“Ní mór d’institiúidí daonlathacha muinín na saoránach a ghnóthú agus a athghnóthú ar bhonn leanúnach. Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a leagtar amach romhainn. Is é sin a rinne muintir na hEorpa nuair a tháinig na milliúin Úcránach chugainn ag lorg dídine. Sin í an Eoraip ar a seacht ndícheall. Aontas lán le diongbháilteacht agus le dlúthpháirtíocht.”
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Léigh an t-aitheasc ina iomláine | Féach ar an leagan de atá sa teanga chomharthaíochta idirnáisiúnta
An bealach ar aghaidh á leagan amach le haghaidh na bliana atá romhainn
Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2022, leag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, amach na tionscnaimh shuaitheanta a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tabhairt fúthu sa bhliain amach romhainn. Is freagairt iad cuid mhór acu ar mholtaí a rinne saoránaigh le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.
Tá na tionscnaimh seo a leanas san áireamh, mar aon le cinn eile:
- Leanúint de thacaíocht láidir a thabhairt don Úcráin agus dá muintir, lena n-áirítear trí lánchumhacht Mhargadh Aonair an Aontais a shlógadh
- Bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le muintir na hEorpa dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh
- Tacú leis an timpeallacht ghnó, go háirithe le fiontair bheaga agus mheánmhéide, chun neartú a dhéanamh ar a iomaíche a bheidh an Eoraip amach anseo
- Spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú, agus oibriú go dlúth le soláthraithe iontaofa
- Tuilleadh infheistíochta a dhéanamh san fhuinneamh in-athnuaite, go háirithe sa hidrigin
- Ceannaireacht a thabhairt ar bhonn domhanda maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an dúlra a chosaint
- Leanúint de bheith ag seasamh ar son an daonlathais, sa bhaile agus ar fud an domhain, agus ar son an smachta reachta
- български
- español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska
Óráid mar a thug an tUachtarán von der Leyen uaithi
Tionscnaimh nua
An 14 Meán Fómhair sheol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Litir Intinne freisin chuig Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus Petr Fiala, Príomh-Aire Phoblacht na Seice, an tír a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair. Thug sí sonraí inti faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh an bhliain seo chugainn trí bhíthin reachtaíochta agus tionscnaimh eile.
An Comhaontú Glas don Eoraip
- Athbhreithniú ar rialacha an Aontais maidir leis an margadh inmheánach leictreachais
- Togra chun Banc Hidrigine de chuid an Aontais a chruthú
- Athbhreithniú ar chreat dramhaíola chun dramhaíl a laghdú, dramhbhia ina measc, agus an tionchar atá ag bainistiú dramhaíola ar an gcomhshaol *
- Togra reachtach maidir le plandaí a tháirgtear de theicnící géanómaíocha nua áirithe *
- Athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe *
Tionscnaimh a leanann as togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa nó a chuireann go hindíreach le togra den sórt sin, tá réiltín ag gabháil leo (*).
Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach
- Ionstraim na hEorpa um amhábhair chriticiúla *
- Pacáiste Fóirithinte FBM, agus an Treoir maidir le hÍocaíochtaí Déanacha san áireamh
- Tionscnamh maidir le domhain fhíorúla, amhail an mheiteachruinne
- Pacáiste Ceadúnaithe Paitinne
- Togra reachtach maidir le haispeist i bhfoirgnimh a scagadh agus a chlárú *
- Togra le haghaidh na Bliana Eorpaí um Scileanna
Tionscnaimh a leanann as togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa nó a chuireann go hindíreach le togra den sórt sin, tá réiltín ag gabháil leo (*).
Geilleagar a fhóireann do dhaoine
- Athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 *
- Athbhreithniú ar an Rialachas Eacnamaíoch
- Togra reachtach maidir leis an dara sraith d’acmhainní dílse nua *
- Togra reachtach maidir le Gnó san Eoraip: creat le haghaidh cánachais ioncaim ar a dtabharfar ‘BEFIT’ *
- Rochtain ar Shonraí i seirbhísí airgeadais *
- Tograí reachtacha maidir leis an euro digiteach a bhunú *
Tionscnaimh a leanann as togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa nó a chuireann go hindíreach le togra den sórt sin, tá réiltín ag gabháil leo (*).
Eoraip níos láidre sa domhan
- Straitéis spáis an Aontais um an tslándáil agus an chosaint *
- Clár Oibre Nua do Mheiriceá Laidineach agus do Mhuir Chairib
- Nuashonrú ar straitéis slándála muirí an Aontais
- Nuashonrú a dhéanamh ar an gcóras smachtbhannaí i ndáil le cearta an duine
Tionscnaimh a leanann as togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa nó a chuireann go hindíreach le togra den sórt sin, tá réiltín ag gabháil leo (*).
Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn
- Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte *
- Aitheantas do cháilíochtaí na náisiúnach tríú tír
- Togra reachtach maidir le doiciméid taistil a dhigitiú agus taisteal a éascú
- Athbhreithniú ar an Treoir maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac
- Tionscnamh maidir le hAcadamh Scileanna Cibearshlándála
Tionscnaimh a leanann as togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa nó a chuireann go hindíreach le togra den sórt sin, tá réiltín ag gabháil leo (*).
Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa
- An pacáiste um chosaint an daonlathais, lena n-áirítear tionscnamh maidir le réimse daonlathach an Aontais a chosaint ar thionchar eachtrach ceilte
- Pacáiste frithéillithe
- Togra reachtach maidir le Cárta Eorpach um Míchumas *
Tionscnaimh a leanann as togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa nó a chuireann go hindíreach le togra den sórt sin, tá réiltín ag gabháil leo (*).
- български
- español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska
Coimisiún von der Leyen: 2021-2022
I mí na Nollag 2019 leag Coimisiún von der Leyen amach bealach nua uaillmhianach i dtreo Aontas Eorpach a bheidh níos glaise, níos digití agus níos cothroime. Leanadh den obair sin, comhlíonadh gach ceann de na sé phríomhuaillmhian agus, san am céanna, d’éirigh leis an Aontas dhá ghéarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh a láimhseáil – paindéim an choróinvíris agus cogadh gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Seo léargas iardhearcach den bhliain seo lena gcuimsítear ár ngníomhaíochtaí chun tacú leis an Úcráin agus chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú, chomh maith lenár gcuid oibre chun na tosaíochtaí polaitiúla ar fad a bhaint amach. An méid sin ar fad san áireamh, agus athléimneacht an Aontais a neartú ar mhaithe lenár saoránaigh chomh maith.

- български
- español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska
Príomhphointí 2021-2022
- български
- español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska
