Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Timpeallacht ar líne a chinntiú atá sábháilte cuntasach

Forbhreathnú ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA)

Rialaíonn DSA idirghabhálaithe agus ardáin ar líne cuir i gcás margaí, líonraí sóisialta, ardáin comhroinnte inneachair, aipmhargaí, agus ardáin taistil agus lóistín ar líne. Is é an phríomhsprioc atá aige cosc a chur ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus díobhálacha ar líne agus ar scaipeadh na bréagaisnéise. Cinntíonn sé sábháilteacht úsáideoirí, cosnaíonn sé cearta bunúsacha, agus cruthaíonn sé timpeallacht ardáin ar líne atá cothrom oscailte.

Cad iad príomhchuspóirí an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha?

Cosnaíonn DSA tomhaltóirí agus a gcearta bunúsacha ar líne trí rialacha soiléire comhréireacha a leagan síos. Cothaíonn sé an nuálaíocht, an fás agus an t-iomaíochas agus is éasca atá sé ardáin bheaga, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a mhéadú dá mbarr. Tá athchothromú déanta ar róil úsáideoirí, ardán agus údarás poiblí de réir luachanna Eorpacha, rud a chuireann na saoránaigh i lár an aonaigh.

alt=""
Le haghaidh na saoránach
  • cosaint níos fearr do chearta bunúsacha
  • smacht agus rogha níos fearr
  • cosaint níos láidre do leanaí ar líne
  • níos lú teagmhála le hábhar neamhdhleathach
alt=""
Le haghaidh soláthraithe seirbhísí digiteacha
  • cinnteacht dhlíthiúil
  • sraith amháin rialacha ar fud an Aontais
  • níos éasca gnó a bhunú agus a mhéadú san Eoraip
alt=""
Le haghaidh úsáideoirí gnó na seirbhísí digiteacha
  • rochtain ar mhargaí ar fud an Aontais trí ardáin ar leith
  • cothrom iomaíochta i gcoinne soláthraithe ábhair neamhdhleathaigh
alt=""
Le haghaidh na sochaí i gcoitinne
  • rialú agus maoirseacht dhaonlathach níos fearr ar ardáin chórasacha
  • maolú rioscaí córasacha, cuir i gcás mí-ionramháil nó mífhaisnéis

Cad iad na soláthraithe atá clúdaithe?

Cuimsítear i DSA rialacha le haghaidh seirbhísí idirmheánacha ar líne as a mbaineann na milliúin Eorpach úsáid gach lá. Tá oibleagáidí na n-imreoirí éagsúla ar líne i gcomhréir lena ról, lena méid agus leis an tionchar atá acu ar an éiceachóras ar líne.

Na hidirghabhálaithe ar líne uile a mbíonn a seirbhísí á soláthar acu ar an margadh aonair, bíodh siad bunaithe sa Aontas Eorpach nó lasmuigh de, beidh orthu na rialacha nua a chomhlíonadh. Beidh na hoibleagáidí ar mhicreachuideachtaí agus ar chuideachtaí beaga i gcomhréir lena gcumas agus lena méid, ach cinnteofar leo go mbeidh siad cuntasach i gcónaí. Sa bhreis air sin, fiú má thagann fás mór ar mhicreachuideachtaí agus ar chuideachtaí beaga, bhainfeadh siad tairbhe as díolúine spriocdhírithe ó thacar oibleagáidí le linn idirthréimhse 12 mhí.

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha le teacht i bhfeidhm

Ón 17 Feabhra 2024 ar aghaidh, beidh feidhm ag rialacha an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha maidir le gach ardán. Ó dheireadh mhí Lúnasa 2023, bhí feidhm ag na rialacha sin cheana féin maidir le hardáin ainmnithe a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir acu san Aontas (10% de dhaonra an Aontais), na hardáin an-mhór ar líne (VLOPanna) nó innill chuardaigh an-mhór ar líne (VLOSEanna) mar a thugtar orthu.

Déanfaidh an Coimisiún DSA a fhorfheidhmiú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, a dhéanfaidh maoirseacht ar chomhlíonadh na n-ardán atá bunaithe ina gcríoch. Is é an Coimisiún atá freagrach go príomha as monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí breise a bhfuil feidhm acu maidir le VLOPanna agus VLOSEanna, cuir i gcás na bearta chun rioscaí sistéamacha a mhaolú.

An creat forfheidhmithe faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha

An creat comhair faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha

An bhrí atá leis na rialacha nua d’úsáideoirí, do ghnólachtaí agus d’ardáin

Person holding a tablet

Tuilleadh eolais faoi rialacha nua na n-úsáideoirí

People in an office

Tuilleadh eolais faoi rialacha nua na ngnólachtaí

3 persons holding their phones

Tuilleadh eolais faoi rialacha nua na n-ardán

Doiciméid