Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An méid is cás leat a chosaint: Do shaol digiteach

Cuireann saol digiteach an lae inniu deiseanna uathúla ar fáil duit. Is féidir leat comhrá a dhéanamh le cairde, rochtain a fháil ar oideachas agus ar chúram sláinte, agus an méid siopadóireachta is mian leat a dhéanamh. Ach baineann rioscaí agus freagrachtaí leis na buntáistí móra sin. Sin an fáth a bhfuil an tAontas ag déanamh do shaol digiteach sábháilte.

Tá timpeallacht dhigiteach níos sábháilte á forbairt ag an Aontas do chách

Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir le spás slán, cothrom agus digiteach a chruthú a chuireann daoine i gcroílár a dheartha trí dhlíthe láidre, beartais nuálacha agus uirlisí praiticiúla a cheapadh. Is cuma más ag siopadóireacht, ag tuismitheoireacht, ag geandáil nó ag brabhsáil atá tú, is mian leis an Aontas a chinntiú go gcosnófar do chearta agus go bhfreastalóidh an teicneolaíocht ort, ní a mhalairt. 

Seo atá i gceist leis an méid sin duitse:

✅ Tuilleadh smachta ar do shonraí agus ar do phríobháideachas ar líne

✅ Cosaint níos fearr do leanaí agus do ghrúpaí leochaileacha

Cosaintí níos láidre i gcoinne camscéimeanna, calaoise agus ábhar díobhálach

✅ Cearta níos soiléire agus tú ag siopadóireacht, ag sóisialú, nó ag baint úsáid as an intleacht shaorga

✅ Eolas iontaofa a chuideoidh leat nascleanúint a dhéanamh ar thimpeallacht nuachta an lae inniu 

Bíodh smacht agat ar do shaol digiteach

Ní leor an reachtaíocht amháin. Chun fanacht sábháilte ar líne, tá gá freisin le feasacht, smaointeoireacht chriticiúil agus nósanna réamhghníomhacha. Déan do bhealach tríd an saol digiteach le muinín, le leideanna praiticiúla agus acmhainní a fhaigheann tacaíocht ón Aontas chun tú féin agus do theaghlach a chosaint.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Iúil 2026