NA FÍRICÍClúdaíonn an toirmeasc iompórtála 90% d’iompórtálacha ola an Aontais ón Rúis i láthair na huaireDéanann an toirmeasc iompórtála ar ghual ón Rúis difear don cheathrú cuid d’easpórtálacha domhanda guail na Rúise, rud a fhágann caillteanas ioncaim €8 mbilliún in aghaidh na bliana don Rúis. Díriú ar ioncam ola na Rúise Tá toirmeasc curtha ag an Aontas ar amhola ar muir agus táirgí peitriliam scagtha a iompórtáil ón Rúis. Tá tionchar mór ag an toirmeasc ola ar an Rúis. Is chuig an Aontas a théann thart ar leath na n-onnmhairí iomlána ola. In 2021 d’iompórtáil an tAontas méid ola dar luach €7.1 billiún: amhola (€48 mbilliún) agus táirgí ola scagtha (€23 bhilliún) ón Rúis. Tá tionchar struchtúrach suntasach ag cailleadh an phríomh-mhargaidh bhrabúsaigh sin ar an Rúis, tír a mbraitheann a buiséad go mór ar na hioncaim ola sin. Tá na caidhpeanna praghais a comhaontaíodh le Chomhghuaillíocht G7+ na Caidhpe Praghais tar éis an t-ioncam a thuilleann an Rúis ón ola a laghdú a thuilleadh, agus chuidigh siad freisin le margaí fuinnimh domhanda a chobhsú. Cuireann na caidhpeanna praghais cosc ar oibreoirí an Aontais, mar shampla, seirbhísí iompair nó árachais a sholáthar chun ola a iompar ón Rúis os cionn na caidhpe. Tá trí chaidhp praghais i bhfeidhm faoi láthair, mar atá:amhola ón Rúis ar muir a easpórtáil, agus í socraithe ar phraghas uasta US$47.6 in aghaidh an bhairille, tar éis an 18ú pacáiste smachtbhannaítáirgí peitriliam a bhfuil praghas níos airde orthu ná mar atá ar amhola a easpórtáil, cuir i gcás díosal, ceirisín agus gásailín, agus iad socraithe ar phraghas uasta US$100 in aghaidh an bhairilletáirgí peitriliam a bhfuil praghas níos ísle orthu ná mar atá ar amhola a easpórtáil, cuir i gcás ola bhreosla agus nafta, US$45 in aghaidh an bhairilleLeis an 18ú pacáiste smachtbhannaí, tugadh isteach freisin sásra uathoibríoch dinimiciúil le haghaidh athbhreithnithe amach anseo ar an Sásra Caidhpe Praghais Ola. Cinnteofar leis an gcóras nua go mbeidh an chaidhp 15% níos ísle i gcónaí ná meánphraghas an mhargaidh le haghaidh amhola na hÚraile sa tréimhse 6 mhí roimhe sin, rud a fhágfaidh go mbeidh intuarthacht ann d’oibreoirí agus go mbeidh brú anuas ar ioncam fuinnimh na Rúise.Ina theannta sin, chun cabhrú le dul i ngleic leis an ‘scáthfhlít’ a úsáideann an Rúis chun dul timpeall ar na huasteorainneacha praghais, thug Comhghuaillíocht G7+ na Caidhpe Praghais bearta isteach le déanaí chun dlúthmhonatóireacht a dhéanamh ar dhíol tancaer le tríú tíortha Beart fuinnimh eile toirmeasc ar gach cineál guail ón Rúis a iompórtáiltoirmeasc ar ghás peitriliam leachtaithe (GPL) a iompórtáil, rud a mbeidh tionchar aige ar iompórtálacha bliantúla dar luach níos mó ná €1 bhilliún, agus díolúine ar chonarthaí atá ann cheana ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhítoirmeasc ar athraitheach GPL a iompórtáil a úsáidtear chun na srianta atá ann cheana a sheachaint toirmeasc ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) ón Rúis a iompórtáil amhail ón 1 Eanáir 2027 le haghaidh conarthaí fadtéarmacha, agus laistigh de 6 mhí ó theacht i bhfeidhm na smachtbhannaí le haghaidh conarthaí gearrthéarmacha toirmeasc ar infheistíochtaí amach anseo i dtionscadail GNL atá á dtógáil sa Rúis agus ar easpórtálacha chucutoirmeasc ar chalafoirt an Aontais a úsáid chun GNL na Rúise a thrasloingsiútoirmeasc ar GNL na Rúise a iompórtáil chuig críochfoirt áirithe nach bhfuil nasctha le líonra píblínte gáis an Aontaistoirmeasc ar earraí, teicneolaíocht agus seirbhísí a sholáthar do thionscadail GNL agus amhola na Rúisetoirmeasc ar infheistíochtaí nua ón Aontas in earnáil mhianadóireachta na Rúise, cé is moite d’amhábhair áirithetoirmeasc ar easpórtálacha teicneolaíochtaí scagtha sonracha, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra agus níos costasaí don Rúis uasghrádú a dhéanamh ar a scaglanna olatoirmeasc forleathan ar infheistíocht nua ar fud earnáil fuinnimh na Rúise, cé is moite d’eisceachtaí teoranta i dtaca le fuinneamh núicléach sibhialta agus iompar táirgí áirithe fuinnimh ar ais chuig an Aontastoirmeasc ar náisiúnaigh nó ar eintitis Rúiseacha toilleadh stórála gáis a chur in áirithe i mBallstáit an Aontais.Deireadh leis an deis ola na Rúise a iompórtáil trí phíblíne don Ghearmáin agus don Pholainn.toirmeasc ar amhola nó táirgí peitriliam ón Rúis a stóráil nó a chur go sealadach i gcalafoirt an Aontaistoirmeasc ar bhogearraí taiscéalaíochta ola agus gáis a easpórtáil nó a sholáthar don Rúistoirmeasc ar idirbhearta phíblínte Nord Stream 1 agus 2toirmeasc ar idirbhearta ar na cuideachtaí móra ola agus gáis Rosneft agus Gazprom Neft toirmeasc ar tháirgí ola scagtha a iompórtáil a dhíorthaítear ó amhola ón Rúisbearta atá dírithe ar oibreoirí tríú tíortha a chumasaíonn a sruthanna ioncaim trí ghás ón Rúis a cheannach nó a scáthfhlít a chumasú An nuashonrú is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2025 Cur chuige cuimsitheach maidir le smachtbhannaíDaoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaíBearta maidir le víosaíToirmisc ar iompórtálacha agus ar easpórtálachaBearta maidir le seirbhísí airgeadais agus seirbhísí gnóSmachtbhannaí ar iomparSmachtbhannaí ar earraí dé-úsáideSócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú Smachtbhannaí a dhéanamh éifeachtach