Skip to main content

An dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Aontais Eorpaigh

Acmhainní ar leibhéal an Aontais

Go hiondúil, is fusa do chearta a fhorfheidhmiú sa tír sin ina bhfuil cónaí ort, ach a bhuí leis na hacmhainní atá ag an Aontas Eorpach is féidir freisin go mbeadh an tAontas in ann cabhrú leat.

An Coiste um Achainíocha i bParlaimint na hEorpa

Tá sé de cheart agat (Airteagal 227 CFAE) achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais. Féadfaidh tú d'achainí a chur isteach tríd an bpost nó ar líne ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa. Tá tuilleadh eolais faoi achainíocha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ar shuíomh gréasáin saoránachta agus saorghluaiseachta an Aontais Eorpaigh.

An Coimisiún Eorpach

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach maidir le haon bheart (dlí, rialachán nó gníomhaíocht riaracháin) nó easpa birt nó cleachtais de chuid Ballstáit a mheasann tú a bheith in aghaidh dhlí an Aontais.

Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh le do ghearán ach amháin má bhaineann sé le sárú ar dhlí an Aontais atá déanta ag údarás Ballstáit. Má bhaineann do ghearán le rud a rinne duine aonair nó comhlacht príobháideach agus nach féidir leat a thaispeáint go bhfuil baint éigin ag na húdaráis náisiúnta leis, ní mór duit iarracht a dhéanamh é a réiteach ar an leibhéal náisiúnta (sna cúirteanna nó le ceann eile de na dóigheanna atá ann le díospóidí a réiteach). Ní féidir leis an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh maidir le cúrsaí nach mbaineann ach le daoine aonair nó eagraíochtaí príobháideacha, agus nach mbaineann le húdaráis phoiblí.

Mura saineolaí thú ar dhlí an Aontais, d'fhéadfadh sé a bheith deacair ort a fháil amach cén dlí de chuid an Aontais a sáraíodh. Is féidir leat teacht ar chomhairle go tapa i do theanga féin agus ar bhonn neamhfhoirmiúil ag An Eoraip Agatsa – Comhairle.

An tOmbudsman Eorpach

Má mheasann tú nár láimhseáil an Coimisiún Eorpach d'iarratas i gceart, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach (Airteagal 24 agus Airteagal 228 CFAE).

Gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh – na céimeanna riaracháin

Ní mór duit úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin chaighdeánach; cuideoidh sin linn an fhadhb a thuiscint. Féadfaidh tú í a líonadh isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Cinntigh go bhfuil na sonraí a leanas san áireamh:

  • cur síos beacht ar an gcaoi a measann tú go bhfuil dlí an Aontais sáraithe ag an údarás náisiúnta atá i gceist agus ar an dlí áirithe atá sáraithe aige
  • sonraí i dtaobh aon rud atá déanta agat cheana chun sásamh a fháil

Conas a láimhseálfaidh an Coimisiún Eorpach do ghearán?

Déanfar gearáin a sheolfar chuig an gCoimisiún Eorpach a phróiseáil mar seo a leanas:

  • Gheobhaidh tú deimhniú ón gCoimisiún Eorpach laistigh de 15 lá oibre go bhfuarthas do ghearán.
  • Murar úsáid tú an fhoirm ghearáin chaighdeánach an chéad uair, iarrfaidh an Coimisiún Eorpach ort do ghearán a chur isteach an dara huair.
  • Faoi cheann 12 mhí ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar do ghearán lena chinneadh an dtionscnófar nós imeachta foirmiúil um shárú in aghaidh an Bhallstáit i gceist.
  • Má tá an cheist a chuir tú an-chasta, nó má shíleann an Coimisiún go dteastaíonn tuilleadh eolais nó sonraí a fháil uait féin nó ó dhaoine eile, b'fhéidir go dtógfadh sé níos faide ná an 12 mhí chun teacht ar chinneadh. Cuirfear ar an eolas thú má thógann an measúnú níos faide ná 12 mhí.
  • Má chinneann an Coimisiún Eorpach go bhfuil bunús le do ghearán agus go dtionscnóidh sé nós imeachta foirmiúil um shárú in aghaidh na tíre atá i gceist, cuirfidh sé an méid sin in iúl duit agus cuirfidh sé scéala chugat faoi dhul chun cinn an cháis.
  • Má théann an Coimisiún i dteagmháil le húdaráis na tíre a bhfuil gearán déanta agat ina n-aghaidh, ní nochtfaidh sé do chéannacht ach amháin má thoiligh tú go sainráite leis sin.
  • Má mheasann an Coimisiún Eorpach go bhféadfaí d'fhadhb a réiteach ar bhealach níos éifeachtaí trí cheann ar bith de na seirbhísí um réiteach fadhbanna neamhfhoirmiúla nó lasmuigh den chúirt atá ar fáil, féadfaidh sé a mholadh duit do chomhad a aistriú chuig na seirbhísí sin.
  • Má chinneann an Coimisiún nach sárú ar dhlí an Aontais is cúis leis an bhfadhb atá agat, cuirfidh sé an méid sin i bhfios duit i scríbhinn sula ndúnfaidh sé an comhad.
  • Féadfaidh tú, am ar bith, ábhar breise faoi do ghearán a thabhairt don Choimisiún Eorpach nó a iarraidh labhairt le hionadaithe an Choimisiúin.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a láimhseálann an Coimisiún Eorpach a chaidreamh le gearánaigh: an Teachtaireacht faoi láimhseáil an chaidrimh leis an ngearánach i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais.

Gearán a sheoladh isteach ar líne

Is féidir an fhoirm ghearáin ar líne a líonadh isteach agus a sheoladh isteach.

Gearán a sheoladh isteach le ríomhphost nó tríd an bpost

Más mian leat gearán a dhéanamh le ríomhphost nó tríd an bpost, ní mór duit an fhoirm ghearáin chaighdeánach a líonadh isteach. Tá an fhoirm sin ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Lean na treoracha atá ar an bhfoirm.

Leis an bhfoirm sin beidh tú in ann do ghearán a leagan amach i gceart agus a chinntiú go bhfuil an t-eolas ábhartha uile tugtha. Le go mbeidh sé níos fusa do ghearán a phróiseáil, líon isteach an fhoirm ar an scáileán nó líon an fhoirm páipéir de láimh ar bhealach soléite.

Féadfaidh an Coimisiún ríomhphoist a fháil ó ‘sheirbhís ríomhphoist dheimhnithe’ (e.g.  ...@pec.it), ach ar chúiseanna teicniúla ní féidir linn freagraí a sheoladh chuig seoladh ríomhphoist deimhnithe. Dá bhrí sin, ba cheart duit seoladh ríomhphoist caighdeánach agus/nó seoladh poist caighdeánach a thabhairt san fhoirm ghearáin, ionas gur féidir linn freagra a thabhairt ort.

8 MEITHEAMH 2021
Foirm ghearáin maidir le sárú a deirtear atá déanta ag Ballstát ar dhlí an Aontais
Gaeilge
(69.77 KB - DOCX)
Íoslódáil

An sainráiteas príobháideachais - Gearáin faoi chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh a láimhseáil

Féadfar gearáin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach
An tArd-Rúnaí
B-1049 An Bhruiséil
AN BHEILG

Oifig an Choimisiúin Eorpaigh i do thír féin

 

icon info

Suirbhé faoin bhfoirm ghearáin maidir le Ballstát dlí an Aontais a chur i bhfeidhm

Baineann an suirbhé seo leis an taithí atá agat ar an bhfoirm chaighdeánach a úsáidtear chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir le Ballstát dlí an Aontais a chur i bhfeidhm.

An méid is féidir agus nach féidir leis an gCoimisiún a dhéanamh

I ndiaidh dó scrúdú a dhéanamh ar do chás, cinnfidh an Coimisiún an gá aon bheart eile a dhéanamh. Is féidir go gcinnfidh sé gan nós imeachta foirmiúil um shárú a thionscnamh, fiú má fheictear dó gur sáraíodh dlí an Aontais. Is féidir cásanna eile a láimhseáil le meicníochtaí eile ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, cibé acu is iomchuí. Baineann sin go háirithe le cásanna aonair inar cuireadh an dlí i bhfeidhm go mícheart ach nach n-ardaíonn ceisteanna faoi phrionsabail níos leithne, nuair nach leor an fhianaise go bhfuil cleachtas ginearálta i gceist, nó nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta ag teacht le reachtaíocht an Aontais nó go bhfuil mainneachtain chórasach ann i gcomhlíonadh dhlí an Aontais. Sna cásanna sin, má bhíonn cosaint dlí éifeachtach ar fáil, déanfaidh an Coimisiún, de ghnáth, gearánaithe a threorú chuig an leibhéal náisiúnta (féach an Teachtaireacht faoi láimhseáil an chaidrimh leis an ngearánach i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais).
Mar shampla, in 2017, chuir an Coimisiún clabhsúr le nósanna imeachta agus gearáin um shárú i réimse an chearrbhachais. Ní fhacthas don Choimisiún gur tosaíocht a bhí ann a chuid cumhachtaí cur chun feidhme a úsáid chun cuid de mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh a dhéanamh den chearrbhachas ar líne. Is éifeachtúla is féidir leis na cúirteanna náisiúnta ná leis an gCoimisiún gearáin a bhaineann leis an gcearrbhachas a láimhseáil.
Os a choinne sin, má thugann an Coimisiún tír chun na Cúirte Breithiúnais agus go mbuafaidh sé an cás, ní mór don tír sin gach beart is gá a dhéanamh chun na sáruithe a leigheas.
Má thugann an Coimisiún an cás chun na Cúirte Breithiúnais, is féidir go dtógfaidh sé roinnt blianta ar an gCúirt sin breithiúnas a thabhairt. Ní hionann breithiúnais na Cúirte Breithiúnais agus breithiúnais na gcúirteanna náisiúnta. Is éard a dhéanann an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas a thabhairt á rá cé acu a sáraíodh nó nár sáraíodh dlí an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais foráil náisiúnta nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais a chur ar neamhní, ná ní féidir léi iallach a chur ar údarás náisiúnta rud a dhéanamh ar iarratas duine, ná ordú a thabhairt don tír damáistí a íoc le daoine a ndearnadh dochar dóibh de dheasca sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh. Le cúiteamh a lorg, ní mór do ghearánaigh a gcás a thabhairt os comhair cúirt náisiúnta laistigh den teorainn ama atá leagtha síos sa dlí náisiúnta.

Deimhnithe go bhfuarthas níos mó ná gearán amháin

Gearáin chosúla a fuair an Coimisiún agus a cláraíodh le chéile faoin uimhir chéanna.

An sainráiteas príobháideachais - Gearáin faoi chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh a láimhseáil