Earraí, seirbhísí a bhfuil cuspóir míleata agus sibhialta ag gabháil leo (‘earraí agus seirbhísí dé-úsáide’) Tá géarú agus leathnú déanta ag an Aontas ar na rialuithe easpórtála maidir le hearraí dé-úsáide chun díriú ar earnálacha íogaire i gcoimpléasc míleata tionsclaíoch na Rúise agus chun rochtain na Rúise ar ardteicneolaíocht ríthábhachtach a theorannú, amhail:dróin agus bogearraí le haghaidh na ndrónbogearraí le haghaidh gléasanna criptiúcháinbogearraí a úsáidtear chun airm a mhonarúleathsheoltóirí agus ardleictreonaicinnill le haghaidh na ndrónceimiceáin agus réamhtheachtaithe ceimiceacha a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh airm cheimiceacha nó feidhmeanna míleata eilenithe forfheidhmithe dlíábhair speisialta agus innealra tionsclaíochtrealamh duaithníochta agus oibreáin smachtaithe círéibetearc-chréannateirmeastaitceamaraí teirmeagrafachameaisín-uirlisípáirteanna innealramótair SD agus seirbheamótair le haghaidh aerárthaí gan foireanncomhpháirteanna leictreonacha a shainaithnítear i gcórais arm (héileacaptair, diúracáin, ladrainn, agus feithiclí rothacha)feithicil uile-thír-raoin, amhail cuadrothairaimplitheoirí micreathoinne agus aerthonntataifeadáin sonraí eitilte dhigiteacharéamhtheachtaithe ceimiceacha d’ábhar fuinneamhachaispáirteanna spártha agus comhpháirteanna meaisín-uirlisí le haghaidh Rialú Uimhriúil Ríomhaireachta (CNC) ardchruinnismiotail a úsáidtear chun córais armán a thógáil táirgí a úsáidtear chun tiomántáin a ullmhú Tá leathnú déanta ag an Aontas freisin ar liosta na n-eintiteas faoi smachtbhannaí a bhfuil feidhm ag srianta níos déine ina leith, lena n-áirítear cuideachtaí atá gníomhach i réimsí míleata agus cosanta, ar cuideachtaí iad atá ag tacú leis an ionradh ó thaobh lóistíochta agus acmhainní de.Cumhdaíonn an toirmeasc easpórtála atá ann faoi láthair breosla scairde agus breiseáin bhreosla a d’fhéadfadh arm na Rúise a úsáid.Tá toirmeasc freisin ar ábhar ísealteicneolaíochta a úsáideann an t-arm cuir i gcás ladrainn bheaga/caithimh aimsire, rialtáin físchluichí, gléasanna casta gineadóra, ríomhairí glúine, ceamaraí agus lionsaí, gairis um chúnamh raidió loingseoireachta agus gairis chun guth, íomhánna nó sonraí a tharchur nó a ghlacadh. NA FÍRICÍ Cuireann na smachtbhannaí isteach ar rochtain na Rúise ar theicneolaíochtaí tábhachtacha lasmuigh de na hearraí dé-úsáide agus de na teicneolaíochtaí dé-úsáide, agus déanfaidh siad a gcumais theicneolaíocha a íosghrádú de réir a chéile.Cuireann siad stop le maoiniú poiblí nó le cúnamh airgeadais chun trádáil a dhéanamh leis an Rúis nó tacaíocht infheistíochta a thabhairt sa Rúis, tacaíocht náisiúnta easpórtála san áireamh. An nuashonrú is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2025 Cur chuige cuimsitheach maidir le smachtbhannaíDaoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaíBearta maidir le víosaíToirmisc ar iompórtálacha agus ar easpórtálachaBearta maidir le seirbhísí airgeadais agus seirbhísí gnóSmachtbhannaí ar fhuinneamhSmachtbhannaí ar iomparSócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú Smachtbhannaí a dhéanamh éifeachtach