Aontas an chomhionannais a thógáil Baineann neamhspleáchas na hEorpa le cosaint saoirsí. An tsaoirse chun cinneadh a dhéanamh. Labhairt amach. Bogadh timpeall na mór-roinne ar fad. An tsaoirse chun vóta a chaitheamh. Grá a thabhairt. Guí. Maireachtáil in Aontas a bhfuil comhionannas ann. I sochaí atá ionchuimsitheach i ndáiríre, déantar cumas an uile dhuine a chothú agus a chur chun tairbhe. Sin is cúis leis an gcomhionannas a bheith i gcroílár a chláir oibre ag an gCoimisiún, sa tslí go bhfuil sé ag déanamh a chroídhíchill aontas comhionannais a thógáil ina mbeidh saol slán ó idirdhealú ag gach aon duine.Chun tacú leis an sprioc sin, ghlac an Coimisiún sraith chuimsitheach straitéisí comhionannais lena gcruthaítear dálaí faoina bhféadfaidh gach duine maireachtáil, dul in inmhe agus dul i mbun ceannaireachta, beag beann ar dhifríochtaí ó thaobh gnéis, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta. Ina measc sin tá:straitéisí 2026-2030 agus 2020-2025 um chomhionannas LGBTIQstraitéis um chomhionannas inscne 2020-2025straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an chiníochais 2020-2025straitéis frithchiníochais 2026-2030 an Aontais Eorpaighcreat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 2020-2030Ag breathnú chun cinn, tabharfaidh sí an straitéis um chomhionannas inscne cothrom le dáta freisin. An ceart a bheith dílis duit féin San Aontas Eorpach, tá toirmeasc dlí ar idirdhealú ar aon fhoras (inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, cuir i gcás). Go fóill féin, tá lear mór daoine ann a bhíonn thíos leis an idirdhealú gach lá.Chun a chinntiú go gcloítear le cearta bunúsacha an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, bíonn an Coimisiún ag síormholadh beartais agus tionscnaimh nua, lena ndírítear ar an gcomhionannas agus an cuimsiú a chur chun cinn.Féach leat an méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis an idirdhealú Mór-roinn inar féidir leat dréim leis an gcraobh is airde Tá an tAontas ag déanamh a chroídhíchill chun gur mór-roinn a bheidh san Eoraip ina mbeidh an saol ar a mhian féin ag gach duine, agus é slán ó fhoréigean agus steiréitíopaí inscnebhunaithe. An Comhionannas Inscne 71 phointe (as 100) a bhain an tAontas amach san Innéacs Comhionannais Inscne in 202433.4% d’fheisirí i bparlaimintí náisiúnta san Aontas atá ina mná10 bpointe céatadáinatá de bhearna fostaíochta fhoriomlán idir mná agus fir Foinsí: An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, Eurostat Maidir leis an gcomhionannas inscne, tá an-dul chun cinn déanta ag na Ballstáit ar bhealaí éagsúla. Orthu sin tá reachtaíocht choiteann a chur chun tosaigh, agus peirspictíochtaí comhionannais inscne a chomhtháthú i réimsí éagsúla beartais, mar shampla.Mar sin féin, níl comhionannas inscne iomlán bainte amach ag na Ballstáit fós, ná baol air, agus níltear ag dul chun cinn ach go mall. Tá an foréigean inscnebhunaithe forleathan i gcónaí. Sa mhargadh saothair, tá na mná faoi ró-ionadaíocht in earnálacha ar phá íseal, agus is faoi thearcionadaíocht atá siad i bpoist chinnteoireachta. A dtuilleann na mná in aghaidh na huaire, tá sé fós 13 % níos lú ar an meán ná a dtuilleann na fir. Tá taighde ann a léiríonn gur mó obair tí a dhéanann na mná go ginearálta ná mar a dhéanann na fir. Ar na bunúdair atá leis na héagothromaíochtaí sin, tá steiréitíopaí inscne maidir leis na mná agus na fir araon.Chun dul i ngleic leis na neamhionannais inscne atá ar an bhfód i gcónaí, sheol an Coimisiún straitéis an Aontais maidir le comhionannas inscne in 2020.Foghlaim faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin chun comhionannas inscne a bhaint amach Mór-roinn inar féidir leat grá a thabhairt don té is ansa leat Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir le cosaint níos fearr a thabhairt do chearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LGBTIQ+). 23 Bhallstátatá ann ag a bhfuil reachtaíocht chomhionannais maidir le gnéaschlaonadh, ar reachtaíocht í lena gcumhdaítear réimsí eile chomh maith leis an bhfostaíocht100+ tionscnamh atá á maoiniú ag an Aontas chun tacú le daoine LGBTIQ+ Foinsí: Léarscáil tuair ceatha, tuarascáil ar dhul chun cinn Straitéis Comhionannais LGBTIQ 2020-2025 In ainneoin ár gcuid iarrachtaí a chur ar chumas gach duine a bheith dílis dó féin agus grá a thabhairt don té is ansa leis, is minic a bhíonn daoine LGBTIQ+ thíos leis an idirdhealú. I suirbhé a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) in 2023, léiríodh go bhfuil an leibhéal idirdhealaithe de réir gnéaschlaonta fós ard, ach go bhfuil laghdú ag teacht air de réir a chéile. Mar sin féin, tá ciapadh, bulaíocht agus foréigean níos airde ná mar a bhí roimhe seo. Sa suirbhé céanna fuarthas amach go ndearnadh ciapadh ar 55% de dhaoine LGBTIQ+ a cuireadh faoi agallamh, toisc gur daoine LGBTIQ+ iad.Ag cur leis an dul chun cinn a rinneadh faoina chéad straitéis um chomhionannas LGBTIQ, sheol an Coimisiún a straitéis um chomhionannas LGBTIQ+ 2026-2030 chun leanúint den chomhionannas agus den neamh-idirdhealú a chur chun cinn trí dhaoine LGBTIQ+ a chosaint agus a chumhachtú agus tríd an tsochaí a spreagadh.Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an gCoimisiún chun cearta agus sábháilteacht daoine LGBTIQ+ a chosaint Mór-roinn inar féidir leat a bheith dílis duit féinDul i ngleic leis an gciníochas Ós iomaí sin cultúr, traidisiún, agus teanga éagsúil sa mhór-roinn seo againn, is áit í ina bhfuilimid ‘aontaithe san éagsúlacht’.Más áil linn beart a dhéanamh de réir mhana an Aontais, áfach, ní mór dúinn an ciníochas agus gluaiseachtaí seineafóibeacha a chomhrac de shíor, agus cuid de sin is ea an frithsheimíteachas agus an fuath frith-Mhoslamach a chomhrac.San Eorabharaiméadar is déanaí faoi idirdhealú, léirítear go measann beagnach beirt as gach triúr saoránach fós gur saincheist fhorleathan é an t-idirdhealú ciníoch ina dtír féin.Le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn déanta ag an Aontas maidir le dul i ngleic leis an gciníochas, é ag díriú go háirithe ar dheireadh a chur le bacainní a eascraíonn as idirdhealú ciníoch agus trí iarrachtaí frithchiníochais a chomhtháthú i mbeartais ábhartha an Aontais. Agus é ag cur leis an bplean gníomhaíochta maidir le frithchiníochas (2020-2025), neartaigh an Coimisiún a chur chuige trí straitéis nua frithchiníochais, straitéis lena dtreisítear an ghníomhaíocht in aghaidh gach cineál ciníochais. Léigh faoi phlean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2026-2030Daoine faoi mhíchumas a chuimsiú a thuilleadh 101 mhilliún duine san Aontas atá faoi mhíchumas50%+acu sin, braitheann siad go bhfuil siad thíos le hidirdhealú51%acu atá fosaithe Foinse: Straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 (suirbhé a cuireadh ar dhaoine faoi mhíchumas) In ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, ní beag iad na bacainní atá roimh dhaoine faoi mhíchumas sa tsochaí seo againn. An straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030, is é is aidhm di feabhas a chur ar shaol na ndaoine faoi mhíchumas, agus a chinntiú gur féidir leo leas a bhaint as a gcearta agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar, ar comhchéim le daoine eile.Faoin straitéis sin, glacadh Pacáiste maidir le Fostaíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2022. As na 42.8 milliún duine faoi mhíchumas atá in aois oibre san Aontas, níl fostaithe ach a leath, agus is éard atá á dhéanamh le tionscnaimh den chineál sin treoir a chur ar fáil d’fhostóirí agus d’údaráis phoiblí, sin agus cúnamh a thabhairt sa tslí go bhfaighidh tuilleadh daoine faoi mhíchumas rochtain ar an margadh saothair.Le blianta beaga anuas, glacadh roinnt rialacha de chuid an Aontais chun gur inrochtana a bheidh an tAontas ag daoine faoi mhíchumas, na rialacha seo a leanas ina measc:an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, lena gcumhdaítear táirgí agus seirbhísíagus an Treoir maidir le hInrochtaineacht GréasáinI measc na dtionscnamh eile atá ann táan Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumasmoltaí maidir le tithíocht thacaithe inrochtana do dhaoine faoi mhíchumasan creat le haghaidh seirbhísí sóisialta barr feabhais do dhaoine faoi mhíchumas atá ar na mallaibhFaigh tuilleadh eolais faoin straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 Comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach Is iad na Romaigh an mionlach eitneach is mó san Eoraip. 10-12 mhilliún Romach atá ann ar an iomlán, agus meastar gur saoránaigh nó cónaitheoirí de chuid an Aontais 6 mhilliún duine acu.Cé go bhfuil toirmeasc ar an idirdhealú san Aontas, tá go leor Romach ann atá thíos i gcónaí leis an gclaontacht agus leis an eisiamh sóisialta.In 2020, sheol an Coimisiún plean 10 mbliana chun tacú le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht an phobail Romaigh san Aontas, plean inar leag sé amach na spriocanna atá sé i gceist aige a bhaint amach faoi 2030. Orthu sin, tá siad seo a leanas: an sciar den phobal Romach a ndearnadh idirdhealú orthu a laghdú ionas gurb é leath an sciar reatha a bheidh i gceist, ar a mhéadan bhearna bhochtaineachta idir na Romaigh agus an pobal i gcoitinne a laghdú, ionas gurb é leath na bearna reatha a bheidh i gceist, ar a mhéadan sciar de pháistí Romacha a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna leithscartha a laghdú, ionas gurb é leath an sciar reatha a bheidh i gceist, sna Ballstáit ina bhfuil líon suntasach Romachan bhearna ó thaobh ionchas saoil a laghdú ionas gurb é leath na bearna reatha a bheidh i gceist, ar a mhéadFéach an méid atá ar siúl ag an gCoimisiún chun comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach san Aontas a chur chun cinn An Tascfhórsa Comhionannais I ngach ceann de na cúig straitéis atá ag gabháil le haontas an chomhionannais, comhcheanglaítear bearta spriocdhírithe (reachtaíocht chomhionannais nó gníomhaíochtaí tiomnaithe múscailte feasachta, cuir i gcás) agus iarrachtaí an comhionannas a phríomhshruthú i réimsí beartais eile.Chun cabhrú ó thaobh an comhionannas a phríomhshruthú i ngach réimse beartais, chruthaigh an Coimisiún tascfhórsa tiomnaithe.Faigh eolas faoi Thascfhórsa an Choimisiúin um Chomhionannas Naisc ghaolmhara Comhionannas agus cuimsiúStaitisticí maidir le comhionannasAn Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE)An Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (FRA)
I sochaí atá ionchuimsitheach i ndáiríre, déantar cumas an uile dhuine a chothú agus a chur chun tairbhe. Sin is cúis leis an gcomhionannas a bheith i gcroílár a chláir oibre ag an gCoimisiún, sa tslí go bhfuil sé ag déanamh a chroídhíchill aontas comhionannais a thógáil ina mbeidh saol slán ó idirdhealú ag gach aon duine.Chun tacú leis an sprioc sin, ghlac an Coimisiún sraith chuimsitheach straitéisí comhionannais lena gcruthaítear dálaí faoina bhféadfaidh gach duine maireachtáil, dul in inmhe agus dul i mbun ceannaireachta, beag beann ar dhifríochtaí ó thaobh gnéis, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta. Ina measc sin tá:straitéisí 2026-2030 agus 2020-2025 um chomhionannas LGBTIQstraitéis um chomhionannas inscne 2020-2025straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an chiníochais 2020-2025straitéis frithchiníochais 2026-2030 an Aontais Eorpaighcreat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 2020-2030Ag breathnú chun cinn, tabharfaidh sí an straitéis um chomhionannas inscne cothrom le dáta freisin.
Maidir leis an gcomhionannas inscne, tá an-dul chun cinn déanta ag na Ballstáit ar bhealaí éagsúla. Orthu sin tá reachtaíocht choiteann a chur chun tosaigh, agus peirspictíochtaí comhionannais inscne a chomhtháthú i réimsí éagsúla beartais, mar shampla.Mar sin féin, níl comhionannas inscne iomlán bainte amach ag na Ballstáit fós, ná baol air, agus níltear ag dul chun cinn ach go mall. Tá an foréigean inscnebhunaithe forleathan i gcónaí. Sa mhargadh saothair, tá na mná faoi ró-ionadaíocht in earnálacha ar phá íseal, agus is faoi thearcionadaíocht atá siad i bpoist chinnteoireachta. A dtuilleann na mná in aghaidh na huaire, tá sé fós 13 % níos lú ar an meán ná a dtuilleann na fir. Tá taighde ann a léiríonn gur mó obair tí a dhéanann na mná go ginearálta ná mar a dhéanann na fir. Ar na bunúdair atá leis na héagothromaíochtaí sin, tá steiréitíopaí inscne maidir leis na mná agus na fir araon.Chun dul i ngleic leis na neamhionannais inscne atá ar an bhfód i gcónaí, sheol an Coimisiún straitéis an Aontais maidir le comhionannas inscne in 2020.Foghlaim faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin chun comhionannas inscne a bhaint amach
In ainneoin ár gcuid iarrachtaí a chur ar chumas gach duine a bheith dílis dó féin agus grá a thabhairt don té is ansa leis, is minic a bhíonn daoine LGBTIQ+ thíos leis an idirdhealú. I suirbhé a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) in 2023, léiríodh go bhfuil an leibhéal idirdhealaithe de réir gnéaschlaonta fós ard, ach go bhfuil laghdú ag teacht air de réir a chéile. Mar sin féin, tá ciapadh, bulaíocht agus foréigean níos airde ná mar a bhí roimhe seo. Sa suirbhé céanna fuarthas amach go ndearnadh ciapadh ar 55% de dhaoine LGBTIQ+ a cuireadh faoi agallamh, toisc gur daoine LGBTIQ+ iad.Ag cur leis an dul chun cinn a rinneadh faoina chéad straitéis um chomhionannas LGBTIQ, sheol an Coimisiún a straitéis um chomhionannas LGBTIQ+ 2026-2030 chun leanúint den chomhionannas agus den neamh-idirdhealú a chur chun cinn trí dhaoine LGBTIQ+ a chosaint agus a chumhachtú agus tríd an tsochaí a spreagadh.Faigh amach faoina bhfuil ar siúl ag an gCoimisiún chun cearta agus sábháilteacht daoine LGBTIQ+ a chosaint
Ós iomaí sin cultúr, traidisiún, agus teanga éagsúil sa mhór-roinn seo againn, is áit í ina bhfuilimid ‘aontaithe san éagsúlacht’.Más áil linn beart a dhéanamh de réir mhana an Aontais, áfach, ní mór dúinn an ciníochas agus gluaiseachtaí seineafóibeacha a chomhrac de shíor, agus cuid de sin is ea an frithsheimíteachas agus an fuath frith-Mhoslamach a chomhrac.San Eorabharaiméadar is déanaí faoi idirdhealú, léirítear go measann beagnach beirt as gach triúr saoránach fós gur saincheist fhorleathan é an t-idirdhealú ciníoch ina dtír féin.Le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn déanta ag an Aontas maidir le dul i ngleic leis an gciníochas, é ag díriú go háirithe ar dheireadh a chur le bacainní a eascraíonn as idirdhealú ciníoch agus trí iarrachtaí frithchiníochais a chomhtháthú i mbeartais ábhartha an Aontais. Agus é ag cur leis an bplean gníomhaíochta maidir le frithchiníochas (2020-2025), neartaigh an Coimisiún a chur chuige trí straitéis nua frithchiníochais, straitéis lena dtreisítear an ghníomhaíocht in aghaidh gach cineál ciníochais.
In ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, ní beag iad na bacainní atá roimh dhaoine faoi mhíchumas sa tsochaí seo againn. An straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030, is é is aidhm di feabhas a chur ar shaol na ndaoine faoi mhíchumas, agus a chinntiú gur féidir leo leas a bhaint as a gcearta agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar, ar comhchéim le daoine eile.Faoin straitéis sin, glacadh Pacáiste maidir le Fostaíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2022. As na 42.8 milliún duine faoi mhíchumas atá in aois oibre san Aontas, níl fostaithe ach a leath, agus is éard atá á dhéanamh le tionscnaimh den chineál sin treoir a chur ar fáil d’fhostóirí agus d’údaráis phoiblí, sin agus cúnamh a thabhairt sa tslí go bhfaighidh tuilleadh daoine faoi mhíchumas rochtain ar an margadh saothair.Le blianta beaga anuas, glacadh roinnt rialacha de chuid an Aontais chun gur inrochtana a bheidh an tAontas ag daoine faoi mhíchumas, na rialacha seo a leanas ina measc:an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, lena gcumhdaítear táirgí agus seirbhísíagus an Treoir maidir le hInrochtaineacht GréasáinI measc na dtionscnamh eile atá ann táan Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumasmoltaí maidir le tithíocht thacaithe inrochtana do dhaoine faoi mhíchumasan creat le haghaidh seirbhísí sóisialta barr feabhais do dhaoine faoi mhíchumas atá ar na mallaibhFaigh tuilleadh eolais faoin straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030
Is iad na Romaigh an mionlach eitneach is mó san Eoraip. 10-12 mhilliún Romach atá ann ar an iomlán, agus meastar gur saoránaigh nó cónaitheoirí de chuid an Aontais 6 mhilliún duine acu.Cé go bhfuil toirmeasc ar an idirdhealú san Aontas, tá go leor Romach ann atá thíos i gcónaí leis an gclaontacht agus leis an eisiamh sóisialta.In 2020, sheol an Coimisiún plean 10 mbliana chun tacú le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht an phobail Romaigh san Aontas, plean inar leag sé amach na spriocanna atá sé i gceist aige a bhaint amach faoi 2030. Orthu sin, tá siad seo a leanas: