Cur chun feidhme na smachtbhannaí a chinntiú Tá sé ríthábhachtach smachtbhannaí a chur chun feidhme go héifeachtach agus go dícheallach chun a chinntiú go mbainfear a gcuspóirí amach. Is ar na Ballstáit go príomha atá an fhreagracht sin. Oibríonn an Coimisiún go dlúth chun tacú leo san obair sin tríd an méid seo a leanas:cruinniú rialta den ghrúpa saineolaithe maidir le smachtbhannaí a chur chun feidhme, rud a chuirfidh ar a chumas don Choimisiún teagmháil a dhéanamh le húdaráis ábhartha uile na mBallstátTascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ a bhunaigh an Coimisiún i mí an Mhárta 2022, rud a chinntíonn comhordú níos fearr ar chalcadh sócmhainní i gcoinne daoine aonair agus eintitis de chuid na Rúise agus na BealarúiseGrúpa Ardleibhéil, faoi chathaoirleacht an Choimisinéara Mairead McGuinness, rud a thugann deis do na 27 mBallstát uile eolas a chomhroinnt in éineacht le hionadaithe thionscal agus ghnólachtaí an Aontais Eorpaighcruinnithe ad-hoc le páirtithe leasmhara arna dtionól ag an gCoimisiún, ina dtugtar treoraíocht agus ina ndéantar cur chun feidhme na smachtbhannaí a phlé le hoibreoiríTá smachtbhannaí an Aontais á gcomhordú aige le comhghuaillithe agus comhpháirtithe móra idirnáisiúnta eile amhail na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Chóiré Theas, an Eilvéis, an tSeapáin, an Astráil, Ceanada, an Nua-Shéalainn agus an Iorua, ionas go mbainfidh gach tír úsáid as na bearta is éifeachtaí bunaithe ar gheilleagar na tíre féin. Cosc a chur ar dul timpeall Coir is ea dul timpeall ar smachtbhannaí an Aontais. Chun monatóireacht a dhéanamh air sin, tá an méid seo a leanas á dhéanamh ag an gCoimisiún:leas a bhaint as a sheirbhísí trádála agus custaim chun atreorú sreafaí trádála ó thríú tíortha áirithe a aithint agus iad ag gníomhú mar thairseacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun na Rúiseteagmháil a dhéanamh le tríú tíortha chun teacht ar chomhaontú maidir le measúnú comhroinnte, sonraí a chur i gcomparáid le chéile agus bearta feabhais a phlé de réir mar is iomchuíeolas a bhailiú ar phatrúin dul timpeall ón earnáil phríobháideach, chomh maith le moltaí maidir le conas an feiniméan sin a chosc ar bhealach níos fearrMar chuid den 11ú pacáiste de smachtbhannaí a glacadh an 23 Meitheamh 2023, thug an tAontas isteach ionstraim nua chun aon dul timpeall a sheachaint trí dhlínsí tríú tíortha. Dhíreodh an ionstraim ar earraí ardriosca sonracha a bhfuil sé cruthaithe ina leith go sroicheann siad an Rúis trí thríú tíortha, in ainneoin iad a bheith cumhdaithe le smachtbhannaí an Aontais. Cuireann an ionstraim ar chumas an Aontais cosc a chur ar easpórtáil na n-earraí sin chuig na tíortha a úsáidtear chun dul timpeall ar ár smachtbhannaí, agus chun cosc a chur ar sholáthar seirbhísí gaolmhara chomh maith.Ní líonfar isteach liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta atá faoi réir an bhirt seo ach amháin mura féidir teacht ar réiteach eile. Ciallaíonn sé sin go mbeidh dlúth-rannpháirtíocht agus idirphlé ann le gach ceann de na tríú tíortha lena mbaineann. Tabharfaimid deis do na húdaráis i gcónaí freagra a thabhairt ar thorthaí agus ar chonclúidí an Aontais, mar sin, is beart é seo atá le húsáid mar rogha dheiridh.Seo a leanas roinnt beart eile lena rabhamar in ann a bheith níos déine ar an dul timpeall ar smachtbhannaí: Toirmeasc idirthurais le haghaidh earraí dé-úsáide agus ardteicneolaíochtaTá toirmeasc idirthurais tugtha isteach againn i leith earraí dé-úsáide agus ardteicneolaíochta, arm tine agus ábhair a bhaineann leis an eitlíocht trí chríoch na Rúise. Fágann sé sin nach féidir le hearraí idirthuras a dhéanamh trí chríoch na Rúise a thuilleadh nuair a easpórtáiltear chuig tríú tíortha iad.Chomh maith leis sin, chuireamar d’oibleagáid ar oibreoirí toirmeasc conarthach a chur ar ath-easpórtáil na n-earraí íogaire sin chun na Rúise.Sa 18ú pacáiste smachtbhannaí, thugamar isteach foráil uileghabhálach thiomnaithe chun tacú leis na Ballstáit lastais amhrasacha ítimí ardteicneolaíochta a stopadh agus a imscrúdú.Toirmeasc ar idirthuras i leith earraí atá ríthábhachtach ó thaobh an gheilleagair deTá toirmeasc ar idirthuras tugtha isteach againn le haghaidh earraí áirithe atá ríthábhachtach ó thaobh an gheilleagair de trí chríoch na Rúise. Fágann sé sin nach féidir leis na hearraí sin idirthuras a dhéanamh trí chríoch na Rúise a thuilleadh nuair a easpórtáiltear chuig tríú tíortha iad. Tuairisciú ar aistriú cistí lasmuigh den AontasTá beart nua tugtha isteach againn lena gceanglófar ar eintitis an Aontais aistrithe áirithe cistí amach as an Aontas a thuairisciú más rud é gur le Rúisigh nó le heintitis atá bunaithe sa Rúis níos mó ná 40% díobh, go díreach nó go hindíreach.Oibleagáidí tuairiscithe maidir le sócmhainní Bhanc Ceannais na RúiseI gcomhar leis na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún forléargas ar bun ar shócmhainní reoite uile Bhanc Ceannais na Rúise atá á gcoinneáil san Aontas, chun a fháil amach cá bhfuil na sócmhainní sin agus cad is fiú iad. Tá sé seo tábhachtach go háirithe maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sócmhainní poiblí Rúiseacha chun atógáil na hÚcráine a mhaoiniú.Tá breis agus €200 billiún de shócmhainní reoite de chuid Bhanc Ceannais na Rúise tuairiscithe ag na Ballstáit don Choimisiún faoin 10ú pacáiste de smachtbhannaí. Tuairisciú ar chalcadh sócmhainní a neartúDen chéad uair riamh, éilíonn an tAontas ar dhaoine liostaithe a sócmhainní uile laistigh de dhlínse an Aontais a nochtadh don údarás inniúil náisiúnta. Cuideoidh sé sin lena áirithiú go ndéanfar sócmhainní a rianú agus a reo ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí. Caithfear le neamhchomhlíonadh na hoibleagáide sin – i.e. neamhthuairisciú ó na daoine liostaithe – mar shárú ar dhlí smachtbhannaí an Aontais, agus beidh na hiarmhairtí a eascraíonn as sin faoi reachtaíocht náisiúnta gach Ballstáit, an reachtaíocht choiriúil san áireamh.Is freagairt é sin ar chastacht mhéadaitheach na scéimeanna maidir le seachaint smachtbhannaí. ní mór dúinn fanacht céim amháin chun tosaigh ar na hiarrachtaí sin.Leis an 12ú pacáiste de smachtbhannaí a fógraíodh an 18 Nollaig 2023, tugtar isteach oibleagáid níos déine ar na Ballstáit sócmhainní daoine liostaithe a rianú go réamhghníomhach chun sáruithe nó teacht timpeall ar smachtbhannaí a chosc agus a bhrath.LiostáilTá critéir liostaithe tugtha isteach ag an Aontas, lena gceadaítear dó smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine a éascaíonn teacht timpeall ar smachtbhannaí (mar shampla, iad siúd a thacaíonn le hoibríochtaí na dtancaer ola neamhshábháilte atá mar chuid de scáthchabhlach na Rúise).Ina theannta sin, beifear in ann daoine éagtha a choinneáil ar liosta na ndaoine atá faoi réir an reo sócmhainní, ionas nach bhféadfaí teacht timpeall ar an mbeart maidir le reo sócmhainní.Sárú smachtbhannaí an Aontais a choiriúlúAgus fogha á dhéanamh ag an Rúis faoin Úcráin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear bearta sriantacha an Aontais chun feidhme ina n-iomláine agus nach dtabharfar aon chúiteamh as na bearta sin a shárú. Ó tháinig siad i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2024, fágann rialacha nua de chuid an Aontais go bhfuil sé níos éasca sárú na mbeart sin a imscrúdú, a ionchúiseamh agus pionós a ghearradh ina leith ar fud na mBallstát uile.For-rochtain taidhleoireachta chuig tríú tíortha (i.e. tíortha nach den Aontas iad)Chruthaigh an Coimisiún ról nua mar Thoscaire Speisialta Idirnáisiúnta um Smachtbhannaí an Aontais a Chur Chun Feidhme chun plé leanúnach ardleibhéil le tríú tíortha a chinntiú chun imghabháil agus dul timpeall smachtbhannaí a sheachaint, smachtbhannaí atá forchurtha ar an Rúis ó thús a cogaidh i gcoinne na hÚcráine. Is é David O’Sullivan, iar-Ardrúnaí de chuid an Choimisiúin agus taidhleoir sinsearach an Aontais, a ceapadh mar Thoscaire Smachtbhannaí an Aontais agus ghlac sé leis an ról sin i mí Eanáir 2023.Bac a chur ar earraí coiteanna ardtosaíochta (CHP) an Rúis a bhaint amachBeidh ar chuideachtaí an Aontais dícheall cuí a dhéanamh chun bac a chur ar earraí CHP an Rúis a bhaint amach, sin agus chun a chinntiú go ndéanann a bhfochuideachtaí eachtrannacha a bhíonn ag trádáil in earraí CHP amhlaidh.Ina theannta sin, tá clásail ‘Gan an Rúis’ tugtha isteach againn maidir le haistrithe Cearta Maoine Intleachtúla (IPR) chun a chinntiú nach n-úsáidfear saineolas teicniúil tionsclaíoch a aistreofar lasmuigh den Aontas chun earraí CHP atá beartaithe don Rúis a tháirgeadh.Éirí níos déine ar scáthchabhlach na RúiseChun cosc a chur ar an Rúis teacht timpeall ar smachtbhannaí agus an Chaidhp phraghais ar ola G7+ a sheachaint, tá soithí ó scáthchabhlach na Rúise faoi réir toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt agus toirmeasc ar sholáthar seirbhísí. Go dtí seo, tá 557 soitheach curtha ar an liosta sin ag an Aontas.Fuarthas amach go bhfuil na longa sin i mbun cleachtais loingseoireachta ardriosca agus táirgí ola nó peitriliam na Rúise á n-iompar acu, i seachadtaí arm, i ngoid gráin, nó ag tacú le hearnáil fuinnimh na Rúise.Leis an gcur chuige spriocdhírithe sin, méadaítear an costas atá ar an Rúis soithí den sórt sin a úsáid toisc nach féidir leo gnó mar is gnách a dhéanamh a thuilleadh san Aontas ná le hoibreoirí an Aontais. Laghdaíonn sé freisin líon na soithí i scáthchabhlach na Rúise atá in ann amhola na Rúise a iompar. Eolas do pháirtithe leasmhara Chun a chinntiú go mbíonn eolas ar fáil do pháirtithe leasmhara, tá an méid seo a leanas déanta ag an gCoimisiún:na céadta sraitheanna de Cheisteanna Coitianta a fhoilsiú a bhaineann le gach earnáil tionscail a ndéanann smachtbhannaí difear dóibh, amhail an t-airgeadas agus an bhaincéireacht, trádáil agus custaim, an fuinneamh, an talmhaíocht, an t-iompar, soláthar poiblí meán, agus tá treoraíocht shonrach eisithe aige maidir le saincheisteanna daonnúla. Bhí idirphlé rialta aige le páirtithe leasmhara tionscail agus tá sé ag obair i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta atá inniúil chun smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme, údaruithe a dheonú agus sáruithe a ionchúiseamheolas so-rochtana a fhoilsiú faoi na pacáistí a glacadh go dtí seo. Tugann Léarscáil Smachtbhannaí an Aontais léiriú so-úsáidte ar na córais smachtbhannaí uile atá i bhfeidhm faoi láthair, daoine atá faoi réir smachtbhannaí aonair ina measc. Ar fáil ar líne tá an Liosta Comhdhlúite Smachtbhannaí Airgeadais, ar a bhfuil gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá, faoi smachtbhannaí an Aontais, faoi réir reo sócmhainní agus a bhfuil toirmeasc orthu cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáilUirlis Sceithire a chur i bhfeidhm chun sáruithe smachtbhannaí a thuairisciú gan ainm. Chomh maith leis sin, cuireann smachtbhannaí an Aontais de cheangal ar na Ballstáit an sárú ar smachtbhannaí a choiriúlúan pointe teagmhála a chur ar bun don chabhair dhaonnúil ar leibhéal an Aontais, pointe a chuireann eolas praiticiúil ar fáil d’oibreoirí daonnúla maidir le maoluithe daonnúla a iarraidh faoi smachtbhannaí an Aontaispointe teagmhála lárnach a sheoladh/a chruthú chun cabhrú le húdaráis agus oibreoirí nach den Aontas iad maidir le raon feidhme smachtbhannaí an Aontais agus a gcur chun feidhme i gcoinne na Rúise – agus go háirithe maidir le hábhair a bhaineann le slándáil bia. Tá sé d’aidhm aige sin freisin deimhin a dhéanamh de nach ndéanfar difear do shreabhadh na dtáirgí agraibhia agus na leasachán chuig a dtíortha An nuashonrú is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2025 Cur chuige cuimsitheach maidir le smachtbhannaíDaoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaíBearta maidir le víosaíToirmisc ar iompórtálacha agus ar easpórtálachaBearta maidir le seirbhísí airgeadais agus seirbhísí gnóSmachtbhannaí ar fhuinneamhSmachtbhannaí ar iomparSmachtbhannaí ar earraí dé-úsáideSócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú