Tá geilleagar iomaíoch ríthábhachtach do rathúnas na hEorpa, chun rachmas agus poist ardcháilíochta a chruthú, chun seirbhísí poiblí a chistiú, agus chun tacú lenár múnla sóisialta agus lenár neamhspleáchas.
Is ceannaire domhanda í an Eoraip ó thaobh ardmhonaraíochta agus teicneolaíochtaí glana de, tá ollscoileanna agus institiúidí taighde den chéad scoth inti, agus tá an líonra is mó de chomhpháirtíochtaí trádála aici in aon mhórgheilleagar dá bhfuil ann. Mar sin féin, tá margaí ilroinnte, costais arda fuinnimh, ganntanas scileanna, agus castacht rialála ag cur teorainn le fás na hEorpa.
Táimid dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an margadh aonair a chur i gcrích
- tionscail straitéiseacha a neartú
- costais fuinnimh a laghdú trí chumhacht ghlan de thionscnamh an Aontais
- an iomaíochas a ailíniú le múnla sóisialta na hEorpa
Margadh aonair níos láidre – do dhaoine agus do ghnólachtaí
Tá 450 milliún tomhaltóir sa mhargadh aonair, agus is é inneall fáis agus iomaíochais na hEorpa é. Chun neamhspleáchas na hEorpa a chinntiú, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur leis na bacainní inmheánacha sin atá fós ann, agus ar an dóigh sin, an margadh aonair a thabhairt chun críche.
Na rialacha a shimpliú
Tá úsáid an mhargaidh aonair á simpliú againn tríd an rómhaorlathas nach bhfuil gá leis a laghdú. Tá 12 phacáiste simpliúcháin agus raon leathan beart simpliúcháin ar fud na n-earnálacha curtha ar aghaidh againn, idir an earnáil mótarfheithiclí agus earnáil na gceimiceán.
Táimid ag obair leis an bParlaimint agus leis an gComhairle chun leanúint den chlár oibre maidir le simpliú a bhaint amach, ionas go mbeidh níos mó acmhainní ag cuideachtaí chun nuáil a dhéanamh, uas-scálú a dhéanamh agus poist dea-cháilíochta a chruthú.
Meastar go sábhálfaidh na bearta simpliúcháin atá beartaithe €17 mbilliún in aghaidh na bliana ar chostais riaracháin ar a laghad.
Is é is cuspóir dúinn an t-ualach riaracháin a laghdú 25% ar a laghad do gach gnólacht, agus 35% ar a laghad d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
An bealach is tapa chun iomaíochas níos láidre agus fíor-neamhspleáchas Eorpach a bhaint amach, is é sin an ilroinnt a laghdú. Tá an méid seo a leanas déanta againn:
tá an chuid is mó de na tionscnaimh atá leagtha amach sa chompás iomaíochais curtha ar aghaidh againn, agus táimid ag díriú anois ar a gcur i gcrích
tá treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ comhaontaithe againn leis an bParlaimint agus leis an gComhairle, arb é is aidhm dó dul chun cinn a dhéanamh i dtaca le hathchóirithe tábhachtacha faoi dheireadh 2027, agus tá dul chun cinn tapa á dhéanamh cheana féin
EU Inc., creat aonair Eorpach le haghaidh cuideachtaí
Is iad fiontraithe agus cuideachtaí nuálacha na hEorpa is mó a bhíonn thíos le hilroinnt rialála. Seachas a bheith ag feidhmiú in aon mhargadh amháin, bíonn orthu dul i ngleic le 27 gcóras dlí agus níos mó ná 60 foirm chuideachta. Tá EU Inc. curtha ar aghaidh againn, ionas gur féidir lenár ngnólachtaí tairbhe a bhaint as fíormhargadh aonair.
Leagan téacs
EU Inc. - córas dlí corparáideach comhchuibhithe nua
- Tapa & saor - Clárú laistigh de 48 n-uair an chloig. Costas €100 ar a mhéad.
- Simplí - Cur chuige atá go hiomlán digiteach. Eolas a chur isteach aon uair amháin. Clárlann lárnach an Aontais le haghaidh eolas cuideachta.
- Riosca íseal - Dócmhainneacht shimplithe dhigiteach ann do ghnólachtaí nuathionscanta.
- Tarraingteach d’infheisteoirí - Aistriú simplí scaireanna agus rochtain ar an stocmhalartán.
- Tarraingteach d’fhostaithe - Rochtain níos éasca ar scair-roghanna fostaithe.
- Coimircí láidre - Gan lagú a dhéanamh ar na rialacha lena gcosnaítear oibrithe.
Aontas nuálach atá ar thús cadhnaíochta ar thionscail na todhchaí
Tá an Eoraip ag plé le claochlú teicneolaíoch agus tionsclaíoch as cuimse. Ón intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí candamacha go dtí an teicneolaíocht ghlan agus an bhith-teicneolaíocht, tá rás domhanda faoi lán seoil chun na tionscail a mhúnlú lena saineofar a rathúla agus a chumhachtaí a bheimid amach anseo. Chun gur féidir leis an Eoraip gníomhú go neamhspleách agus leanúint de bheith iomaíoch, ní hamháin nach mór a chinntiú go gcuirfear na teicneolaíochtaí sin in úsáid san Eoraip, ach go ndéanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a mhonarú anseo chomh maith.
Tá cuideachtaí tionsclaíocha agus teicneolaíochta den chéad scoth ag an Eoraip, mar aon le taighdeoirí ceannródaíocha, gnólachtaí nuathionscanta atá ag dul i méid, agus lucht saothair ardoilte. Ní mór dúinn
úsáid níos fearr a bhaint as na sócmhainní sin anois chun cabhrú le cuideachtaí dul i mbun gnó, uas-scálú a dhéanamh agus a bheith ar thús cadhnaíochta
cur leis an éileamh ar theicneolaíochtaí agus ar tháirgí glana Eorpacha chun infheistíocht a mhealladh
An gníomh um dhlús a chur leis an dícharbónú tionsclaíoch
I mí an Mhárta, chuireamar an gníomh um dhlús a chur leis an dícharbónú tionsclaíoch chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
Is é is aidhm don ghníomh sciar OTI an Aontais i leith na monaraíochta a mhéadú ó 14.3% in 2024 go 20% faoi 2035.
Le héileamh níos láidre ar tháirgí Eorpacha glana nuálacha, tabharfar an chinnteacht atá de dhíth ar chuideachtaí le hinfheistíocht agus méadú a dhéanamh laistigh den Eoraip.
Tacú le tionscail thraidisiúnta agus cabhrú leo dícharbónú a dhéanamh
Tá brú a bhfuil méadú ag teacht air ar thionscail, mar shampla, fuinneamh, ceimiceáin agus cruach, i ngeall ar chostais arda fuinnimh, iomaíocht dhomhanda a bhfuil méadú ag teacht uirthi, agus saobhadh margaidh atá á spreagadh ag fóirdheontais eachtracha ollmhóra.
Chun a chinntiú go bhfanfaidh an Eoraip ina mór-roinn nuálaíochta agus ina mór-roinn a bhíonn ag forbairt agus ag táirgeadh freisin,
An intleacht shaorga (IS) agus an teicneolaíocht dhigiteach
Braitheann rath na hEorpa amach anseo ar cheannaireacht theicneolaíoch i dteicneolaíochtaí digiteacha agus san intleacht shaorga, in éineacht le tacaíocht ó thionscal bríomhar. An dóigh a gcuirfear cumais dhigiteacha i bhfeidhm sa saol mar atá, sin é mar a shaineofar an chéad rabharta nuálaíochta eile. Chun luach a chruthú, ní mór teicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga a nascadh leis na córais fhisiceacha arb é is cúis leo feabhas a chur orthu.
táimid ag tacú le tionscal na hEorpa maidir le glacadh na hintleachta saorga in earnálacha tábhachtacha, ón gcúram sláinte go dtí an ardmhonaraíocht agus an chógaisíocht, tríd an straitéis um chur i bhfeidhmnahintleachta saorga
táimid i mbun an bonneagar is gá a thógáil chun dul san iomaíocht ar fud an domhain, tá 19 monarcha IS á gcur ar bun cheana féin, agus seoladh an glao ar na chéad ghigeamhonarchanaIS de chuid na hEorpa i mí Iúil 2026 chun an acmhainneacht ríomhaireachta is gá a leathnú chun oiliúint a chur ar shamhlacha IS teorann agus chun tacú leis an nuálaíocht ar scála
táimid ag simpliú na rialacha chun go rachaidh an Eoraip chun feabhais ó thaobh nuáil agus infheistíocht a dhéanamh de, trídan omnibusdigiteach
táimid ag treisiú cheannasacht agus iomaíochas na hEorpa in éiceachóras na néalríomhaireachta agus na hintleachta saorga tríd an ngníomh umfhorbairtna néalríomhaireachtaagusna hintleachta saorga atá beartaithe
Leagan téacs
An pacáiste um cheannasacht theicneolaíoch Eorpach
Leis an bpacáiste um cheannasacht theicneolaíoch, neartófar iomaíochas, uathriail straitéiseach agus seasamh geo-eacnamaíoch na hEorpa.
Cad a chiallaíonn sé?
- Borradh a chur faoi acmhainneacht agus neamhspleáchas tionsclaíoch de thionscnamh an Aontais ar fud an tslabhra soláthair.
- Rogha a mhéadú d’úsáideoirí deiridh.
- Soláthar teicneolaíochtaí digiteacha a dhaingniú.
- Teicneolaíochtaí criticiúla, bonneagar, seirbhísí agus sonraí a fhorbairt, a rialú agus a scálú.
- Na caighdeáin a leagan síos le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí straitéiseacha.
Tá an méid seo a leanas mar chuid den phacáiste
- An Gníomh um Shliseanna 2.0
- An Gníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga
- Straitéis an Aontais um oscailteacht foinse
- Treochlár Straitéiseach um an Digitiú agus an Intleacht Shaorga san Earnáil Fuinnimh
Neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach
Agus an Eoraip ag dul i ngleic le suaitheadh domhanda fuinnimh den dara huair le 10 mbliana anuas, is léire ná riamh an gá atá le neamhspleáchas fuinnimh níos mó.
Spreag an choimhlint atá ag dul in olcas sa Mheánoirthear agus dúnadh Chaolas Hormuz méaduithe géara ar phraghsanna domhanda ola agus gáis, rud a chosain beagnach €50 billiún i gcostais bhreise fuinnimh ar an Eoraip agus a léiríonn conas is féidir le héagobhsaíocht gheopholaitiúil lasmuigh dár dteorainneacha brú eacnamaíoch a chur go tapa ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí sa bhaile.
Le blianta beaga anuas tá céimeanna nach beag glactha ag an Aontas chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo fuinneamh glan, chun astaíochtaí a laghdú, agus chun neamhchosaint ar mhargaí fuinnimh luaineacha a laghdú. D’fhág na hiarrachtaí sin go raibh an Eoraip ní b’ullmhaithe don ghéarchéim sin ná mar a bhí roimhe seo.
AccelerateEU
I mí Aibreáin chuireamar AccelerateEU i láthair, pacáiste beart a ceapadh chun
Is éard atá ann tacaíocht ghearrthéarmach do shaoránaigh leochaileacha agus do thionscail a úsáideann go leor fuinnimh, agus bearta struchtúracha chun laghdú a dhéanamh ar spleáchas ar mhargaí luaineacha breoslaí iontaise.
Tháinig méadú ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i meascán leictreachais na hEorpa ó 36% in 2021 go 47% in 2025. Meastar gur shábháil leathnú tapa na grianchumhachta thart ar €110 milliún gach lá ann féin le linn ghéarchéim Chaolas Hormuz trí stop a chur le hiompórtálacha gáis nach bhfuil gá leo.
Ní mór dúinn dlús a chur leis an leictriú freisin ionas go mbeidh próisis iompair, téimh agus thionsclaíocha ag rith níos mó agus níos mó ar leictreachas glan Eorpach seachas ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte. I mí Iúil 2026 leagamar amach plean gníomhaíochta um an leictriúchán chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn leictreachumhachtaithe.
Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA)
Tá na dreasachtaí margaidh cearta de dhíth i leith an aistrithe fuinnimh freisin. Sin an fáth a bhfuil athbhreithniú ar an gCóras Trádála Astaíochtaí seolta againn.
Tá Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais tar éis a chruthú gur féidir an dícharbónú agus an fás a bheith fite fuaite ina chéile
Leagan téacs
Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais agus astaíochtaí gás ceaptha teasa
Ó tugadh Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais isteach in 2005:
- tá laghdú 50% tagtha ar astaíochtaí in earnálacha a chumhdaítear
- tá breis agus €280 billiún ginte ag an gcóras, méid a athinfheistíodh sa nuálaíocht, sa nuachóiriú agus sa dícharbónú tionsclaíoch
Tá geilleagar an Aontais ag fás leis
Ar an leibhéal Eorpach, déantar an t-ioncam sin a athinfheistiú sa nuálaíocht ghlan agus sa chlaochlú tionsclaíoch.
Beidh sé de cheangal ar na Ballstáit 50% dá n-ioncam náisiúnta CTA a chaitheamh chun earnálacha CTA a dhícharbónú. Cuideoidh sé sin lena chinntiú go ndéanfar an t-ioncam a ghintear ó thionscal na hEorpa a athinfheistiú chun cabhrú le gnólachtaí Eorpacha tionscail ghlana na todhchaí a chur ar bun.
An talmhaíocht
Tá feirmeoirí na hEorpa ríthábhachtach dár rathúnas agus dár neamhspleáchas. Cinntíonn siad soláthar iontaofa bia shábháilte ar ardchaighdeán, tacaíonn siad leis na milliúin post ar fud na hearnála agraibhia, agus cothaíonn siad na pobail agus na tírdhreacha tuaithe ar cuid d’fhéiniúlacht na hEorpa iad.
Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar an mbrú atá ar fheirmeoirí, ó chostais ionchuir agus iomaíocht dhomhanda atá ag dul i méid go tionchar an athraithe aeráide agus na ndúshlán geopholaitiúil, táimid ag tacú leo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
chuireamar dlús lenár dtacaíocht trí straitéismaidirle hAthnuachanó Ghlúingo Glúinsa Talmhaíocht, agus é d’aidhm againn an líon feirmeoirí óga agus nua a mhéadú faoi dhó faoi 2040
rinneamar simpliú breise ar an gcomhbheartas talmhaíochta, lena laghdaíomar ualaí riaracháin agus rud a d’fhág go raibh sé ní b’éasca rochtain a fháil ar thacaíocht
rinneamar seasamhnabhfeirmeoiríaneartúislabhraantsoláthairbia, rud a chuideoidh lena chinntiú go bhfaighidh siad sciar níos cothroime den luach a chruthaíonn siad
chuireamar ár bplean gníomhaíochta um leasacháin chun cinn chun rochtain ar leasacháin a chinntiú ar chostas inacmhainne, rud a threiseoidh táirgeadh intíre agus a mhéadóidh slándáil eacnamaíoch agus neamhspleáchas. Chuireamar €540 milliún ar fáil freisin (as an €1.5 billiún a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfeadh na Ballstáit leis) chun faoiseamh airgeadais a thabhairt d’fheirmeoirí a cheannaíonn leasacháin.
ghlacamar straitéis maidir le beostoic chun an tslándáil bia a neartú, chun tacú le pobail tuaithe, agus chun cur le córas talmhaíochta níos athléimní
rinneamar plean próitéine a fhorbairt chun táirgeadh agus úsáid próitéine a fhástar san Aontas a mhéadú
Daoine a chumhachtú agus ár múnla sóisialta a neartú
Is é an t-iomaíochas is bonn d’fholláine ár saoránach agus is é a chothaíonn ár múnla sóisialta. Cuireann ár n-iarrachtaí i leith an iomaíochais le múnla sóisialta uathúil na hEorpa agus le traidisiún láidir an idirphlé shóisialta idir oibrithe agus fostóirí. Cuidíonn sé freisin le daoine na scileanna atá de dhíth orthu a fhorbairt chun go n-éireoidh leo i ngeilleagar domhanda níos iomaíche.
Mar sin féin, i bhfianaise an teannais gheopholaitiúil agus an tsuaite theicneolaíoch, tá imní ar go leor Eorpach faoin todhchaí agus faoi thionchar na hintleachta saorga ós rud é go bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh ar chuideachtaí agus go bhfuil dianiomaíocht dhomhanda roimh thionscail. Agus claochlú domhain tapa ar siúl, ní mór don Eoraip fanacht chun cinn agus a chinntiú san am céanna nach bhfágfar aon duine ar lár.
Aontas na scileanna
Tá scileanna lárnach dár n-iomaíochas, agus tá siad lárnach do mhuinín na ndaoine ó thaobh slándála de. Tá sé d’aidhm ag Aontas na Scileanna a chinntiú go bhfuil na cumais is gá ag muintir na hEorpa chun go n-éireoidh leo i ngeilleagar atá ag athrú.
- tá breis agus10.00milliún duinetar éis leas a bhaint as tionscnaimh uas-scilithe agus athscilithe ó bhí 2020 ann
- 3.90milliún duineis é sin an líon daoine a bhain leas as na tionscnaimh sin in 2025
Leis an Ráthaíocht Scileanna, cuideoimid le hoibrithe aistriú ó earnálacha a bhfuil athrú ó bhonn á dhéanamh orthu go hearnálacha atá ag dul i méid agus go hearnálacha straitéiseacha atá ag dul i ngleic le ganntanais lucht saothair. Ciallaíonn sé sin
go ndéanfar tuilleadh infheistíochta san uas-sciliú agus san athsciliú
go gcuideofar le cuideachtaí poist a oiriúnú agus iad ag glacadh na hintleachta saorga chucu féin
Táimid ag cinntiú freisin go mbainfidh an Eoraip úsáid níos fearr as a daonra tréitheach dícheallach. Tá an tsaorghluaiseacht ar cheann de na láidreachtaí is mó atá ag an Aontas seo againne, ach tá bacainní nach bhfuil gá leo fós roimh oibrithe agus iad ag gluaiseacht thar theorainneacha, cuir i gcás
Is é is aidhm don Phacáiste um Shoghluaisteacht Chothrom an Lucht Saothair deireadh a chur le bacainní nach bhfuil gá leo agus é a dhéanamh níos éasca do dhaoine a gcuid scileanna a thabhairt chuig na háiteanna is mó a bhfuil gá leo.
Poist ar ardchaighdeán
Braitheann an t-iomaíochas freisin ar phoist ar ardchaighdeán. Tacaíonn siad le táirgiúlacht, meallann siad daoine tréitheacha, agus is iad a chuireann lucht saothair oilte ar bun atá de dhíth ar an Eoraip chun dul san iomaíocht ar fud an domhain. Ar an gcúis sin, tá treochlár um poist dea-cháilíochta forbartha ag an gCoimisiún, i gcomhar le comhpháirtithe sóisialta, chun tacú le pá cothrom, dálaí maithe oibre, caighdeáin láidre sláinte agus sábháilteachta, agus aistrithe níos rianúla idir poist agus idir earnálacha.
Ní liostaítear ar an leathanach seo ach rogha de na héachtaí a baineadh amach le bliain anuas.
Chun tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil an bróisiúr (PDF).
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 11 Meán Fómhair 2026




