Bunaíodh an acmhainn dhílis bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta (OIN), nó ranníocaíochtaí náisiúnta mar a thugtar orthu freisin, mar bhunchloch ‘iarmharach’ de chuid chóras na n‑acmhainní dílse le cinntiú go raibh an caiteachas uile ar ar comhaontaíodh i mbuiséad bliantúil cumhdaithe go leordhóthanach ag ioncaim fhoriomlána bhuiséid an Aontais Eorpaigh. Leis sin, tá buiséad an Aontais Eorpaigh cothrom i gcónaí i dtús báire, i.e. nuair a ghlactar an buiséad.
Meastar gur foinse chothromaithe le haghaidh Buiséad an Aontais Eorpaigh atá ann. Meastar sin mar athraíonn an méid bliain ar bhliain, de réir na n-ioncaim fhoriomlána a theastaíonn chun caiteachas a chumhdach, tar éis na méideanna a thagann isteach ó dhleachtanna custaim, ranníocaíochtaí bunaithe ar CBL agus foinsí eile (fíneálacha a ghearrtar nuair a mhainníonn gnólachtaí rialacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, cánacha ó thuarastal foirne an Aontais Eorpaigh, ús bainc agus ranníocaíochtaí ó thríú tíortha) a chur san áireamh.
D’éirigh na ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN le bheith ar an gcomhpháirt is mó i gcóras na n-acmhainní dílse thar am, is ionann na ranníocaíochtaí sin agus níos mó ná 70% d’ioncam an Aontais Eorpaigh.
Cén chaoi a n-oibríonn sé go sonrach?
Athraíonn an céatadán atá le cur i bhfeidhm ar OIN gach Ballstát (an glaoráta) bliain ar bhliain agus socraítear é de réir foriomlán ioncam eile bhuiséid an Aontais Eorpaigh. Sainítear OIN gach Ballstáit ag phraghsanna margaidh i gcomhréir le Córas Cuntas Eorpach Náisiúnta agus Réigiúnach san Aontas Eorpach (CCE 2010), atá ar chreat chuntasaíochta atá comhoiriúnach go hidirnáisiúnta agus a úsáidtear chun tuairisc a dhéanamh ar ‘gheilleagar foriomlán’ (i.e. réigiún, tír nó grúpa tíortha). Deimhníonn an Coimisiún na foinsí agus na modhanna a úsáideann na Ballstáit chun OIN a ríomh.
Ag brath ar na hioncaim fhoriomlána bliantúla a theastaíonn chun caiteachas a mhaoiniú, cuirtear glaoráta aonfhoirmeach i bhfeidhm ansin ar OIN gach Ballstáit. Tá an méid iomlán acmhainní dílse is féidir a bhailiú ó Bhallstáit teoranta i ndáil le OIN an Aontais Eorpaigh – suim OIN na mBallstát uile. Maidir leis an tréimhse 2021-2027, ní féidir méid foriomlán na n‑acmhainní dílse a leithdháiltear don Aontas Eorpach chun leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bheith níos airde ná 1.40% d’OIN an Aontais Eorpaigh. Tuilleadh eolais, féach Uasteorainneacha ioncaim.
Ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN a chomhlánú
Cé go soláthraíonn ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN cobhsaíocht agus sáith do bhuiséad an Aontais Eorpaigh, méadaíonn tábhacht na hacmhainne dílse seo an tuiscint nach bhfuil sna ranníocaíochtaí náisiúnta ach fachtóir costais amháin. Mar sin féin, íocann na Ballstáit a chuireann níos mó le buiséad an Aontais Eorpaigh i gcomparáid leis an méid a fhaigheann siad go díreach níos lú ar an meán ná Ballstáit eile i gcéatadán a rachmais (ollioncam náisiúnta – OIN), agus iad i measc na dtairbhithe is mó den mhargadh aonair agus de chomhtháthú an Aontais Eorpaigh.
Baineann gach duine tairbhe as bheith rannpháirteach sa mhargadh aonair, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán a bhaineann leis an imirce agus ag troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus an athraithe aeráide le chéile. Cruthaíonn an tAontas Eorpach – agus é cumhachtaithe ag buiséad an Aontais Eorpaigh – breisluach do gach uile duine a théann i bhfad thar ríomhanna matamaiticiúla.
Anuas air sin, cruthaítear dúshlán le haghaidh údaráis chánach agus staidrimh náisiúnta mar thoradh ar fhorbairtí eacnamaíocha le déanaí nuair a thagann sé chun OIN a ríomh go beacht, rud atá ar an gcéad bhonn chun rachmas a ríomh. Go háirithe, is dúshláin shuntasacha iad dí-ábharú neart seirbhísí, scaipeadh tapa na ríomhthráchtála, meáchan sócmhainní doláimhsithe agus an meáchan sin ag fás agus na hathruithe móra agus tapa in infheistíochtaí caipitiúla eatramhacha ar an ábhar sin.
Is ar son na gcúiseanna sin, d’fhonn comhroinnt chothrom an ualaigh a áirithiú i measc na mBallstát agus chun filleadh ar an bhfeidhm chothromaithe a ghabhann leis an acmhainn bunaithe ar OIN fad agus a laghdaítear an t-ualach atá ar na Ballstáit, oibreoidh an Coimisiún i dtreo acmhainní dílse nua le haghaidh bhuiséad an Aontais Eorpaigh a thabhairt isteach. Comhlánóidh siad na ranníocaíochtaí bunaithe ar OIN, fad agus a thabharfar aghaidh ar na saincheisteanna thuasluaite.