Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh

Gach bliain foilsíonn an Coimisiún tuarascáil maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh le linn na bliana roimhe sin. Déantar athbhreithniú sa tuarascáil ar na príomhghnéithe den bhealach ar chuir na Ballstáit dlí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm agus ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin chun é a fhorfheidhmiú in 2022. Sa phríomhthuarascáil leagtar amach na himscrúduithe is tábhachtaí de chuid an Choimisiúin agus nósanna imeachta maidir le sárú faoi thosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin. Cuirtear i láthair ar an leathanach gréasáin seo cásanna sáraithe, próisis EU Pilot agus gearáin de réir réimse beartais agus de réir Ballstáit, thar thréimhse cúig bliana. Ar leathanaigh thiomnaithe faoi réimsí beartais, tugtar eolas ar an gcaoi ar chuir an Coimisiún an chomhlíontacht chun cinn sna réimsí sin agus déantar tagairt do bhreithiúnais thábhachtacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ar leathanaigh na mBallstát foilsítear eolas níos sonraí faoin tír aonair lena mbaineann.

 

Sáruithe

Cásanna nua maidir le sárú (2018-2022)

[notranslate]new_infringement_cases_2018_2022[/notranslate]

Trí chliceáil ar an gcairt idirghníomhach il-leibhéil seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna nua maidir le sárú sa bhliain roghnaithe de réir an réimse beartais agus de réir an chineáil sáraithe.

Cásanna maidir le sárú a bhí oscailte ag deireadh na bliana (2018-2022)

[notranslate]infringement_cases_open_at_year_end_2018_2022[/notranslate]

Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil thuas is féidir leat féachaint ar líon na gcásanna maidir le sárú a bhí oscailte ag deireadh na bliana roghnaithe de réir an réimse beartais agus de réir an chineáil sáraithe

Forbairt na gcásanna maidir le sárú

Taispeántar sa chairt thuas líon na gcásanna nua agus na gcásanna dúnta, chomh maith leis na cásanna a bhí oscailte fós ag deireadh na bliana le haghaidh na tréimhse 2018-2022. Trí chliceáil ar an roghchlár anuas, is féidir leat réimse beartais a roghnú.

Cineál cásanna nua maidir le sárú in aghaidh an Bhallstáit agus sa Ríocht Aontaithe

Cineál cásanna maidir le sárú atá oscailte ag deireadh na bliana in aghaidh an Bhallstáit agus sa Ríocht Aontaithe

Cásanna dúnta maidir le sárú ag brath ar an gcéim sa nós imeachta

Féachann an Coimisiún le sáruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh a réiteach chomh tapa agus is féidir. Féadfaidh daoine agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as dlí an Aontais Eorpaigh níos túisce má réitítear cás ag céim luath, gan aon ghá an cás a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontas Eorpaigh.

In 2022 dhún an Coimisiún 489 gcás maidir le sárú. I 96% de na cásanna, bhíothas in ann an nós imeachta a dhúnadh gan aon ghá cinneadh a dhéanamh an cás a tharchur chuig an gCúirt. Go sonrach, dhún an Coimisiún cásanna maidir le sárú ag na céimeanna seo a leanas:

  • 354 chás tar éis litir fógra fhoirmiúil a sheoladh faoi Airteagal 258 CFAE;
  • 116 chás tar éis tuairim réasúnaithe a sheoladh;
  • 8 gcás tar éis cinneadh a dhéanamh an cás a tharchur chuig an gCúirt ach roimh an t-iarratas a chur isteach;
  • 9 gcás tar éis breithiúnais ón gCúirt (agus cás amháin san áireamh tar éis an dara rialú ón gCúirt faoi Airteagal 260 CFAE);
  • tarraingíodh siar 2 chás ón gCúirt sular thug an Chúirt a rialú. Tharraing an Coimisiún na cásanna sin siar toisc go ndearna na Ballstáit lena mbaineann na bearta ba ghá chun dlí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

Cásanna a tharchur chuig an gCúirt agus rialuithe na Cúirte

In 2022, rinne an Coimisiún an cinneadh 35 chás ar an iomlán a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tarchuireadh na cásanna sin uile chuig an gCúirt den chéad uair, faoi Airteagal 258 CFAE (18 gcás) nó faoi Airteagail 258 agus 260(3) (17 gcás).

Faoi Airteagal 260(3) CFAE, féadfaidh an Coimisiún pionóis airgeadais a mholadh fiú nuair a dhéanann sé cás a tharchur chuig an gCúirt den chéad uair. Chinn an Coimisiún iarraidh ar an gCúirt pionóis airgeadais a fhorchur i ngach ceann de na 17 gcás a raibh cinneadh tarchuir déanta ina leith faoin airteagal seo (is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na céimeanna éagsúla de nós imeachta maidir le sárú anseo).

Tar éis don Choimisiún cinneadh a dhéanamh cás a tharchur, ullmhaíonn sé an t-iarratas agus cuireann sé isteach do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é. In 2022, chuir an Coimisiún 35 chás isteach don Chúirt (cásanna san áireamh a ndearnadh cinneadh tarchuir ina leith roimh 2022).

In 2022, d’eisigh an Chúirt 18 mbreithiúnas faoi Airteagal 258 CFAE agus breithiúnas amháin faoi Airteagal 260(2) CFAE. I gcás an bhreithiúnais amháin sin, d’fhorchuir an Chúirt smachtbhannaí airgeadais in aghaidh na Gréige.

Is i bhfabhar an Choimisiúin a bhí 17 mbreithiúnas agus in 2 chás a bhain leis an bPolainn dhiúltaigh an Chúirt do ghníomhaíocht an Choimisiúin. Bhí na Ballstáit seo a leanas faoi réir breithiúnas ón gCúirt maidir le sárú in 2022:

  • an Spáinn (3 cinn);
  • an Bhulgáir, Éire, an Pholainn agus an tSlóvaic (2 cheann an Ballstát);
  • an Bheilg, an Danmhairg, an Ghréig, an Fhrainc, an Iodáil, an Ostair agus an Phortaingéil (1 cheann an Ballstát).

Bhí breithiúnas amháin ann freisin in aghaidh na Ríochta Aontaithe.

Tá sé de cheangal ar na Ballstáit na bearta uile a dhéanamh is gá chun breithiúnas ón gCúirt a chomhlíonadh go pras. Ní tharlaíonn sé sin i gcónaí, áfach. Ag deireadh 2022, bhí 84 nós imeachta maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE agus 16 nós imeachta maidir le sárú faoi Airteagal 260(2) CFAE fós oscailte tar éis breithiúnais ón gCúirt toisc gur mheas an Coimisiún nár chomhlíon na Ballstáit na breithiúnais go fóill.

Cásanna maidir le sárú a bhí oscailte tar éis breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais in aghaidh an Bhallstáit

Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil thuas is féidir leat féachaint ar réimsí beartais na gcásanna maidir le sárú a bhí oscailte tar éis breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais a bhaineann leis an mBallstát roghnaithe.

 

Trasuí treoracha

42 threoir ann a raibh sprioc-am trasuí acu in 2022. Is lú sin ná an líon a bhí ann in 2021 (55). Ba é 14.5 mí an mheántréimhse a bhí ag na Ballstáit treoir a thrasuí a raibh sprioc-am in 2022 ag gabháil léi. Ba lú sin ná an mheántréimhse in 2021 (22.4 mí). Leagann na reachtóirí síos na sprioc-amanna trasuí nuair a ghlacann siad treoir agus d’fhéadfaidís a bheith éagsúil ag brath ar an gcineál treorach atá i gceist. Mar shampla, d’fhéadfadh sprioc-amanna trasuí níos giorra a bheith ag gabháil le treoracha tarmligthe agus treoracha cur chun feidhme ná treoracha a ghlactar faoin ngnáthnós imeachta reachtach.

Cásanna nua a bhain le trasuí déanach (2018-2022)

[notranslate]new_late_transposition_cases_2018_2022[/notranslate]

Trí chliceáil ar an gcairt idirghníomhach il-leibhéil seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna nua a bhain le trasuí déanach in 2022 de réir an réimse beartais agus de réir na hearnála laistigh den réimse beartais sin.

Cásanna a bhain le trasuí déanach in 2022 in aghaidh an Bhallstáit agus sa Ríocht Aontaithe

 

EU Pilot

Is uirlis í an próiseas réamhsháraithe ‘EU Pilot’ a úsáideann an Coimisiún i gcás inar dócha go dtabharfaidh sí comhlíonadh níos tapa ná nós imeachta foirmiúil maidir le sárú. Cuireann sí ar a chumas don Choimisiún roinnt cásanna a réiteach ag céim EU Pilot freisin gan aon ghá tabhairt faoi nós imeachta um shárú. Féadfaidh an uirlis a bheith úsáideach freisin i gcásanna inar mian leis an gCoimisiún faisnéis fhíorasach nó dhlíthiúil a bhailiú a bhfuil gá léi chun a mheasúnú a dhéanamh.

Cásanna nua maidir le EU Pilot (2018-2022)

[notranslate]new_eu_pilot_cases_2018_2022[/notranslate]

Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil idirghníomhach seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna nua maidir le EU Pilot in 2022 de réir an réimse beartais agus de réir na hearnála beartais.

Forbairt na gcásanna maidir le EU Pilot

Léirítear sa chairt thuas líon na gcásanna maidir le EU Pilot a bhí nua nó a dúnadh nó a bhí oscailte fós ag deireadh na bliana le haghaidh na tréimhse 2018-2022. Trí chliceáil ar an roghchlár anuas, is féidir leat réimse beartais a roghnú.

D’oscail an Coimisiún 279 gcás maidir le EU Pilot in 2022. As na 279 gcás sin, ba ghearáin ba shiocair le 51 cheann díobh agus d’oscail an Coimisiún 228 gceann díobh tar éis imscrúduithe féintionscnaimh.

Dhún an Coimisiún 215 chás maidir le EU Pilot in 2022, agus dhún sé 160 ceann díobh tar éis freagraí sásúla a fháil ó na Ballstáit lena mbaineann. Fágann sin go raibh ráta réitigh 74% ann, ráta is ísle ná leibhéal 2021 (81%). Ina ionad sin, maidir le 46 chás, dúnadh an próiseas EU Pilot agus rinneadh moladh leanúint den tsaincheist a thuilleadh trí nós imeachta maidir le sárú. Bhí 9 gcinn de na cásanna sin bunaithe ar ghearáin.

Ba iad seo a leanas na réimsí beartais ina raibh an líon ba mhó cásanna maidir le EU Pilot a moladh leanúint díobh trí nósanna imeachta foirmiúla maidir le sárú: fuinneamh (12 chás), an margadh inmheánach (9 gcás), an comhshaol (7 gcás), agus an imirce agus gnóthaí baile (7 gcás).

Cásanna maidir le EU Pilot a bhí oscailte ag deireadh 2022 in aghaidh an Bhallstáit

Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil idirghníomhach seo is féidir leat féachaint ar dháileadh na gcásanna maidir le EU Pilot a bhí oscailte ag deireadh 2022 de réir an réimse beartais don Bhallstát roghnaithe.

 

Gearáin

Gearáin nua (2018-2022)

[notranslate]new_complaints_2018_2022[/notranslate]

Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil idirghníomhach seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na ngearán nua in 2022 de réir an réimse beartais agus de réir na hearnála beartais.

Forbairt na ngearán

Taispeántar sa chairt thuas líon na ngearán nua agus líon na ngearán a láimhseáladh nó a bhí oscailte fós ag deireadh na bliana le haghaidh na tréimhse 2018-2022. Trí chliceáil ar an roghchlár anuas, is féidir leat réimse beartais a roghnú.

Gearáin a láimhseáladh in 2022

Trí chliceáil ar an gcairt il-leibhéil idirghníomhach seo, is féidir leat féachaint ar dháileadh na ngearán a láimhseáladh in 2022 de réir an réimse beartais.

Láimhseáil an Coimisiún 3,615 ghearán a d’fhéadfaí a bheith ann in 2022. Bhí cuid mhór comhfhreagrais isteach, comhfhreagras a bhí cáilithe ag daoine agus ag cuideachtaí mar ghearáin, nár chomhlíon na critéir fhoirmiúla a ghabhann le gearán, agus tugadh freagra ar an gcomhfhreagras sin faoi Chód an Choimisiúin Eorpaigh um Dhea-Iompar Riaracháin (951).

Rinne an Coimisiún measúnú ar 2,254 ghearán agus níor shainaithin sé aon sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh maidir le cuid díobh agus maidir leis an gcuid eile shainaithin sé sárú féideartha nach ndéanann an Coimisiún imscrúdú air, i bprionsabal, de réir cur chuige straitéiseach maidir le forfheidhmiú mar a leagtar síos sa teachtaireachtEU law: Better Results through Better Application [Dlí an Aontais Eorpaigh: Torthaí níos fearr a bhuí le cur i bhfeidhm níos fearr] ó 2016.

Mar shampla, gearán ar chás aonair faoi chur i bhfeidhm mícheart dhlí an Aontais i gcás nach bhfuil tásca leordhóthanacha ann go bhfuil cleachtas ginearálta ann nó teip chórasach ann i gcomhlíonadh dhlí an Aontais. Is féidir leis an ngearánaí rochtain a fháil ar mhodhanna chun sásamh a fháil maidir leis an tsaincheist trí shásraí náisiúnta sásaimh. Dá bhrí sin níl gá le himscrúduithe sonracha ón gCoimisiún.

Lean an Coimisiún 170 gearán trí imscrúdú a dhéanamh orthu sa phróiseas réamhsháraithe ‘EU Pilot’ nó trí nós imeachta maidir le sárú. Sin méadú le hais 2021 (117). Fágann sin gur lean an Coimisiún 4.7% de ghearáin (fhéideartha) a thuilleadh le himscrúduithe in 2022.

Dúnadh 179 ngearán toisc gur dhúblaigh iad ar ghearáin a bhí ann cheana, agus tarraingíodh 58 ngearán siar (ba iad na gearánaithe a tharraing siar iad nó tarraingíodh siar iad toisc nach bhfuarthas an fhoirm ghearán). Ina theannta sin d’aistrigh an Coimisiún 3 ghearán chuig SOLVIT.

In 2022 chláraigh an Coimisiún 3 ilghearán, mar a thugtar orthu. Is éard is ilghearán ann an chaoi ar féidir leis an gCoimisiún roinnt gearán aonair ar an ábhar céanna nó ar ábhar comhchosúil in aghaidh na mBallstát céanna a láimhseáil. Cláraíonn an Coimisiún gach gearán faoi uimhir chláraithe amháin agus in ionad comhfhreagras aonair le gearánaithe cuireann sé fógraí poiblí ar leathanach gréasáin Europa. Déantar ilghearán a áireamh mar aon ghearán amháin sa staidreamh thuas. Bhain na hilghearáin sin leis na nithe seo a leanas:

  • sárú a líomhnaítear a rinne an Iodáil ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus ar chearta bunúsacha maidir leis an staid éigeandála agus bearta eile (409 ngearán aonair),
  • sárú a líomhnaítear a rinne an Liotuáin ar rialacha an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht cheirde (450 gearán aonair),
  • sárú a líomhnaítear a rinne an Fhrainc ar rialacha maidir le ábhair chomharbais (22 ghearán aonair).

Gearáin as ar eascair imscrúduithe ar EU Pilot nó ar sháruithe de réir topaice (Na 10 gcinn is mó)

Is iad seo a leanas na Ballstáit is mó lena mbaineann na 170 gearán a ndearnadh próiseas EU Pilot agus nós imeachta maidir le sárú ina ndiaidh:

  • an tSualainn (34);
  • an Fhrainc (25);
  • an Iodáil (21);
  • an Spáinn (14);
  • an Bhulgáir (13).

I gcás nach réitíonn nósanna imeachta maidir le sárú, atá bunaithe ar ghearáin nó a bhfuil gearáin mar bhunús leo, an sárú ar dhlí an Aontais ag an gcéim réamhdhlíthíochta, ní bhíonn drogall ar an gCoimisiún Ballstát a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

In 2022, rinne an Coimisiún an cinneadh Ballstát a tharchur chuig an gCúirt i gcás a d’eascair as gearán. Bhain sé leis an trasuí mícheart a rinne an Phortaingéil ar rialacha an Aontais maidir le haitheantas do cháilíochtaí gairmiúla.

 

Meán-am chun cásanna a láimhseáil

Léiríonn an chairt thuas an mheántréimhse ama ina seachtainí a theastaíonn sula ndéanfar cinneadh gearáin, cásanna maidir le EU Pilot agus cásanna maidir le sárú a dhúnadh. D’fhéadfaí cásanna áirithe maidir le EU Pilot nó gearáin áirithe a áireamh níos mó ná uair amháin (e.g. má aistrítear gearán tosaigh chuig EU Pilot nó chuig cás maidir le sárú).

 

Breis eolais faoi chásanna maidir le sárú de réir an réimse beartais

 

Na Ballstáit

 

Modheolaíocht

Leagtar amach sa tuarascáil seo gníomhaíochtaí an Choimisiúin chun monatóireacht a dhéanamh ar dhlí an Aontais agus é a fhorfheidhmiú le linn 2022. D’fhéadfadh sé gur tháinig forbairt ar staid imeartha na gcásanna maidir le sárú a luadh ó shin.

Freagraíonn réimsí beartais na tuarascála bliantúla do réimsí beartais Ard-Stiúrthóireachtaí (ASanna) an Choimisiúin. D’fhéadfadh ASanna éagsúla roinnt topaicí níos leithne a chumhdach, mar shampla d’fhéadfadh sáruithe ar an margadh aonair a bheith bunaithe ar reachtaíocht lena gcumhdaítear saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil thar theorainneacha laistigh den Aontas Eorpach, ach ina theannta sin cánachas, fostaíocht, cultúr, beartas sóisialta, oideachas, sláinte phoiblí, fuinneamh, cosaint tomhaltóirí, iompar, comhshaol (seachas cosaint an dúlra), agus an tsochaí faisnéise agus na meáin. Dá bhrí sin déantar sáruithe ar an margadh aonair a áireamh sa tuarascáil bhliantúil faoi na réimsí beartais sin atá níos sonraí.

D’fhéadfadh athruithe teacht ar na figiúirí le himeacht ama le haghaidh réimse beartais faoi leith toisc go bhféadfaí cásanna a aistriú lena láimhseáil ó réimse beartais amháin go réimse beartais eile. Níor cheart neamhréireachtaí den chineál sin a bheith ann maidir le figiúirí foriomlána ar fud na réimsí beartais uile.

San áireamh le tagairt do ‘ghearáin’ sa tuarascáil seo tá comhfhreagras isteach atá cáilithe ag seoltóirí mar ghearán cé nach gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn maidir le nósanna imeachta riaracháin i dtaca le caidreamh a láimhseáil leis an ngearánaí faoi chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh a ghabhann leis an Teachtaireacht ‘EU law: Better Results through Better Application [Dlí an Aontais: Torthaí níos fearr a bhuí le cur i bhfeidhm níos fearr]’. Thairis sin, san áireamh le tagairt do ‘ghearáin’ tá na ‘hilghearáin’, mar a thugtar orthu, ina láimhseálann an Coimisiún líon mór gearáin aonair faoi chomhad gearáin amháin (iontráil chlárúcháin). A mhéid a bhaineann leis an líon gearán, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh difríocht a bheith ann le hais na bhfigiúirí ón tuarascáil bhliantúil roimhe mar gheall ar chlárúchán moillithe, clárúchán dúbailte nó clárúchán mícheart tráth aisghabhála na sonraí staidrimh.

 

Eolas faoin Ríocht Aontaithe

An Comhaontú um Tharraingt Siar lena leagtar amach socruithe maidir le tarraingt siar ordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 agus rinneadh tríú tír den Ríocht Aontaithe go foirmiúil. Tháinig deireadh leis an idirthréimhse a socraíodh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020. I gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, féadfaidh an Coimisiún leanúint de chásanna reatha maidir le sárú a shaothrú agus cásanna nua a oscailt i gcoinne na Ríochta Aontaithe mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse, nó mar gheall ar shárú ar fhorálacha áirithe den Chomhaontú um Tharraingt Siar nó ar na Prótacail maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann agus maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir. Dá bhrí sin, tá cásanna a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe san áireamh i staitisticí foriomlána na tuarascála seo.

Doiciméid

14 IÚIL 2023
2022 Annual Report on monitoring the application of EU law

Preaseisiúint

Tuarascálacha bliantúla roimhe seo maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh