Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD), déantar rialú ar sheirbhísí ar líne, cuir i gcás na meáin shóisialta, margaí, siopaí aipeanna, agus seirbhísí taistil agus lóistín ar líne, mar shampla Shein, Instagram, X, TikTok, LinkedIn agus Booking.com. Is é is príomhaidhm dó spás digiteach níos sábháilte a chruthú ina gcosnaítear do chearta bunúsacha. An tionchar dearfach atá ag GSD ar do shaolSmacht ar d’eispéireas ar líne: má bhaintear nó má chuirtear do chuntas ar fionraí, ní mór do na hardáin a mhíniú cén fáth a bhfuil sé sin déanta – ní féidir leo srian a chur ar infheictheacht d’ábhair a thuilleadh gan tú a chur ar an eolas. Mura n-aontaíonn tú lena gcinneadh, is féidir leat achomharc a dhéanamh ina choinne trí úsáid a bhaint as córas inmheánach an ardáin, nó trí chomhlachtaí um réiteach lasmuigh den chúirt a chuidíonn chun díospóidí le hardáin a réiteach ar bhealach níos tapúla agus níos saoire ná dul chun na cúirte.Ábhar neamhdhleathach a mharcáil: is féidir leat ábhar, earraí nó seirbhísí neamhdhleathacha a thuairisciú go díreach ar na hardáin trí shásra atá éasca le húsáid. Ní mór dóibh a gcinneadh a chur in iúl duit maidir le d’fhógra agus na féidearthachtaí achomharc a dhéanamh.Roghanna fotha: tá smacht agat ar a bhfeiceann tú ar líne. Ar ardáin mhóra a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir acu san Aontas, is féidir leat fothaí neamhphearsantaithe a úsáid anois. Ar an gcaoi sin, is tusa a dhéanann an cinneadh ábhar a fheiceáil bunaithe ar mholtaí an algartaim nó ar chritéir eile, amhail an t-ord croineolaíoch. Cuidíonn sé sin chun ábhar andúile a sheachaint agus cinntíonn sé nach bhfeicfidh tú ach an t-ábhar ar mian leat idirghníomhú leis.Trédhearcacht fógraí: leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tugadh isteach ceanglais trédhearcachta maidir le fógraíocht, lena gcinntítear go mbíonn fógraí lipéadaithe go soiléir mar fhógraí agus go bhfuil eolas iontu maidir le cé leo iad agus cén fáth a bhfuil siad á bhfeiceáil agat. Cuireann sé cosc freisin ar ardáin fógraí a thaispeáint duit bunaithe ar shonraí íogaire, cuir i gcás sonraí maidir le gnéaschlaonadh, reiligiún nó cine, agus tugtar isteach leis toirmeasc iomlán ar fhógraíocht spriocdhírithe a thaispeáint do leanaí.Teaicticí ionramhálacha: tá cosc sainráite ar phatrúin dhorcha, ar cleachtais mheabhlacha iad a d’fhéadfadh a chur ort roghanna a dhéanamh nach ndéanfá murach iad. Mar shampla, agus táirgí breise á gceannach agat le haghaidh eitilte, d’fhéadfadh sé go bhfeicfeá cnaipe ollmhór ‘tá’, cé nach bhfuil an rogha ‘níl’ le feiceáil ach ar éigean – ní mór d’ardáin a chinntiú anois go bhfuil an dá rogha chomh feiceálach agus chomh hinrochtana céanna.Bíodh aithne agat ar do thrádálaí: ní mór do mhargaí a fhíorú cé hiad na díoltóirí agus a gcuid sonraí teagmhála a thaispeáint, ionas go mbeidh eolas soiléir agat faoi na daoine a bhfuil tú ag ceannach earraí nó seirbhísí uathu. An chaoi a ndéantar GSD a fhorfheidhmiú Tháinig GSD i bhfeidhm i mí Lúnasa 2023 le haghaidh ardáin an-mhór ar líne (VLOPanna) agus innill chuardaigh an-mhór ar líne (VLOSEnna) – iad sin a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir acu san Aontas gach mí. Ó mhí Feabhra 2024 i leith tá feidhm aige maidir le gach ardán eile san Aontas Eorpach, cé is moite de mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga. Comhroinntear forfheidhmiú GSD idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún Eorpach. Déanann údaráis náisiúnta, ar a dtugtar Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maoirseacht agus forfheidhmiú ar chomhlíonadh GSD ina mBallstáit féin. Más mian leat gearán a dhéanamh faoi shárú ar GSD, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha do Bhallstáit. Is é an Coimisiún an t-aon údarás atá freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann ardáin mhóra na rialacha is déine, i bhfianaise na rioscaí suntasacha a bhaineann leo mar gheall ar an líon mór úsáideoirí atá acu san Aontas. Coinníonn sé teagmháil leanúnach leis na hardáin sin chun tacú leo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar a gcomhlíontacht le rialacha GSD, sin agus chun spás níos sábháilte ar líne a chruthú le chéile. Má tá amhras ar an gCoimisiún go ndearnadh sárú ar GSD bunaithe ar a mhonatóireacht nó ar eolas ó fhoinsí iontaofa, saoránaigh ina measc, is féidir leis imscrúduithe a thionscnamh agus eolas a iarraidh, agallaimh a dhéanamh, agus iniúchtaí a dhéanamh ar áitribh. Imscrúduithe a rinneadh le déanaí faoi GSDTá roinnt imscrúduithe tionscanta ag an gCoimisiún cheana féin i gcoinne ardáin mhóra chun a fhíorú go gcomhlíonann siad GSD. I gcásanna áirithe, tá athrú suntasach le sonrú cheana féin: TikTok: in 2024 thug TikTok an Clár Duaiseanna isteach, ach tharraing sé siar é ina dhiaidh sin tar éis don Aontas imscrúdú a sheoladh ar ábhair imní maidir leis an dearadh andúile a bhain leis, go háirithe i gcás leanaí.AliExpress: cé go bhfuil an t-ardán fós faoi imscrúdú toisc nach ndéanann sé measúnú ná íoslaghdú cuí ar leathadh táirgí díobhálacha agus neamhdhleathacha, tá roinnt gealltanas tugtha aige GSD a chomhlíonadh. Ina measc sin tá trédhearcacht a chórais fógraíochta agus moltaí a fheabhsú, agus feabhas a chur ar a shásra chun ábhar neamhdhleathach a mharcáil. Tá imscrúduithe eile fós ar siúl. Mar shampla: Temu: tá amhras ar an Aontas nach bhfuil Temu ag déanamh measúnú ná laghdú cuí ar na rioscaí a bhaineann le táirgí neamhdhleathacha a dhíol, ar dhearadh andúile na seirbhíse a d’fhéadfadh a bheith ann, ar na córais moltaí a úsáidtear le haghaidh ceannachán, ná ar rochtain ar shonraí do thaighdeoirí. Tugadh le fios sna réamhthorthaí ar chuid den imscrúdú go sáraíonn Temu oibleagáidí GSD toisc nach ndéanann sé seiceáil chríochnúil ar na rioscaí a bhaineann le táirgí neamhdhleathacha a bheith ar a mhargadh.Facebook agus Instagram: tá imscrúdú ar Facebook agus Instagram á dhéanamh ag an Aontas toisc nár chuir siad rialacha GSD i bhfeidhm i gceart chun mionaoisigh a chosaint ar líne. Go háirithe, tá an tAontas ag fiosrú cé acu a d’fhéadfadh gnéithe agus algartaim an dá ardán iompraíochtaí andúile a spreagadh i leanaí agus iad a threorú síos conairí ábhair nach bhfuil deireadh leo, ar a dtugtar ‘éifeachtaí poill coinín’. D’fhéadfadh fíneálacha suas le 6% dá láimhdeachas bliantúil domhanda a ghearradh ar ardáin mhóra nach gcomhlíonann GSD agus ceanglófar orthu bearta ceartaitheacha a dhéanamh. Leanfaidh an Coimisiún de mhonatóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-ardán agus gníomhóidh sé nuair is gá. Tuilleadh eolais An Gníomh um Sheirbhísí DigiteachaTionchar an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha ar ardáin dhigiteachaAn Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: ceisteanna agus freagraíMaoirseacht ar VLOPanna agus VLOSEnna Sonraí Dáta foilsithe22 Meán Fómhair 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide