Comhaontú an Aontais um Eisiúint Víosaí a Éascú leis an Rúis ar fionraí An 9 Meán Fómhair 2022, chomhaontaigh an Chomhairle an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú atá ag an Aontas leis an Rúis a chur ar fionraí go hiomlán. Déanann an fhionraíocht iomlán difear do gach catagóir taistealaithe a thagann isteach san Aontas le haghaidh gearrfhanachta. Ciallaíonn sé sin:Níl rochtain phribhléideach ar an Aontas Eorpach ag saoránaigh na Rúise a thuilleadh agus tá próiseas níos faide, níos costasaí agus níos deacra rompu chun cur isteach ar víosaTá discréid leathan ag na Ballstáit iarratais ar víosaí gearrfhanachta a phróiseáil ó shaoránaigh na Rúise, agus is féidir leo a chinntiú go ndéanfar grinnscrúdú níos mó ar náisiúnaigh Rúiseacha ar mian leo taisteal chuig an AontasBeidh an tAontas oscailte i gcónaí do chatagóirí áirithe iarratasóirí ar víosaí Rúiseacha a bheidh ag taisteal chun críocha bunriachtanacha, lena n-áirítear baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais, iriseoirí, easaontaigh agus ionadaithe na sochaí sibhialta.Doiciméid taistil Rúiseacha a eisítear i réigiúin atá faoi fhorghabháil na Rúise san Úcráin nó i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia, nó do dhaoine atá ina gcónaí sna réigiúin sin, ní ghlacfar leo mar dhoiciméid taistil bhailí chun víosa a fháil nó chun teorainneacha limistéar Schengen a thrasnú Rialacha níos déine maidir le víosaí do náisiúnaigh Rúiseacha I mí na Samhna 2025, ghlac an Coimisiún rialacha níos déine maidir le víosaí do náisiúnaigh Rúiseacha, i bhfianaise na rioscaí slándála méadaithe a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mar atá an imirce a úsáid mar uirlis troda, gníomhartha sabaitéireachta agus mí-úsáid fhéideartha víosaí.I ngeall ar an gcinneadh sin, ní féidir le náisiúnaigh Rúiseacha víosaí il-iontrála a fháil a thuilleadh. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar náisiúnaigh Rúiseacha iarratas a dhéanamh ar víosa nua gach uair a bheidh sé beartaithe acu taisteal chuig an Aontas, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann grinnscrúdú dlúth agus rialta a dhéanamh ar iarratasóirí chun aon riosca slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú. Cur chuige cuimsitheach maidir le smachtbhannaíSmachtbhannaí i gcoinne daoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaíToirmisc ar iompórtálacha agus ar easpórtálachaBearta maidir le seirbhísí airgeadais agus seirbhísí gnóSmachtbhannaí ar fhuinneamhSmachtbhannaí ar iomparSmachtbhannaí ar earraí dé-úsáideSócmhainní a aisghabháil agus a choigistiúSmachtbhannaí a dhéanamh éifeachtach Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 12 Feabhra 2026