Page contents Page contents Bosca uirlisí maidir leis an Smacht Reachta Is freagracht chomhroinnte de chuid institiúidí uile an Aontais agus na mBallstát uile é seasamh lenár mbunluachanna. Mar atá aitheanta ag an gCúirt Bhreithiúnais, tá freagracht ar an gCoimisiún Eorpach a ráthú go n-urramaítear an smacht reachta agus a chinntiú go n-urramaítear dlí, luachanna agus prionsabail an Aontais. Chuige sin tá roinnt uirlisí ar fáil don Choimisiún – an Bosca Uirlisí maidir leis an Smacht Reachta, mar a thugtar air. Ós rud é go mbíonn dúshláin éagsúla ann i dtaca leis an smacht reachta, is amhlaidh atá uirlisí éagsúla againn lena láimhseáil. Tá gach uirlis saincheaptha don staid shonrach atá idir lámha, agus is é is aidhm di saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta a chur chun cinn, a chosc nó freagairt dóibh. Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta Tá a Thuarascáil maidir leis an Smacht Reachta foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach gach bliain ó bhí 2020 ann. Tá an Tuarascáil sin i gcroílár timthriall bliantúil, sásra an smachta reachta mar a thugtar air, lena gceadaítear forléargas ar an áit a seasann gach Ballstát den Aontas maidir leis an smacht reachta. Breathnaítear sa Tuarascáil ar fhorbairtí dearfacha agus diúltacha araon. Mar chuid den mheasúnú sin, atá mar thoradh ar na céadta cruinniú le húdaráis agus le páirtithe leasmhara gach bliain, tugann an Coimisiún Eorpach aghaidh freisin ar mholtaí saincheaptha do na Ballstáit uile. Mar thoradh ar an gcur chuige sin tugadh aghaidh ar 65% de mholtaí 2022, go hiomlán nó go páirteach, in 2023. Léiríonn sé sin go bhfuil an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta anois ina príomhspreagadh don athrú, agus ardchaighdeáin an smachta reachta á gcoinneáil ar bun san Aontas. Ó 2024 ar aghaidh, cumhdaíonn an Tuarascáil ceithre thír is iarrthóirí freisin. Cuir aithne ar na daoine atá taobh thiar den Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta inár sraith físeán agus faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-ullmhaítear an Tuarascáil, faoi na díospóireachtaí a spreagann sí, agus faoi na torthaí atá uirthi. Scaip na físeáin ar na meáin shóisialta leis an haischlib #RuleOfLaw. Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta An Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta a ullmhú Idirphlé leanúnach chun feabhas a chur ar an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta Feabhas a chur ar an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta le 5 bliana anuas Uirlisí eile sa bhosca uirlisí Uirlisí chun an smacht reachta a chur chun cinn agus fadhbanna a chosc: Scórchlár Ceartais an Aontais: Tuarascáil bhliantúil ina soláthraítear sonraí inchomparáide maidir le neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta. An Seimeastar Eorpach: Próiseas bliantúil as a n-eascraíonn moltaí tírshonracha maidir le saincheisteanna maicreacnamaíocha agus struchtúracha, saincheisteanna maidir le córais cheartais agus an comhrac i gcoinne an éillithe ina measc, arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch. Tacaíocht ón Aontas le haghaidh athchóirithe struchtúracha: Cuireann an tAontas tacaíocht theicniúil agus airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe struchtúracha a dhéanamh, mar shampla tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Chuir go leor Ballstát athchóirithe agus infheistíochtaí san áireamh ina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta chun a gcóras ceartais, a gcreataí frithéillithe nó cáilíocht an phróisis reachtaigh a neartú. Tacaíocht don tsochaí shibhialta, do líonraí agus do thionscadail: Ionstraimí cistiúcháin, feachtais chumarsáide agus gníomhaíochtaí cur chun cinn an Aontais, tacaíocht do líonraí breithiúnacha, iolrachas na meán agus saoirse na meán ina measc.Ionstraimí chun freagairt do dhúshláin an smachta reachta: Nósanna imeachta um shárú: Leis na nósanna imeachta um shárú cinntítear go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart agus go n-urramaítear é ar an leibhéal náisiúnta. Is féidir leis an gCoimisiún imeachtaí um shárú a sheoladh chun cosaint bhreithiúnach a chinntiú ó chúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta arna mbunú le dlí mar a cheanglaítear le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) mar aon le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Airteagal 7 CAE: Is ionstraim é Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe tromchúiseacha ar an smacht reachta (agus ar an mbaol go ndéanfar na sáruithe sin), le hidirphlé agus smachtbhannaí féideartha, arna nglacadh ag an gComhairle. Creat an Smacht Reachta: Uirlis luathrabhaidh a ghlac an Coimisiún i mí an Mhárta 2014, lena gcumasaítear idirphlé struchtúrtha le Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sistéamacha ar an smacht reachta chun géarú a chosc. Coinníollacht ghinearálta an bhuiséid: Is féidir an sásra coinníollachta a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais nó lena ngabhann baol mór go ndéanfaidís difear dóibh. Coinníoll cumasúcháin cothrománach maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha: Is uirlis eile é seo chun cistí an Aontais a chosaint i gcomhthéacs an bheartais comhtháthaithe. Leis an gcoinníoll cumasúcháin cothrománach maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha, ceanglaítear ar na Ballstáit uile sásraí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun a chinntiú, maidir leis na cláir lena dtacaítear le Rialachán na bhforálacha coiteanna agus a gcur chun feidhme, go gcomhlíonann siad an Chairt. Is réamhchoinníoll é sin chun go n-aisíocfaí caiteachas gaolmhar. Sásra Comhair agus Fíorúcháin (SCF): Ba shásra é SCF chun monatóireacht rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh sa Rómáin agus sa Bhulgáir chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna a leagadh síos tráth an aontachais maidir le hathchóiriú breithiúnach agus éilliú agus maidir leis an mBulgáir, an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, agus tuarascálacha rialta a chur i fáil i dtaca leis an méid sin. Dúnadh é in 2023. Doiciméid Bileog eolais faoin mbosca uirlisí maidir leis an Smacht Reachta Naisc ghaolmhara Cad é an smacht reachta?