Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Staid an Aontais 2026

Is é an t-aitheasc ar Staid an Aontais (SOTEU) an óráid bhliantúil a thugann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh do Pharlaimint na hEorpa ina leagtar amach a tosaíochtaí don Aontas don bhliain atá romhainn.

Sa domhan seo, roghnaigh an Eoraip a conair féin a chruthú. Agus tá Eoraip níos láidre, níos neamhspleáiche ag teacht chun cinn anois.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
An óráid

Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 16 Meán Fómhair 2026, roinn Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen na príomhthosaíochtaí agus na príomhthionscadail shuaitheanta don bhliain atá le teacht, iad ag cur leis an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas le blianta beaga anuas.

Tionscnaimh bheartaithe

Ina hóráid, leag an tUachtarán Ursula von der Leyen amach na príomhthosaíochtaí agus na príomhthionscnaimh shuaitheanta don bhliain atá le teacht.

  • Iomaíochas agus poist
    • Dul i ngleic le srianta soláthair críochacha gan údar sa Mhargadh Aonair
    • Togra maidir le dlús a chur le ceadú
    • An pacáiste maidir le hiomaíochas agus simpliú na mbanc
    • An pacáiste um shimpliú iompair
    • An pacáiste um éagsúlú / DiversifyEU
    • An Comhlacht Eorpach maidir le hAmhábhair Chriticiúla
  • Sóisialta agus cuimsiú
    • An pacáiste um shimpliú na tithíochta
    • An Comhaontú Eorpach maidir le Cúram
    • Comhghuaillíochtaí Ollscoileanna Eorpacha 2.0
    • Ráthaíochtaí Scileanna
  • Slándáil agus cosaint
    • Straitéis Slándála na hEorpa
    • Slándáil agus sábháilteacht amach ón gcósta le haghaidh suiteálacha agus oibríochtaí fuinnimh
    • Malartú idirnáisiúnta sonraí le haghaidh comhar póilíneachta (Prüm International)
    • An Ionstraim Eorpach le haghaidh Cumasóirí Straitéiseacha
  • An aeráide agus athléimneacht
    • Athbhreithniú ar chaighdeáin CO2 feithiclí tromshaothair
    • An Chomhghuaillíocht Árachais Aeráide
    • An Plean Eorpach um Thonn Teasa
    • An Tionscnamh Eorpach maidir le hUisce
  • An daonlathas, an smacht reachta agus luachanna
    • Comhdháil na hEorpa
    • An Creat um Fhreagairt Éigeandála
    • Moladh ón gCoimisiún maidir le cleachtais tiontúcháin a thoirmeasc

An Litir Intinne

Sheol an tUachtarán von der Leyen Litir Intinne chuig Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus Taoiseach na hÉireann, Micheál Martin, toisc gurb í an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair. Thug sí sonraí inti faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh an bhliain seo chugainn trí bhíthin reachtaíochta agus tionscnaimh eile.

Neamhspleáchas na hEorpa a bhaint amach

Cumas na hEorpa gníomhú i ndomhan atá ag athrú a neartú, le bliain anuas, is ar an méid sin a bhí ár gcuid iarrachtaí dírithe. D’oibrigh an Coimisiún Eorpach chun borradh a chur faoin iomaíochas, spleáchais straitéiseacha a laghdú, an chosaint a neartú, tacú leis an Úcráin, comhpháirtíochtaí domhanda a leathnú agus an daonlathas agus saoránaigh a chosaint. Is é is aidhm do na hiarrachtaí sin Eoraip níos neamhspleáiche, níos sláine agus níos rathúla a fhorbairt. Táimid ag léiriú go bhfreagraíonn an Eoraip le chéile nuair a thugtar ár ndúshlán.

Féach leat an méid atá bainte amach againn le bliain anuas, na gealltanais a baineadh amach, agus an chaoi a ndearnamar gníomhaíocht nithiúil díobh.

Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Meán Fómhair 2026