Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Beart a dhéanamh ar son na cosanta chun muintir na hEorpa a chosaint

An fáth ar gá dúinn beart a dhéanamh inniu

Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála agus cosanta

Sa chéad leath de 2025, mhol an Coimisiún roinnt príomhthionscnamh chun borradh a chur faoi ullmhacht agus infheistíocht cosanta na hEorpa:

  • an páipéar bán maidir le cosaint na hEorpa – Ullmhacht 2030
  • an plean ReArm Europe
  • simpliú omnibus na hullmhachta cosanta

Tá na tograí sin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na bearnaí atá os comhair an Aontais ó thaobh na slándála agus na cosanta de. 

I mí Dheireadh Fómhair 2025, chuir an Coimisiún treochlár ullmhachta cosanta 2030 i láthair chun dul chun cinn a thomhas agus chun na chéad chéimeanna eile a phlé.

An mhí dár gcionn, agus mar a leagtar amach sa pháipéar bán, chuir sé pacáiste nua beart chun cinn chun feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata ar fud na hEorpa. Ag an am céanna, leag sé amach treochlár chun tionscal cosanta na hEorpa a athrú ó bhonn trí nuálaíocht shuaiteach a scaoileadh. 

Páipéar bán maidir le cosaint na hEorpa – Ullmhacht 2030

Leis an bpáipéar bán, réitíodh an bealach d’fhíoraontas Eorpach um chosaint ina bhfanfaidh Ballstáit den Aontas i gceannas ar an gcosaint agus tairbhe á baint acu as an mbreisluach a chuirtear ar fáil trí bheith san Aontas.  

Tá sé d’aidhm aige an Eoraip a athchóiriú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an tionscal a chumasú chun táirgí a tháirgeadh go tapa agus go héifeachtúil
  • mear-imscaradh trúpaí agus sócmhainní míleata a éascú ar fud an Aontais 

Beidh an méadú sin ar chaiteachas cosanta ‘déanta san Eoraip’: cinnteofar leis ár slándáil fhadtéarmach agus ár dtairbhí eacnamaíocha fadtéarmacha do Bhaillstáit uile den Aontas. Cuideoidh sé freisin leis an Aontas freagairt ar an bpráinn ghearrthéarmach a bhaineann le tacú leis an Úcráin.

Cuireann an páipéar bán réitigh ar fáil chun an tionscal cosanta a neartú trí bhearnaí tábhachtacha a dhúnadh agus ullmhacht fhadtéarmach a chinntiú. Moltar ann freisin bealaí do na Ballstáit chun infheistíocht mhór a dhéanamh sa chosaint, trealamh riachtanach a cheannach, agus tacú le fás an tionscail le himeacht ama. 

 

An plean ReArm Europe / Ullmhacht 2030: an plean chun cosaint an Aontais a mhaoiniú

€800 billiún
an méid a bhfuil sé d’aidhm ag na Ballstáit a shlógadh chun borradh a chur faoin gcaiteachas cosanta

Leis an bplean ReArm Europe / Ullmhacht 2030, cuirfear borradh faoin maoiniú cosanta trí níos mó solúbthachta airgeadais a chur ar fáil do thíortha an Aontais.

Bainfear é sin amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú, rud a chuirfidh ar chumas na mBallstát caiteachas cosanta a mhéadú. Le méadú 1.5% de OTI i mbuiséid chosanta, d’fhéadfaí beagnach €650 billiún a chruthú i spás fioscach thar thréimhse ceithre bliana.
  • ionstraim iasachta €150 billiún a sheoladh – Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) – chun cuidiú le tíortha infheistíocht a dhéanamh i bpríomhréimsí cosanta amhail cosaint diúracán, ladrainn agus cibearshlándáil. Tiomsófar cistí ar mhargaí caipitil agus eisíocfar iad leis na Ballstáit leasmhara ar éileamh, bunaithe ar phleananna náisiúnta. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh SAFE i mí na Bealtaine 2025, agus spreagfaidh sé na Ballstáit caitheamh ar bhealach níos fearr, i dteannta a chéile agus san Eoraip.
  • tacú le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a iasachtú a leathnú chuig tionscadail chosanta agus slándála agus dlús a chur leis an aontas coigiltis agus infheistíochta chun caipiteal príobháideach a shlógadh ionas nach mbeidh tionscal cosanta na hEorpa ag brath ar infheistíocht phoiblí amháin 

Beidh éifeachtaí dearfacha ar gheilleagar agus iomaíochas an Aontais ag baint le leas iomlán a bhaint as na huirlisí airgeadais sin. Cuimsítear leis sin monarchana nua agus línte táirgeachta nua a thógáil atá riachtanach chun poist mhaithe a chruthú san Eoraip.

Simpliú omnibus na hullmhachta cosanta

Sa chéad chéim chun rialacháin a shimpliú, mhol an Coimisiún omnibus na hullmhachta cosanta i mí an Mheithimh 2025. Tá bearta sa phacáiste sin a chuideoidh chun rialacha infheistíochta cosanta a shimpliú le dlús a chur le forbairt cumas cosanta agus bonneagair chosanta ag na Ballstáit agus ag an tionscal chun na leibhéil ullmhachta is gá a bhaint amach faoi 2030.

Nuair a dhéantar infheistíocht i gcosaint na hEorpa, déantar infheistíocht i síocháin mharthanach agus i gcobhsaíocht fhadtéarmach do na glúnta atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht araon. Ach baineann níos mó leis ná an méid sin. Ciallaíonn sé freisin borradh a chur faoin nuálaíocht theicneolaíoch, tacú le hiomaíochas na hEorpa, forbairt réigiúnach a chur chun cinn agus fás eacnamaíoch a chumhachtú.  

Mar sin féin, ní leor díreach níos mó a chaitheamh. Ní mór do na Ballstáit caitheamh ar bhealach níos fearr, oibriú le chéile, agus tosaíocht a thabhairt do chuideachtaí Eorpacha. Is féidir leis an Aontas tacú leis sin trí chabhrú leis na Ballstáit a n-infheistíochtaí a chomhordú agus trealamh cosanta a fhorbairt laistigh den Eoraip. 

An tsíocháin a chaomhnú – treochlár 2030 maidir le hullmhacht i réimse na cosanta

Is plean cuimsitheach é an treochlár um ullmhacht cosanta chun cumais chosanta na hEorpa a neartú. Leagtar amach ann cuspóirí soiléire agus garspriocanna nithiúla chun

  • bearnaí cumais a dhúnadh
  • dlús a chur le hinfheistíochtaí cosanta ar fud na mBallstát
  • ullmhacht cosanta iomlán a bhaint amach faoi 2030 

Tionscnaimh shuaitheanta Eorpacha maidir le hUllmhacht

Moltar ceithre thionscnamh shuaitheanta sa treochlár

  • an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin
  • Faireachán ar Chliathán Thoir na hEorpa
  • an Aersciath Eorpach
  • an Sciath Eorpach Spáis

Neartóidh siad sin cumas na hEorpa díspreagadh agus cosaint a dhéanamh ar fud na talún, an aeir, na farraige, na cibearshlándála agus an spáis agus, san am céanna, rannchuideoidh siad go díreach le spriocanna ECAT don chumas míleata.

Ullmhacht trí Chomhghuaillíochtaí Cumais

Chun ullmhacht iomlán i réimse na cosanta a bhaint amach, ní mór a chinntiú gur féidir le fórsaí armtha náisiúnta aon ghéarchéim a réamh-mheas, ullmhú di agus freagairt di, coinbhleacht ard-déine san áireamh. 

Iarrtar sa treochlár ar na Ballstáit na Comhghuaillíochtaí Cumais a thabhairt chun críche i naoi bpríomhréimse agus bearnaí criticiúla cumais a dhúnadh trí fhorbairt agus soláthar comhpháirteach. Is iad sin cosaint aeir agus diúracán; cumasóirí straitéiseacha; an tsoghluaisteacht mhíleata; córais airtléire; cibearchosaint, IS, agus cogaíocht leictreonach; diúracáin agus armlón; dróin agus frithdhróin; comhrac talún; agus cosaint mhuirí.

Bonn tionsclaíoch cosanta an Aontais a neartú 

Chun bearnaí cumais a dhúnadh, tá gá le tionscal cosanta láidir de chuid an Aontais a bheidh in ann an méid atá ag teastáil ó na Ballstáit a chur ar fáil ar an scála agus ar an luas is gá. 

Ba cheart leas iomlán a bhaint as an nuálaíocht ó thaobh na cosanta de, réitigh ón Úcráin san áireamh. Ba cheart athléimneacht na slabhraí soláthair cosanta a dhaingniú freisin, trí spleáchais chriticiúla i dtaca le hamhábhar a laghdú chomh maith le hionchuir chriticiúla eile.

Borradh a chur faoin infheistíocht i réimse na cosanta 

Faoi 2030, is é an sprioc atá ann margadh cosanta simplithe a chruthú san Aontas a mbeidh rialacha comhchoiteanna ag gabháil leis a chuirfidh ar chumas na tionsclaíochta táirgeadh níos tapúla agus ar scála níos mó a dhéanamh, rud a spreagfaidh an táirgeadh agus an nuálaíocht araon. Déanfaidh an Coimisiún an acmhainneacht thionsclaíoch a rianú – ag tosú le cosaint aeir agus diúracán, ladrainn agus córais spáis – chun a chinntiú gur féidir leis an Eoraip freastal ar riachtanais phráinneacha.

Leanann an treochlár maidir le hullmhacht i réimse na cosanta an plean ReArm Europe / Ullmhacht 2030, rud a thugann níos mó solúbthachta airgeadais chun an táirgeadh agus an ullmhacht a neartú. Leagtar amach ann freisin pleananna chun limistéar soghluaisteachta míleata uile-Aontais a bhunú faoi 2027, a mbeidh rialacha comhchuibhithe agus líonra bealaí talún, aeir agus farraige ag gabháil leis chun trúpaí agus trealamh a bhogadh go tapa ar fud na hEorpa. Déanfar an tionscnamh sin a fhorbairt i ndlúthchomhar le ECAT, rud a chuirfidh feabhas ar chumas na hEorpa freagairt go tapa do ghéarchéimeanna.

Cúlra

Fógraíodh i dtreoirlínte polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen cur chuige nua chun tionscal cosanta an Aontais a neartú. Cuidíonn an páipéar bán maidir le cosaint na hEorpa – Ullmhacht 2030 chun an cur chuige sin a mhúnlú trí riachtanais infheistíochta a shainaithint agus trí chaiteachas comhpháirteach níos cliste a chur chun cinn ar mhaithe le cumais chosanta an Aontais a fhorbairt. 

Comhlánaíonn an Páipéar na príomhthuarascálacha, ‘tuarascáil Niinistö’ maidir le hullmhacht shibhialta agus mhíleata an Aontais a neartú, tuarascáil Draghi, agus an straitéis um aontas na hullmhachta atá ar na bacáin ina measc.

Doiciméid

  • 28 MÁRTA 2025
White paper for European defence – Readiness 2030
  • 19 MÁRTA 2025
White paper for European defence / Readiness 2030 - factsheet
  • 19 MÁRTA 2025
ReArm Europe plan - factsheet
  • 16 DEIREADH FÓMHAIR 2025
Defence readiness roadmap 2030
  • 16 DEIREADH FÓMHAIR 2025
Defence readiness roadmap 2030 - factsheet