát eolas a sholáthar faoi fhorbairtí suntasacha, go háirithe ó glacadh Tuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta, agus an t-eolas sin bunaithe ar cheistneoir nuashonraithe a pléadh leis na Ballstáit. Tá an t-ionchur bunaithe ar cheithre cholún atá cumhdaithe sa Tuarascáil - an córas ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas na meán agus saoirse na meán, chomh maith le saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin - agus soláthraíodh i dteimpléad comhaontaithe é. Rinneadh an t-ionchur i scríbhinn a fhorlíonadh le malartuithe le linn na gcuairteanna tíre, agus aighneachtaí breise i scríbhinn nó cruinnithe breise ina dhiaidh sin uaireanta. Sholáthair tíortha an mhéadaithe ionchur i scríbhinn freisin, rud a chomhlánaíonn an t-eolas a soláthraíodh i gcomhthéacs phróiseas an mhéadaithe.  

Tuarascáil 2026 maidir leis an Smacht Reachta – ionchur ó na Ballstáit

Comhairliúchán spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den ullmhúchán do Thuarascáil 2026 maidir leis an Smacht Reachta, d’iarr an Coimisiún Eorpach ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil trí chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara, a bhí ar siúl ón 4 Nollaig 2025 go dtí an 23 Eanáir 2026. Mar thoradh ar an gcomhairliúchán sin, tháinig tuairim is 280 aighneacht chothrománach agus thírshonrach ó pháirtithe leasmhara éagsúla, gníomhaireachtaí an Aontais, líonraí Eorpacha, eagraíochtaí náisiúnta agus Eorpacha na sochaí sibhialta, páirtithe leasmhara gnó agus comhlachais ghairmiúla agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha ina measc. Ina theannta sin, sholáthair Comhairle na hEorpa agus Oifig na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine forbhreathnú ar na tuairimí agus na tuarascálacha a d’eisigh siad le déanaí. An t-eolas a fuarthas tríd an gcomhairliúchán sin, chuir sé torthaí fíorasacha maidir le forbairtí ar an leibhéal náisiúnta ar fáil do mheasúnú an Choimisiúin.  

Tuarascáil 2026 maidir leis an Smacht Reachta – Comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara

Doiciméid

  • 11 FEABHRA 2026
2026 Rule of Law Report - Country visit schedule 2026
  • 17 IÚIL 2026
2026 Rule of law report – methodology
  • 17 IÚIL 2026
The EU’s rule of law toolbox – factsheet 2026
  • 17 IÚIL 2026
The annual Rule of Law cycle – factsheet 2026