Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
NextGeneration EU banner
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Ina theannta sin, tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ríthábhachtach chun plean REPowerEU a chur chun feidhme, arb é freagairt an Choimisiúin é ar an gcruatan socheacnamaíoch agus ar shuaitheadh an mhargaidh fuinnimh dhomhanda a tharla mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.

€650 billiún
chun infheistíocht a dhéanamh in athchóirithe agus tionscadail
lena n-áirítear:
€359 mbilliún
i gcistí
i ndeontais
€291 bhilliún
i gcistí
sa bhreis ar fáil mar iasachtaí

*Le Rialachán leasaithe RRF, cuireadh deontais bhreise ar fáil do na Ballstáit faoin gCóras Trádála Astaíochtaí (ETS) agus faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit. Dá bhrí sin, tá €359 mbilliún de dheontais á roinnt anois i €338 mbilliún de dheontais bhunaidh RRF, €19 mbilliún i ndeontais ETS agus €2 bhilliún i ndeontais BAR. Thairis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit tacaíocht iasachta a iarraidh go dtí mí Lúnasa 2023. As an imchlúdach iomlán de €385 bhilliún atá ar fáil, gealladh beagnach €291 bhilliún faoi dheireadh 2023. Is é an toradh atá ar an dá athrú sin (tuilleadh deontas atá ar fáil trí ETS agus BAR agus níos lú iasachtaí a iarradh ná an t-imchlúdach iomlán atá ar fáil) imchlúdach iomlán RRF de €650 billiún faoi lár Dheireadh Fómhair 2024. B’ionann an méid €723 bhilliún a luadh roimhe seo agus uasmhéid dheontais RRF (€338 mbilliún) agus iasachtaí RRF (€385 bhilliún) de réir Rialachán RRF.

RepowerEU

Aithníodh i bplean REPowerEU gur féidir ról tábhachtach a bheith ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le fuinneamh slán inacmhainne glan a bhaint amach. Trí mhaoiniú breise ón Aontas a chur ar fáil, cabhróidh an tSaoráid le tíortha an Aontais na hathchóirithe criticiúla agus an infheistíocht is gá a dhéanamh chun deireadh a chur go tapa lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise.

European Semester

Rinneadh próiseas an tSeimeastair Eorpaigh a oiriúnú, ag tosú ó thimthriall 2022, chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh mar aon le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

RRF events cards

Cuirtear eolas ar fáil sa roinn seo faoi na himeachtaí éagsúla a eagraítear chun cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a phlé, cur chun feidhme na bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta sna Ballstáit ina measc. Féach an rannán sin chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

Doiciméid

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i do thírse

Úsáideann na Ballstáit na cistí arna soláthar ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun athchóirithe uaillmhianacha agus infheistíocht a chur chun feidhme chun a ngeilleagair agus a sochaithe a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Féach leat na leathanaigh thíos chun eolas a fháil faoi phlean téarnaimh agus athléimneachta do thíre agus faoin gcaoi a bhfuil sé á chur chun feidhme.

Country pages

Ar na leathanaigh seo tá an t-eolas tír-shonrach ábhartha uile, lena n-áirítear na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, measúnú an Choimisiúin ar na pleananna chomh maith le heolas maidir le híocaíochtaí arna n-iarraidh ag na Ballstáit agus cistí arna n-íoc ag an gCoimisiún.

European Semester in your country

Sa rannóg seo tugtar le chéile na doiciméid a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach, go háirithe (i) tuarascálacha tíre, (ii) cláir náisiúnta maidir le hathchóirithe agus coigeartú fioscach, (iii) measúnú ar na cláir sin, (iv) moltaí tír-shonracha ón Aontas, agus (v) dréachtphleananna buiséadacha.

Léarscáil na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Cuireann an léarscáil seo samplaí de na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sna Ballstáit éagsúla. Ní bunachar sonraí uileghabhálach é de thionscadail a dtacaíonn an tSaoráid leo agus déanfar é a nuashonrú go rialta de réir mar a leantar ar aghaidh leis an gcur chun feidhme. Na méideanna den mhaoiniú a thaispeántar, is léiriú iad ar na meastacháin ar chostais tosaigh a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta.

Faisnéis eile