
Tá méadú tagtha ar ghlacadh sóisialta daoine LADTIA+ ar fud an Aontais le cúig bliana anuas. Deir thart ar 75% de dhaoine go bhfuil siad compordach le comhghleacaithe aeracha, leispiacha nó déghnéasacha. Ach tá leibhéil dhíréireacha dho-ghlactha fuatha, foréigin agus idirdhealaithe fós á bhfulaingt ag daoine LGBTIQ+. Tuairiscíonn thart ar dhuine amháin as gach triúr daoine LADTIA+ go bhfuil idirdhealú fós á dhéanamh orthu le 12 mhí anuas.
Chun comhionannas agus cuimsiú a chosaint aon uair a bhíonn siad faoi bhagairt, tá straitéis um chomhionannas LADTIA+ le haghaidh 2026-2030 seolta ag an Aontas. Cuireann sé leis an straitéis a bhí ann roimhe seo le haghaidh 2020-2025 agus déanfar tuilleadh chun a chinntiú go ndéanfar comhionannas LADTIA+ a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais.
Leagtar amach sa straitéis nua 3 phríomhréimse gníomhaíochta:
- Daoine LADTIA+ a chosaint
- ar chiapadh agus foréigean fuathspreagtha trí phlean gníomhaíochta nua i gcoinne na cibearbhulaíochta agus trí mhol eolais a chruthú chun eolas a bhailiú maidir le fuath neamhdhleathach ar líne
- ar idirdhealú, trí dhlíthe ábhartha an Aontais a fhorfheidhmiú agus trí leanúint de mhaoiniú a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chosnaíonn cearta daoine LADTIA+
ar chleachtais tiontaithe, a fhéachann le gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne daoine a athrú go héigeantach, trí anailís a dhéanamh orthu agus bearta iomchuí a mheas chomh maith le breathnú ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun cleachtais den sórt sin a thoirmeasc
- Daoine LADTIA+ a chumhachtú le
- comhlachtaí comhionannais, trína chinntiú go bhfuil siad éifeachtach ó thaobh cearta LADTIA+ a chur chun cinn
- teaghlaigh bogha ceatha, trí thíortha an Aontais a spreagadh chun an togra maidir le hAitheantas don Tuismitheoireacht a ghlacadh
cuimsiú a chur chun cinn san ionad oibre, trí chomhobair le hArdán an Aontais Eorpaigh le haghaidh Cairteacha um an Éagsúlacht chun tacú le fostaithe LADTIA+
- an tsochaí a ghríosadh chun comhionannas LADTIA+ a chur chun cinn, ar na bealaí seo a leanas:
- iarraidh ar thíortha uile an Aontais straitéisí nó pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ghlacadh maidir le comhionannas LADTIA+
- feabhas a chur ar bhailiú agus anailís sonraí chun tuiscint níos fearr a fháil ar fhíoreispéiris daoine LADTIA+
- ‘Fóram Beartais LADTIA+’ a sheoladh, ar ardán díreach é le haghaidh teagmháil idir an tsochaí shibhialta agus an Coimisiún Eorpach
Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme na rialacha comhionannais fostaíochta in 2026 agus leanfaidh sé de chur i bhfeidhm dian na rialacha sin a chinntiú. Ina theannta sin, leagfaidh an Coimisiún amach treoir nua maidir le cleachtais fostaíochta chuimsitheacha.
Tuilleadh eolais
Gníomhaíochtaí ar son comhionannas LGBTIQ
An comhionannas agus an cuimsiú: príomhghníomhaíochtaí (2020-2025)
- Dáta foilsithe
- 8 Deireadh Fómhair 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide