Fuair an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis cosanta tomhaltóirí amach go raibh roinnt lascainí ar líne le linn dhíolachán na hAoine Duibhe agus an Chibir-Luain míthreorach, a bhuí leis an scuab-imscrúdú is déanaí. Is éard is scuab-imscrúduithe ann scagthástálacha a dhéanann an Coimisiún Eorpach a chomhordú agus is iad na húdaráis forfheidhmithe náisiúnta a thugann i gcrích iad go comhuaineach. Ghlac údaráis ó 23 Bhallstát, chomh maith leis an Íoslainn agus an Iorua, páirt sa scuab-imscrúdú seo. Ba é an cuspóir a bhí ann measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann lascainí agus cleachtais phraghsála le linn mórtheagmhais díolacháin dlí tomhaltóirí an Aontais. Príomhthorthaías 314 thrádálaí ar líne a seiceáladh, rinne 30% tagairt mhícheart do lascainí. Ní mór lascainí a bheith bunaithe ar an bpraghas is ísle a cuireadh i bhfeidhm le 30 lá anuas.Rinne 36% de thrádálaithe iarracht earraí roghnacha a chur le ciseáin tomhaltóirí. Astu sin, rinne 40% acu amhlaidh gan toiliú a iarraidh go soiléir.Thaispeáin 34% de thrádálaithe comparáidí praghsanna, ach níor mhínigh 60% acu go soiléir cén áit as ar tháinig na praghsanna tagartha.Bhain 18% acu úsáid as teicnící brúdhíola, amhail a mhaíomh go bhfuil táirge beagnach díolta amach nó úsáid a bhaint as amadóirí comhaireamh síos. Bhí níos mó ná leath de na cásanna sin míthreorach, mar shampla, nuair a bhí an maíomh maidir le ganntanas bréagach.D’úsáid 10% acu ‘praghsáil beagán ar bheagán’, i gcás ina gcuirtear táillí breise leis go déanach sa phróiseas ceannaigh, cuir i gcás táillí loingseoireachta nó seirbhíse.Is cleachtais neamhdhleathacha faoi dhlí tomhaltóirí an Aontais iad earraí a chur isteach gan toiliú an tomhaltóra, praghsanna a thaispeáint ar bhealach míthreorach, a mhaíomh go bréagach go bhfuil táirge beagnach díolta amach, nó táillí breise a cheilt go dtí deireadh an phróisis. Tar éis an scuab-imscrúdaithe, féadfaidh údaráis náisiúnta tomhaltóirí beart a dhéanamh i gcoinne na ngnólachtaí lena mbaineann.Cuireann an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí dlíthe cosanta tomhaltóirí an Aontais i bhfeidhm. Oibríonn siad le chéile faoi chomhordú an Choimisiúin Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar dhlí na dtomhaltóirí ar an Margadh Aonair. Ní mór do thrádálaithe an Treoir maidir le Praghsanna a Chur in Iúl i ndáil le laghduithe ar phraghsanna agus an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha i ndáil le cleachtais phraghsála a chomhlíonadh. Tomhaltóirí a bhfuil fadhbanna acu le trádálaí, bíonn roghanna éagsúla acu i dtaca le sásamh a fháil – ó chabhair a fháil ó sheirbhís um réiteach malartach díospóidí nó teagmháil a dhéanamh le Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC-Net) go caingean dlí fhoirmiúil a thionscnamh.Tuilleadh eolaisPreaseisiúintScuab-imscrúduithe roimhe seoAn Eoraip Agatsa – Cearta tomhaltóirí Sonraí Dáta foilsithe26 Márta 2026ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide