Tá 450 milliún tomhaltóir san Aontas, arb ionann agus níos mó ná 51% de OTI an Aontais trí chaiteachas teaghlaigh. Cé go mbaineann siad tairbhe as cearta láidre tomhaltóirí, ciallaíonn costais mhaireachtála mhéadaithe agus cleachtais mhargaidh atá ag teacht chun cinn, go háirithe ar líne, nach mór dlí na dtomhaltóirí a oiriúnú i gcónaí. Chun beartas tomhaltóirí an Aontais a threorú sna 5 bliana amach romhainn, d’fhógair an Coimisiún clár oibre 2030 maidir le tomhaltóirí. Tá an clár dírithe ar cheithre phríomhthosaíocht:Plean gníomhaíochta chun an margadh aonair do thomhaltóirí a chur i gcrích. Laghdóidh sé sin costais do thomhaltóirí, cuirfidh sé borradh faoi dheiseanna do ghnólachtaí, spreagfaidh sé soghluaisteacht, agus feabhsóidh sé rochtain ar sheirbhísí airgeadais trasteorann.Gníomh um Chothroime Dhigiteach, atá le moladh in 2026, chun tomhaltóirí a chosaint sa timpeallacht dhigiteach, go háirithe leanaí. Déanfaidh an Coimisiún na rialacha do ghnólachtaí a shimpliú freisin, an t-ualach riaracháin a laghdú trí uirlisí digiteacha, rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú, agus gníomhaíocht in aghaidh calaois ar líne a neartú.Tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn trí chuidiú le tíortha an Aontais dlíthe an Aontais lena gcuirtear earraí inbhuanaithe chun cinn a chur i bhfeidhm. Tá sé d'aidhm ag an gCoimisiún freisin filleadh earraí nach n-úsáidtear a thuilleadh a chur chun cinn, chomh maith le margaí athláimhe nó gnólachtaí nuathionscanta ciorclacha nuálacha.Tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí neamhshábháilte nó neamhchomhlíontacha ar líne trí fhorfheidhmiú agus sásamh éifeachtach a chinntiú. Déanfar é sin tríd an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí a athchóiriú, trí oibriú le húdaráis náisiúnta, trí fhorfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí a chinntiú, agus trí athbhreithniú ar na rialacha maidir le faireachas margaidh a mholadh. Leanfaidh an tAontas freisin de bheith ag comhoibriú go díreach le tríú tíortha, chun dul i ngleic le sábháilteacht táirgí ag an bhfoinse.Ó bhí na 1970í ann, tá cearta láidre tomhaltóirí á bhforbairt ag an Aontas agus á gcur in oiriúint do theicneolaíochtaí nua agus d’athruithe sochaíocha. Is é clár oibre nua 2030 an creat straitéiseach is déanaí lena bhfuil beartas tomhaltóirí san Eoraip á mhúnlú. Tagann sé in ionad phlean gníomhaíochta 2020-2025 a dhírigh ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha ar líne. Tuilleadh eolaisPreaseisiúint - Clár Oibre 2030 maidir le Tomhaltóirí curtha i láthair ag an gCoimisiún chun cosaint tomhaltóirí, iomaíochas agus fás inbhuanaithe a neartúClár oibre 2030 maidir le tomhaltóirí Sonraí Dáta foilsithe19 Samhain 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide