The EU Justice Scoreboard provides comparative data on the independence, quality and efficiency of national justice systems.
National justice systems play a key role in upholding the rule of law, restoring confidence and the return to growth.
Tá an smacht reachta ar cheann de bhunluachanna an Aontais atá cumhdaithe ag Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is réamhriachtanas é freisin chun gach bunluach eile de chuid an Aontais a chosaint, na cearta bunúsacha agus an daonlathas san áireamh. Tá urramú an smachta reachta riachtanach le haghaidh fheidhmiú an Aontais féin: chun go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go héifeachtach, chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is cuí, chun go gcaomhnófar timpeallacht atá fabhrach don infheistíocht agus le haghaidh iontaoibh fhrithpháirteach. I gcroílár an smachta reachta tá cosaint dlí éifeachtach, a bhfuil neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta riachtanach ina leith.