Siopadóireacht ar líne a dhéanamh níos sábháilte
Fágann an timpeallacht ar líne go bhfuil sé níos éasca ná riamh táirgí a cheannach, comparáid a dhéanamh eatarthu, na margaí is fearr a aimsiú agus rochtain a fháil ar sheirbhísí ar fud an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin.
Tá rioscaí níos mó ann do thomhaltóirí, áfach, mar gheall ar an mborradh sin faoin siopadóireacht ar líne - rioscaí ó thairgí contúirteacha go cleachtais mhíthreoracha.
Tá rialacha i bhfeidhm ag an Aontas chun tú a chosaint, rud a chinntíonn go dtarlaíonn siopadóireacht ar líne i dtimpeallacht shábháilte iontaofa thrédhearcach. Ó na hardáin ar a mbíonn tú ag siopadóireacht, go na táirgí a cheannaíonn tú agus na cearta a bhfuil tú ina dteideal.
Margadh digiteach iontaofa a chruthú
Camscéimeanna ar líne. Táirgí contúirteacha. Cleachtais tráchtála éagóracha. Ábhar neamhdhleathach. Síntiúis ar cosúil nach féidir iad a chur ar ceal. Baineann fíor-rioscaí le siopadóireacht ar líne. Tá réimse leathan beart i bhfeidhm ag an Aontas chun dul i ngleic leis na bagairtí sin agus chun go mbeidh eispéireas ar líne sábháilte agus iontaofa ag an tomhaltóir.
🧴 Táirgí sábháilte ar ardchaighdeán
- Gach táirge a dhíoltar san Aontas, bíodh sin ar líne nó i siopa fisiciúil, ní mór dó na rialacha maidir le sábháilteacht táirgí a chomhlíonadh.
- Má chinntear go bhfuil riosca sábháilteachta ag baint le táirge a díoladh cheana féin, eiseoidh an t-údarás ábhartha aisghairm táirge. D’fhéadfadh údaráis náisiúnta bearta a dhéanamh chun táirge a tharraingt siar ón margadh fiú.
📲 Trádálaithe freagracha
- Ní mór d’ardáin a bheith in ann dul i ngleic le táirgí neamhdhleathacha ar a suíomh gréasáin. Nuair a chuirtear ar an eolas iad faoi liostuithe neamhdhleathacha, caithfidh siad gníomhú ina leith.
- Ní mór do thrádálaithe ar líne feidhm tarraingthe siar ar líne a chur ar fáil – rud a thugtar cnaipe ‘aistarraingt’ air go minic – chun a chur ar do chumas duit do cheart tarraingt siar ón gconradh ar líne a fheidhmiú go héasca laistigh de 14 lá ó sheachadadh na n-earraí nó 14 lá ó thabhairt i gcrích an chonartha seirbhísí.
🛒 An trédhearcacht i rith an ama
- Ní mór do mhargaí a fhíorú cé hiad na díoltóirí agus a gcuid sonraí teagmhála a thaispeáint, cuir i gcás a n-ainm, a seoladh agus bealach chun teagmháil a dhéanamh leo, ionas go mbeidh eolas soiléir agat faoi na daoine a bhfuil tú ag ceannach earraí nó seirbhísí uathu. Ba cheart dóibh a chur in iúl an bhfuil tú ag ceannach ó dhíoltóir príobháideach nó gairmiúil, toisc go n-athraíonn do chearta tomhaltóirí ag brath ar cé uaidh a bhfuil tú ag ceannach.
- Ní mór do mhargaí eolas soiléir a chur ar fáil faoin táirge nó faoin tseirbhís atá á cheannach agat, faoin bpraghas, faoi chostas an tseachadta agus faoi do chearta nuair a théann rudaí amú.
- I gcás liostuithe, ní mór na coinníollacha maidir le fógraíocht a chomhlíonadh, mar shampla eolas a chur ar fáil maidir le cé leis an fógra agus cén fáth a bhfuil sé le feiceáil agatsa
An íospartach camscéime thú?
Tá go leor cineálacha éagsúla camscéimeanna ar líne. Ó ríomhphoist fioscaireachta go suíomhanna gréasáin bréige, baineann go leor acu le hairgead. Má cheapann tú gur díríodh ort, tá roinnt céimeanna is féidir leat a ghlacadh chun tuilleadh fadhbanna a sheachaint.
- Déan teagmháil le do bhancIs féidir leat a iarraidh go reofar do chártaí nó go ndéanfar aisíocaíocht.
- Déan do chuntais a dhaingniúMá úsáideann tú an pasfhocal céanna le haghaidh níos mó ná cuntas amháin, d’fhéadfadh iad ar fad a bheith i mbaol má dhéantar camscéim ar cheann amháin acu, mar sin déan iad ar fad a dhaingniú.
- TuairisciúIs féidir leat an chamscéim a thuairisciú do na húdaráis ábhartha i do thír féin.
Is féidir le camscéimeanna áirithe a bheith faoi scáth an ghrá. Cruthaíonn daoine naisc mhothúchánacha sula n-iarrann siad airgead, sonraí pearsanta, nó garanna. Bí oscailte don ghrá ach déan do mhachnamh go cúramach sula nascann tú le duine ar líne.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Iúil 2026
