Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Bearta maidir le seirbhísí airgeadais agus seirbhísí gnó

  • alt=""
    FÍRIC

    Cumhdaíonn na smachtbhannaí 70% de shócmhainní chóras baincéireachta na Rúise

Bearta lena ndírítear ar earnáil baincéireachta na Rúise

Trí mhargaí caipitil an Aontais a cheilt ar an Rúis, tá na costais iasachtaíochta agus idirbhirt á méadú do na heintitis a bhfuil smachtbhannaí orthu, agus tá bonn tionsclaíoch na Rúise á chreimeadh de réir a chéile.

Ar na bearta sin tá an méid seo a leanas:

  • toirmeasc ar aon chineál iasachta a thabhairt do bhainc áirithe na Rúise agus do rialtas na Rúise (an Banc Ceannais san áireamh) agus ar na hurrúis a eisíonn na bainc sin a cheannach
  • toirmeasc ar idirbhearta le fiontair áirithe atá faoi úinéireacht stát na Rúise in earnálacha éagsúla – coimpléasc míleata tionsclaíoch na Creimile
  • toirmeasc ar nótaí bainc a easpórtáil agus ar urrúis inaistrithe a dhíol in airgeadraí oifigiúla uile an Aontais
  • toirmeasc ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa an Aontais an Rúis agus gnólachtaí Rúiseacha a rátáil, agus ar sholáthar seirbhísí rátála do chliaint na Rúise
  • toirmeasc ar sheirbhísí cripteashócmhainní ardluacha a sholáthar don Rúis agus toirmeasc ar gach tiachóg cripteashócmhainní, gan beann ar an méid
  • toirmeasc ar sheirbhísí gnó, go díreach nó go hindíreach, amhail seirbhísí maidir le cuntasaíocht, iniúchóireacht, iniúchóireacht reachtúil, leabharchoimeád agus comhairliúchán cánach, sainchomhairleoireacht TF, comhairle dhlí, ailtireacht agus innealtóireacht, sainchomhairleoireacht bhainistíochta, caidreamh poiblí, taighde margaidh agus pobalbhreitheanna, tástáil agus anailís theicniúil, fógraíocht agus seirbhísí rátála
  • toirmeasc ar chomhairle a chur ar Rúisigh shaibhre maidir le pleanáil airgeadais agus iontaobhais airgeadais agus cosc ar a dtaiscí móra i mbainc an Aontais
  • toirmeasc ar náisiúnaigh Rúiseacha a bheith ar chomhlachtaí rialaithe i mbonneagar criticiúil na mBallstát
  • toirmeasc ar idirbhearta le bainc agus le soláthróirí criptea-shócmhainní, sa Rúis agus i dtírú tíortha, a thacaíonn le bonn tionsclaíoch cosanta na Rúise
  • toirmeasc ar idirbhearta le bainc agus le soláthraithe criptea-shócmhainní a ghlacann páirt in imchéimniú na Caidhpe Praghais Ola trí idirbhearta a éascú le soithí liostaithe scáthchabhlach na Rúise
  • toirmeasc ar idirbhearta le bainc tríú tír agus soláthraithe cripteashócmhainní a chuidíonn le dul timpeall ar smachtbhannaí, a thacaíonn le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nó atá nasctha le seirbhís teachtaireachtaí airgeadais na Rúise
  • toirmeasc ar idirbhearta trí chriptea-airgeadraí, cripteamhonaí cobhsaí san áireamh, agus trí mhalartuithe eischósta a úsáidtear chun dul timpeall ar smachtbhannaí.
  • toirmeasc ar bhogearraí baincéireachta áirithe a sholáthar do rialtas na Rúise agus do chuideachtaí Rúiseacha
  • toirmeasc ar chárta íocaíochta agus córas méar-íocaíochta na Rúise a úsáid (Mir agus SBP). 

Tá calcadh sócmhainní agus toirmisc mhaoiniúcháin forchurtha ag an Aontas ar roinnt bainc Rúiseacha agus tá bac á chur aige ar chúlchistí malairte eachtraí na Rúise atá á gcoinneáil san Aontas tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • príomhbhainc na Rúise a eisiamh ón gcóras SWIFT, an córas teachtaireachtaí airgeadais is mó ar domhan – cuireann an beart sin cosc ar na bainc sin a n-idirbhearta airgeadais a dhéanamh ar fud an domhain ar bhealach tapa éifeachtúil
  • toirmeasc a chur ar bhainc an Aontais lasmuigh den Rúis úsáid a bhaint as an gcóras teachtaireachtaí airgeadais SPFS, arb ionann é agus SWIFT sa Rúis
  • toirmeasc a chur ar bhainc tríú tíortha nach bainc Rúiseacha iad a bhfuil baint acu le SPFS gnó a dhéanamh le hoibreoirí an Aontais
  • toirmeasc a chur ar infheistiú i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise (RDIF)
  • toirmeasc a chur ar ghnólachtaí an Aontais dul i dteagmháil le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ina bhfuil aon úinéireacht nó infheistíocht ag RDIF

Bearta chun earnáil airgeadais an Aontais a chosaint

Tá dlíthíocht agus frithbheartaíocht á n-úsáid ag an Rúis chun sócmhainní Thaisclanna Lárnacha Urrús an Aontais Eorpaigh (CSDanna) a urghabháil. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá an méid seo a leanas tugtha isteach ag an Aontas:

  • Maolú lena gcuirtear ar a gcumas do thaisclanna lárnacha urrús an Aontais a iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát iarmhéideanna airgid a dhíreo agus iad a úsáid chun a n-oibleagáidí dlíthiúla lena gcliaint a chomhlíonadh
  • Clásal gan dliteanas le haghaidh CSDanna an Aontais, rud a chiallaíonn nach bhfuil CSDanna an Aontais faoi dhliteanas ús ná aon chineál eile cúitimh a íoc le Banc Ceannais na Rúise, thar ús atá dlite de réir conartha

Bearta chun cuideachtaí an Aontais a chosaint

Ar na bearta sin tá an méid seo a leanas: 

  • toirmeasc a chur san Aontas ar aithint nó forfheidhmiú roinnt rialuithe sonracha a d’eisigh cúirteanna de chuid na Rúise lena dtugtar inniúlacht éigeantach eisiach do chúirteanna na Rúise i ndíospóidí idir cuideachtaí de chuid na Rúise agus cuideachtaí de chuid an Aontais. Leis sin, cosnaítear cuideachtaí an Aontais ar aitheantas a thabhairt do dhamáistí a dámhadh go neamhdhleathach ina n-aghaidh sa Rúis 
  • maoluithe a thabhairt isteach lena gcuirtear ar a gcumas do chuideachtaí an Aontais dhídhílsiú ón Rúis  

An nuashonrú is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2025