Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An Rúis a thabhairt chun cuntais

Sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta

Tá an tAontas tiomanta go láidir deimhin a dhéanamh de go ngearrfar pionós as gach coir idirnáisiúnta a dhéantar san Úcráin agus i gcoinne na hÚcráine.

Coireanna in aghaidh na daonnachta, coireanna cogaidh, cinedhíothú agus coir an fhogha, meastar gurb iad sin na sáruithe is tromchúisí ar an dlí idirnáisiúnta, rudaí ar a dtugtar na coireanna idirnáisiúnta is tromchúisí nó coireanna ainghníomhacha chomh maith.

Tá níos mó ná 196,000 coir idirnáisiúnta líomhnaithe á n-imscrúdú ag an Úcráin, agus meastar go bhfuil líon iarbhír na n-ainghníomhartha den sórt sin níos airde fós.

  • 18 mBallstát den Aontas Eorpach

    tar éis tús a chur le himscrúduithe náisiúnta ar choireanna idirnáisiúnta a rinneadh san Úcráin

  • 6 Bhallstát den Aontas Eorpach

    Tá (an Pholainn, an Laitvia, an Eastóin, an tSlóvaic, an Rómáin agus an Liotuáin) ina mball den Fhoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú lena dtacaíonn Eurojust, in éineacht leis an Úcráin, leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) agus le Europol

  • 5 Bhallstát den Aontas Eorpach

    Tá (an Pholainn, an Laitvia, an Eastóin, an Rómáin agus an Liotuáin) páirteach sa Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin (ICPA), in éineacht leis an Úcráin agus le dlúth-rannpháirtíocht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta

Coireanna na Rúise san Úcráin a ionchúiseamh

Le cuidiú chun comhordú a dhéanamh ar bhailiú fianaise, thacaigh an Coimisiún le bunú Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin (ICPA), é leabaithe san Fhoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú lena dtacaíonn Eurojust. Tá an Lárionad ag tacú le comhordú imscrúduithe náisiúnta ar choir an fhogha faoin Úcráin.

Leanann an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na sásraí atá ann cheana tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tacú le hacmhainneachtaí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta le breis agus €10 milliún ó thús an ionraidh
  • Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir na hÚcráine a neartú, le breis agus €6 mhilliún le haghaidh TF agus trealamh, agus cúnamh ó Mhisean Comhairleach an Aontais laistigh den Ghrúpa Comhairleach um Choireanna Ainghníomhacha idir an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe
  • Eurojust a chur in oiriúint don chúram: Leis an Rialachán leasaithe Eurojust, tá an Ghníomhaireacht in ann fianaise a bhaineann le coireanna idirnáisiúnta a chaomhnú, a stóráil agus a anailísiú go slán i mbunachar sonraí nua
  • tacú le Eurojust agus Europol, a fheidhmíonn mar mhoil chomhordúcháin le haghaidh imscrúduithe náisiúnta arna ndéanamh ag Ballstáit an Aontais
  • comhordú lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun cuntasacht agus freagairt dhomhanda a chinntiú 

Coir an fhogha a ionchúiseamh

Is gnách gurb í an cheannaireacht pholaitiúil agus mhíleata is airde i dtír a dhéanann coir an fhogha i gcoinne cheannasacht, iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil tíre eile. I measc na gcoireanna foghacha tá ionradh, forghabháil mhíleata, ionghabháil trí fhorneart a úsáid, buamáil, agus imshuí míleata ar chalafoirt, agus tá an Rúis tar éis iad sin go léir a dhéanamh.

Ós rud é nach Stát is Páirtí i Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta í an Rúis, níl dlínse ag an gCúirt ar choir an fhogha sa staid reatha. Tá an Coimisiún agus an tArdionadaí ag tacú leis an bplé sa ‘Chroíghrúpa’ maidir le Binse Speisialta a bhunú chun coir an fhogha faoin Úcráin a ionchúiseamh.

I mí na Bealtaine 2025 tháinig comhghuaillíocht idirnáisiúnta, an Coimisiún, an tArdionadaí, Comhairle na hEorpa agus an Úcráin ina measc, ar chomhaontú maidir leis an mBinse Speisialta a bhunú laistigh de chreat Chomhairle na hEorpa.  

I mí an Mheithimh 2025 shínigh an Úcráin agus Comhairle na hEorpa an Comhaontú maidir leis an mBinse Speisialta a bhunú. A luaithe a bhunófar é, tabharfaidh an Binse ceannairí polaitiúla agus míleata na Rúise chun cuntais as coir an fhogha. 

Costais an damáiste a íoc

Déanann an tAontas a dhícheall a ráthú go bhfaighidh an Úcráin agus a muintir cúiteamh iomlán as an damáiste a rinne fogha na Rúise. Chuige sin, ghlac an tAontas ballraíocht leis an gClár Damáiste don Úcráin, mar Chomhalta Comhlach ar dtús agus, ó mhí Iúil 2024 ar aghaidh, mar Rannpháirtí lánfheidhme. Mar Rannpháirtí, tacaíonn an tAontas leis an gClár trí ranníocaíocht bhliantúil a chur ar fáil agus trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe Chomhdháil na Rannpháirtithe.

Cruthaíodh an Clár faoi chuimsiú Chomhairle na hEorpa agus tá sé ceaptha chun éilimh incháilithe a thaifeadadh lena lorgaítear cúiteamh as damáiste, caillteanas nó díobháil a bhaineann le fogha na Rúise faoin Úcráin agus ina coinne. Cuimsítear leis na catagóirí damáiste scriosadh ábhair, díobháil fhisiciúil agus intinne, easáitiú éigeantach, agus cailliúint ball teaghlaigh.

Mar an dara céim, bunófar Coimisiún Idirnáisiúnta um Éilimh don Úcráin, chun breithniú a dhéanamh ar na héilimh a thaifeadtar sa Chlár agus chun luach an chúitimh atá dlite ón Rúis a chinneadh. 

Ghlac an tAontas páirt, in éineacht le níos mó ná 50 toscaireacht, sa chaibidlíocht maidir leis an Dréacht-Choinbhinsiún lena mbunaítear an Coimisiún um Éilimh, a tugadh chun críche go rathúil i mí Mheán Fómhair 2025. I mí na Nollag 2025, glacfaidh an tAontas agus na Stáit leasmhara an Coinbhinsiún agus osclófar é lena shíniú. 

I mí an Mhárta 2022, tar éis thús fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chuir an Coimisiún Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ ar bun. Is é is aidhm don Tascfhórsa a chinntiú go gcuirfear bearta sriantacha an Aontais, go speisialta calcadh sócmhainní, chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí, go háirithe tríd an dlí coiriúil.

Is é an Coimisiún a reáchtálann an Tascfhórsa agus cuireann sé ar a gcumas do na Ballstáit, chomh maith le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, (Eurojust, Europol agus OIPE) oibriú le chéile chun bearta sriantacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm agus troid i gcoinne a sáruithe.

Oibríonn an Tascfhórsa go dlúth le comhpháirtithe idirnáisiúnta, a chontrapháirtithe san Úcráin agus an G7 ina measc.

  • alt=""
    FÍRIC

    A bhuí le tacaíocht an Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ tá sócmhainní dar luach níos mó ná € 27 mbilliún ar le holagarcaí agus cuideachtaí de chuid na Rúise agus na Bealarúise iad calctha ag Ballstáit an Aontais

Mar gheall ar a chur chuige trasdisciplíneach, rannchuidigh an Tascfhórsa le huirlisí forfheidhmiúcháin nua a dhearadh, amhail féin-nochtadh deonach sáruithe ar smachtbhannaí, a bhí san áireamh sa 13ú pacáiste smachtbhannaí, nó Treoir (AE) 2024/1226 maidir le comhchuibhiú na sainmhínithe coiriúla agus na bpionós i leith sáruithe ar smachtbhannaí, a glacadh i mí Aibreáin 2024.

Mar thoradh ar ionchur an Tascfhórsa, tá cros-seiceáil rialta á déanamh ag Eurojust ar liosta na ndaoine aonair agus na gcuideachtaí ar chuir an tAontas smachtbhannaí orthu le sonraí Eurojust maidir le cásanna atá ann cheana, agus sheol Europol Oibríocht OSCAR chun liostaí smachtbhannaí an Aontais a chros-seiceáil leis na sonraí oibríochtúla atá ar fáil, chun naisc leis an gcoireacht eagraithe agus le sciúradh airgid a shainaithint, agus chun tacú le sócmhainní coiriúla a rianú agus a urghabháil. Go dtí seo, urghabhadh breis agus €2 bhilliún de shócmhainní.

Bealaí éalaithe dlíthiúla a dhúnadh

Agus ionsaí na Rúise ar an Úcráin ar siúl faoi láthair, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear smachtbhannaí an Aontais chun feidhme ina n-iomláine, agus nach aici a bheidh an lámh in uachtair i ngeall ar a sárú sin. Tá dlíthe an Aontais Eorpaigh á neartú againn ar na bealaí seo a leanas:

Is é an aidhm atá ann éifeacht dhíspreagthach smachtbhannaí an Aontais a threisiú agus na huirlisí dlíthiúla a thabhairt do na Ballstáit chun líon méadaitheach sócmhainní a choigistiú, nuair a nasctar iad le cion coiriúil.

Sócmhainní reoite na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin

Tá níos mó ná €210 mbilliún de shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise blocáilte san Aontas.

Tá roinnt céimeanna glactha ag an Aontas chun úsáid a bhaint as an ioncam urghnách a ghintear le bainistiú shócmhainní ceannasacha na Rúise atá blocáilte san Aontas.

Ghlac an tAontas an tsamhail ranníocaíochta amhantair in 2024, lenar féidir leas a bhaint as an ioncam sin chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Úcráin.

Thairis sin, tar éis chruinniú mullaigh Cheannairí G7 i mí an Mheithimh 2024, ghlac an tAontas na gníomhartha dlí ábhartha chun samhail iasachtaí an Ghéaraithe Urghnách Ioncaim (ERA) a chur i bhfeidhm trína n-úsáidfear an t-ioncam urghnách thuasluaite chun iasacht €45 bhilliún a thug comhpháirtithe G7 don Úcráin a aisíoc. Ranníoc an tAontas €18.1 billiún leis an scéim sin, a seoladh i dtráinsí chuig an Úcráin trí iasacht cúnaimh macrairgeadais in 2025.

Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine le haghaidh 2026 agus 2027, tá iasacht chúitimh molta ag an gCoimisiún, rud a chuirfeadh ar a chumas iarmhéideanna airgid thirim a fháil ar iasacht ó institiúidí airgeadais an Aontais a bhfuil sócmhainní blocáilte de chuid Bhanc Ceannais na Rúise ina seilbh acu. 

An nuashonrú is déanaí: 3 Nollaig 2025

Doiciméad

  • 9 BEALTAINE 2025
Lviv Statement on the Establishment of a Special Tribunal for the Crime of Aggression against Ukraine