Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Teach Imréitigh COVID-19 le haghaidh trealamh leighis

Mar gheall ar phaindéim an choróinvíris tá borradh mór faoin éileamh ar threalamh cosanta pearsanta, ar tháirgí leighis agus ar ábhair theiripe a úsáidtear in ionaid dianchúraim ar fud an domhain. Chun éascaíocht a dhéanamh ar infhaighteacht thráthúil na soláthairtí leighis atá ag teastáil chun an víreas a chomhrac, beatha daoine a shábháil agus an ghéarchéim sláinte poiblí san Aontas Eorpach a shárú, tá Teach Imréitigh COVID-19 le haghaidh trealamh leighis curtha ar bun ag an gCoimisiún. Thosaigh sé ag feidhmiú an 1 Aibreán 2020 ar feadh tréimhse 6 mhí.

Soláthar trealaimh leighis chun freastal ar an éileamh

D’oibrigh an Teach Imréitigh go dlúth le húdaráis náisiúnta ar fud an Aontais, le monaróirí agus le páirtithe leasmhara eile, chun cuidiú leis na Ballstáit teacht ar na soláthairtí a d’fhreastail ar na riachtanais atá acu.

D’fheidhmigh sé mar ardán le haghaidh idirphlé agus comhroinnt faisnéise le hionadaithe na mBallstát i réimsí na sláinte agus na heacnamaíochta maidir le héileamh agus soláthar trealaimh leighis ar leibhéal an Aontais agus maidir le bealaí chun ganntanas a shárú agus acmhainneacht a fhorbairt. Trí idirphlé a dhéanamh le hionadaithe an tionscail, rinne an Teach Imréitigh eolas a chomhthiomsú i dtaobh patrúin éilimh agus soláthair atá ag teacht chun cinn i gcás príomhtháirgí leighis agus thacaigh sé le malartú an eolais sin.

Chuir an Teach Imréitigh uirlisí tacaíochta ar fáil do na Ballstáit freisin, ardán malartaithe faisnéise ina measc ar a raibh siad in ann a riachtanais ghearrthéarmacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha maidir le trealamh leighis a chur i láthair agus tairiscintí soláthair ó chuideachtaí a aimsiú.

Rinne an Teach Imréitigh monatóireacht ar iompórtálacha, ar shrianta easpórtála arna gcur i bhfeidhm ag tríú tíortha, ar acmhainneacht táirgeachta agus ar shlabhraí soláthair, scrogaill iompair agus lóistíochta san áireamh. Baic a bhí ann de bharr cúiseanna rialála nó teicniúla, chuidigh sé freisin chun iad a thuar agus a réiteach. Chuidigh an Teach Imréitigh freisin le monatóireacht a dhéanamh ar an gceanglas maidir le húdarú easpórtála le haghaidh trealamh cosanta pearsanta ag fágáil an Aontais Eorpaigh, rud a thug an Coimisiún isteach go sealadach ón 15 Márta go dtí an 25 Bealtaine 2020.

Chuidigh an méid sin ar fad le réimsí a shainaithint ar ar cheart iarrachtaí a dhíriú i ngach céim den Treochlár Eorpach Comhpháirteach i dtreo bearta imshrianta COVID-19 a bhaint agus chun an ullmhacht a mhéadú do ráigeanna amach anseo nó d’aon bhabhta breise den víreas, i gcomhréir le Teachtaireacht an Choimisiúin maidir le hullmhacht ghearrthéarmach sláinte an Aontais do ráigeanna COVID-19 a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Sa Teach Imréitigh bhí saineolaithe ó ranna éagsúla sa Choimisiún Eorpach atá páirteach sa chomhrac i gcoinne COVID-19. Ba i gcúig chnuasach a bhaineann le táirgí a bhí an Teach Imréitigh eagraithe: trealamh cosanta pearsanta, aerálaithe, soláthairtí eile leighis agus ospidéil, ábhair thástála, agus ábhair theiripe ionaid dianchúraim agus vacsaíní.

Chuir an Teach Imréitigh le hobair an Choimisiúin maidir le soláthar comhpháirteach agus trealamh leighis a stoc-charnadh trí rescEU. Ní dhearna sé an soláthar comhpháirteach a eagrú, ná an t-éileamh agus an soláthar aonair a mheaitseáil go díreach. Ba é an ról a bhí aige tacaíocht, uirlisí agus eolas ríthábhachtach a chur ar fáil chun éascaíocht a dhéanamh ar infhaighteacht na soláthairtí leighis a bhí ag teastáil chun dul i ngleic leis an víreas agus dlús a chur lena gcur ar fáil.

Bhí tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (Lichtinstéin, an Iorua agus an Íoslainn), an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe comhlachaithe le hobair an Tí Imréitigh.

An t-ardán meaitseála

Ba uirlis bailithe faisnéise ar líne é an t-ardán meaitseála ar arbh féidir leis na Ballstáit na riachtanais a mheasann siad a bheidh acu i dtaca le táirgí leighis a chur in iúl, agus ar arbh féidir le cuideachtaí a tháirgeann agus a sholáthraíonn na táirgí sin sonraí a dtairiscintí faoi seach a uaslódáil. Tá cur síos níos mionsonraithe ar oibriú an ardáin sa chur i láthair seo. D’fhéadfadh cuideachtaí ar spéis leo tairiscint soláthair a uaslódáil foirm a líonadh ar ardán meaitseála an Choimisiúin.

Cruinnithe leis na Ballstáit agus na tíortha comhlachaithe

D’eagraigh an Teach Imréitigh cruinnithe rialta le hionadaithe na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe. Chuir na cruinnithe sin struchtúr ar fáil chun eolas a chomhthiomsú agus a chomhroinnt. A bhuí le cruinnithe téamacha bhíothas in ann malartú níos doimhne a dhéanamh ar thuairimí agus ar réimsí tosaíochta atá ag teacht chun cinn.

Cruinniú téamach maidir le tástáil

Trí thástáil a dhéanamh le haghaidh COVID-19 is féidir daoine ionfhabhtaithe a shainaithint agus a aonrú chun leathadh an víris a chosc fad is atá gníomhaíochtaí rianaithe agus lorgaireachta á ndéanamh lena sheiceáil ar ionfhabhtaíodh aon duine eile.

Mar sin de, tá straitéisí iomchuí tástála agus cumas leordhóthanach tástála ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí i dtaobh ullmhacht i leith COVID-19 agus an fhreagairt air. Sna chéad mhíonna den phaindéim, áfach, bhí ganntanais san Eoraip ó thaobh tástálacha, ábhair tástála, foirne saotharlainne oilte agus roinnt soláthairtí de threalamh saotharlainne.

An 28 Bealtaine 2020 d’eagraigh an Teach Imréitigh cruinniú maidir le straitéisí tástála agus leis an acmhainneacht atá ann faoi láthair agus atá beartaithe san Eoraip. Roimh an gcruinniú, thug na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe ionchur i suirbhé a scaipeadh ar an ábhar sin, ionchur as ar tháinig léargais úsáideacha.

Rinne an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) a chuid smaointeoireachta i dtaca le rianú teagmhálaithe a chur i láthair. Chuir an tAirmheán Comhpháirteach Taighde a bhunachar sonraí maidir le feistí diagnóiseacha agus modhanna tástála in vitro COVID-19 i láthair.

Cruinniú téamach maidir le haerálaithe

Léirigh ráig phaindéim COVID-19 go bhfuil aerálaithe meicniúla ríthábhachtach i mbainistiú cliniciúil na n-othar a bhfuil COVID-19 orthu agus go bhféadfadh ganntanas na n-aerálaithe sin a bheith ann i ngeall ar éileamh easpónantúil sa ghearrthéarma. Cé gur tháinig méadú tapa ar an táirgeadh sa tionscal, níor leor é chun freastal ar an éileamh an-ard a bhí ann ag buaicphointe na géarchéime. 

Mar sin de, d’eagraigh an Teach Imréitigh cruinniú an 29 Meitheamh 2020 maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus maidir leis an ullmhacht ó thaobh aerálaithe meicniúla san Eoraip chun cuidiú leis an ullmhúchán le haghaidh athbhorradh féideartha COVID-19. Faoi cheangal tá roinnt léargais thábhachtacha (ó thuarascáil an chruinnithe) faoi aerálaithe.

Chuir an Cumann Eorpach um Leigheasra Dianchúraim (ESICM) i láthair cuid de na ceachtanna a d’fhoghlaim na cliniceoirí maidir le húsáid aerálaithe in ionaid dianchúraim: sábhálann aerálaithe beatha daoine, ach ní mór do bhaill foirne cháilithe agus speisialaithe cúraim sláinte iad a úsáid mar is ceart. Chomhroinn an Spáinn an taithí a fuair siad (1 agus 2) maidir le haghaidh a thabhairt ar na riachtanais mhéadaithe i dtaca le haerálaithe agus maidir leis an gcumas monaraíochta a fheabhsú.

Tá an Coimisiún tar éis a bheith ag obair leis na Ballstáit agus na tíortha comhlachaithe chun cuidiú leo na haerálaithe riachtanacha a fháil trí ionstraimí éagsúla, go háirithe an Comhaontú Comhpháirteach Soláthair agus rescEU.

Borradh a chur faoin táirgeadh

Mar thoradh ar ráig phaindéim COVID-19 bhí roinnt ganntanas ann ó thaobh táirgí riachtanacha de agus spreag sin an gá le méadú suntasach ar tháirgeadh cineálacha áirithe trealaimh.

I gcruinniú an 13 Bealtaine maidir le dlús a chur le táirgeadh Trealaimh Cosanta Phearsanta (TCP), mhínigh formhór mór na mBallstát go bhfuil siad ag déanamh monatóireacht ar a soláthar trealaimh agus ag dul i dteagmháil go réamhghníomhach le gnólachtaí chun tuiscint a fháil ar staid reatha an tsoláthair agus conas an táirgeadh a mhéadú. Chomhroinn an Eastóin agus an Iodáil a dtaithí agus dea-chleachtais.

I gcruinniú leantach an 19 Bealtaine rinneadh scrúdú níos grinne ar an soláthar atá ann faoi láthair agus ar an méadú a bhfuiltear ag súil leis ar tháirgeadh an trealaimh leighis, sin agus ar bhacainní agus ar scrogaill chomh maith. Chuir an Bhulgáir a huirlis faisnéise do ghnólachtaí i láthair, mar aon le treoir agus naisc chuig bearta frith-ghéarchéime uile an Rialtais arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch COVID-19. Chuir an Bheilg an t-ardán a d’eagraigh Líonra Fiontar Eorpach Fhlóndras i láthair ar ardán é chun faisnéis úsáideach agus bearta tacaíochta a mheaitseáil agus a chomhroinnt.

Naisc úsáideacha eile:

Éascaíocht a dhéanamh ar acmhainneacht an trealaimh leighis a mhéadú

Is comhlacht dá dtugtar fógra ar an leibhéal náisiúnta a dhéanann trealamh leighis a mheasúnú agus a dheimhniú de ghnáth. Ag buaic na géarchéime, i bhfianaise na nganntanas soláthairtí riachtanacha leighis, mheas an Coimisiún go raibh sé ríthábhachtach bealaí a aimsiú chun an próiseas sin a éascú.

I gcomhréir leis an Treochlár Eorpach Comhpháirteach i dtreo bearta imshrianta COVID-19 a bhaint, dhréachtaigh an Coimisiún, i gcomhaontú leis na Ballstáit, liosta táirgí tosaíochta le haghaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra agus roinn sé, le hoibreoirí margaidh, faisnéis maidir le hinfhaighteacht agus acmhainneacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta. Rinneadh dhá shuirbhé ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra. Chuidigh sé sin le cuideachtaí roinnt táirgí a bhaineann le COVID-19 a chur ar an margadh go tapa.

Comhlachtaí dá dtugtar fógra – Liosta de threalamh riachtanach

Sa Treochlár Eorpach Comhpháirteach i dtreo bearta imshrianta COVID-19 a bhaint, rud a glacadh an 15 Aibreán 2020, d’iarr an Coimisiún ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra tús áite a thabhairt do threalamh leighis riachtanach sa chomhrac i gcoinne COVID-19, bunaithe ar liosta a bheidh le comhaontú leis na Ballstáit. Tá liosta an trealaimh leighis riachtanaigh le fáil thíos:

Comhlachtaí dá dtugtar fógra – Infhaighteacht agus acmhainneacht

Thairis sin, gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé faisnéis ar fáil maidir le hinfhaighteacht agus acmhainn na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus go roinnfeadh sé an fhaisnéis sin le hoibreoirí margaidh. Sa chomhthéacs sin, rinne an Coimisiún suirbhéanna a scaipeadh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra agus atá i gceannas ar dheimhniú feistí leighis a bhaineann le COVID-19, feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus trealamh cosanta pearsanta. Tá torthaí na suirbhéanna sin le fáil sna doiciméid thíos: