Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Neamhspleáchas na hEorpa a bhaint amach

I ndomhan atá níos deighilte, ní mór don Eoraip níos mó freagrachta a ghlacadh as a todhchaí féin. Agus an aitheasc ar Staid an Aontais 2026 ag druidim linn, táimid ag féachaint ar an gcaoi ar treoraíodh obair an Choimisiúin le bliain anuas chun an uaillmhian sin a bhaint amach.

An méid is cás linn a chosaint
Forléargas

Le bliain anuas, lean an tAontas de bheith ag obair gan stad gan staonadh chun saoirse agus rathúnas ár saoránach a chosaint. Ós rud é go bhfuil an domhan níos contúirtí anois, rinneamar ár ndícheall freisin an tAontas ina iomláine agus ár mBallstáit a chosaint ar bhealach níos fearr. Agus tá beart déanta againn chun na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas seo againne bunaithe a chosaint.

Tá sé sin déanta againn tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • ár gcosaint a neartú
  • ár dteorainneacha a dhaingniú
  • a bheith ag freagairt ar bhagairtí laistigh den Aontas agus lasmuigh de
  • a bheith ag díriú ar chóras imirce a chur ar bun atá idir chothrom agus éifeachtach

Ár luachanna a chosaint

Is Aontas na luachanna í an Eoraip. Ní hamháin gur cuid dínn an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha, ach tá siad ríthábhachtach don chaoi a n-oibríonn an Eoraip. Is tosaíocht lárnach arís i mbliana é na bunluachanna sin a chosaint ar chreimeadh inmheánach agus ar bhagairtí seachtracha.

Urraim don smacht reachta a áirithiú

Is réamhriachtanas é an smacht reachta a urramú chun rochtain a fháil ar mhaoiniú ón Aontas. I mbliana, tá forbairtí spreagúla feicthe againn, go háirithe san Ungáir. Léiríonn sé sin an tábhacht a bhaineann le coimircí láidre i ndáil le cistí an Aontais, sin agus an chaoi ar féidir leis na coimircí sin cuidiú chun athchóirithe a stiúradh lena neartaítear na Ballstáit agus an tAontas Eorpach trí chéile araon.

Cuidíonn an Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta chun cúlú daonlathach a chosc, sula dtarlaíonn sé, agus cuirtear moltaí ar fáil inti chun neartú a dhéanamh ar chórais cheartais, saoirse agus iolrachas na meán, an comhrac i gcoinne an éillithe, agus tuilleadh nach iad.

Déantar an nasc idir maoiniú ón Aontas agus an smacht reachta a neartú a thuilleadh inár dtograí don chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais. Sa bhuiséad sin, cuirfidh an Coimisiún feabhas ar an monatóireacht ar chomhlíonadh chaighdeáin an smachta reachta agus ar bhainistíocht fhónta airgeadais, agus is é an dúshraith a bheidh faoin méid sin na tuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta.

An daonlathas a chosaint san Eoraip

Fórsaí a fhéachann leis an mbonn a bhaint dár dtoghcháin, leis an mbréagaisnéis a scaipeadh agus lenár sochaithe a dheighilt, tá méadú ag teacht ar a mhéid a dhíríonn siad ar ár ndaonlathais. Chun freagairt air sin, sheolamar an Sciath Eorpach don Daonlathas, sraith beart chun

  • saorthoghcháin chóra a chosaint
  • borradh a chur faoi athléimneacht na sochaí
  • cosaint in aghaidh na bréagaisnéise
  • iriseoireacht neamhspleách agus litearthacht sna meáin a neartú

Chun feabhas a chur ar ár n-acmhainneacht na bagairtí sin a bhrath agus freagairt orthu ar bhealach níos fearr, tá an Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach bunaithe againn, lena dtugtar le chéile saineolas ó thíortha ar fud an Aontais.

Tá an Coimisiún ag tacú freisin le cláir a chuidíonn le pobail, i gceantair thuaithe agus i mbailte beaga go háirithe, litearthacht sna meáin a fhorbairt ó ghlúin go glúin agus muinín as díospóireacht dhaonlathach a neartú.

Muintir na hEorpa a chosaint ar líne

Tá tréimhse linn ina bhfuil athrú as cuimse ag teacht ar an teicneolaíocht, rud a chuireann deiseanna ollmhóra ar fáil, ach tá dúshláin ollmhóra ag baint leis freisin. Tá an Eoraip soiléir: sochaithe daonlathacha, seachas cuideachtaí teicneolaíochta, is iadsan a chinneann na rialacha lena rialaítear ár spás digiteach.

Tríd an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus tríd an nGníomh um Margaí Digiteacha, tá ionstraimí cumhachtacha ag an Eoraip chun a chinntiú go gcloítear lena rialacha agus go bhfeidhmíonn ardáin go freagrach agus go cothrom. Le bliain anuas, tá imscrúdú déanta againn ar

  • Tiktok, in ngeall ar a dhearadh andúile
  • Meta, i ngeall nach ndearna sé a riachtanais aoise íosta a fhorfheidhmiú
  • X, i ngeall ar úsáid Grok chun ábhar a chruthú agus a scaipeadh ina léirítear mí-úsáid ghnéasach leanaí

Tá fíneáil gearrtha againn freisin ar ardáin ríomhthráchtála, amhail AliExpress, as táirgí neamhdhleathacha neamhshábháilte a dhíol, agus ar Temu as gan measúnú cuí a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le táirgí neamhdhleathacha. Thugamar aghaidh freisin ar mhí-úsáidí cumhachta margaidh le Apple, le Meta agus le Google.

Tá dul chun cinn déanta ag an Aontas freisin maidir le leanaí agus daoine óga a chosaint ar líne, ionas gur féidir leo leas a bhaint as tairbhí an naisc digitigh go sábháilte. Is minic gurb iad siúd a bhfuil a n-intinn fós ag forbairt is mó a nochtar do dhearaí ardán andúile, d’ábhar díobhálach agus do bhrú ar líne. Táimid soiléir nach earraí le húsáid iad leanaí, agus nár cheart d’aon chuideachta tairbhe a bhaint as teacht i dtír ar a gcuid leochaileachtaí. Sin é an fáth ar bhunaigh an tUachtarán von der Leyen painéal speisialta maidir le sábháilteacht leanaí ar líne, lenar scrúdaíodh na tairbhí, na deiseanna agus an dochar a bhaineann le halgartaim na meán sóisialta do leanaí agus lenar forbraíodh moltaí don Choimisiún maidir le cosaintí a neartú a thuilleadh.

Tacaítear leis an obair sin leis an aip um fhíorú aoise a bheidh ar fáil ar fud an Aontais, chun leanaí a chosaint ar ábhar díobhálach, agus tacóidh an Plean Gníomhaíochta i gcoinne na Cibearbhulaíochta le cosc agus le feasacht chomh maith le sásra sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm chun a chur ar gcumas do leanaí agus daoine óga an chibearbhulaíocht a thuairisciú go héasca.

Tá an Eoraip ag léiriú nach mór an dul chun cinn teicneolaíoch a bheith fite fuaite le luachanna daonlathacha agus le cosaint a saoránach.


Aontas na Cosanta a chur i gcrích

Tá aghaidh á tabhairt ag an Eoraip ar an timpeallacht slándála is contúirtí atá feicthe aici leis na blianta fada. Sa lá atá inniu ann, is éard atá i gceist leis an tsíocháin a chaomhnú ár gcumas cur i gcoinne iompar bagrach a neartú. Ó bhí 2020 ann, tá méadú beagnach 80% tagtha ar chaiteachas cosanta thíortha an Aontais. Tá tacaíocht á tabhairt dó sin ar leibhéal an Aontais tríd an slógadh cosanta is mó i stair ár nAontais.

  • 81.00%sin é an líon saoránach den Aontas a thacaíonn le comhar níos láidre i réimse na cosanta, is é sin an leibhéal is airde le scór bliain anuas
  • 74.00%sin é an líon de mhuintir na hEorpa atá i bhfách le hinfheistíocht i réimse na cosanta, sin nó creideann siad gur cheart í a mhéadú
  • 66.00%sin é an líon de mhuintir na hEorpa a chreideann gur cheart ról níos mó a bheith ag an Aontas maidir leis an gcosaint ar ghéarchéimeanna domhanda agus ar rioscaí slándála

Is ó shuirbhéanna Eorabharaiméadair ó mhí Eanáir agus ó mhí na Bealtaine 2026 a tháinig na sonraí

Tacú le tíortha an Aontais le hinfheistíochtaí cosanta

Tá €800 billiún á chur ar fáil tríd an bPlean ReArm Europe/Ullmhacht 2030 chun bearnaí cumais a dhúnadh, acmhainneacht thionsclaíoch a neartú, agus dlús a chur leis an infheistíocht inár slándáil chomhchoiteann, agus tá clocha míle agus amlínte nithiúla leagtha amach i dtreochlár Ullmhachta 2030.

Is é SAFE croílár na hiarrachta sin, lena gcuirtear iasachtaí €150 billiún ar fáil do thíortha den Aontas le haghaidh infheistíochtaí cosanta.

Leagan téacs

An Plean ReArm Europe / Ullmhacht 2030

SAFE

  • Tá 18 bplean náisiúnta le haghaidh iasachtaí SAFE faofa le haghaidh soláthar trealaimh cosanta
  • €150 billiún ar fáil > €12 billiún eisíoctha

An clásal éalaithe náisiúnta

  • Tá an clásal éalaithe náisiúntagníomhachtaithe ag 18 dtír
  • Caiteachas cosanta náisiúnta suas le 1.5% de OTI a chumasú gan nós imeachta um easnamh iomarcach a bheith ann.

Leis na hinfheistíochtaí sin

  • tacaítear le soláthar comhpháirteacha
  • cuidítear le tíortha cumais chriticiúla a fháil níos tapúla agus ar chostas níos ísle
  • cuirtear dlús le tionscadail nach bhféadfadh aon tír den Aontas a chur i gcrích aisti féin
  • neartaítear bonn tionsclaíoch na hEorpa
    faoi na rialacha soláthair, ní mór do 65 % de na costais chomhpháirte a theacht ón Aontas, ó thíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) nó ón Úcráin

Cur chuige níos comhordaithe i leith cumais a fhorbairt

Ní leor infheistíocht gan phlean. Sin é an fáth a bhfuiltear ag tacú leis na hinfheistíochtaí sin trí cur chuige comhordaithe chun cumais a fhorbairt. Sin é an fáth ar tugadh Comhghuaillíochtaí Cumais isteach le treochlár 2030, lenar tugadh na Ballstáit le chéile chun ceanglais choiteanna a shainaithint, cumais a fhorbairt go comhpháirteach agus iad a sholáthar ar scála.

Leis an tsamhail nua sin, tá na tionscadail shuaitheanta chosanta de chuid na hEorpa seo a leanas á múnlú cheana féin:

  • An tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin
  • Faireachán ar an gCliathán Thoir
  • An Aersciath Eorpach
  • An Sciath Eorpach Spáis

Is cumais straitéiseacha iad sin atá róchostasach, róchasta nó róphráinneach chun go mbeidh tíortha in ann iad a fhorbairt astu féin.

Bonn tionsclaíoch láidir a fhorbairt

Chun an méid atá de dhíth ar ár bhfórsaí armtha a tháirgeadh, ar an scála agus ar an luas is gá, ní mór don Eoraip a bonn tionsclaíoch a neartú. Tríd an gClár nua um an Tionscal Cosanta Eorpach, cuirfidh an Coimisiún €1.5 billiún ar fáil chun an acmhainneacht táirgeachta a leathnú, an soláthar comhpháirteach a neartú agus spleáchais chriticiúla a laghdú.

Tá saineolas ó láthair chatha na hÚcráine á chomhcheangal ag an Aontas freisin le hacmhainneacht thionsclaíoch na hEorpa trí Oifig Nuálaíochta Cosanta an Aontais i gCív, rud a chuidíonn leis an Aontas cumais na chéad ghlúine eile a fhorbairt.

Cur chuige réamhghníomhach maidir le cosaint na hEorpa

Beidh ról cinntitheach ag an nuálaíocht i dtaca le láthair chatha na todhchaí a ullmhú agus a mhúnlú. Tríd an gCiste Eorpach Cosanta agus tríd an ionstraim nua AGILE, táimid ag infheistiú i nuálaithe Eorpacha chun fíorchumais a dhéanamh de smaointe ceannródaíocha.

Braitheann an ullmhacht ar ár gcumas a léiriú gur féidir ár bhfórsaí armtha a imscaradh ar luas agus ar scála, cibé áit a bhfuil gá leo. Leis an bpacáiste nua maidir le soghluaisteacht mhíleata, cruthaítear

  • rialacha comhchuibhithe i dtaca le gluaiseacht mhíleata trasteorann
  • nósanna imeachta custaim cuíchóirithe
  • bearta lena gcumasófar rochtain tosaíochta ar bhonneagar le linn géarchéimeanna

Comhpháirtíocht a dhéanamh le comhpháirtithe iontaofa ar fud an domhain

Ní hionann neamhspleáchas agus seasamh leat féin. Sin é an fáth a bhfuil an comhar cosanta agus slándála á dhoimhniú againn le comhpháirtithe iontaofa ar fud an domhain. Neartaíomar ár gcomhar tionsclaíoch faoin SAFE le Ceanada agus tá comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta tugtha i gcrích againn freisin leis an Astráil, le Gána, leis an Íoslainn agus leis an India. Cruthaíonn na comhpháirtíochtaí sin deiseanna nua le haghaidh comhar tionsclaíoch agus comhar níos dlúithe maidir le dúshláin slándála chomhroinnte.

Réigiúin na teorann thoir a neartú

Tá réigiúin teorann thoir na hEorpa ar an líne thosaigh i dtimpeallacht slándála atá ag athrú. Tá straitéis nua glactha ag an gCoimisiún chun rathúnas, athléimneacht agus slándáil na réigiún sin a neartú, agus cuideoidh an tsaoráid nua EastInvest le réigiúin teorann rochtain níos éasca a fháil ar mhaoiniú agus ar thacaíocht chomhairleach.


Aontas slán

Slándáil na hEorpa; braitheann sí ar i bhfad níos mó ná an chosaint thraidisiúnta amháin. Is cuma cé acu cibirionsaithe spriocdhírithe ar mhoil lóistíochta, próisis dhaonlathacha a bheith faoi réir cur isteach eachtrach, nó antoisceachas foréigneach atá i gceist, is minic a cheaptar na bagairtí atá os ár gcomhair go sonrach chun oibriú faoi bhun thairseach na coinbhleachta armtha.

Bagairtí hibrideacha a chomhrac

Tá dróin ar cheann de na dúshláin slándála is mó fás atá roimh an Eoraip. Le bliain anuas, tá saoránaigh an Aontais á gcur faoi dheifir chun dídine agus tá eitiltí á gcoinneáil ar an talamh i ngeall ar ionraí drón. Tá an tAontas ag obair chun dul i ngleic leis an mbagairt sin ar bhealaí éagsúla, cuir i gcás

  • Plean Gníomhaíochta nua um Shlándáil Dróin agus Slándáil Frith-Dhrón a sheoladh, lena mbunaítear cur chuige comhordaithe Eorpach i ndáil le brath, sainaithint agus freagairt

  • ionad barr feabhais frith-dhrón de chuid an Aontais a bhunú 

  • comhar le tionscal nuálach drón na hÚcráine a mhéadú agus ceachtanna a fhoghlaim ó na línte tosaigh tríd an gComhghuaillíocht Drón idir an tAontas agus an Úcráin

Tá borradh ag teacht ar chibirghníomhaíocht mhailíseach san Eoraip freisin, le cibirionsaithe laethúla in aghaidh seirbhísí riachtanacha, gnólachtaí agus údaráis phoiblí. Chun dul i ngleic leis sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil. A bhuí leis sin, cinnteofar go bhfuil táirgí a chuirtear ar an margadh Eorpach slán ó thaobh na cibearshlándála de trí dhearadh agus tabharfar aghaidh ar leochaileachtaí i slabhraí soláthair TFC criticiúla.

Ag an am céanna, le Plean Gníomhaíochta an Aontais um an gCibearshlándáil agus an Intleacht Shaorga, táimid ag tabhairt aghaidh ar na rioscaí a bhaineann leis na samhlacha intleachta saorga is forbartha don chibearshlándáil.

An sceimhlitheoireacht agus an radacú a chomhrac

Tá bagairt na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh ag forbairt i gcónaí. Tá grúpaí sceimhlitheoireachta ag baint leas níos minice as teicneolaíochtaí digiteacha, na meáin shóisialta, an intleacht shaorga agus criptea-airgeadraí chun earcaíocht a dhéanamh dá gcuid gníomhaíochtaí agus chun iad a mhaoiniú agus a eagrú. Trí Chlár Oibre ProtectEU maidir leis an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, tá an Eoraip ag neartú an chomhair idir údaráis forfheidhmithe dlí, ag feabhsú comhroinnt faisnéise, ag dul i ngleic le maoiniú na sceimhlitheoireachta agus ag forbairt uirlisí nua chun an radacú a shainaithint agus a chosc sula mbeidh foréigean ann mar thoradh air.

An choireacht eagraithe a chomhrac

Líonraí coiriúla a bhfuil baint acu le gáinneáil ar dhrugaí, smuigleáil arm tine, sciúradh airgid agus cibearchoireacht, oibríonn siad thar theorainneacha agus tá siad ag baint leas níos minice as teicneolaíochtaí digiteacha chun a raon feidhme a leathnú. Neartaigh an Coimisiún a fhreagairt ar an iliomad réimsí

  • rinne sé bearta nua a mholadh chun Europol agus Eurojust a neartú le dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta agus na sceimhlitheoireachta trasteorann. Tacóidh na bearta sin le tuilleadh imscrúduithe comhpháirteacha, cuirfidh siad dlús le hionchúisimh, agus éascóidh siad malartú faisnéise trí chreat dlíthiúil níos soiléire agus trí mhaorlathas níos lú.

  • rinne sé straitéis drugaí an Aontais agus an plean gníomhaíochta in aghaidh na gáinneála ar dhrugaí a chur i láthair chun cabhrú leis an Eoraip díriú ar líonraí coiriúla ar fud an tslabhra soláthair ar fad

  • mhol sé bearta níos láidre freisin in aghaidh na gáinneála ar airm thine, rialacha nua chun dul i ngleic le táirgeadh aindleathach arm trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí priontála 3T ina measc

Dul i ngleic le tubaistí nádúrtha le chéile

An samhradh seo, arís eile, bhí an Eoraip thíos le falscaithe tubaisteacha, triomaigh thromchúiseacha agus tuilte gan fasach. Bhí séasúr na bhfalscaithe dian thar an gcoitiantacht. Faoi lár mhí Lúnasa, bhí an limistéar a dódh ní ba mhó ná dhá oiread an mheáin don am sin den bhliain. 

Roimh an samhradh, cuireadh na céadta comhraiceoirí dóiteáin agus na scórtha sócmhainní comhraic dóiteáin in áit roimh ré sna tíortha is mó a bhí i mbaol. Ó shin i leith, ghníomhachtaigh 9 dtír atá buailte Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta 11 uair, ina measc sin na chéad ghníomhachtaithe riamh le haghaidh falscaithe ón mBeilg agus ón Ísiltír.

Teorainneacha seachtracha slána

Tá gá le teorainneacha seachtracha slána chun go mbeidh slándáil láidir againn. Tá córas cothrom imirce agus tearmainn á fhorbairt ag an Eoraip lena gcomhcheanglaítear an daonnacht, an fhreagracht agus an dlúthpháirtíocht leis an tslándáil. Córas atá cothrom daingean. Tá bainistiú teorainneacha níos éifeachtaí á fhorbairt aige freisin.

Tháinig rialacha an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2026, rud a chiallaíonn go bhfuil creat coiteann ag an Eoraip anois chun an imirce a bhainistiú ar bhealach atá cothrom, ordúil agus bunaithe ar an dlúthpháirtíocht idir tíortha an Aontais.

Leagan téacs

Córas coiteann an Aontais chun an imirce a bhainistiú

Teorainneacha seachtracha slána

  • Scagadh láidir
  • Bunachar sonraí Eurodac maidir le tearmann agus imirce
  • Nós imeachta teorann agus fillteacha
  • Prótacail ghéarchéime agus gníomhaíocht i gcoinne ionstraimithe

Nósanna imeachta tapa éifeachtacha

  • Rialacha soiléire tearmainn
  • Cearta daoine a ráthú
  • Caighdeáin an Aontais maidir le cáiliú mar dhídeanaí
  • Mí-úsáidí a chosc

Córas éifeachtach dlúthpháirtíochta agus freagrachta

  • Buanchreat dlúthpháirtíochta
  • Tacaíocht oibríochtúil agus airgeadais
  • Rialacha níos soiléire maidir le freagracht as iarratais ar thearmann
  • Gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc

An imirce a leabú i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta

  • Imeachtaí neamhrialta a chosc
  • Smuigleáil imirceach a chomhrac
  • Comhar maidir le hathligean isteach
  • Bealaí dlíthiúla a chur chun cinn

I mí Iúil 2026 mhol an Coimisiún córas nua smachtbhannaí freisin chun smuigleáil imirceach a chomhrac agus gníomhaíochtaí aindleathacha eile nach de thionscnamh an Aontais iad a chomhrac.

An samhradh seo, nuair a rinne na mílte imirceach neamhrialta iarracht dul isteach in Ceuta ó Mharacó, chuir an Coimisiún a thacaíocht airgeadais agus oibríochtúil ar fáil don Spáinn ón tús. Cé go bhfuil dúshlán ag baint leis an staid ar an láthair go fóill, tá iarrachtaí neamhdhleathacha nua chun an teorainn a thrasnú á seachaint. Tá ár gcuid oibre le Meta, TikTok agus seiceálaithe fíricí neamhspleácha tar éis a bheith ríthábhachtach chun cosc a chur ar líonraí coiriúla bréagaisnéis a scaipeadh. Tá méadú faoi dhó déanta againn ar an gcomhrac i gcoinne na smuigleála imirceach.

Cuireadh tús leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta nua i mí Aibreáin 2026 agus tá eolas níos iontaofa á chur ar fáil aige maidir le náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha na hEorpa, rud a neartaíonn seiceálacha slándála. San am céanna, leis an gcéad Straitéis Beartais Víosaí riamh de chuid an Aontais, déanfar an scagadh slándála a neartú dóibh siúd ar mian leo teacht chuig an Aontas, agus cuideofar chun an tallann is gá don Eoraip a mhealladh chun fáis.


Aontas ar mhaithe le cách

Bhí deacrachtaí ag go leor teaghlaigh Eorpacha le cúpla bliain anuas. Boilsciú ard, costais tithíochta atá ag ardú agus brú ar bhuiséid teaghlaigh; bhí tionchar acu sin go léir ar phobail ar fud an Aontais seo againne. Ní hamháin gur ceist ceartais shóisialta é aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ach tá sé ina chuid lárnach d’iomaíochas na hEorpa freisin.

Aghaidh a thabhairt ar mhéadú an chostais maireachtála

Ar fud an Aontais Eorpaigh, tá duine amháin as gach cúigear fós i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Leagtar amach sa chéad straitéis AE i gcoinne na Boctaineachta riamh treochlár fadtéarmach chun an bhochtaineacht a dhíothú faoi 2050, agus cinntítear leis an Ráthaíocht Eorpach neartaithe do Leanaí go mbeidh rochtain ag gach leanbh ar na seirbhísí agus ar an tacaíocht a theastaíonn uathu chun go mbeidh rath orthu, gan beann ar a gcúlra ná ar a gcúinsí.

Ní bhraitear an inacmhainneacht ar bhealach níos dírí ná mar a bhraitear í i dtaobh na tithíochta de. Teach sábháilte inacmhainne, sin é an bhunchloch ar a dtógann daoine a saol, agus sin an fáth ar tosaíocht don Aontas í tithíocht inacmhainne. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo, tá an méid seo a leanas déanta ag an gCoimisiún:

  • tá níos mó ná €43 bhilliún curtha ar fáil le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le tithíocht ó bhí 2021 ann

  • rinne sé rialacha maidir le státchabhair a athbhreithniú chun infheistíocht i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne a scaoileadh tríd an bPlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne

  • mhol sé an Gníomh um Thithíocht Inacmhainne le huirlisí breise a thabhairt do na Ballstáit agus do na húdaráis áitiúla chun brú tithíochta a mhaolú

  • sheol sé tograí don chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do thíortha den Aontas maoiniú ón Eoraip a dhíriú ar thionscadail tithíochta inacmhainne

  • tá sé ag tacú le tíortha an Aontais freagairtí níos éifeachtaí ar easpa dídine a fhorbairt tríd an moladh maidir le heisiamh tithíochta a chomhrac

Leagan téacs

An plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne

  • Méadú 60% ar phraghsanna tithe ar fud an Aontais idir 2013 agus 2024, níos tapúla ná ioncam teaghlaigh
  • Méadú 20% ar chíosanna ar an meán sa tréimhse chéanna
  • Laghdú 22% ar cheadanna foirgníochta cónaithe ó bhí 2021 ann

Is é is aidhm don phlean Eorpach um thithíocht inacmhainne:

  • An rómhaorlathas a laghdú chun borradh a chur faoin soláthar tithíochta
  • Táirgiúlacht agus nuálaíocht san fhoirgníocht a neartú
  • Leas a bhaint as infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, cuir i gcás trí athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le Státchabhair
  • Amhantraíocht a chomhrac sa mhargadh tithíochta
  • Aghaidh a thabhairt ar chíosanna gearrthéarmacha i limistéir atá faoi strus tithíochta
  • Tacú leo siúd is mó atá thíos leis, amhail daoine gan dídean agus daoine óga

Chomh maith leis sin, leanann teaghlaigh de bheith buailte ag tionchar na géarchéime fuinnimh a thosaigh lasmuigh dár dteorainneacha. Trí Phacáiste Fuinnimh na Saoránach, tá cosaintí do thomhaltóirí leochaileacha á neartú ag an Aontas Eorpach, rud a chuideoidh chun dícheangal a chosc, trédhearcacht a fheabhsú agus smacht níos mó a thabhairt do theaghlaigh ar a roghanna fuinnimh agus ar a mbillí fuinnimh.

Tomhaltóirí a chosaint

Cé go bhfuil cuid de na leibhéil cosanta is airde ar fud an domhain ag tomhaltóirí na hEorpa, tá dúshláin nua tagtha chun cinn mar gheall ar an méadú atá tagtha ar sheirbhísí digiteacha agus ar fhás pléascach na ríomhthráchtála. Trí chlár oibre 2030 um thomhaltóirí, tá cosaint tomhaltóirí á neartú ag an Eoraip, ar líne chomh maith, áit a mbítear ag díriú ar leanaí agus ar thomhaltóirí leochaileacha, tríd an méid seo a leanas:

  • dul i ngleic le cleachtais éagóracha agus le táirgí neamhshábháilte
  • a chinntiú go leanfaidh an Margadh Aonair de bheith ag obair ar son tomhaltóirí ar bhealach chomh héifeachtach céanna agus a oibríonn sé do ghnólachtaí

Ag an am céanna, le rialacha nua custaim, cuir i gcás dleacht €3 ar phacáistí ó lasmuigh den Aontas ar lú a luach ná €150, cuidítear chun cothrom iomaíochta a chruthú idir ardáin ar líne agus miondíoltóirí traidisiúnta agus cinntítear leo go gcomhlíonann táirgí a dhíoltar san Eoraip na caighdeáin a mbíonn tomhaltóirí ag súil leo.

Taisteal traenach a dhéanamh níos éasca

Is féidir leis an taisteal thar theorainneacha a bheith níos casta ná mar is gá fós. Is minic a bhíonn ticéid iomadúla ag teastáil le haghaidh turas lena mbaineann roinnt oibreoirí traenach, ticéid a cheannaítear trí chórais éagsúla, agus cosaint theoranta ag gabháil leo má chailltear nasc. Leis an tionscnamh nua de chuid an Choimisiúin dar teideal Turas Amháin, Ticéad Amháin

  • beidh paisinéirí in ann turais iarnróid iloibreoirí a chuardach, a chur i gcomparáid agus a cheannach trí aon áirithint amháin, agus ar a rogha ardáin

  • beidh cearta iomlána paisinéirí ag taistealaithe don turas ar fad, an ceart chun cúiteamh a éileamh san áireamh, má bhíonn moilleanna ann nó má chailltear naisc


Aontas níos cuimsithí

Ba cheart go mbeadh gach duine san Aontas Eorpach in ann mothú sábháilte agus maireachtáil le dínit agus le meas. Táimid ag obair chun Aontas an Chomhionannais a chruthú. Tá níos mó i gceist le comhionannas ná cearta a chosaint. Baineann sé freisin le sochaithe a chruthú inar féidir le gach duine páirt iomlán a ghlacadh agus a mhothú gur cuid den tsochaí iad. Le bliain anuas, tá roinnt straitéisí tábhachtacha nua curtha i láthair ag an gCoimisiún

  1. Deireadh fómhair 2025
    Straitéis um Chomhionannas LADTIA+ 2026-2030

    Chun cosaintí ar idirdhealú a neartú, tacaíocht a thabhairt do chearta comhionanna ar fud an Aontais agus a bheith ag obair leis na Ballstáit chun sochaithe níos sábháilte agus níos cuimsithí a chruthú.

  2. Eanáir 2026
    Straitéis Frithchiníochais an Aontais Eorpaigh 2026-2030

    Chun dlús a chur leis na hiarrachtaí ar dhul i ngleic leis an idirdhealú struchtúrach, forfheidhmiú i gcoinne na fuathchoireachta agus na fuathchainte a neartú, agus a chinntiú go mbeidh an frithchiníochas leabaithe sa cheapadh beartas.

  3. Márta 2026
    An chéad Straitéis um an gCothroime Idirghlúine riamh

    A áirithiú go gcuirfear na glúnta óga agus na glúnta atá le teacht san áireamh go cothrom sna cinntí ceaptha beartas atá ann faoi láthair.

  4. Márta 2026
    An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne

    Chun dul i ngleic leis na bacainní atá fós ann san oideachas, sa chúram sláinte, san fhostaíocht agus sa saol poiblí, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, cuir i gcás foréigean ar líne agus claontacht san intleacht shaorga.

I mí an Mhárta 2026 cheap an Coimisiún Mairead McGuinness mar Thoscaire Speisialta um Shaoirse Reiligiúin nó Creidimh lasmuigh den Aontas. Lean an Coimisiún de bheith ag obair freisin ar chur chun feidhme straitéis 2021-2030 an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus straitéis 2021-2030 um chearta daoine faoi mhíchumas le bliain anuas.

Ní liostaítear ar an leathanach seo ach rogha de na héachtaí a baineadh amach le bliain anuas. 
Chun tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil an bróisiúr (PDF).

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 11 Meán Fómhair 2026