Tá bearta nua molta ag an gCoimisiún Eorpach chun an rómhaorlathas a laghdú agus chun an infheistíocht €800 billiún atá de dhíth ar Bhallstáit den Aontas a éascú chun a chinntiú gur féidir a dtionscail chosanta a sheachadadh go tapa agus ar scála. Cuireann na bearta leis an bhfís a leagtar amach sa Pháipéar Bán maidir le hUllmhacht Cosanta Eorpach 2030, inar sainaithníodh simpliú agus comhchuibhiú rialacha mar bhealaí fhíor-riachtanacha chun borradh a chur faoi ullmhacht cosanta na hEorpa.Tugtar Omnibus na hullmhachta cosanta orthu, éascóidh na bearta infheistíochtaí i gcumais chosanta, cuirfidh siad intuarthacht níos fearr ar fáil don tionscal, agus fágfaidh siad go mbeidh sé níos éasca rochtain a fháil ar chistiú ón Aontas. Go sonrach, déanfaidh siad an méid seo a leanas:córas mearcheadúcháin a thabhairt isteach le haghaidh tionscadail chosanta ar fud an Aontais lena laghdaítear creat ama an phróisis ceadúcháin go 60 lá agus lena mbunaítear pointí teagmhála aonair i mBallstáit den Aontas don tionscal cosantaan t-ualach riaracháin sa Chiste Eorpach Cosanta (EDF) a laghdú d’iarratasóirí agus do rannpháirtithe, agus rannpháirtíocht mhéadaithe eintitis na hÚcráine sa Chiste Eorpach Cosanta a éascúceannacháin chomhpháirteacha a spreagadh agus tairseacha conartha a mhéadú, agus dlús a chur le haistriú trasteorann táirgí cosantasoiléiriú ar chur i bhfeidhm na rialacha uile-Aontais atá ann cheana cuir i gcás dlíthe iomaíochta nó dlí an chomhshaoilcinnte a dhéanamh de go bhfreastalóidh na rialacháin maidir le ceimiceán ar na riachtanais maidir leis an gcosaintfeabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú trí chritéir incháilitheachta InvestEU a chuíchóiriú, treoir a thabhairt maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe i réimse na cosanta agus soiléiriú a thabhairt ar choincheap na n-arm toirmiscthe Cuimsítear sa togra aiseolas ó chomhairliúchán poiblí a seoladh i mí an Mhárta 2025 agus cuimsítear ann ionchur ó Idirphlé Straitéiseach an Uachtaráin von der Leyen le tionscal cosanta na hEorpa i mí na Bealtaine. Mar chéad chéim eile, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle caibidlíocht ar Omnibus na hUllmhachta Cosanta.Tuilleadh eolaisTionscal Cosanta an Aontais EorpaighRé nua maidir le cosaint agus slándáil na hEorpaAg gníomhú ar an gcosaint chun muintir na hEorpa a chosaintPreaseisiúint: Simpliú molta ag an gCoimisiún chun dlús a chur le hinfheistíochtaí cosanta san Aontas Sonraí Dáta foilsithe17 Meitheamh 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide