Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Gníomhaíochtaí ar son comhionannas LGBTIQ+

Cosaint agus sábháilteacht a chur ar fáil do dhaoine LGBTIQ+

Daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LGBTIQ+) san Aontas, bíonn siad thíos leis an idirdhealú, leis an bhfuath agus leis an gciapadh gach lá. Is féidir éifeachtaí díobhálacha a theacht as sin ó thaobh na folláine de, idir fholláine fhisiciúil, fholláine mheabhrach agus fholláine mhothúchánach. Ní mór dúinn ár gcroídhícheall a dhéanamh cearta agus sábháilteacht daoine LGBTIQ+ a chosaint.

Tá roinnt daoine san Aontas agus níl sé sábháilte acu a bheith oscailte maidir lena ngnéaschlaonadh, a bhféiniúlacht inscne, a léiriú inscne ná a saintréithe gnéis, ná ní féidir leo a bheith dílis dóibh féin gan a mhothú go bhfuil siad faoi bhagairt. Chomh maith leis sin, tá lear mór daoine LGBTIQ+ i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta. Ní bhraitheann gach duine acu go mbeadh sé sábháilte drochíde ó bhéal ná foréigean fisiciúil a thuairisciú do na póilíní.

Ní mór don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis na hiarrachtaí cosaint níos fearr a thabhairt do chearta daoine LGBTIQ+ agus an comhionannas agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn go gníomhach sna Ballstáit ar fad.

  • alt=""
    37% de na freagróirí LGBTIQ+

    braitheann siad go raibh siad thíos le hidirdhealú i ngeall gur daoine LGBTIQ+ iad

  • alt=""
    72% de mhuintir na hEorpa

    aontaíonn siad gur cheart póstaí comhghnéis a cheadú ar fud an Aontais

  • alt=""
    54% de na freagróirí LGBTIQ+

    rinneadh ciapadh orthu i ngeall gur daoine LGBTIQ+ iad

  • A transgender woman
    Beagnach leath na bhfear trasinscneach agus na mban trasinscneach

    tá taithí acu ar chleachtais ‘tiontúcháin’ de chineál éigin

Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ+ 2026-2030

Le cur leis an méid a baineadh amach faoina chéad straitéis um chomhionannas LGBTIQ, leag an Coimisiún straitéis nua 5 bliana amach in 2025 chun dul i ngleic leis na neamhionannais leanúnacha a mbíonn ar dhaoine LGBTIQ+ aghaidh a thabhairt orthu ina saol laethúil.

Tugtar aird ar leith sa straitéis nua ar dheireadh a chur leis an bhfuath agus leis an bhforéigean ar líne agus san fhíorshaol araon. Cuirtear i láthair ann gníomhaíochtaí chun daoine LGBTIQ+ a chumhachtú chun maireachtáil saor ó idirdhealú agus féachtar ann le cosc a chur ar chleachtais ‘tiontúcháin’. Neartaítear leis an straitéis freisin an comhar leis an tsochaí shibhialta chun a chinntiú go mbeidh gach duine ag gabháil do chearta agus saoirsí daoine LGBTIQ+ a chosaint i ngach réimse dá saol. 

Dírítear sa straitéis ar thí cholún, is iad sin: 

Daoine LGBTIQ+ a chosaint
Daoine LGBTIQ+ a chumhachtú
An tsochaí a spreagadh chun comhionannas LGBTIQ+ a chur chun cinn, le chéile

Dul chun cinn a rianú maidir le straitéis LGBTIQ 2020-2025

In 2020, ghlac an Coimisiún an chéad straitéis riamh maidir le comhionannas LGBTIQ. Bhí sé d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar na neamhionannais a dhéanann difear do dhaoine LGBTIQ+, chun an comhionannas LGBTIQ+ a chomhtháthú i ngach réimse beartais, agus chun cabhrú ó thaobh guthanna daoine LGBTIQ+ a chur os ard. 

I dtuarascáil 2023 ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise, léirítear go bhfuil an fuath frith-LGBTIQ+ agus insintí frith-LGBTIQ+ tar éis spré go forleathan trí phobail na hEorpa le blianta beaga anuas. Tá bearta glactha ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis sin agus faillí ní dhearna sé maidir le tús a chur le nósanna imeachta um shárú i gcásanna inar sáraíodh cearta bunúsacha daoine LGBTIQ+.

Cé go bhféadfadh sé go dtógfadh sé tamall dul chun cinn a dhéanamh, cuid mhór de na bearta atá i Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025, is amhlaidh go bhfuil siad curtha i gcrích nó á gcur i bhfeidhm cheana, le haghaidh an comhionannas a phríomhshruthú san uile bheartas, san uile phíosa reachtaíochta agus san uile chlár cistiúcháin atá ag an Aontas, agus leanúint de bheith ag cur cur chuige trasnach chun cinn, agus d’aird an tsaoil a dhíriú ar dhaoine LGBTIQ+.

Tacú le daoine LGBTIQ+

Tugann an Coimisiún Eorpach tacaíocht airgeadais do thionscadail a chuireann an comhionannas LGBTIQ+ chun cinn, tríd an gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) cuir i gcás. 

Ina theannta sin, tá cúig bhrateagraíocht LGBTIQ+ Eorpacha ann a fhaigheann tacaíocht airgeadais dhíreach trí dheontais CERV:

Leanfaidh cláir CERV ar aghaidh go dtí 2027. Faoi bhuiséad fadtéarmach nua an Aontais, cuirfear maoiniú ar fáil faoi shraith CERV+ de chlár AgoraEU. Cuimseofar leis sin suas le €3.6 billiún chun seasamh leis an gcomhionannas agus leis an neamh-idirdhealú, chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus chun rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn. 

Tuilleadh eolais maidir le maoiniú agus glaonna nua ar thograí

Teistiméireachtaí

Ina theannta sin, tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do theistiméireachtaí físe a scaipeadh ina n-insíonn daoine LGBTIQ+ as gach cearn den Eoraip a gcuid scéalta féin.

Cosaint dlí do dhaoine LGBTIQ+

Is mór i gceist ag an Aontas Eorpach cosaint dhlíthiúil do dhaoine LGBTIQ+ a chur i bhfeidhm, agus cur leis an gcosaint sin, i réimsí tábhachtacha éagsúla, iad seo a leanas ina measc: 

  • Treisiú leis an gcosaint dhlíthiúil atá ag daoine LGBTIQ+ ar choireanna fuatha, ar an bhfuathchaint agus ar an bhforéigean
  • Cearta a chinntiú agus cur leis an gcosaint atá ag daoine agus teaghlaigh LGBTIQ+ i gcásanna trasteorann
  • Seasamh leis na cearta atá ag imircigh LGBTIQ+ agus iarratasóirí LGBTIQ+ ar chosaint idirnáisiúnta

Tá sé de cheangal ar na Ballstáit Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm acu. Is iondúil freisin go dtugtar cosaint do chearta bunúsacha le bunreacht do thíre féin. Má bhraitheann tú go bhfuil sárú á dhéanamh ar do chearta comhionannais, féach conas is féidir leat gearán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 11 Feabhra 2026