Le bliain anuas, sheas an Eoraip go láidir i ndomhan atá ag éirí níos míshocra. Agus aghaidh á tabhairt ar bhagairtí slándála atá ag dul i méid, ar spleáchais eacnamaíocha atá á n-úsáid mar uirlis troda agus ar iarmhairtí coinbhleachtaí lasmuigh dár dteorainneacha, lean an Eoraip de dhul chun cinn a dhéanamh le chéile tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- mór-chomhaontuithe trádála nua a shíniú ar fud trí mhór-roinn
- leanúint dá tacaíocht sheasta don Úcráin
- comhpháirtíochtaí nua a chruthú lena mbaintear torthaí amach i dtaca le leasanna agus luachanna na hEorpa
- leanúint de bheith ina ceannaire domhanda i dtaca le saincheisteanna ó ghníomhú ar son na haeráide go dtí an tsláinte dhomhanda
Léirigh an Eoraip gur féidir conair eile a ghlacadh: conair lena nasctar láidreacht le comhpháirtíocht, agus neamhspleáchas le hoscailteacht.
Láidreacht san éagsúlacht – clár oibre trádála na hEorpa
Is ar an trádáil idirnáisiúnta a bhraitheann rathúnas na hEorpa. Le bliain anuas, is é sin an fáth ar bhreathnaigh an Eoraip ar fhéidearthachtaí lasmuigh dá teorainneacha seachas fanacht laistigh díobh chun a comhpháirtíochtaí a éagsúlú, slabhraí soláthair a neartú agus spleáchais eacnamaíocha a laghdú. Dhaingnigh an Eoraip a seasamh mar chomhpháirtí fadtéarmach iontaofa freisin, rud a chuireann athléimneacht agus intuarthacht ar fáil le linn tréimhsí éiginnte.
Na tíortha a shínigh comhaontuithe trádála leis an Aontas
Tá 45 chomhaontú trádála ag an Aontas cheana féin lena gcumhdaítear 81 thír. Sábhálann na comhaontuithe sin thart €25 bhilliún i ndleachtanna custaim gach bliain ar 712,000 gnólacht Eorpach a easpórtálann thar thar theorainneacha an Aontais.
Trí idirphlé a dhéanamh le grúpálacha réigiúnacha níos leithne, amhail Comhpháirtíocht an Aigéin Chiúin agus na hÁise, tá lorg na hEorpa á leathnú freisin i gcuid de na margaí is mó fás ar domhan.
An caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe
Tá an caidreamh trádála trasatlantach fós ar an gcaidreamh tráchtála is tábhachtaí ar domhan. Trasnaíonn earraí agus seirbhísí dar luach €4.9 billiún an tAtlantach gach lá idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Leanann an Eoraip de bheith ag obair chun caidreamh cobhsaí a chinntiú lena gcosnaítear leasanna ghnólachtaí agus oibrithe na hEorpa. Tá sí ag obair go dlúth freisin leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe eile ar thionscnamh Pax Silica chun comhordú a neartú maidir le slabhraí soláthair criticiúla intleachta saorga, leathsheoltóirí agus ardteicneolaíochtaí.
Ár slándáil eacnamaíoch a neartú
Tá méadú ag teacht ar an úsáid atáthar a bhaint as an trádáil, an infheistíocht agus an rochtain ar acmhainní criticiúla mar a bheadh uirlisí geopholaitiúla iontu. D’fhreagair an Eoraip trí shraith uirlisí cuimsitheacha a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála, infheistíochtaí naimhdeacha, comhéigean eacnamaíoch, saobhadh margaidh agus ró-acmhainneacht dhomhanda. I mí na Nollag 2025 ghlac an Coimisiún teachtaireacht maidir le slándáil eacnamaíoch na hEorpa a neartú. Leis sin, tá an tAontas ag léiriú go bhfuil sé réidh na hionstraimí sin a úsáid nuair atá a thionscail, a oibrithe agus a shlándáil eacnamaíoch faoi bhagairt.
Leagan téacs
Amhábhair chriticiúla agus RESourceEU
Rochtain shlán iontaofa ar na hamhábhair atá de dhíth ar ár ngeilleagar
- 34 ábhar a dhearadh ina n-amhábhar criticiúil; e.g. gailliam, gearmáiniam, mangainéis agus graifít nádúrtha.
- 47 dtionscadal straitéiseacha san Aontas agus 13 thionscadal lasmuigh den Aontas a roghnaíodh le haghaidh tacaíocht spriocdhírithe faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla.
- Comhaontuithe le tríú tíortha chun rochtain níos sláine a fháil ar amhábhair, ina measc sin an chéad Chomhpháirtíocht um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan leis an Afraic Theas agus an comhaontú trádála leis an Astráil.
- Anois, Plean Gníomhaíochta RESourceEU chun spleáchas ar cheallraí, tearc-chré agus amhábhair chosanta a laghdú suas le 50% faoi 2029.
- €3 bhilliún a cuireadh ar fáil thar thréimhse bliana chun tacú le tionscadail straitéiseacha.
- Lárionad um Amhábhair Chriticiúla a bhunú chun éagsúlú agus athléimneacht slabhraí luacha a chur chun cinn.
Na tíortha a shínigh comhaontuithe digiteacha leis an Aontas
Tá níos mó ná 60% de OTI an domhain nasctha le hidirbhearta digiteacha agus tá a comhpháirtíochtaí trádála digití á leathnú ag an Eoraip chuige sin. I mí Feabhra tháinig ár gComhaontú Trádála Digití an Aontais le Singeapór i bhfeidhm, síníodh comhaontú ar an dul céanna le Poblacht na Cóiré i mí an Mheithimh, agus cuireadh tús le caibidlíocht le Ceanada i mí an Mhárta. Thángthas ar chomhaontú ar leithligh leis an mBrasaíl chun sreafaí sábháilte sonraí eadrainn a chinntiú.
An Úcráin agus í láidir saor
Tá cogadh foghach na Rúise ar siúl anois le 5 bliana anuas, agus ní hamháin go bhfuil an Úcráin ag cur ina choinne, ach tá na dálaí á gcruthú aici chun an tsíocháin a chaibidliú agus seasamh láidir aici. Thar aon ní eile, tá sé sin amhlaidh a bhuí le misneach agus diongbháilteacht mhuintir na hÚcráine. Ach tá sé sin amhlaidh freisin a bhuí leis an tacaíocht bhuanseasmhach ón Eoraip, arb í an príomhdheontóir is mó leis an Úcráin.
Tacaíocht mhíleata an Aontais
Is é an tAontas an tacadóir míleata is mó atá ag an Úcráin; tá €89.7 billiún curtha ar fáil aige go dtí seo chun a cumais chosanta a neartú. Chuir Misean Tacaíochta Míleata an Aontais oiliúint ar nach mór 97,000 ball d’fhórsaí armtha na hÚcráine. Mar chuid den Chlár um an Tionscal Cosanta Eorpach, tá an Eoraip ag cuidiú chun tacú le bonn tionsclaíoch cosanta na hÚcráine agus chun é a chomhtháthú le bonn tionsclaíoch cosanta na hEorpa.
I mí Iúil 2026 shínigh an tAontas comhpháirtíocht thionsclaíoch nua um an gcosaint, agus is céim mhór chun cinn í i gcomhtháthú ár dtionscal cosanta. Sheol sé freisin Comhaontú idir an tAontas agus an Úcráin maidir le Dróin chun an comhar i dtaca le teicneolaíochtaí drón agus frithdhrón a neartú.
Smachtbhannaí
Go dtí seo, tá 21 phacáiste smachtbhannaí formheasta ag an Aontas i gcoinne na Rúise agus a lucht tacaíochta. Tá na smachtbhannaí sin ag cur brú ar gheilleagar na Rúise agus ag cur teorainn lena cumas cogadh a fhearadh.
Leagan téacs
21 phacáiste smachtbhannaí
An brú eacnamaíocht a mhéadú ar an Rúis
- Scáthchabhlach - Tá os cionn 600 soitheach liostaithe mar chuid de scáthchabhlach na Rúise, iad faoi réir toirmisc ar rochtain ar chalafoirt agus ar sholáthar seirbhísí
- Sócmhainní na Rúise - Tá sócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise blocáilte, dar luach €210 mbilliún
- Liostuithe - Sócmhainní breis agus 2,900 duine aonair agus eintiteas blocáilte. Tá daoine aonair a bhfuiltear ag díriú orthu faoi réir toirmeasc taistil freisin
- Ioncam ó ola - Toirmeasc ar iompórtálacha amhola muiriompartha agus caidhp praghais ola chun ioncam na Rúise ó easpórtálacha fuinnimh a laghdú. Tá an t-athbhreithniú ar an gcaidhp phraghais curtha ar fionraí go dtí mí Iúil 2027
- Iompórtálacha gáis - Toirmeasc ar ghás nádúrtha leachtaithe ón Rúis a iompórtáil ó mhí Eanáir 2027 ar aghaidh, agus ar ghás píblíne a iompórtáil amhail ó Fhómhar 2027
- Airgeadas, trádáil agus bolscaireacht - Toirmisc ar níos mó ná 100 banc Rúiseach, ar níos mó ná 20 ionad bolscaireachta de chuid na Rúise, agus ar thrádáil earraí dé-úsáide agus teicneolaíochtaí criticiúla iomadúla
Imchéimniú
Díriú ar sheachaint smachtbhannaí agus imchéimniú smachtbhannaí a chomhrac
Ceartas a lorg don Úcráin agus cosaint a thabhairt dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh
Tháinig an tAontas isteach sa Bhinse Speisialta maidir le coir an fhogha faoin Úcráin, binse a bheidh in ann ceannairí polaitiúla agus míleata atá freagrach as coir an fhogha faoin Úcráin a ionchúiseamh. I mí na Bealtaine 2026 dhaingnigh an Coimisiún, mar chomhalta bunaidh, an coinbhinsiún lena mbunaítear an Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin, rud a dhéanfaidh meastóireacht ar chúiteamh d’íospartaigh an chogaidh agus a chinnfidh an cúiteamh sin.
Ní mór dúinn a chinntiú go dtabharfar gach leanbh Úcránach a aistríodh go héigeantach chun na Rúise ar ais dá theaghlach. Chuaigh an tAontas isteach sa Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta chun Leanaí na hÚcráine a thabhairt abhaile, agus i mí na Bealtaine 2026, rinne an Coimisiún imeacht ardleibhéil a chomhóstáil, in éineacht leis an Úcráin agus le Ceanada, chun an tsaincheist a chur chun cinn ar chlár oibre an domhain mhóir.
Chomhaontaigh na Ballstáit den Aontas síneadh a chur leis an gcosaint shealadach do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh go dtí an 4 Márta 2028 freisin.
Tacaíocht do shlándáil fuinnimh na hÚcráine
Tá tacaíocht níos mó ná €4 bhilliún le haghaidh na slándála fuinnimh curtha ar fáil don Úcráin cheana féin ó rinne an Rúis ionradh iomlán ar an Úcráin. An 24 Feabhra 2026 d’fhógair an tUachtarán von der Leyen pacáiste breise €920 milliún le haghaidh gheimhreadh 2026/2027, lena gcuirfear tacaíocht chriticiúil ar fáil do ghiniúint fuinnimh, d’athléimneacht eangaí, d’éifeachtúlacht fuinnimh agus do sholáthar teasa.
- Deisiú
Gléasraí cumhachta a athbhunú agus níos mó trealaimh a chur ar fáil chun 15% de riachtanais na hÚcráine a chumhdach.
- Atógáil
Easpórtálacha leictreachais an Aontais a mhéadú chun 12% de riachtanais na hÚcráine a chumhdach.
- Tosaigh arís
Borradh a chur faoi tháirgeadh cumhachta díláraithe, painéil ghréine a sheachadadh chuig ospidéil ina measc.
Méadú - An tAontas seo againne a thabhairt chun críche
I ndomhan atá níos contúirtí agus níos ilroinnte, braitheann slándáil na hEorpa ar chobhsaíocht a comharsanachta. Is tosaíocht í ár mbeartas um méadú chuige sin. Leanfaidh an méadú de bheith ina phróiseas atá bunaithe ar fhiúntas i gcónaí, agus tá rún daingean againn ár dtacaíocht iomlán a thabhairt do thíortha is iarrthóirí ar an gconair i dtreo ballraíochta.
Cobhsaíocht a chinntiú sa chomharsanacht i gcoitinne agus tacú leis an tsíocháin sa Mheánoirthear
Ón Afraic Thuaidh go Cugas Theas, tá comhpháirtíochtaí á neartú ag an Eoraip chun cobhsaíocht agus deiseanna eacnamaíocha nua a chur ar fáil.
Comhpháirtíochtaí lena mbaintear torthaí amach i dtaca le leasanna agus luachanna na hEorpa
Tá an Eoraip ag obair i dtreo neamhspleáchas sa gheilleagar, ní as a stuaim féin, ach trí chomhpháirtíocht. Tá caidrimh athléimneacha á gcothú aici bunaithe ar leasanna frithpháirteacha, rathúnas comhroinnte agus urraim don cheannasacht.
Ní liostaítear ar an leathanach seo ach rogha de na héachtaí a baineadh amach le bliain anuas.
Chun tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil an bróisiúr (PDF).
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 11 Meán Fómhair 2026












