Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Soláthar soláthairtí agus trealaimh a chinntiú

Availability of medical equipment

An trealamh leighis atá ar fáil

An 26 Bealtaine 2021 tháinig na rialacha nua maidir le feistí leighis (MDR) i bhfeidhm, ar rialacha iad lenar bunaíodh creat rialála nua-aimseartha agus níos láidre chun an tsláinte phoiblí agus sábháilteacht othar a chosaint. Tar éis na rialacha a chur ar athlá ar feadh bliana mar gheall ar dhúshláin nach bhfacthas riamh roimhe de thoradh phaindéim an choróinvíris, tháinig siad i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an ngá le soláthar níos fearr feistí leighis ríthábhachtacha ar fud an Aontais.

An chóir leighis atá ar fáil

D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit a chinntiú go mbeadh rochtain ag muintir na hEorpa ar chóir leighis riachtanach ar phraghas réasúnta le linn ráig an choróinvíris, agus gan scor de chaomhnú shláine an Mhargaidh Aonair. Leis na treoirlínte sin, cinntítear soláthar réasúnach na gcógas riachtanach, mar aon le hiompar, dáileadh agus úsáid na gcógas sin, agus cinntítear nach dtriomóidh an soláthar.

Éilimh a shainaithint agus trealamh leighis a sholáthar chun freastal ar na héilimh sin

Chuir an Coimisiún ‘teach imréitigh le haghaidh trealamh leighis (COVID-19)’ ar bun chun na soláthairtí atá ar fáil a shainaithint agus iad a sholáthar chun freastal ar an éileamh ó na Ballstáit.

Bhí sé ina ardán le haghaidh idirphlé agus le heolas a roinnt le hionadaithe na mBallstát maidir le héileamh agus soláthar trealaimh leighis ar leibhéal an Aontais agus bealaí chun ganntanais a shárú agus acmhainneacht a fhothú.

Soláthar poiblí trealaimh leighis agus cosanta

Leis an gComhaontú deonach um Sholáthar Comhpháirteach i dtaca le frithbhearta leighis, is féidir an trealamh ríthábhachtach agus na soláthairtí ríthábhachtacha a cheannach i bpáirt le chéile. Cuidíonn Comhaontuithe Comhpháirteacha leis na Ballstáit paindéim COVID-19 a chomhrac i gcomhréir le beartais an Aontais maidir le tástáil agus vacsaíniú.

Ó thús na bliana 2020 ghlac suas le 36 thír páirt i 12 nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arb é an toradh a bhí orthu níos mó ná 200 conradh lenar cuireadh ar chumas tíortha soláthairtí riachtanacha leighis agus teiripe nuálacha dar luach beagnach €13 bhilliún a ordú. Is ról comhordaithe atá ag an gCoimisiún Eorpach agus soláthar comhpháirteach á dhéanamh aige, agus is iad na Ballstáit a cheannaíonn na hearraí.

 

MÍREANNA

INFHAIGHTEACHT

TOIRT

UASTEORAINN BHUISÉADACH

gloves icon

 

Lámhainní agus forchótaí

Fógraí faoi dhámhachtain conarthaí, 2020

Aibreán 2020-2021 (lámhainní)

Bealtaine 2020-2021 (forchótaí)

Roinnt milliún

€97 milliún

eye respiratory protection icon

Cosaint súl agus riospráide

Fógraí faoi dhámhachtain conartha 2020

Fógraí faoi dhámhachtain conartha 2021

 Aibreán 2020-2021

20 milliún péire spéaclaí cosanta

12 mhilliún sciath aghaidhe

37 milliún masc FFP2

26 mhilliún masc FFP3

301 mhilliún masc máinliachta

€1.4 billiún

ventilator icon

Aerálaithe

Fógraí faoi dhámhachtain conartha 2020

 Aibreán 2020-2021

110,000 aonad

€1.4 billiún

lab equipment

Trealamh saotharlainne

Fógraí faoi dhámhachtain conartha 2020

 Bealtaine 2020-2021

30 beart éagsúil

€192 mhilliún

medicines icon

Cógais a úsáidtear in aonaid dianchúraim

Deireadh Fómhair 2020 – Meán Fómhair 2022*

103 mhilliún fial de 19 gcógas (analgéisigh, antaibheathaigh, ligeáin mhatánacha, ainéistéisigh, athbheochan, eile)*

NB. Deicsimeiteasón san áireamh faoi bhaisc 1

(Úsáid deicsimeiteasóin formhuinte ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach le haghaidh othair COVID-19 a bhfuil ocsaigin nó aeráil mheicniúil á tabhairt dóibh)

€543 mhilliún

veklury icon

Remdesivir (Veklury)

Fógraí faoi dhámhachtain conartha 2020

 Deireadh Fómhair 2020 – Aibreán 2022**

Breis agus 500,000 cúrsa cóireála

(An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach – coinníollacha úsáide)

€3.4 billiún

vaccines graphic

Trealamh leighis le haghaidh vacsaíniú

Fógraí faoi dhámhachtain conarthaí, 2021

Nollaig 2020 – Márta 2022* 1.2 billiún steallaire
588 milliún snáithe
760 milliún péire lámhainní
307 milliún naprún
1.18 milliún iompróir vacsaíní
3.38 milliún coimeádán le haghaidh dramhaíola
98 milliún dífhabhtán
5.5 milliún tomhaltán ainéistéisigh
€2.27 billiún
rapid test graphic

Tástálacha meara antaiginí

Fógraí faoi dhámhachtain conarthaí, 2021

Feabhra 2021 – 2022

557 milliún tástáil

1,733 ghléas léitheoireachta

€2.67 billiún
antibody graphic

Antasubstaintí monaclónacha

 

Aibreán 2021 – deireadh 2021***

220,000 cóireáil VIR-7831 (sotrovimab)

220,000 cóireáil de bamlanivimab agus etesevimab in éineacht

55,000 cóireáil Regn-COV2 (casirivimab agus imdevimab in éineacht)

€937 milliún

* Rud a bhraitheann ar an dáta a síníodh an conradh.

** Dhá chonradh athnuaite. 

*** Tá an fhéidearthacht ann síneadh a chur leis an gconradh. 

Treoir maidir le húsáid an chreata um sholáthar poiblí

Soláthairtí agus trealamh a stoc-charnadh agus a dháileadh

Is éard is stoc-charn RescEU ann taisce choiteann Eorpach de threalamh leighis, ar nós an trealaimh seo a leanas:

  • aerálaithe
  • trealamh cosanta pearsanta
  • maisc in-athúsáide
  • vacsaíní agus teiripe
  • soláthairtí saotharlainne

Maoiníonn an Coimisiún 100% de na costais a bhaineann leis an stoc-charnadh, agus bainisteoidh sé dáileadh an trealaimh lena chinntiú go gcuirfear é chuig na háiteanna is mó a bhfuil gá acu leis.

Acmhainneacht táirgeachta na hEorpa a mhéadú

Le caighdeáin chomhchuibhithe athbhreithnithe, ceadófar do mhonaróirí feistí ardcháilíochta a dhéanamh chun othair, gairmithe cúraim sláinte agus saoránaigh i gcoitinne a chosaint. Baineann na caighdeáin athbhreithnithe le soláthairtí criticiúla, cuir i gcás na soláthairtí seo a leanas:

  • maisc aghaidhe leighis
  • éadaí cosanta
  • cultacha máinliachta
  • dífhabhtáin agus steirileoirí
  • cosaint phearsanta súl
  • lámhainní leighis
  • feistí cosanta riospráide

Tá treoir curtha ar fáil ag an gCoimisiún i dtrí réimse chun cabhrú le monaróirí an táirgeacht trealaimh agus ábhair leighis riachtanaigh a mhéadú, eadhon

Treoir maidir le feistí leighis

Dleachtanna custaim agus CBL ar iompórtálacha a chur ar ceal go sealadach

D’fhormheas an Coimisiún iarratais ó na Ballstáit uile agus ón Ríocht Aontaithe ar dhleachtanna custaim agus CBL ar iompórtáil feistí leighis agus iompórtáil trealaimh cosanta ó thríú tíortha a tharscaoileadh go sealadach. Cuireadh síneadh eile leis an tarscaoileadh sealadach, an uair seo go dtí an 31 Nollaig 2021.

Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún saintreoir lena n-éascófar obair údaráis chustaim na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara eile agus iad ag déileáil le nósanna imeachta custaim, e.g. íoslaghdú a dhéanamh ar an bhfoirmiúlacht a bhaineann le hiompórtáil orgán daonna agus smeara atá ceaptha lena dtrasphlandú san Aontas, nó na saoráidí íocaíochta éagsúla a úsáidtear chun fiach custaim a láimhseáil nó chun tionscnamh fabhrach earraí a chruthú.

Ina theannta sin, mhol an Coimisiún nár cheart gur gá d’ospidéil ná do chleachtóirí leighis CBL a íoc ar vacsaíní agus ar fhearais tástála. Tar éis do na Ballstáit a gcead a thabhairt, beidh feidhm ag na bearta faoisimh sealadacha CBL sin go dtí an 31 Nollaig 2022.

Molann an Coimisiún freisin earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a dháileann an tAontas a dhíolmhú ó CBL tráth géarchéimeanna. Leis an tionscnamh, méadófar éifeachtúlacht na gcistí de chuid an Aontais a úsáidtear ar mhaithe leis an bpobal chun freagairt ar ghéarchéimeanna.

Aghaidh á tabhairt ar phaindéim an choróinvíris le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais

An 11 Márta 2021 chuir an Coimisiún Eorpach pacáiste tacaíochta airgeadais breise dar luach beagnach €530 milliún i láthair faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais. Cuirfidh sé leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag 17 mBallstát agus 3 thír aontachais (an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an Spáinn, an Ungáir agus an Albáin, Montainéagró agus an tSeirbia) an tsláinte phoiblí a chosaint agus an coróinvíreas á chomhrac.

Leis an maoiniú tacófar le cuid dá gcaiteachas poiblí ar threalamh leighis agus trealamh cosanta pearsanta, lena dtacaíocht éigeandála don phobal, agus le bearta chun leathadh an ghalair a chosc, agus chun rialú agus monatóireacht a dhéanamh air. Nuair atá sé faofa ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, déanfar an chabhair airgeadais a scaipeadh ansin ar na tíortha is iarrthóirí.

Availability of medicines

The Commission has called on EU countries to ensure that Europeans have access to necessary and affordable medicines during the coronavirus outbreak while preserving the integrity of the Single Market. These guidelines ensure the rational supply, transport, allocation and use of vital medicines and prevent any shortages.

Identifying demands and matching supplies of medical equipment

The Commission set up a ‘clearing house for medical equipment (COVID-19)’ to identify available supplies and facilitate the matching with demand in EU countries.

It served as a platform for dialogue and sharing of information with Member States’ representatives on the demand and supply of medical equipment at EU level and on means to overcome shortages and build capacity.

Public procurement of medical and protective equipment

The voluntary Joint Procurement Agreement for medical countermeasures enables the joint purchase of vital medical supplies and equipment. Joint Procurements help Member States to fight the COVID-19 pandemic in line with the EU policies on testing and vaccination.

Since early 2020, up to 36 countries, participated in twelve joint procurement procedures, which resulted in over 200 contracts allowing countries to order essential medical supplies and innovative therapeutics for nearly €13 billion. When conducting joint procurements, the European Commission has a coordinating role, while the EU countries purchase the items.

 

ITEMS

AVAILABILITY

VOLUME

BUDGET CEILING

gloves icon

 

Gloves and coveralls

Contract award notice 2020

April 2020-2021 (gloves)

May 2020-2021 (coveralls)

Several million

€97 million

eye respiratory protection icon

Eye and respiratory protection

Contract award notice 2020

Contract award notice 2021

 April 2020-2021

20 million goggles

12 million face shields

37 million FFP2 masks

26 million FFP3 masks

301 million surgical masks

€1.4 billion

ventilator icon

Ventilators

Contract award notice 2020

 April 2020-2021

110,000 units

€1.4 billion

lab equipment

Laboratory equipment

Contract award notice 2020

 May 2020-2021

30 different lots

€192 million

medicines icon

Medicines used in intensive care units

October 2020 - September 2022*

103 million vials of 19 medicines (analgesics, antibiotics muscle relaxers, anaesthetics, resuscitation, other)

NB. Includes dexamethasone under lot 1

(European Medicines Agency endorses use of dexamethasone in COVID-19 patients on oxygen or mechanical ventilation)

€543 million

veklury icon

Remdesivir (Veklury)

Contract award notice 2020

 October 2020 - April 2022**

Over 500,000 treatment courses

(European Medicines Agency - conditions of use)

€3.4 billion

vaccines graphic

Medical equipment for vaccination

Contract award notice 2021

December 2020 - March 2022* 1.2 billion syringes
588 million needles
760 million pairs of gloves
307 million aprons
1.18 million vaccine carriers
3.38 million waste containers
98 million disinfectants
5.5 million anaesthetic consumables
€2.27 billion
rapid test graphic

Rapid antigen tests

Contract award notice 2021 

February 2021 - 2022

557 million tests

1,733 reading devices

€2.67 billion
antibody graphic

Monoclonal antibodies

 

April 2021 - end 2021***

220,000 treatments of VIR-7831 (sotrovimab)

220,000 treatments of bamlanivimab and etesevimab combination

55,000 treatments of Regn-COV2 (combination of casirivimab and imdevimab)

€937 million

* Depending on the contract signature date.

** Two contract renewals. 

*** With a possible contract extension. 

Guidance on using the public procurement framework

Stockpiling and distributing supplies and equipment

The rescEU stockpile is a common European reserve of medical equipment such as:

  • ventilators
  • personal protective equipment
  • reusable masks
  • vaccines and therapeutics
  • laboratory supplies

The Commission finances 100% of the costs of the stockpiling and will manage the distribution of the equipment to ensure it goes where it is needed most.

Increasing European production capacities

Revised harmonised standards will allow manufacturers to make high quality devices to protect patients, healthcare professionals and citizens in general. The revised standards relate to critical supplies such as

  • medical facemasks
  • protective clothing
  • surgical drapes
  • disinfectant and sterilization agent
  • personal eye protection
  • medical gloves
  • respiratory protective devices

The Commission has made guidance available in 3 areas to assist manufacturers in increasing the output of essential medical equipment and material, namely

Guidance on medical devices

Temporarily lifting customs duties and VAT on imports

The Commission approved requests from all EU countries and the UK to temporarily waive customs duties and VAT on the import of medical devices, and protective equipment, from third countries. The temporary waiver has been extended again until 31 December 2021.

The Commission also published specialised guidance to ease the work of Member State customs authorities, and other relevant stakeholders, when dealing with customs procedures, e.g. minimising formalities on the import of human organs and bone marrow destined for transplant in the EU or various payment facilities for handling customs debt or proving preferential origin of goods.

The Commission also proposed that hospitals and medical practitioners should not have to pay VAT on vaccines and testing kits. Following the green light by Member States, these temporary VAT relief measures will apply until 31 December 2022.

The Commission also proposes to exempt vital goods and services distributed by the EU from VAT in times of crisis. The initiative will maximise the efficiency of EU funds used in the public interest when responding to crises.

European Solidarity Fund to address the coronavirus pandemic

On 11 March 2021, the European Commission put forward a package of almost €530 million in additional financial support under the EU Solidarity Fund. It will contribute to the efforts deployed by 17 Member States and 3 accession countries (Austria, Belgium, Croatia, Czechia, Estonia, France, Germany, Greece, Hungary, Ireland, Italy, Latvia, Lithuania, Luxembourg, Portugal, Romania, Spain and Albania, Montenegro and Serbia) to safeguard public health in fighting the coronavirus.

The funding will support part of their public expenditure on medical and personal protective equipment, emergency support to the population, and measures to prevent, monitor and control of the spread of the disease. Once approved by the European Parliament and the Council, the financial aid will then be disbursed to the applicant countries.