FÍRICIs san Aontas, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada a tógadh trí cheathrú d’aerloingeas trádála reatha na Rúise. Fágann sé sin nach mbeidh an Rúis in ann a haerloingeas a chothabháil i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta. Díriú ar earnáil iompair na Rúise srian a chur ar chumas thionscal na Rúise príomhearraí a fháil agus cur isteach ar a chuid earnálacha bóithre, eitlíochta agus muirí, tá an tAontas tar éis an méid seo a leanas a fhorchur:toirmeasc ar gach aerárthach, páirt aerárthaigh agus trealamh aerárthaigh a easpórtáil, a dhíol, a sholáthar nó a aistriú chuig an Rúistoirmeasc ar iompróirí tríú tír eitiltí intíre a dhéanamh laistigh den Rúistoirmeasc ar iompróirí tríú tír earraí eitlíochta a sholáthar d’aerlínte Rúiseacha nó ar eitiltí intíre sa Rúistoirmeasc ar eitiltí neamhsceidealaithe má chinneann duine Rúiseach tionscnamh nó ceann scríbe na heitilte (beag beann ar úinéireacht agus rialú an aerárthaigh)toirmeasc ar gach seirbhís ghaolmhar deisithe, cothabhála nó airgeadais a sholátharaerspás an Aontais a dhúnadh ar gach aerárthach atá faoi úinéireacht na Rúise, atá cláraithe sa Rúis nó atá faoi rialú na Rúise, scairdeitleáin phríobháideacha na n-olagarcaí san áireamhsrianta ar earraí loingseoireachta muirí agus teicneolaíochtaí cumarsáide raidió a easpórtáiltoirmeasc iomlán ar oibríochtaí lasta na Rúise agus na Bealarúise de bhóthar a oibríonn san Aontas Eorpach (cuimseoidh eisceachtaí áirithe bunriachtanais amhail talmhaíocht agus táirgí bia, cabhair dhaonnúil agus fuinneamh)toirmeasc iomlán ar thrucailí le leantóirí agus leathleantóirí Rúiseacha earraí a iompar chuig an Aontas. Cuirfidh sé sin bac ar dhul timpeall an toirmisc atá ar oibreoirí bóithre lasta na Rúise earraí a iompar san Aontas.toirmeasc ar chuideachtaí de chuid an Aontais atá faoi úinéireacht 25% nó níos mó ag daoine Rúiseacha a iompraíonn earraí de bhóthar san Aontas nó a thagann chun bheith ina ngnóthais iompair de bhóthar de chuid an Aontaistoirmeasc ar shoithí ag a bhfuil bratach na Rúise ar foluain teacht isteach i gcalafoirt an Aontais (tá feidhm ag eisceachtaí chun críoch míochaine, bia, fuinnimh agus daonnúil)toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt agus ar sholáthar seirbhísí do shoithí a chuidíonn le cogadh na Rúise san Úcráin. Áirítear leis sin soithí a iompraíonn trealamh míleata, grán goidte ón Úcráin, nó comhpháirteanna GNL, chomh maith le soithí chabhlach dorcha na Rúise a iompraíonn ola agus táirgí loingseoireachta meabhlacha á seoladh acuaitheantas an Aontais do Chlár Loingseoireachta Muirí na Rúise a tharraingt siar agus toirmeasc iontrála a chur ar gach long atá deimhnithe faoin gClár, gan beann ar an mbratach atá ar foluain acutoirmeasc ar sheirbhísí muirí ag oibreoirí uile an Aontais maidir leis an trádáil ola idir an Rúis agus tríú tíortha mura dtagann sé faoin uasteorainn ar phraghsanna olarochtain theoranta ar sheirbhísí airgeadais d’iarnróid na Rúisesmachtbhannaí ar roinnt daoine aonair a bhfuil baint acu leis an earnáil iompair, Aire Iompair na Rúise san áireamhtoirmeasc ar rochtain a fháil ar chalafoirt an Aontais le haghaidh soithí a bhíonn ag gabháil d’aistrithe ó long go long a sháraíonn, nó a bhfuil amhras ann go sáraíonn siad, an toirmeasc ar ola na Rúise a iompórtáil nó caidhp phraghais Chomhghuaillíocht G7toirmeasc ar rochtain a fháil ar chalafoirt an Aontais i gcás soithí mura dtugann soitheach fógra don údarás inniúil 48 uair an chloig ar a laghad roimh ré maidir le haistriú ó long go long laistigh de Limistéar Eacnamaíoch Eisiach Ballstáit nó laistigh de 12 mhuirmhíle ó bhonnlíne chósta an Bhallstáit sintoirmeasc ar rochtain a fháil ar chalafoirt an Aontais le haghaidh soithí a dhéanann a gcóras rianaithe loingseoireachta a chúbláil nó a mhúchadh agus ola na Rúise á hiompar acu atá faoi réir an toirmisc ar ola a iompórtáil nó faoi réir chaidhp phraghais G7.toirmeasc ar idirbhearta maidir le bonneagar sonrach Rúiseach, aerfoirt agus calafoirt ina measctoirmeasc ar idirbhearta ar chalafoirt i dtríú tíortha atá ríthábhachtach d’iarracht chogaidh na Rúise toirmeasc ar sheirbhísí athárachais maidir le soithí agus aerárthaí de chuid rialtas na Rúise nó daoine Rúiseacha ar feadh suas le 5 bliana ón dáta a dhíoltar iad le tríú tíortha. An nuashonrú is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2025 Cur chuige cuimsitheach maidir le smachtbhannaíDaoine aonair, cuideachtaí agus eagraíochtaíBearta maidir le víosaíToirmisc ar iompórtálacha agus ar easpórtálachaBearta maidir le seirbhísí airgeadais agus seirbhísí gnóSmachtbhannaí ar fhuinneamhSmachtbhannaí ar earraí dé-úsáideSócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú Smachtbhannaí a dhéanamh éifeachtach