Page contents Page contents Cad é an Timthriall Bliantúil maidir leis an Smacht Reachta?Le Timthriall Bliantúil an Smachta Reachta, soláthraítear próiseas le haghaidh idirphlé bliantúil idir an Coimisiún, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i dteannta na mBallstát, chomh maith leis na parlaimintí náisiúnta, an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile maidir leis an smacht reachta. Is í an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta bunchloch an phróisis nua sin.Ceann de na príomhchuspóirí atá ag Timthriall Bliantúil an Smachta Reachta is ea comhar idir-institiúideach a spreagadh agus na hinstitiúidí go léir de chuid an Aontais a ghríosú chun páirt a ghlacadh i gcomhréir lena róil institiúideacha faoi seach. Is léiriú é an aidhm seo ar an spéis atá á léiriú le fada ag Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle araon. Iarrann an Coimisiún freisin ar pharlaimintí náisiúnta agus údaráis náisiúnta an Tuarascáil a phlé, agus spreagann sé páirtithe leasmhara eile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais páirt a ghlacadh san idirphlé sin.Cuirtear an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta le chéile agus déantar an réamhobair leis na Ballstáit ar bhonn bliantúil mar chuid den Timthriall. Is ar an dá rud sin a bhunófar an t-idirphlé san Aontas agus déanfar iarracht leo a chinntiú nach dtiocfaidh fadhbanna chun chinn nó nach rachaidh siad in olcas. D’fhéadfaí cuidiú leis na Ballstáit teacht ar réitigh chun an smacht reachta a chosaint ach dúshláin a shainaithint a luaithe is féidir agus le tacaíocht ón gCoimisiún, na Ballstáit eile, agus páirtithe leasmhara, Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise san áireamh.Tuarascáil maidir leis an Smacht ReachtaLeis an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta, déantar monatóireacht ar fhorbairtí suntasacha a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit, bíodh siad dearfach nó diúltach. Clúdaítear ceithre cholún inti, is iad sin: an córas ceartais, an creat frith-éillithe, an t-iolrachas sna meáin agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin.Tuarascáil 2020 maidir leis an Smacht ReachtaTuarascáil 2021 maidir leis an Smacht ReachtaTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht ReachtaTuarascáil 2023 maidir leis an Smacht ReachtaTuarascáil 2024 maidir leis an Smacht ReachtaTuarascáil 2025 maidir leis an Smacht Reachta Tuarascáil 2026 maidir leis an Smacht ReachtaLíonra na bpointí teagmhála náisiúnta maidir leis an smacht reachtaTá líonra na bpointí teagmhála náisiúnta maidir leis an smacht reachta, a bunaíodh in 2020, comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus tacaíonn sé le hullmhú na Tuarascála bliantúla maidir leis an Smacht Reachta. Cuireann sé fóram ar fáil freisin chun dea-chleachtais a mhalartú. Idirphléití Náisiúnta maidir leis an Smacht Reachta Is formáid iad na hidirphléití náisiúnta maidir leis an smacht reachta a d’fhorbair an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha agus a d’éascaigh Ionadaíochtaí náisiúnta an Choimisiúin. Is é is aidhm dóibh páirtithe leasmhara agus údaráis éagsúla a thabhairt le chéile chun saincheisteanna náisiúnta i dtaca leis an smacht reachta a phlé agus conas obair leantach a dhéanamh orthu, ar bhonn na Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta.